A n T a o i s e a c h .

*******************

.

The Taoiseach…………………………………………..céadchló…………2003.

le

Peter Cunningham…………………………………………………………€19.99.

.

**********************

Cuireann an t-údar in iúl dúinn, i dtús an leabhair seo, nach stair atá idir chamáin aige, chomh fada is a bhaineann sé leis na carachtair a léirítear ann, ach gurb é atá i gceist aige nó na fórsaí a tháthíonn le chéile iad, fórsaí cosúil le paisean, eagla, brú, agus mothúcháin, níl aon chur i gcéill i gceist, chomh fada is a bhaineann sé leis na fórsaí céanna sin.

“This story is about people and power, and about the forces that bring them together. The people are works of fiction. But the passions, the fears, the pressures and the emotions are real.”

Ach, nuair a léann tú sin arís, tuigtear duit, nach ró-éasca an gnó é, earraí teibí, cosúil le cumhacht, agus na cumhachtaí pearsanta sin, a scaradh go huile is go hiomlán, o na daoine a ndeachaigh na fórsaí céanna sin, i gcionn orthu, le linn dóibh bheith ar ardán rialaithe an náisiúin. Ach scaoilimis sin tharainn, ar eagla go ndéarfaí nach raibh sa mhéid sin ach séimeantaic.

Tá an Réamhrá spéisiúil freisin, nó sa Réamhrá sin, cuireann an scéalaí, nó fear inste an scéil, in iúl dúinn, gur chuir sé an scéal seo i dtoll a chéile in achar lae, nó bíodh gur chuir sé an gnó sin ar an méar fhada, sách fada, i ndeireadh na dála, agus d’fhonn é fhéin a shlánú, tuigeadh dó nach raibh an dara rogha aige ach an scéal seo faoin Taoiseach, agus a ré, a chur ar phár, tharla nach raibh an dara duine beo a d’fhéadfadh sin a dhéanamh ach é fhéin amháin. Tá faoi, an fhírinne a insint, fiú dá dtitfeadh na spéartha. Ghortófaí daoine, é fhéin ina measc, b’fhéidir, ach dhéanfadh sé a raibh le déanamh aige.

Tuige nach bhféadfadh éinne eile an gnó sin a dhéanamh chomh héifeachtach, cruinn, leis, an ea?

Bhuel, mhair seisean faoi scáile an Taoisigh, Harry Messenger, óna laethe scoile anuas, agus b’eisean an “Fixer” a scaoil gach cruachás don Harry céanna sin. Sea, mh’anam, bhí fhios ag “Bunny” Gardener (an scéalaí) cá raibh na coirp uilig curtha! Ba bhuntáiste dó an t-eolas sin amanta, ach amanta eile, a mhalairt a bhí fíor.

Anois, agus an scéal seo á léamh againn, tugaimid faoi deara, mar a phreabann an t-údar ó thréimhse amháin, go tréimhse eile, de réir mar a oireann dó, agus déanann sé é sin, chomh sciliúil, cliste, sin, gurb ar éigean a thugann an léitheoir faoi deara é, ach ní féidir aon mhilleán a leagan ar an údar faoi sin, nó tugann sé na dátaí dúinn go rialta, tríd an scéal, ó thús deireadh, go háirithe, nuair a thugann sé léim siar, nó chun tosaigh, thar bhearna na mblianta.

Cuireann sé tús lena scéal i Márta na bliana 1992, agus an scéalaí, Bunny Gardener, an “Fixer”, ar a bhealach trí shráideanna lár na cathrach, le coinne a choinneáil le Chris Foy, atá anois i gceannas, go sealadach, ar Chomhlacht ollmhór Foy, de thaisme, d’fhéadfá a rá, a tharla a leithéid, nó ba é a tharla nó gur gabhadh a deartháir, Barry Foy, an té a bhí i gceannas, go nuige sin, gabhadh é, amuigh i bhFlorida, é dallta as a mheabhair le drugaí, stríopach ina sheomra aige, é fhéin striopáilte ina “pheilt”, agus é ag bagairt go léimfeadh trí fhuinneog scríobaire spéire amach. Tháinig na póilíní. Gabhadh é. Tháinig abhaile. Ghabh a leithscéal go poiblí. Ach má sea fhéin, ní raibh an deirfiúr, Chris, sásta ligint dó fanacht i gceannas Chomhlacht Foy feasta. Theastaigh uaithi fáil réidh leis, agus b’in sin.

Nach gcuirfeadh sin eachtraí ón saol s’againne, i gcuimhne do dhuine?

Bhuel, ar aon nós, chuir Chris agus Bunny an scéal trí chéile, agus mhínigh Chris, a raibh beartaithe aice a dhéanamh. Chuir Bunny comhairle uirthi, ach chuir Chris chríoch lena gcomhrá, trí cheist a chur ar Bhunny..

“Do you know one thing I’ve never been able to understand? I’ve never been able to understand what a man like you saw in Harry Messenger.”

Nach breá an áit le scéal dá leithéid a thosú? Mar nárbh é eachtra dá leithéid, i ndáiríre, a lig tréad cat as mála na rún faoin gCoiste Órga úd, a raibh diallait agus béalbhach buailte acu ar chapall an Stáit s’againne, le tamall maith de bhlianta roimhe sin.

Diaidh ar ndiaidh ansin, téann Bunny siar ar chúrsaí, é ag leagan os ár gcomhair amach, mar a d’éirigh le Harry Messenger, greim docht, ceart, a fháil ar shrian na cumhachta, agus ag an am gcéanna, d’éirigh leis, an beart sin a dhéanamh, gan méarlorg ar bith, nó lide dá laghad, d’fhéadfá a rá, a fhágáil ina dhiaidh.

Go gairid ina dhiaidh an túis sin, tógann an scéalaí siar muid, agus feicimid an Taoiseach agus a lucht leanta ag Ráschúrsa Longchamps, i bPáras na Fraince, i nDeireadh Fómhair na bliana 1987, cúig bliana roimhe sin, agus Harry i mbarr a mhaitheasa agus a chumhachta, agus é ina dhia beag acu siúd a bhí thart air. Thuigfeá go raibh margadh eicínt á dhéanamh aige le Prionsa Arabach, dárb ainm, Abdul Alman, margadh a thiocfadh i gcabhair ar an dTaoiseach ar ball, lena fhiacha sna Bainc a ghlanadh. Tharla, an lá céanna sin, lá na rástaí, gur tháinig deartháir Chris Foy, Barry, isteach chucu ag na rástaí úd. Bhí “tete a tete” aige le Harry Messenger, agus roimh imeacht dó, thug sé sintiús láimhe, i gclúdach litreach, do Harry.

“Thanks young fella.!”

“Never be short Taoiseach. God bless you.!”

Chualamar rud eicínt cosúil le sin cheana, nár chuala?

Chuaigh Bunny siar bóithrín na smaointe ansin, agus arís agus arís eile, tríd an scéal ar fad, déanann sé amhlaidh, agus insíonn dúinn mar a ndeachaigh sé fhéin agus Harry, agus baicle eile gasúr, chuig Scoil Naomh Peadar, le chéile, thiar i lár na ndaichidí. D’fhás siad uilig suas le chéile, ach ghlac siad uilig, agus Bunny freisin, chomh maith le duine, ghlac siad le Harry mar cheannaire, a raibh a ndílseacht tuillte aige, agus dlite dó. Ach, thar éinne eile, bhíodh Harry ag brath i gcónaí ar Bhunny, le chuile fhadhb a scaoileadh dó, sea, agus ba mhaith an sás chuige sin é an Bunny céanna sin, nó níor theip riamh air seift eicínt a cheapadh, le ceann an chinnire a shábháil ón gcroch!

Déantar tagairt ansin dóibh, mar dhaoine fásta, agus Harry ag dul le poliatíocht. Tagairt freisin do Thrioblóidí an Tuaiscirt, agus an bhaint a bhí ag Messenger leo. Theip air sa bhfiontar sin, chomh fada is a bhain sé le cúirteanna na tíre seo, agus thuigfeadh duine ar bith go raibh a rás ar an gcúrsa polaitíochta rite, ach, lean sé air, ag obair, is ag obair, os ard agus os íseal, go dtí gur éirigh leis gradam an Taoisigh fhéin a bhaint amach dó fhéin, agus nárbh eisean a d’úsáid an chumhacht, a ghabh leis an ngradam sin, go neamhscrupallach. Tuigeadh dó, go raibh bua feasa aige, agus dá bharr sin, go raibh dílseacht agus pátrúntacht an náisiúin tuillte aige, sea, agus ba bheag nár éirigh leis sa mhéid sin. Ach, ní mhaireann rith maith ag an each i gcónaí, agus ba é an dála céanna ag Harry é. Tháinig an lá gur thit an teach cártaí, a bhí tógtha chomh cúramach sin aige, anuas sa mhullach air. Agus i ndeireadh na feide, cé shéid an fheadóg air? Sea, an “Fixer” fhéin a rinne é a “fixeáil” i gceart, ar deireadh thiar, nuair a chuir sé ina luí ar Chris Foy, gur chóir dise na cuntasóirí a ghlaoch isteach, le cúrsaí an chomhlachta, faoi cheannas Barry, a scrúdú. Ba é an scrúdú sin a leag an teach cártaí úd, a bhí tógtha chomh cúramach sin ag an Taoiseaach agus a chomhleacaithe.

Féach mar a tharla, nuair a dúirt Bunny le Chris, gur chóir di Barry a bhriseadh as a phost i gComhlacht Foy…..

“ ‘You’re serious, aren’t you?’ She said at last.

‘More than I’ve ever been. Now, go out and make that call and tell that firm of auditors that they’re to get started first thing tomorrow morning’.

She smiled – ‘I should have known, really’.

‘Do it now’, I said. –‘Do it for me’.”

Caithfear a rá anseo, go raibh iriseoir cáiliúil ag déanamh a míle dícheall, agus í ag iarraidh rúin an Choiste Órga a scaoileadh freisin, agus bheadh orainn a rá gur éirigh go seoigh leise freisin. Ní gá dom ainm a chur uirthise, ach oiread!

Léitheoireacht éigeantach, dóibh siúd a bhí suas le linn na scannal uilig a chráigh an tír s’againn, le breis is dhá scór bliain anuas, nó scalfaidh an leabhar seo tóirse an scéil ar imeachtaí casta na ré sin. Agus dóibh siúd, nach raibh suas le linn na ré sin, bhuel, más uathu ciall ar bith a bhaint as an ré chéanna sin, níl le déanamh acu ach an leabhar suimiúil, spreagúil seo a léamh.

An-saothar, corraitheach, dea-scríofa, a leagann a mhéar ildánach ar chuisle na Banban, le linn di bheith faoi gheasa ag Ridirí an Choiste Órga.

*******************

Peadar Bairéad.

*******************

.

en_USEnglish