A m ú s a C h e o .

*********************

.

Ní fhanann tada i bhfad socair ar an saol corrach seo, nó is féidir linn bheith cinnte dearfa de, go leanfaidh cúrsaí ag síor-athrú an fhad is a mhairfimid beo. Nach iomaí seanfhocal cruinn, néata, barraineach, a chum na glúnta a d’imigh romhainn, leis an bhfíric chéanna sin a chur in iúl. “Más fada an lá tiocfaidh an tráthnóna”, “Ní fhanann muir nó am le fear sotail”, “Ní mhaireann rith maith ag an each i gcónaí”, “Dá fhaid a théann an sionnach, beirtear sa deireadh air”, agus tuilleadh maith mór eile ar an dtéad chéanna sin, ach dár ndóigh, ní bhíonn le déanamh againn ach breathnú ar an saol timpeall orainn, leis an bhfíric chéanna sin a thabhairt faoi deara. Breathnaigh ar an sléibhte, agus tabharfaidh tú faoi deara, nach buan a gcrot nó a mbeith fhéin fiú, ach iad ag éirí is ag titim, faoi mar ba thonnta na farraige móire fhéin iad, ach amháin, go ngluaiseann siad i bhfad níos maille. Sea, mh’anam, meileann muilte Dé go mall, ach meileann siad go mín.

Athraíonn Muidinne freisin !

Nach é an scéal céanna é, nuair a dhéanann muid trácht ar chúrsaí daonna. Ní fhanann tada socair ina measc siúd, ach oireead le rud ar bith eile. Tagann siad, is imíonn siad, fásann siad, agus críonann siad, luíonn siad, is dúisíonn siad, buann siad, is cailleann siad, agus tríd na hathruithe sin uilig, caitheann siad a laethe, agus saothraíonn siad bás nó beatha thall. Breathnaigh ar chúrsaí morálta fiú, agus tabharfaidh tú faoi deara, go dtagann athrú, le himeacht aimsire, sna cúrsaí sin fhéin fiú, agus an rud nach raibh glacadh ar bith leis roinnt blianta ó shoin, glactar leis gan stró, sa lá atá inniu ann. Leis an scéal sin a thuiscint, níl le déanamh ag duine ach cúrsaí aisteoireachta a chur san áireamh, agus ansin, feictear do dhuine, gur féidir tagairt a dhéanamh, go poiblí, ar an ardán, do chúrsaí áirithe, sa lá atá inniu ann, nach ligfeadh an náire, nó an faitíos, do dhuine, fiú leid a thabhairt fúthu, blianta ó shoin. Breathnaigh ar an raic a tógadh in Amharclann na Mainistreach, nuair a léiríodh “The Playboy of the Western World”, i mBaile Átha Cliath, a chéaduair!

Agus cá bhfágfá faisean na mban ?

Arís, breathnaigh ar an bhfeisteas a chaitear, i Seónna áirithe, na laethe seo! An nglacfaí lena leithéid, fadó? Is féidir leat a bheith cinnte nach nglacfaí, nó tuigeadh go raibh dínit faoi leith ag baint leis an bhfeisteas a chaithidís an tráth úd. Anois ná ceaptar go bhfuilimse ag fáil locht ar bith ar cheachtar den dá fheisteas, nó níl á rá agamsa ach go mbíonn cúrsaí morálta, fiú, ag síor-athrú, agus is féidir linn uilig a bheith cinnte siúráilte de, go dtiocfaidh tuilleadh athruithe fós ar chúrsaí, sna laethe atá romhainn amach, agus go dtiocfaidh athruithe, amach anseo, a scannródh muidinne, ach sinn a bheith beo, ag an am sin! Breathnaigh freisin ar chúraí pósta. Nuair a bhí mise i mo ghasúr, ag fás suas in Iorras na nIontas, thiar i gContae mealltach Mhaigh Eo, dá gcloisfí faoi fhear agus bean, nach raibh cuing an phósta eatarthu, ag cónaí in éintíos, bhuel! leanfaí ag caint fúthu go ceann bliana, agus chuile sheans go léifí a n-ainmneacha ón altóir fhéin, agus féach ar chúrsaí sa lá atá inniu ann, agus nach beag nath a dhéantar de scéal dá leithéid? An tráth úd, nár mhór an scéal i measc na gcomharsan é, dá mbeadh duine ann nach mbeadh i láthair ag Aifreann Dé, chuile Dhomhnach, fiú. Sea, agus d’fhéadfá céad sampla eile dá leithéid a lua dhom, mar chruthú go leanann an saol s’againne ag síor-athrú, ó bhliain go chéile, agus i ndáiríre, gur beag ní is féidir le haon duine againn a dhéanamh le cúrsaí dá leithéid kkkka stopadh. Tarlaíonn siad, beagnach i ngan fhios dúinn uilig. Cé chuireann tús leo? Cé chabhraíonn lena bhfás? Nó cé scaipeann an nós imeasc na cosmhuintire? Dheamhan fhios agamsa, ach oiread le duine, ach tarlaíonn siad, agus bíonn siad ar an bhfód, sula dtugann muid faoi deara go bhfuil siad tagtha i dtreis.

I gCúrsaí Polaitíochta freisin !

Nach éasca an rud céanna a thabhairt faoi deara i gcúrsaí polaitíochta freisin.

Breathnaigh ar fhís lucht Éirí Amach na Cásca, sa tír s’againne. Sea breathnaigh ar na prionsabail a leagadarsan síos don todhchaí. Theastaigh uathasan tír neamhspleách a bhunú agus a bhuanú anseo, sea, agus í a bheith saor, Gaelach freisin, ó thonn go tonn. Sea, mh’anam, agus nach cuimhin linn uilig an nath a bhíodh i mbéal an phobail ag an am……Tír gan teanga, tír gan anam….. Is dócha go bhféadfadh duine a rá go bhfanann an fhís sin beo fós i gcroí na cosmhuintire, ach i ndáiríre, an gcoraíonn an fhís chéanna sin croí an phobail inniu, faoi mar a dhéanadh i dtús an chéid seo caite? Ní gá do dhuine a bheith chomh cliste le hAraisteatail leis an gceist sin a fhreagairt. Sa lá atá inniu ann, tá ceo trom na mblianta tite, mar dheannach, anuas ar an bhfís chéanna sin, sa tslí, nach bhfuil sí chomh glé, glinn, mealltach, is a bhíodh, blianta fada ó shoin.

Céard, in ainm an áidh, a chuir ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, an babhta seo, an ea?

Bhuel tharla, cupla lá ó shoin, gur theastaigh uaim litir a chlárú, le bheith cinnte go sroichfeadh sí ceann a cúrsa, nó caithfidh mé a admháil dhuit, go ndeachaigh roinnt earraí amú orm sa phost céanna sin, le scathamh de bhlianta anuas. Ar aon nós, rinne mé an beart, agus d’íoc mé breis is ceithre Euro don phribhléid, ach i ndeireadh na feide, fuair mé admháil ón bhfreastalaí.

26 Counties, How are yeh?

Scrúdaigh mé an admháil chéanna sin, ar ball, nuair a bhí an t-am agam chuige, agus ba é an chéad rud a chuaigh i gcionn orm, nó a laghad Gaeilge a bhí le léamh ar an admháil chéanna sin, nó déanta na fírinne, ní raibh de Ghaeilge air ach “An Post”. Bheadh sin dona go leor, ach leis an gcaidhp bháis a chur ar an scéal, ba é a bhí le léamh faoi, nó,

Destination…..Ireland….. – 26 Counties.

Ó, bhuel, nach ’in an saol agat, nó dá mhéad a athraíonn cúrsaí, is ea is mó a fhanann siad mar a bhí. Deirimse 26 Counties leat a mhac! Nach gceapfadh duine ar bith a mbeadh trí splaideog céille sa phlaosc aige, go bhféadfaí

……Ceann Cúrsa……Éire.

a úsáid, i gcás dá leithéid, leagan a thuigfeadh duine ar bith, agus leagan a thabharfadh le fios, nach raibh ár bhfís caillte, go huile is go hiomlán, sa cheo orainn, fós.

Céard faoi Choimisiún amháin eile !

Sílim go bhfuil an t-am tagtha anois, le Coimisiún amháin eile a chur sa tsiúl, le fís an náisiúin s’againne a chur faoin mhionarcán, féachaint arbh fhéidir an mheirg a ghlanadh díobh, agus ansin, iad a leagan os comhair an phobail, le fios na slí a dhéanamh dúinn, sa chéad deichniúr eile, nó mura ndéanfaí sin, bhuel, ansin, ba chóir dúinn socruithe eile a dhéanamh, ach tá an t-am tagtha anois, tá nóiméad na fírinne buailte linn, nuair is ceart dúinn fimínteacht a chaitheamh ar leataobh, agus rogha cinnte a dhéanamh den chlais atá le treabhadh againn, uaidh seo amach, nó tá laethe an chur I gcéill thart anois, agus caithfear aghaidh a thabhairt go dána, dáiríreach, ar an ród atá rómhainn amach feasta, mar chine.

Bhuel, b’in cuid de na smaointe a rith liomsa, nuair a léigh mé faoi na, 26 Counties, úd ar admháil an Phosta.

**************

Peadar Bairéad.

**************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish