.
A i n d l í , A n r i a i l , a g u s A n s m a c h t .
.
*********************
.
T h a l l i s A b h u s .
.
“Nach bocht an scéal é, agus nach crua an cás é, ag muintir bhocht na hIaráice, le mí anuas anois, agus bíodh nach raibh a gcóras rialaithe thar mholadh beirte roimhe sin, ní mustar nó maíomh dóibh cúrsaí faoi mar atá siad, i láthair na huaire seo, agus gan aon ró-chosúlacht ar chúrsaí go dtiocfadh feabhas orthu gan ró-mhoill. Mar adeireadh Mártan s’againne fadó, is fusa go mór rud a bhriseadh nó an rud céanna sin a chur ina cheart arís, dála Humpty Dumpty fadó.”
B’in mar a chuir mo sheanchara Séimí an Droichid tús lena chomhrá liom, an lá cheana, agus muid beirt suite go compórdach ar shuíochán deas ornáideach adhmaid, thíos i bhFaiche an Chaisleáin, ceann de na laehte breátha gréine sin a bhí againn, ar na mallaibh. Bhí fhios agam go raibh faobhar cainte air, agus nach mbeadh le déanamh agam fhéin ach éisteacht leis, agus go scaoilfeadh sé liom, a raibh de thuairimí, carnaithe aige i gcistin a chuimhne istigh. Ní raibh fhios agam fós, cá léimfeadh cat a chuid cainte, agus mar sin, níor theastaigh uaim gobán ar bith a chur i mbéal a chomhrá. Mar sin, chuir mé fhein mo ladar isteach sa chomhrá, go réidh cúramach, faoi mar a cheap mé.
“An ionann sin is a rá, nár cheart do na Meiriceánaigh dul isteach ansin a chéaduair?”
“Ó! Ní hionann in aon chor, nó chomh fada is a bhaineann sé liomsa, bhí lán-cheart acu dul isteach ansin le críoch a chur le réimeas cruálach Shaddam Hussein, nó níl dabht ar domhan ach go mba thíoránach den chéad ghrád é an fear céanna sin.”
“Ach nach bhfuil roinnt mhaith daoine a deir, gur chóir an gnó sin a fhágáil faoi na hIarácaigh fhéin, agus nach raibh sé de cheart ag náisiún, nó ag cumhacht ar bith eile, a ladar a chur isteach sa scéal sin, agus dár ndóigh, ba phrionsabal den dlí idirnáisiúnta é, cúrsaí inmheánacha dá leithéid a fhágáil faoi mhuintir na tíre fhéin.”
“Ach in ainm an Rí, conas a d’fhéadfadh muintir na hIaráice fhéin an gnó sin a dhéanamh? Nár dheachtóir é Saddam, a raibh arm, agus póilíní rúnda, dá chuid fhéin aige, len é a chosaint ar naimhde den uile chineál. Ní raibh deis dá laghad acu, le gnó dá leithéid a dhéanamh, agus chuile chosúlacht ar an scéal, nach n-éireodh leo Saddam a ruaigeadh as a phost, go dté soir anoir.”
“Ach nach mbeadh duine ag súil, go bhféachfadh na Comhghuallaithe chuige, nach mbeadh ainriail, agus creachadh de chuile chineál, mar oidhreacht ar a n-ionradh ar chríocha na hIaráice.”
“Tá sin go breá, ach ní go síochánta a chuireadar rompu an gnó sin a dhéanamh, ó thús, ach trí chogaíocht, agus smaoinigh freisin, go rabhthas ag súil go raibh airm ilscriosacha forbartha ag Saddam, agus go raibh fonn air freisin iad a úsáid ar shaighdiúirí na Comhghuallaíochta. Nuair a chuireann tú sin san áireamh, tuigtear duit nárbh í an ainriail, nó an creachadh, na clocha ba mhó ar a bpaidrín acu, agus iad ag dul i mbun gnó sa tír mhí-ámharach sin.”
“Glacaim le sin, ach ag an am gcéanna, ní chuirfeadh sé aon ró-stró orthu, cór poilíní a thabhairt isteach leo, ar lorg na saighdiúirí, agus sa tslí sin, de réir mar a chloífí na saighdiúirí cosanta, i mbaile nó i gcathair, bheadh na póilíní ansin acu, le dlí agus smacht a chur i bhfeidhm láithreach, agus sa tslí sin, bheidís ábalta stop a chur le creachadh agus ainriail, ach chuile chosúlacht ar an scéal nár smaoinigh siad go raghadh na hIarácaigh le báiní, agus le buile, chomh luath is a chuirfí ar a súile dóibh, go raibh deireadh buan le réimeas Shaddaim.”
“An gceapann tú go mbeidh ar chumas na gComhghuallaithe riail is reacht a chur i bhfeidhm, i gcliabhán ársa úd na sibhialtachta?”
“Tá mé cinnte go mbeidh, ach chuile sheans go dtógfaidh sé tamall a leithéid a dhéanamh, nó is cine bródúil, mórtasach, iad na hIarácaigh, nach nghlacfaidh go ró-fhonnmhar le smacht na n-eachtrannach, go háirithe, nuair nach smacht Moslamach atá i gceist. Ach ar ball, tá mé cinnte, go n-éireoidh lena dtírghrá guaim a chur ar a bhfonn creachta agus aindlí. Ach, b’fhéidir gur chóir dúinne súil a chaitheamh ar ár muintir, agus ar ár dtír fhéin, féachaint an bhfuil aon ró-mheas againne ar dhlí is ar reacht, anseo i dTír seo na Naomh is na nOllamh.”
“An é atá á rá agat, a Shéimí, go bhfuil cúrsaí chomh dona anseo, sa tír s’againne, is atá i gCríocha na hIaráice?”
“Bhuel, ní he sin go díreach atá a rá agam, ach ag an am gcéanna, d’fheicfeadh an Dall fhéin go bhfuil cúrsaí imithe tigh an Diabhail, anseo in ár measc, le traidhfil de bhlianta anuas.”
“Níor cheap mé go raibh cúrsaí chomh holc sin ar fad, i dtír seo na hÉireann, go háirithe ó thug an Tíogar Ceilteach úd cuairt ar ár dtír.”
Tíogar Ceilteach, an ea? Caithfear a admháil, gur thál an Tíogar céanna sin orthu siúd, a raibh sparán teann acu, cheana féin, ach go háirithe, ar lucht gnó agus ar lucht gairme, ach ag an am gcéanna, ba bheag aird a thug sé ar an gcosmhuintir. Ach, i ndáiríre, níorbh é an Tíogar céanna sin a bhí i gceist agamsa, chor ar bith, ach ba é a bhí idir chamáin agam, nó an chaoi a bhfuil roinnt áirithe dár muintir beag beann ar dhlí is ar reacht, de chineál ar bith, ach gan ar a n-aird acu, ach cibé a bhaineann lena ngnó fhéin, agus don diabhal leis an gcuid eile agaibh!!”
“Go réidh! anois a Shéimí. Ní dóigh liom go bhfuil mórán den chineál sin ag feidhmiú inár measc, ag an am áirithe seo.”
“Go bhfóire Dia ar do chiall! Nó an léann tusa páipéar ar bith, na laethe seo, nó an éisteann tú le raidió, nó le teilifís? Mar, níl dabht ar domhan, ach go mbíonn na nuachtáin, agus na meáin uilig, lomlán de scéalta faoi fhoréigean, faoi ghadaíocht, faoi éigniú, agus faoi mhugáil, gan trácht in aonchor ar dhúnmharú, nó ar dhúnorgain.”
“Ach ní féidir go bhfuil tú ag rá, go bhfuil na cúrsaí sin ag dul in olcas, ó bhliain go chéile? Cheap mise go raibh ag éirí leis an nGarda Síochána ghreim scornaí a fháil ar idir choirpigh agus choirpeacht, sa tír seo, le roinnt blianta anuas.”
Óra! Nach breá bog a fhásann an clúmh ortsa, má chreideann tú a leithéid! Caithfidh nár chuala tú faic faoi Thuarascáil na nGardaí, ar choiriúlacht, don bhliain 2002? B’fhiú do shaoránach ar bith an tuarascáil sin a fháil, is a léamh, nó tá an t-eolas uilig le fáil ansin.”
“Ná habair gur tháinig fás ar choiriúlacht sa tír seo, i rith na bliana sin?”
“D’fhéadfá a rá gur tháinig, gan an fhírinne a chur as a riocht in aon chor, leis an ráiteas céanna sin. Tóg mar shampla, coireanna a bhain le hégniú, agus le coireanna gnéis frí chéile, bhuel, tháinig méadú de 63% ar coireanna dá leithéid sin, sa bhliain thuasluaite. I gcás ionsaithe agus slacartha, an gcreidfeá gur tháinig méadú de 50% ar an gcineál sin coiriúlachta?”
“Bhuel, caithfidh mé a admháil dhuit a Shéimí, nach raibh tuairim dá laghad agam, go raibh cúrsaí ag dul chun an donais mar sin, i dtír seo na hÉireann, le tamall de bhlianta anuas. Ní féidir go ndeachaigh aon chineál eile coiriúlachta i méad i rith na bliana sin!”
“Ar an drochuair, caithfear a admháil, gur tháinig fás freisin ar ghoid, agus ar ghadaíocht, sa tréimhse sin freisin. Méadú de 20% a tháinig ar an gcineál sin mí-iompair. Sea, mh’anam, ní scéal é sin a thabharfadh misneach, nó dóchas, do shaoránach ar bith, na laethe seo, agus mar bharr ar an gclampar, insítear dúinn, gur tháinig méadú de 22%, ar choireanna cláraithe, frí chéile, don bhliain chéanna sin, 2002.”
