A r n a M i s i n

R é a m h r á …… 3

Ach, le filleadh ar scéal na Misean Calafóirneach, nuair a chríochnaigh mé gála na seachtaine seo caite, bhí dhá Mhisean bunaithe ag an Athair Junipero Serra agus ag a chomhleacaithe, an chéad cheann i San Diego, agus an dara ceann taobh le Carmel, agus cóngarach go maith do Chuan Mhonterey, faoi mar a bhí ordaithe ag Rí Fernando a Trí, na Spáinne.

Bhuel, bhí tús maith curtha acu leis an obair, agus iad ag iarraidh polasaí a Rí a chur i gcrích. Bhí Misin á dtógáil acu, agus Indiaigh á dteagasc, agus á n-oiliúint acu, faoi mar a bheadh Dia á rá leo, agus ní raibh sa mhéid sin uilig ach an tús, nó lean siad leo ar a míle dhícheall, agus iad ag obair gan sos gan staonadh. Sa bhliain 1771, chuaigh siad i mbun oibre arís, le Misean eile a thógáil, i ngiorracht trí mhíle is fiche do King City. San Antonio de Padua a baisteadh mar ainm ar an dtríú Misean seo, agus ba é Junipero Serra, arís, a bhí i mbun an ghnó, san ionad nua seo. Ar ball, d’imigh Serra, ach má dhein, d’fhág sé beirt shagart ina dhiaidh, le haire a thabhairt do chraoibhscaoileadh an chreidimh sa dúiche sin.

An bhliain chéanna sin, tógadh Misean nua eile, i San Gabriel, deich míle soir ó Downtown Los Angeles. B’as Cordoba na Spáinne an sagart a thóg an Misean seo, agus fear a raibh a chroí sáite in Ardeaglais Chordoba, ar Mhosc Múrach é ó thús, agus ní shásódh aon rud é, ach aithris ar ailtireacht na hArdeaglaise sin a shníomh isteach i dtaipéis Mhisin San Gabriel Arcángel. An bhliain dár gcionn, bhí fiontar nua idir chamáin acu, i San Luis Obispo, nuair a chuaigh siad i mbun oibre leis an gcúigiú Misean a thógáil. Díon tuí a bhí acu ar an Misean sin, a chéaduair, ach nuair a tháinig buíon namhadach Indiach aniar aduaidh orthu, tuigeadh dóibh, nárbh fhál go haer é laige na tuí mar dhíon, nó chuireadar rompu láithreach ar thíleanna rua, tinedhíonacha, na Spáinne a oibriú ar an toirt, agus nuiar a chuireadar díon nua tíleanna ar an Misean sin i SLO, mar a thugtar go minic ar San Luis Obispo, níor bhaol dóibh feasta saigheada lasánta na nIndiach.

Nuair a thángthas, i ndáiríre, ar chuan Shan Francisco, socraíoch ar dhá Mhisean agus Presidió, a bhunú sa dúiche sin. Cé gur ainmníodh an chéad Mhisean ansin in onóir do Phroinsiais fhéin, ach toisc gur thángthas ar ionad an Mhisin sin, ar Lá Fhéile Mhuire na nDólás, baisteadh, Dolores, de ghnáth, mar ainm ar an Misean sin. Sa bhliain 1776, a tógadh an Misean sin. Tógadh Misean ollmhór eile an bhliain chéanna sin, agus b’in é Misean San Juan Capistrano. Ach ó tharla gur scríobh mé alt anseo, i mBéal an Phobail, faoin Misean sin, roinnt blianta ó shoin, ní bhacfaidh mé le tuilleadh a rá faoi anseo, ach amháin a rá, gur glé, glas, a fhanann cuimhne an lae úd a chaith mé sa Mhisean sin liom, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus faoin spéis sna Misin a mhúscail mo sheanchara ó Vista, Gearóid Mac Amhlaoibh, ionam, an lá céanna sin, nó b’eisean a bhí mar threoraí againn an lá álainn úd, i Meán Fómhair na bliana sin, 1988.. Ach, fillimis ar an scéal…..

Leanadh leis an obair tógála, agus teagaisc, agus traenála, uaireannta, go mall réidh, agus amannta eile, faoi mar a bheadh Dia á rá leo. Tógadh Misin ar baisteadh na hainmneacha áille Spáinneacha sin uilig orthu, fan chósta thiar Chalafóirnia, ó San Diego go San Francisco, fan an 650 míle sin, a shíneann idir an dá chathair áille sin, agus fan an Bhealaigh Mhóir úd, an Camino Real, nó an Bealach Ríoga, a cheanglann an dá chathair sin dá chéile, ó aimsir na Spáinneach fhéin. Ach breathnaigh ar na hainmneacha áille Spáinneacha sin, ar dhein mé tagairt dóibh, anois beag…Santa Clara de Asis; San Jose; San Buenaventura; Santa Barbara; La Purissima Concepcion; Santa Cruz; Nuestra Senora de la Soledad; San Juan Bautista; San Miguel Arcángel; San Fernando Rey de Espana; San Luis Rey de Francia; Santa Inez; San Rafael Arcangel; agus San Francisco de Solano. Conas a tharla gurbh iad na hainmneacha áirithe sin a baistadh ar na Misin thuasluaite? Bhuel, ba é an nós a bhí ag na Proinsiascánaigh Spáinneacha, an dream a thóg na Misin, ba é a nós siúd nó an Misean a ainmniú as an bhFéile Eaglasta a thit ar lá a bhunaithe. B’in an nós a bhí acu, agus b’in an nós a leanadar.

