A r n a M i s i n . 4 .

.

*****************************

.

An Luan, an 18ú Lúnasa, 2003.

Ar deireadh thiar, bhí an lá mór tagtha, an lá a bhí socraithe againn don turas ó thuaidh, le breathnú ar roinnt áirithe de Mhisin Spáinneacha Chalafóirnia, agus ó tharla go raibh fúinn ár seolta a ardú, roimh nóin, ghlacamaar an mhaidin Luain sin go deas réidh. D’ullmhaíomar sinn fhéin chun bóthair, agus rinneamar pé pacáil a bhí le déanamh againn don turas, nó bhí beartaithe againn, thart ar sheachtain a chaitheamh as baile. Ar deireadh thiar, bhíomar réidh, agus bhí sé ag tarraingt ar a haon a chlog, san iarnóin, nuair a bhuaileamar bóthar. Dheamhan a raibh basctha den trácht ag an am sin, agus ghluaiseamar linn i dtreo Santa Barbara, gan trioblóid, gan tranglam tráchta ar bith le sárú againn. Agus ó tharla gur luaigh mé Santa Barbara, cuireann sé sin nath cainte a bhíodh ag mo Mham fhéin, fadó i gcuimhne dhom….

“Santa Bairbre in aghaidh na toirní.”

adeireadh sí, le sinn a chosaint ar thoirneach is ar thintreach. Ach fillimis ar an scéal.

Turas thart ar dhá chéad míle a bhí romhainn amach, agus dár ndóigh, luigh Los Angeles fhéin díreach sa mbealach romhainn, sa chaoi go mbeadh orainn coinneáil cóngarach don chósta, le bealach áisiúil a fháil tríd an gcathair ollmhór chéanna sin. Trí Carlsbad agus Oceanside linn, gan stró, agus leanamar fan Shaorbhealaigh a Cúig. Cheapfá nach dtiocfá amach as Los Angeles riamh, nó tá an chathair sin an-leata-amach, mar murab ionann is Nua Eabhrac, ní dheachaigh muintir Los Angeles i muinín na scríobairí spéire, le tithíocht a chur ar fáil dá dhaonra.

Ar deireadh thiar, ar éis tamaill a chaitheamh ag taisteal ar Saorbhealach 405, agus tar éis dul taobh le Beverly Hills agus Hollywood, tháinig muid ar ár seanchara, Saorbhealach 101 athuair. Chasamar ar chlé ansin, agus leanamar ar aghaidh trí thír a raibh seanaithe againn uirthi. Chuamar trí Thousand Oaks, mar ar chaitheamar saoire iontach, thart ar chúig bliana déag ó shoin, agus chun tosaigh linn ansin, trí Oxnard agus Ventura. Stopamar seal, i mbaile beag taobh amuigh de Ventura, le scíth a ligean, agus le lón beag a chaitheamh, agus ansin bhuaileamar bóthar arís, ag tarraingt ar Santa Barbara, agus shroicheamar an ceann scríbe sin, roimh titim na hoíche, agus d’éirigh linn ár dTeach Ósta, i mBath Street, a aimsiú, gan aon ró-stró. Thógamar isteach ár málaí taistil, agus tar éis seal a chaitheamh in ár seomraí, agus tar éis dúinn an tuirse bóthair a chur dínn, ghléasamar sinn fhéin, agus thugamar aghaidh ar an mBialann, a bhí mar chuid den Óstan, ina rabhamar ag cur fúinn.

Shuíomar chun boird ansin, ag a hocht, agus dheineadar freastal fial orainn, nó níl dabht a domhan, ach go dtugtar dóthain fathaigh, ar do phláta dhuit, sa tír seo, sa chaoi gur chuireamar cúl ar ár n-ocras, agus ar ár dtart, i ngearraimsir. Ní call dom a rá, gur bhaineamar sult agus sásamh as an mbéile céanna sin, nó bheadh sé deacair é a shárú. Ar ball, chuamar ar ais chuig ár seomraí. Rinneamar ár gcomhrá. Rinneamar pleananna don lá dár gcionn, agus ansin, chaitheamar seal ag breathnú ar an teilifís, agus thugamar an sop orainn fhéin, roimh mheánoíche. B’in an chéad lá dár dturas críochnaithe, agus shocraíomar síos tar éis an aistir dhá chéad míle fada sin a bheith curtha dínn againn. Ní gá a rá, gur chodlaíomar go maidin, gona lánsoilse arna mhárach.

Dé Máirt, 19ú Lúnasa, 2003 .

In ár suí le giolc an ghealbhain, bíodh nár chualamar gíog nó míog ón éinín céanna sin, nó ó éan ar bith eile, dá ndéarfainn é, nó bhí an tÓstán, an Encina Lodge & Suites, suite i lár na cathrach, agus tar éis dúinn seal a chaitheamh dár n-ullmhú fhéin, agus tar éis dúinn breicfeasta blasta a chaitheamh, chaitheamar seal ag iarraidh rud eicínt a fhoghlaim faoi stair na cathrach seo, Santa Barbara. Is fada siar a théann scéal an ionaid álainn seo, nó bhí Indiaigh ag cur fúthu sna bólaí seo, i bhfad sular tosaíodh ag coinneáil cuntais ar stair a gciníocha. “Chumash” a thugtaí ar na daoine sin, agus táthar den tuairim, go mbíodh idir 8,000 agus 10,000 den chine sin, ag cur fúthu, an tráth úd, sa dúiche ina bhfuil Santa Barbara suite anois. Thógadar tithe dóibh fhéin, ach ó tharla gurbh as craobhacha, agus giolcacha, a tógadh iad, ní haon ionadh nach bhfuil a dtásc nó a dtuairisc le fáil ag seandálaithe, sa lá atá inniu ann. Mhair na daoine sin ar thoradh nádúrtha na talún, sa limistéar thart orthu. Bhíodh sméara, caora, préamhacha, síolta, coiníní, ioraithe, agus a leithéid, maraon le héisc agus sligéisc, mar bhia agus mar bheatha acu. Ba dhream iad a sheol fan an chósta freisin, i gcuracha móra fada, curacha a d’iompródh idir dheichniúr agus dháréag!

Briseadh isteach ar shaol sona na dtreabhanna sin áfach, sa séú haois déag, sa bhliain 1542, caoga bliain i ndiaidh do Cholumbus spág a leagan ar chósta an Domhain Úir, a chéaduair, nuair a shroich Juan Rodriguez Cabrillo agus a lucht leanúna, i ndá long, an San Salvador agus an Victoria, nuair a shroich siad cósta Shanta Barbara, agus nuair a d’fhógair siad gur le Rí na Spáinne feasta, an fearann sin. Ba Phortaingéileach é Cabrillo, i seirbhís na Spáinne, agus é ag iarraidh teacht ar an “Northwest Passage”, agus tá’s ag an saol mór inniu, go mba shaothar in aisce dó é, a leithéid de shaothar a chur air fhéin, ach ní raibh a fhios sin aige, nó ag a lucht leanúna, ag an am sin. Chaill na Spáinnigh suim sa dúiche sin, ar feadh trí scór bliain, agus ansin, i Nollaig na bliana 1602, tháinig Vizcaino ar an dúiche sin arís, ar an gceathrú lá, de Mhí na Nollag, féile Santa Barbara, agus b’in mar a baisteadh Santa Barbara ar an ionad álainn sin. Agus arís, níor ró-shuim leis an Spáinn an limistéar sin, nó i ndáiríre, níor chuir siadsan spéis ar bith i gCalafóirnia, go dtí déanach go maith san ochtú haois déag, nuair a chonacthas dóibh, go raibh cumhachtaí móra eile, an Rúis ina measc, ag cur suime nár bheag, i gcósta Chalafóirnia. Ba ansin a thug an Rí an t-ordú dá mhuintir i Ríocht Spáinneach Mheicsiceo, bunáiteanna, nó Presidiónna, a bhunú i San Diego agus i Monterey, le cos i dtaca sa limistéar sin, a thabhairt don Spáinn fhéin. In Aibreán na bliana 1782, thóg an lieutenant Jose Francisco de Ortega, agus a chuid saighdiúirí, Presidió mór, le freastal ar an limistéar sin. Anois, bhí ár seanchara, Junipera Serra, fear ar labhair muid faoi cheana, ar an bhfód freisin, agus é ar intinn aige Misin a thógáil ar na láithreacha sin freisin, ach cuireadh ina choinne, agus dhiúltaigh an Gobharnóir cead tógála dó i Santa Barbara, go dtí go mbeadh an Presidió tógtha, ach bhí Serra aosta, lag, spíonta, ag an am, agus ba é a dhein sé nó filleadh ar Mhonterey, le bás d’fháil. Sa bhliain 1793 d’fhógair Gobharnóir Chalafóirnia, go raibh Presidió Santa Barbara ar an bPresidió ab fhearr i gCalafóirnia uilig, agus nuair a bhí sé críochnaithe ar fad, sa bhliain 1797, chlúdaigh sé bloc cathrach. Ach le filleah ar scéal an Mhisin…