“Caithfidh mé aontú leat a Shéimí, gur scanallach go deo an scéal é, go bhfuil bua á fháil ag fórsaí an aindlí, na hainrialach, agus an ansmachta, ar Gharda Síochána an Stáit s’againne, i gcogadh seo an dlí i gcoinne an aindlí.”
“Ach, sílim, gur chuala mé duine údarásach eicínt ag maíomh, nach raibh cúrsaí chomh holc sin ar fad, agus gurb amhaidh a tháinig laghdú ar líon na gcoirreanna i rith na bliana thuasluaite.”
“Nach bhfuil fhios agat fhéin, gur féidir rud ar bith a chruthú le staitiscí, agus ba é a bhí i gceist ag an duine údarásach sin, nó gur tháinig méadú ar dhaonra na tíre, san idirlinn, agus dá bhrí sin, nuair a chuirtear líon na gcoireanna i gcomparáid le líon na ndaoine sa tír, an t-am sin agus anois, nach bhfuil cúrsaí chomh holc sin ar fad.”
“Agus nach bhfuil cuid eicínt den cheart acu, sa mhéid sin?”
“Óra! Bíodh trí splaideog céille agat. Ar chuala éinne riamh a leithéid d’amaidí? Tá a fhios go maith ag na daoine sin, go bhfuil cúrsaí imithe tigh an diabhail, le roinnt blianta anuas. Níl le déanamh ag duine ar bith, ach breathnú ar na nuachtáin, maidin ar bith, agus feicfidh sé na scéalta uafáis atá le léamh aige ansin, faoi dhaoine neamhurchóideacha, a ionsaíodh, a bualadh, a leadradh, a sceanadh, agus a fágadh ar thaobh an bhóthair, nó ar thaobh na sráide, le bás uaigneach, anróiteach, a fháil, bás gan chúnamh, gan sagart, gan dochtúir, faoi mar ba mhadraí allta iad. Sea, mh’anam, agus cé tá ag léirsiú amuigh ar ár sráideanna faoi na cúrsai cruálacha, fuarchroíocha, buile, sin? Dá mbeadh a leithéid ag tarlú i dtír eicínt eile, i bhfad ó bhaile…Bhuel, b’in scéal eile ar fad!”
“Agus, i ndáiríre! an bhfuil leigheas ar bith i ndán dúinn. An féidir stop a chur leis an gceannairc seo san ubh?”
“Tá mé cinnte go bhfuil leigheas le fáil ar na hoilc seo uilig, ach dul ar a lorg. Ach, níl dabht ar domhan nach dtiocfaidh feabhas ar chúrsaí go deo, mura bhfuil muid sásta mar shochaí, iarracht ollmhór a dhéanamh, le pobail a thógáil inár measc arís, nó dá n-éireodh linn pobail dá leithéid a thógáil, ní bheadh fonn ar dhuine ansin, dochar a dhéanamh do bhall ar bith den phobal ar díobh é. Agus, arís, cé go bhfuilid ann adeir, go bhfuil laethe an náisiúnachais thart, agus gur maith an scéal é sin, nílim fhéin ró-chinnte faoi sin, nó nuair a bhíomar ag iarraidh an tsean-náisiún s’againne a fhorbairt, agus a atógáil, d’éirigh leis an iarracht sin snaidhm eicínt a cheangal idir dhaoine, agus dá mbeadh a leithéid de shnaidhm ann, ní bheadh fonn ar dhaoine, baill dá náisiún fhéin a ghortú, nó a mharú, mar chineál spóirt agus spraoi, faoi mar a tharlaíonn, sa lá atá inniu ann. Ach, is dócha go bhfuil sé thar am agamsa bheith ag bogadh liom abhaile, nó beidh Naipí bhocht s’againne ag ceapadh gur deineadh mé fhéin a ionsaí, a bhualadh, a bhatráil, a sceanadh, nó a mharú fiú, nó nach mbíonn na páipéir lomlán de scéalta dá leithéid, chuile lá? Mar sin, fágfaidh mé slán agat, don bhabhta seo.”
“Slán leat” a chuir mé fhéin ina dhiaidh, nó bhí Séimí glanta leis, faoi mar ba chat scólta é, ach má bhí fhéin, caithfidh mé a admháil, gur bhain mé idir thaitneamh agus thairbhe as a chuid cainte, agus b’fhéidir, amach anseo, go mbeadh deis againn críoch eicínt a chur leis an scéal casta céanna sin, ag cur san áireamh na staitisticí nua, a tháinig amach le déanaí, faoi choiriúlacht sa chéad ráithe den bhliain reatha, ach b’fhéidir gur chóir dúinn fanacht go deireadh na bliana, le figiúirí na bliana seo a chur i gcomparáid le figiúirí na bliana seo caite.
Go dtí an chéad bhabhta eile………….Slán……………….
.
********************
Peadar Bairéad.
********************
.
.
.
.
.
.
.
.
.