Ar deireadh thiar, sa bhliain 1823, tar éis dóibh breis is leathchéad bliain a chaitheamh i mbun an ghnó sin, bhí Misean is fiche tógtha acu, fan chósta Chalafóirnia, agus gach Misean acu i ngiorracht turas lae don Mhisean ba neasa dó, sea, agus an Camino Real, nó an Bealach Ríoga, ag freastal orthu uilig, geall leis.

B’iontach go deo mar a d’éirigh leis na Misin chéanna sin aidhmeanna an Rí, Fernando a Trí, a chur i gcrích, agus taobh istigh de leathchéad bliain, d’fhéadfá a rá go raibh Iarthar Chalafóirnia uilig tagtha faoi anáil agus faoi chumhacht na Spáinne. Ní hamháin go raibh na Proinsiascánaigh tar éis na Misin uilig sin a thógáil, agus go raibh na mílte agus na mílte Indiach á dteagasc, agus á mbaisteadh acu, ach ag an am gcéanna, bhí na Misin chéanna sin ag éirí saibhir, ó bhliain go chéile, nó bhí olltréada bó agus caorach, maraon le hainmhithe agus le heallach eile feirme, á dtógáil as éadan acu, ar na rainsí móra talún a bronnadh orthu, agus chomh maith le sin arís, bhí an talamh mhéith á saothrú go sciliúil ealaíonta, acu, sa tslí go raibh barraí de chuile chineál á gcur, agus á mbaint, acu, bliain i ndiaidh bliana. Ní gá a rá, gur thóg na Spáinnigh scileanna nua-aoiseacha feirmeoireachta isteach sa limistéar sin leo, agus gur múineadh na scileanna sin do na hIndiaigh, ach thar aon rud eile, thógadar isteach leo na bealaí ab éifeachtaí, le talamh a uisciú, agus b’in an rud ba mhó a bhí ag teastáil ó thailte Chalafóirnia, le fásaigh na dúiche sin a chur faoi bhláth. Agus sin, gan tagairt a dhéanamh, in aon chor, don méid a bhí á dhéanamh, agus á tháirgeadh, ag na hoibrithe Indiacha sna saotharlanna, agus sna ceardlanna, a bhí ag obair faoi lán tseol, i ngach Misean acu!

Ach céard faoin saibhreas uilig sin?

Anois, bhí móid bochtaineachta ag na Proinsiascánaigh, agus dá bhrí sin, ní fhéadfaidís-sean aon úsáid phearsanta a bhaint as an saibhreas uilig sin, a bhí a chnuasach ach sna Misin, ach, mar ab’ eol do chách, ba é a gcuspóir, nó únéireacht na Misean a bhronnadh ar na hIndiaigh, nuair a bheidís-sean oilte i gceart acu chuige sin. Bhuel, bhí pobal Indiach lonnaithe thart ar chuile Mhisean, iad baiste agus ag cleachtadh na Críostaíochta, ar an modh Spáinneach. Bhíodar breá síochánta, tríd is tríd, ach caitheadh leo, faoi mar ba pháistí, nó nóibhísigh! iad. Níor tugadh deis dóibh bheith freagrach ina ngníomhartha fhéin, nó tuigeadh do na Padres, nach raibh an t-am chuige sin tagtha fós. B’in an laige ba mhó a bhí i gcóras na Misean Spáinneach úd áfach, agus b’in é ba chúis lena dtreascairt, i ndeireadh na dála. Shroich na Misin buaic a réime, thart ar an mbliain 1810, agus faoin mbliain 1820, bhí siad tosaithe, cheana féin, ar bheith ag dul i léig. Ach b’in é díreach an tráth ar thosaigh na Meicsicigh ag troid i gcoinne na Spáinne, iad ag iarraidh neamhspleáchas a bhaint amach dóibh fhéin, agus an ruaig a chur ar na Spáinnigh. Bhain na Meicsicigh a neamhspleáchas amach, sa bhliain 1821, agus ón bpointe sin amach, fágadh Calafóirnia Spáinneach ar an mblár folamh, gan súil ar bith acu feasta leis na longa Spáinneacha, a thagadh chucu go rialta, roimhe sin, ó San Blas, i Ríocht Mheicsiceo, agus nuair a chuireann tú le sin, nach raibh aon réamhullmhúchán déanta ag na Spáinnigh, le Ríocht, nó Cumhacht, Indiach, a bhunú fan chósta Chalafóirnia, ní thógfadh sé Aireasteatal fhéin, le tuairim a chaitheamh, nach fada go dtiocfadh na Meicsicigh isteach sa mhullach orthu.

Dá dtabharfaí ceannas, de réir a chéile, fiú, do na hIndiaigh, ó thús an naoú haois déag, chuile sheans, go n-éireodh leo teacht saor, ach ba é a tharla, nó go ndearna Meicsiceo na Misin uilig a dhíeaglaisiú, sa bhliain 1833. Cuireadh an ruaig ar na Proinsiascánaigh ina dhiaidh sin, agus cuireadh sagairt pobail isteach ina n-áit, agus fágadh na hIndiaigh bhochta gan cheannairí, nó ní raibh siad ullmhaithe chuige sin, ag na Padres, ní raibh scileanna an neamhspleáchais foghlamtha acu, agus cuireadh scaipeadh na mionéan orthu, sa chaoi gur bheag toradh a bhí ar shaothar ollmhór na bProinsiascánach, i measc na nIndiach Calafóirneach úd, idir na blianta 1769 agus 1833. Ach ag an am gcéanna, fanann a bhfís, agus a bhfoirgnimh, linn, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus tá na Misin áille sin, deisithe, athnuaite, agus athchóirithe, ag Caitlicigh, agus ag údaráis sibhialta, an fichiú haois, agus ní beag nó suarach an toradh agus an oidhreacht iad sin, ó ré órga na Misean, i dtír úd na gréine gile.

B’fhéidir gurb é sin an ceacht a mhúineann oidhe na Misean Calafóirneach dEaglais an lae inniu.

Cén ceacht, an ea?

Go gcaithfear freagracht i bhfás agus i bhforbairt na hEaglaise sin a thabhairt do na tuataí, chomh luath géar is a chuirtear faoi láimh an Easpaig iad. Níor chóir fanacht riamh go mbeadh siad chomh hoilte le Diagairí. Má dhéanann, beidh an cluiche caillte, sul má thosaíonn sé.

Is dócha nár chóir dom aon chosúlacht a fheiceáil idir scéal na Misean Calafóirneach úd, agus scéal na hEaglaise Caitlicí, anseo i dtír seo na Naomh is na nOllamh, ach b’fhéidir go bhféadfadh duine a rá, gur coinníodh an liathróid ró-fhada sa chlibirt, anseo san Eaglais s’againne, agus nár tosaíodh ar roinnt na cumhachta sách luath, inár measc, agus b’fhéidir go bhfuil muid ag íoc go daor as an bhfaillí sin, i láthair na huaire seo. Agus más uainn ceacht ar bith a fhoghlaim as scéal na Misean úd, b’fhéidir gur chóir dúinn díriú anois fhéin, ag an nóimead deiridh seo, ar thuilleadh, agus tuilleadh fós, freagrachta, a thabhairt dár dtuataí.

Le críoch a chur le scéal na Misean, is dócha gur chóir a lua, gur ghabh na Stáit Aontaithe Calafóirnia, sa bhliain 1848, agus le himeacht na mblianta, thoiligh na Stáit sin, na Misin a thabhairt ar ais dá bpobail, agus diaidh ar ndiaidh, deineadh iad a atógáil, agus a athchóiriú, sa chaoi go bhfuil siad inniu, chomh hálainn is a bhí siad ó thús, geall leis, agus ní hé sin amháin é, ach úsáideann na pobail chéanna sin iad, mar thithe pobail, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Gura fada a leanfaidh cúrsaí amhlaidh.

Bhuel, is dócha gur leor sin mar Réamhrá don tsraith aistí seo, faoin tréimhse sin a chaith mé, ar na mallaibh, ar fán i measc Mhisean Chalafóirnia, agus mé ag iarraidh scil eicínt a bhaint as a stair, agus as a scéal, i bhfás agus i bhforbairt na tíre saibhre sin. Ach níor chóir an milleán uilig a leagan ar na Spáinnigh, nó is dócha go rabhthas ag súil leis an iomarca ó Indiaigh Chósta Thiar Mheiriceá, ag an am sin. Bhíothas ag súil go bhféadfadh siad a gcultúr, a n-oidhreacht, a gcreideamh, agus a stíl bheatha, a athrú, ó bhonn, taobh istigh d’achar gearr, agus go bhféadfaidís iompú ina Spáinnigh oilte, sciliúla, san achar gearr, inar tháinig siad faoi anáil na Spáinneach céanna sin, agus b’fhéidir nár deineadh aon ró-iarracht, ar an gcreideamh nua Críostaí a nódú ar spioradáltacht dúchasach a muintire. An chéad bhabhta eile, tá mé ag ceapadh, go mbeadh sé spéisiúil, a fháil amach, cé mhéad den tionchar Spáinneach, agus de thionchar na Críostaíochta, a fuair siad mar oidhreacht ó na glúnta a d’imigh rompu, a mhaireann fós i measc na gciníocha Indiacha céanna sin? San idirlinn, caithfidh muid bheith sásta leis an méid sin.

******************

Peadar Bairéad

.

.

       .

.

en_USEnglish