I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(Seo piosa a scríobh mé, breis is sé bliana ó shoin anois, faoi chuairt a thug mé ar roinnt áirithe Misin Spáinneacha, fan chósta Chalafóirnia. Cheap mé go mb’fhéidir go gcuirfí spéis ann, ag an am áirithe seo)

.

A r n a M i s i n .

An Luan, an 18ú Lúnasa, 2003.

Ar deireadh thiar, bhí an lá mór tagtha, an lá a bhí socraithe againn don turas ó thuaidh le breathnú ar roinnt áirithe de Mhisin Spáinneacha Chalafóirnia, agus ó tharla go raibh fúinn ár seolta a ardú, roimh nóin, ghlacamar an mhaidin Luain sin go deas réidh. D’ullmhaíomar sinn fhéin chun bóthair, agus rinneamar pé pacáil a bhí le déanamh againn don turas, nó bhí beartaithe againn, thart ar sheachtain a chaitheamh as baile. Ar deireadh thiar, bhíomar réidh, agus bhí sé ag tarraingt ar a haon a chlog, san iarnóin, nuair a bhuaileamar bóthar.

Santa Bairbre in aghaidh na toirní!

Dheamhan a raibh basctha den trácht ag an am sin, agus ghluaiseamar linn ó Encinitas i dtreo Santa Barbara, gan trioblóid, gan tranglam tráchta ar bith le sárú againn. Agus ó tharla gur luaigh mé Santa Barbara, cuireann sé sin nath cainte a bhíodh ag mo Mham fhéin, fadó, i gcuimhne dhom….

“Santa Bairbre in aghaidh na toirní.”

adeireadh sí, le sinn a chosaint ar thoirneach is ar thintreach. Ach fillimis ar an scéal.

Turas thart ar dhá chéad míle a bhí romhainn amach, agus dár ndóigh, luigh Los Angeles fhéin díreach sa mbealach romhainn, sa chaoi go mbeadh orainn coinneáil cóngarach don chósta, le bealach áisiúil a fháil tríd an gcathair ollmhór chéanna sin. Trí Carlsbad agus Oceanside linn, gan stró, agus leanamar fan Shaorbhealaigh a Cúig. Cheapfá nach dtiocfá amach as Los Angeles riamh, nó tá an chathair sin an-leata-amach, mar murab ionann is Nua Eabhrac, ní dheachaigh muintir Los Angeles i muinín na scríobairí spéire, le tithíocht a chur ar fáil dá dhaonra.

Trí Thousand Oaks

Ar deireadh thiar, tar éis tamaill a chaitheamh ag taisteal ar Saorbhealach 405, agus tar éis dul taobh le Beverly Hills agus Hollywood, tháinig muid ar ár seanchara, Saorbhealach 101 athuair. Chasamar ar chlé ansin, agus leanamar ar aghaidh trí thír a raibh seanaithe againn uirthi. Chuamar trí Thousand Oaks, mar ar chaitheamar saoire iontach, thart ar chúig bliana déag ó shoin, agus chun tosaigh linn ansin, trí Oxnard agus Ventura. Stopamar seal, i mbaile beag taobh amuigh de Ventura, le scíth a ligean, agus le lón beag a chaitheamh, agus ansin bhuaileamar bóthar arís, ag tarraingt ar Santa Barbara, agus shroicheamar an ceann scríbe sin, roimh titim na hoíche, agus d’éirigh linn ár dTeach Ósta, i mBath Street, a aimsiú, gan aon ró-stró. Thógamar isteach ár málaí taistil, agus tar éis seal a chaitheamh in ár seomraí, agus tar éis dúinn an tuirse bóthair a chur dínn, ghléasamar sinn fhéin, agus thugamar aghaidh ar an mBialann, a bhí mar chuid den Óstan, ina rabhamar ag cur fúinn.

Dóthain Fathaigh!

Shuíomar chun boird ansin, ag a hocht, agus dheineadar freastal fial orainn, nó níl dabht a domhan, ach go dtugtar dóthain fathaigh, ar do phláta dhuit, sa tír seo, sa chaoi gur chuireamar cúl ar ár n-ocras, agus ar ár dtart, i ngearr-aimsir. Ní call dom a rá, gur bhaineamar sult agus sásamh as an mbéile céanna sin, nó bheadh sé deacair é a shárú. Ar ball, chuamar ar ais chuig ár seomraí. Rinneamar ár gcomhrá. Rinneamar pleananna don lá dár gcionn, agus ansin, chaitheamar seal ag breathnú ar an teilifís, agus thugamar an sop orainn fhéin, roimh mheánoíche. B’in an chéad lá dár dturas críochnaithe, agus shocraíomar síos tar éis an aistir dhá chéad míle fada sin a bheith curtha dínn againn. Ní gá a rá, gur chodlaíomar go maidin, gona lánsoilse arna mhárach.

Tuilleadh le teacht

B’fhéidir gur leor sin don iarraidh seo, ach bí cinnte, go mbeidh mé ar ais anseo arís an tseachtain seo chugainn, le scéal agus eachtraí an 19ú Lúnasa a ríomh daoibh. Go dtí sin………..Slán……….

.

.

.

.

.

en_USEnglish