sraith, series; teoiric, theory; a chur ar a shúile dó, to make him aware of; inchurtha, comparable; ar chamchuairt, on a tour of; buíon gairmiúil, a professional troupe; glóir-réimeanna, pageants; faoi anáil, under the influence of.

.

.

I mBéal an Phobail

Áilleacht an tSaoil seo 9

Peadar Bairéad

.

Pearse the Dramatist

Mar chríoch leis an tsraith seo faoin bPiarsach, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do chumas an Phiarsaigh mar dhrámadoir. Labhair muid cheana faoina scileanna san óráidíocht, sa bhfilíocht, agus sa ghearrscéalaíocht, agus anois, b’fhéidir nár mhiste tamall gearr a chaitheamh ag breathnú ar a chumas mar dhrámadóir. Anois, cé gur thosaigh an Piarsach ar sceitseanna gearra a scríobh don chlann, sa bhaile, le linn a óige, bíodh go gcoinníodh sé na páirteanna ab fhearr, i gcónaí dó fhéin! ag an am gcéanna, níor luigh sé isteach ar an ndrámaíocht, i ndáiríre, go dtí go raibh Scoil Éanna bunaithe aige, agus go dtí go raibh cáil bainte amach aige, cheana féin, mar fhile agus mar ghearrscéalaí. Ceann de na cúiseanna a bhí le sin, is dócha, nó gur tuigeadh dó, go raibh ceird na Drámaíochta saothraithe go maith, cheana féin, ag scríbhneoirí, cosúil le W.B. Yeats, J.M. Synge, agus Lady Gregory. Is dócha freisin, gur chuir an fear litríochta sin, Tomás Mac Donncha, ar a shúile dó, gurbh í an Drámaíocht i mBéarla, a bhí saothraithe ag na scríbhneoirí thuasluaite, agus dá bhrí sin, chuir an Piarsach roimhe, tabhairt faoi cheird na drámaíochta a shaothrú freisin, i dteanga na nGael. B’fhéidir gur dhein sé chuile iarracht ar Mhac Donncha fhéin a chur i mbun an tsaothair sin, ach bhí teoiric ag an bhfear céanna sin, adúirt….One language only shall a writer master…….Agus bhí a rogha theanga, an Béarla, pioctha amach cheana ag Mac Donncha. Dá thoradh sin, b’éigean don bPiarsach an gnó a dhéanamh é fhéin. Rud eile a chuir ar a shúile dó iompú ar an ndrámaíocht, nó gur tuigeadh dó, mar mhúinteoir, nach raibh an dara meán múinte, ar an saol seo, inchurtha leis an ndrámaíocht, le dul i gcionn ar chroí na hóige. B’fhéidir freisin, go ndeachaigh Dráma Mhic Dhonncha fhéin, “When Dawn is Come”, i gcionn go mór air, agus gur spreag sin chun gnímh é freisin.

Plays for Classes

Ar aon chuma, thosaigh sé ar dhrámaí gearra a chumadh dá dhaltaí i Scoil Éanna. Scríobh sé leagan d’Íosagán, i bhfoirm Dráma, agus chomh maith le sin, chuir sé dráma beag eile, “An Rí,” i láthair a phobail, dráma a cumadh le dul i gcionn ar anam an linbh. Ba bheag scríbhneoir i nGaeilge, nó i mBéarla, ag an am, a chaith an oireadh sin dá dhúthracht ag saothrú don aos-óg. Diaidh ar ndiaidh, chuaigh sé i gcionn air, mar mhúinteoir, gur chóir go ndéanfaí an aisteoireacht, agus léiriú drámaí, ina chuid riachtanach de Chlár Scoil Éanna feasta. Ó bhunú na Scoile céanna sin, sa bhliain 1908, léiríodh dráma inti, chuile Earrach, ach amháin in Earrach na bliana 1914, nuair a bhí an Piarsach ar chamchuairt sna Stáit. Scríobh sé cuid díobh sin i nGaeilge, agus roinnt áirithe freisin i mBéarla. Ba é tuairim Mháire Nic Shiúlaigh, aisteoir cáiliúil, go raibh caighdeán na haisteoireachta sna drámaí céanna, ar aon leibhéal le caighdeán bhuíon gairmiúil aisteoirí, agus ní beag nó suarach an focal é sin. Idir 1909, agus 1916, scríobh sé ocht gcinn de dhrámaí, agus ba i nGaeilge a scríobhadh sé cinn acusan, agus péire acu i mBéarla. Scríobhadh sé na Drámaí céanna sin dá dheartháir Willie, agus do bhaill áirithe d’fhoireann na Scoile freisin, agus do dhaltaí áirithe chomh maith. Deireadh sé, i gcás na ndrámaí sin, go scríobhadh sé “Masterpieces to order” Ní call dom a rá, nárbh aon Shakespeare é an Piarsach, ach ag an am gcéanna, ní féidir a shéanadh, ach oiread, gur tháinig feabhas ar a chumas drámata, le himeacht aimsire. Cuirtear an-tsuim sna drámaí sin, sa lá atá inniu ann, toisc gurbh é an Piarsach a scríobh, agus toisc go dtugann siad léargus eicínt dúinn ar smaointe agus ar dhearcadh an Phiarsaigh, i rith na mblianta cinniúnacha sin, idir 1908 agus 1916.

The Heroic and the Religious

Sna drámaí tosaigh sin, tugaimid faoi deara, an bhéim a leag sé ar théamaí áirithe.

Ar an gcéad dul síos, ba mhór aige glóir-réimeanna laochais, ag léiriú eachtraí gaile agus gaisce Chúchulainn, Laochra Eamhain Mhacha, agus Gaiscigh na Tána.

Ar an dara dul síos, scríobh sé freisin faoin mhoráltacht Críostaí. Smaoinigh ar Íosagán, ar chineál dráma míorúilte é, bunaithe ar chreideamh na ndaoine a chastaí air, thíos i gConamara, agus é scríofa freisin, ina dteanga siúd. Is dócha go bhféadfá a rá, gur tháinig an Piarsach faoi anáil Synge, sna drámaí sin, cé gur bhásaigh Synge an bhliain sular scríobhadh Íosagán, ag an am gcéanna, d’fhéadfadh an Piarsach a rá, faoi Íosagán…

“In Íosagán I have religiously followed the phraseology of the children and old men of Iarchonnacht from whom I have learned the Irish I speak. I have given their daily conversation, anglicisms, vulgarisms and all”

agus féach mar a chuir Synge é, agus é ag cur síos ar an mBéarla a d’úsáid seisean ina shaothar drámaíochta fhéin….Béarla a bhí….

as an exact copy of the English spoken by ordinary people in rural Irealand …As for the ideas – compared with the fancies one may hear in any little hillside cabin in Gesala or Carraroe or Dingle, the Playboy ideas are tame indeed.

Sa mhéid sin, is dócha go bhfuil muid ar ais arís ag an seanargóint faoi “chaint na ndaoine” versus “Gaeilge chlasaiceach an Chéitinnigh”.

In Íosagán, d’éirigh leis an bPiarsach rud a dhéanamh a theip ar dhrámadóirí eile na ré sin a dhéanamh, sé sin, chuir sé gnáthdhaoine tuaithe ar an ardán, carachtair a chasfaí ort, chuile lá, in áiteacha cosúil le Conamara.

An Innovator

An bhliain dár gcionn, i 1911, scríobh an Piarsach Dráma Páise, i dtrí ghníomh, dráma inar bhain sé úsáid as na Soiscéil mar fhoinse, ach chuir sé aguisín leis i bhfoirm sean-iomann Gaelach, “Caoineadh Mhuire”, a d’úsáid sé sa Ghníomh deiridh, agus chomh maith le sin, bhain sé úsáid freisin as “mná caointe” le Páis Chríost, ar a bhealach anróiteach go Golgotha, a chaoineadh. Léirigh an Piarsach sa mhéid sin, go raibh scileanna neamhghnácha aige, mar dhrámadóir. Léiríodh an Dráma Páise sin in Amharclann na Mainistreach, agus ba iad Ollúna agus Daltaí Scoil Éanna, agus Scoil Íde, a rinne an aisteoireacht. Féach mar a scríobh Máire Nic Shiúlaigh faoi…..

“It was the most outstanding Gaelic production seen in Dublin before 1916 and probably the first serious piece of Gaelic dramatic writing produced..”

Labhair an Irish Times faoina áilleacht sollúnta, agus d’admhaigh…….

“….It had not been prepared for so touching a performance.”

Ba léirmheastóir drámaí ag an Irish Review é Pádraic Colum, ag an am, agus dár leis-sean

“In a sense it is the first serious thearte piece in Irish..It has root power.”

Mhol an tIndependent go hard na spéire é freisin. Feiceann muid, mar sin, gur éirigh leis an bPiarsach clú agus cáil a bhaint amach dó fhéin mar dhrámadóir, taobh istigh de chupla bliain, éacht nár bheag, ag an am. Ach, b’fhéidir gur chóir dom críoch a chur le píosa na seachtaine seo, ach bí liom arís an tseachtain seo chugainn, nuair a chuirfidh mé crioch leis an tsraith seo, a bhunaigh mé ar léacht a thug mé, anseo i gCill Chainnigh, cúig bliana fichead ó shoin, nuair a bhí cuimhne chéad an Phiarsaigh á comóradh againn.

.

en_USEnglish