Sa bhliain 1785, dhá bhliain i ndiaidh bhás Junipero Serra, tháinig aiféala ar an nGobharnóir nua, agus thug cead do na Proinsiascánaigh Misean a thógáil i Santa Barbara.

An bhliain dár gcionn, tháinig an Padre Fermin la Lasuén, agus beirt bhráthar ina chomhluadar, agus chuireadar rompu an Misean sin a thógáil. Bhí socraithe acu, an Misean a choisreacan, go hoifigiúil, ar an 6ú lá de Nollaig na bliana sin, 1786, Lá ‘le Santa Barbara fhéin, agus cé nach raibh an Gobharnóir ar an bhfód, le páirt a ghlacadh sa cheiliúradh, leanadar ar aghaidh dá éaghmais. Chuireadar searmanas eile ar siúl, tamall ina dhiaidh sin, nuair a tháinig an Gobharnóir ar chuairt chucu. Chuir Rí na Spáinne fhéin cloig chucu, don Mhisean sin. Tar éis dóibh bheith tamall i mbun oibre misinéireachta sa dúiche sin, bhí de thoradh ar a gcuid oibre, gur baisteadh 70 de threibh an Chumash, agus tháinig siadsan chun cónaithe sa Mhisean. “Neophytes” a tugadh orthusan, agus múineadh an creideamh dóibh, agus chomh maith le sin, múineadh scileanna i bhfeirmeoireacht, i siúinéireacht, i gcócaireacht, i mbuildeáil, agus i bhfíodóireacht dóibh. Taobh istigh de bhliain, bhí 307 Nuachreidmhigh ina gcónaí sa Mhisean, agus bhíodar tar éis Séipéal adóibe a thógáil, maraon le teach na mbráthar, gráinseach, cistin, ceardlann adhmadóireachta, agus seomra súdaireachta. Ní gá a rá, gur éirigh, thar na bearta, leis an Misean sin Shanta Barbara, agus i ngearraimsir, bhí fás thar cuimse tagtha ar chuile ghné den tionscadal céanna sin. Agus, murab ionann is an Presidió, mar a raibh na saighdiúirí beo, bocht, gan léinte, gan airgead, gan pá, gan tada len iad a choinneáil sa Presidió, ach a ndílseacht dá dtír agus dá n-oifigigh. Bhí lucht an Mhisin ag cur fúthu i dtír na flúirse, sa chaoi go raibh an áit féinchothaíoch, taobh istigh d’achar an-ghearr.

Ach b’fhéidir nárbh olc an tseift í críoch a chur le gála na seachtaine, ag an bpointe seo, ach bí liom an chéad bhabhta eile, nuair a leanfaidh mé liom, ag cur síos ar scéal Shanta Barbara.

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish