Á r S t á t T r u a m h é i l e a c h ?

.

**********************************

.

Agus muidinne ag ceapadh, go raibh ag éirí go seoigh linn anseo, i bhfochair an Tíogair Cheiltigh! Muid ag ceapadh go raibh roinnt mhaith tíortha in éad linn, toisc gur éirigh chomh maith linn i gcúrsaí eacnamaíochta, i measc na naisiún mór, a raibh na cianta fada caite acu, ag cleachtadh scileanna déantúsaíochta, agus tar éis dóibh bheith ag ceannacht amh-ábhair ón tríú domhan, le fada an lá, ar phónairí, mar adeir lucht an Bhéarla. Sea, mh’anam, bhí mé fhéin ag ceapadh, go mba ábhar bróid é an dul chun cinn suntasach a bhí déanta ag an náisiún beag s’againne, le scór bliain anuas. Nár bhaist tíortha eile “An Tíogar Ceilteach” orainn, toisc gur éirigh linn eacnamaíocht fhuinniúil, bhisiúil, bhríomhar, a chruthú anseo, i nDeisceart na tíre seo. Bhuel! b’in mar a thuigeamar cúrsaí, go dtí gur chuir David Trimble ar an eolas muid, ar na mallaibh. Chuir David ar ár súile dúinn é, nach raibh ionainn ach, mar a chuir sé fhéin é, agus é ag iarraidh ar a chomhleacaithe, Aontachtaithe Uladh, daonlathas na Ríochta Aontaithe a chur i gcomparáid lena raibh le fáil ó dheas uathu, ar an dtaobh eile den Teoriann. Breathnaigh ar an Ríocht Aontaithe, ar seisean…

A vibrant multi-ethnic, multi-national liberal democracy – The fourth largest economy in the world – the most reliable ally of the United States in the fight against international terrorism – with the pathetic, sectarian, mono-ethnic, mono-cultural state to our south.

Dár Príosta na nGrásta, ach níor chuir David s’againne fiacail ann, nó níor fhág sé fuíoll dímholta orainn ach oiread! Thug sé dúinn é, an dá bharaille, díreach idir an dá shúil. Agus má bhreathnaíonn tú air an gcaoi a bhfuil an abairt sin tógtha, tabharfaidh tú faoi deara, go bhfuil chuile chosúlacht ar an scéal, nár de thaisme adúradh é, agus nárbh aon rith focal é, ach oiread, níorbh ea mh’anam, ach é cumtha, go snasta, cúramach, réamhbheartaithe, meáite. Féach mar a bhfuil an Ríocht Aontaithe “vibrant”, san áit a bhfuil muidinne “pathetic”, agus mar a bhfuil siadsan “multi-ethnic”, san áit a bhfuil muidinne “mono-ethnic”. Áit a bhfuil siadsan “multi-national” tá muidinne “sectarian”, agus mar a bhfuil siadsan ina “liberal democracy”, diabhal a bhfuil againn anseo ach pobal “mono-cultural”. D’fhear a chaith an oiread sin ama ag gaibhniú Comhaontú Aoine an Chéasta, nach bhfuil sé deacair a chreidiúint, go bhféadfadh sé abairt dá leithéid a chumadh chomh cúramach, maslaitheach, sin. Táid ann adéarfadh, nárbh eisean a ghaihnigh an abairt sin, in aon chor, agus b’fhéidir nárbh ea, ach murarbh ea fhéin, caithfidh gur léigh sé an abairt, agus an óráid sin á ullmhú aige, agus caithfidh gur aontaigh sé leis an dearcadh, leis an masla, agus leis an díspeagadh, atá le léamh go soiléir, i ngach aon fhocal den abairt chéanna sin. Níl muidinne ag maíomh nach bhfuil an Ríocht Aontaithe vibrant, ach nuair adeir sé go bhfuil an Stát s’againne truamhéileach, bhuel, sin scéal eile ar fad! Anois, nuair a cuireadh ceist air faoina raibh ráite aige faoin nDeisceart, agus faoi údar na ráiteas sin, ba é freagra a thug sé ar an gceist sin, nó go raibh an méid sin follasach ann fhéin. Ní dóigh liom, go gceapfadh stáit eile na hEorpa go mba dhíol trua ar bith é, Stát seo na hÉireann, nó ní hé mo thuairim, ach oiread, go n-aontódh na mílte daoine úd, a dhéanann a ndícheall, chuile bhliain, fáil isteach sa Stát s’againne, ní dóigh liom, go n-aontódh siadsan, ach oiread leis, go mba thruamhéileach an áit i Éire. Sílim freisin, go bhfuil meas ag roinnt mhaith tíortha ar an bPoblacht s’againne, agus go dtugann siad aird ar ár meon, agus ar ár ndearcadh ar an saol, faoi mar a léirítear iad, i litríocht, in ealaín, agus i gceol, an phobail s’againne, agus chomh maith le sin, déarfainn go dtugtar cluas le héisteacht ar a mbíonn le rá ag an Stát s’againne, i gComhairlí na Náisiún. Dá mba naoscaire cúlsráideach a déarfadh a leithéid, ní thógfá air é, b’fhéidir, ach ní gnáthdhuine adúirt, níorbh ea mh’anam, nó ba é Céad Aire Thuaisceart Éireann a dúirt sin fúinn, fear a bhfuil roinnt blianta anois caite aige, ag iarraidh comhthuiscint a ghaibhniú eadrainn fhéin anseo sa Deisceart, agus a phobal fhéin, ó thuaidh.

Sea, agus céard faoin achasán eile a chaith sé linn, nuair adúirt sé go mba Stát seicteach, nó, “sectarian”, a bhí againn anseo. Ní dóigh liom go n-aontódh daoine anseo leis, sa mhéid sin, ach nach cuma faoi sin, nó ní bheifeá ag súil lena leithéid uaidh, ach bhfuil bunús ar bith lena raibh le rá aige fúinn? An ndéantar iarracht ar bith na postanna uilig anseo a choinneáil do Chaitlicigh amháin? Nó an bhféachann ár bhfórsaí slándála chuige, go dtugtar buntáiste, i gcónaí, do na Caitlicigh abhus? Ní dóigh liom gur mar sin atá, nó má sea, níor thug mé fhéin faoi deara riamh é, ach ansin, nach Caitliceach mise, agus b’fhéidir go n-oirfeadh sé dom, gan a leithéid a thabhairt faoi deara! An ndéantar iarracht anseo, ar pháistí chreidimh ar bith a choinneáil óna scolaíocht, i scoil dá gcreideamh fhéin, agus an ndéantar iad a mhaslú, agus a ionsaí, fan an bhealaigh, dá mbeadh sé de dhánaíocht iontu, iarracht a dhéanamh freastal ar an scoil sin? Ní hé mo thuairim go dtarlódh a leithéid anseo sa Deisceart, ach arís, ní fhéadfainn a rá, nach bhféadfadh a leithéid a tharlú riamh. Ach, b’fhéidir go dtuigeann an tUasal Trible na cúrsaí sin, i bhfad níos fearr, ná mar a thuigtear iad, anseo sa Phoblacht. Bhi mé ag caint le mo shean chara, Séimí an Droichid, faoi na cúrsaí seo, agus ba é adúirt seisean, nó gur mar sin ab fhearr le Trimble cúrsaí a bheith, anseo in ár meascna, ach i ndáiríre, gurbh é an Tuaisceart, a dhúthaigh fhéin, a bhí i gceist aige, agus na hachasáin sin á gcaitheamh aige linn, agus gur maith an té a bhí ag tabhairt na n-achasán uaidh! Is trua, ar bhealach, nár thug sé samplaí dúinn den seicteachas úd a bhí idir chamáin aige, sa tslí go bhféadfaimis tóirse an taighde a dhíriú orthu, féachaint an bhféadfaí cosa a chur fúthu.

Ach scaoilimis tharainn an t-achasán sin, agus iompaímis ar an dá cheann eile, an “mono-ethnic”, agus an “mono-cultural state” atá in ainm is a bheith againn, ar an dtaobh seo den Teorainn. Is dócha gurb é an chiall a bheadh leis na téarma “mono-ethnic”, nó nach raibh le fáil anseo ach aon chine amháin, sin nó nach gceadaítear do chine ar bith eile teacht agus cónaí a dhéanamh in ár measc anseo. An bhfuil cosa faoin ráiteas sin? Má bhreathnaíonn duine go fuarchúiseach ar an gcúiseamh sin, feicfidh sé, go bhfuil daoine ó chiníocha eile ag cur fúthu anseo in ár measc, agus go bhfuil daoine ó chiníocha eile, ag teacht chugainn, chuile lá, ag iarraidh tearmann a fháil anseo in ár measc. Ar an dtaobh eile den scéal, is dócha, go bhféadfadh duine a rá, nach gcuirtear Fáilte Uí Cheallaigh roimh roinnt áirithe de na daoine céanna sin, nó is pobal oileánach sinn, agus is pobal beag sinn, freisin. Pobal a chaith na cianta fada faoi smacht ag cine ón dtaobh amuigh, agus cine a mhúin dúinn, b’fhéidir, conas ciníochas a oibriú agus a chleachtadh go héifeachtach! Nuair a chuireann tú na cúinsí sin san áireamh, feictear duit, go bhfuil an-iarracht á déanamh againn anseo, a bheith fial, fáilteach, comharsanúil, roimh an strainséar, agus déarfainn go bhfuil ag éirí go réasúnta maith linn, dul chun cinn a dhéanamh sna cúrsaí sin, le tamall de bhlianta anuas. Agus, déanta na fírinne, tá roinnt mhaith tíortha eile a bhféadfaí an rud céanna a rá fúthu. Ar an dtaobh eile den scéal, ní dóigh liom, go bhfuiltear ag déanamh cineghlanadh, áit ar bith sa tír seo, rud nach bhféadfaí a rá faoi áiteacha áirithe eile. B’fhéidir anois, nach gcuirtear aon ró-fháilte roimh chraobh dár gcine fhéin, roimh an lucht taistil, agus b’fhéidir go bhfuil ceachtanna le foghlaim, ar an dá thaobh, faoi mheas a bheith againn ar ghort na gcomharsan. Agus céard faoin “mono-cultural” úd a luaigh an tUasal Trimble linn? Cinnte tá daoine sa tír seo, ar mhaith leo, dá mbeadh an fhírinne aige sa mhéid sin, nó is dócha gurb é sin an chuspóir a chuireadar rómpu, ó bhunú Chonradh na Gaeilge anuas, ach, don té a bhreathnódh ar an saol, mar atá sé, ní dóigh liom, go bhféadfadh sé maíomh, go fírinneach, gur stát aonchultúir atá againn anseo, nó d’fheicfeadh sé, gan stró ar bith, go raibh cultúir éagsúla ón iasacht, ag brú isteach orainne freisin, faoi mar a tharlaíonn ina stát fhéin, ó thuaidh, nó an mbeadh sé sásta stát a thabhairt ar Thuaisceart Éireann? Ní hé mo thuairim go mbeadh.

Anois, má tá sé chomh soiléir sin dúinne anseo, nach raibh Mr. Trimble ag breathnú isteach i gcroí na fírinne, agus na maslaí úd á scaoileadh thar teorainn uaidh aige, tuige ar bhac sé leo, in aon chor? Bhuel, tá daoine ann adéarfadh, go raibh sé ag labhairt lena mhuintir fhéin, Aontachtaithe Uladh, agus gur beag rud a raghadh i gcionn ar an bpobal sin chomh mór le Poblacht Éireann a dhíspeagadh. Deir daoine eile, gur seanchleas polaitíochta é, namhaid seachtrach a ionsaí, nuair a theastaíonn uait do lucht leanúna fhéin, sa bhaile, a aontú taobh thiar díot. D’fheadfadh cuid den cheart a bheith ag an dá dhream sin, ach ba é tuairim Mhártan a’ Tairbh, ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin, an oíche faoi dheireadh.

Cén tuairim a bhí aigesean, an ea?

Bhuel, ar seisean, ar thug tú faoi deara, go raibh Reifreann faoin dTeorainn á lorg ag Mr. Trimble, don bhliain seo chugainn, tráth a mbeidh toghchán ar siúl, ó thuaidh, acu freisin, agus má theastaíonn uaidh an dá thrá sin a fhreastal, caithfidh sé ding a thiomáint, go doimhin, idir an dá phobal ó thuaidh. Agus an bhféadfadh sé bealach níos fearr chuige sin a fháil, nó an Phoblacht s’againne a díspeagadh, agus an Ríocht Aontaithe a mhóradh, agus nach é sin go díreach atá á dhéanamh aige sa ráiteas úd, a chaith sé isteach, mar aguisín, lena óráid, ag cruinniú tábhachtach dAontachtaithe Uladh. Nach í sin an ding. Nach í sin an tslí le hAontachtaithe Uladh a ghríosadh chun gnímh i gcoinne dhuine ar bith a bheadh sásta a dhílseacht a dhearbhú don Phoblacht s’againne. Sea, agus chuirfeadh sé Aontachtaí ar bith, a bhí ag smaoineamh ar athaontú na tíre seo, chuirfeadh sé ar a fhaichill é, ag eagla go sleamhnódh sé a vóta isteach i mbosca na náisiúnach, agus na bpoblachtach. Agus nach bhfuil taobh eile ar an sceal sin freisin? Má theastaíonn ó Mr. Trimble, agus a pháirtí lucht leanúna Phaisley a mhealladh chuige, caithfidh se éadaí an pháirtí sin a ghoid, agus a chaitheamh, agus más é sin an plean, nach bhfuil tús maith curtha leis an obair acu, cheana fhéin, le haguisín úd an Trimbileach?

Dúisigh na seandílseachtaí, agus éireoidh leat. Sin an mana. Coinnigh a bhfuil agat, agus cuid Pháidín den mheacan ag an dtaobh eile.

Tá daoine ann freisin adeir, nár chóir dúinn bacaint leis an gcineál sin achasáin, sa taobh seo tíre, ach im thuairimse, déarfainn gur chóir dúinn na maslaí sin uilig a scrúdú, agus solas na taighde a dhíriú orthu, féachaint an fíor bréagach iad, agus ansin deighleáil leo mar a thuilleann siad.

Go dtí an chéad bhabhta eile……….Slán…………….

.

***********************

Peadar Bairéad.

***********************

  .

.

en_USEnglish