I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Aisling ghéar do dhearcas féin

Minic mé ag maíomh sa cholún seo, nach bhfuil fís ar bith ag an nglún atá suas anois, leis an ród seo romainn a shoilsiú dóibh, nó mura bhfuil fís agat, conas is féidir leat an ród céanna sin a fheiceáil, gan trácht in aonchor ar é a leanúint? ceap anois, gur chomhartha físe é, go bhfuil tromlach phobail áirithe sásta a dtacaíocht a thabhairt do dhuine áirithe, le margántaíocht pholaitíochta a dhéanamh ar a son i bParlaimint na tíre. Feictear a leithéid, go minic, aimsir toghchánaíochta, nuair a thoghann toghlaigh áirithe daoine le bheith ina dTeachtaí acu sa Dáil agus a fhios go maith ag madraí an bhaile, nár chóir daoine dá leithéid a chur i gceannas ar éanlann fhéin, fiú. Ní hé anois go roghnaíonn an pobal na daoine seo don ghnó sin, nó is amhlaidh a chuireann na daoine sin, nó a bPáirtí Polaitíochta, a                     n-ainmneacha os comhair an phobail, agus é d’aidhm acu, polasaí áirithe a chur i gcrích, polasaí a thabharfadh buntáiste faoi leith don toghlach áirithe sin. Ní gá a rá, nach dtógtar fís ar shocrú dá leithéid. Uaireanta, ní bhíonn i gceist ag a leithéid ach ospidéal a choinnil oscailte sa toghlach sin, agus uaireanta eile, is é a bhíonn idirt chamáin acu nó monarcha a choinneáil sa tsiúl, sa cheantar sin, uaireanta eile fós, toghann siad an giolla áirithe sin mar Teachta, toisc go mbeidh ar a chumas na milliúin a chur á chaitheamh, ar mhaithe lena dtoghlach dilis fhéin. Anois, nach mbeadh sé deacair a rá leis na vótóirí sin, nár cheart dóibh a leithéid a dhéanamh, nó nach é sin bun agus barr an daonlathais? sé sin, go dtoghann na vótóirí Teachtaí lena gcás a phlé os comhair na Dála, le Cothrom na Féinne a fháil dá muintir?

Cothrom na Féinne?

D’aontódh duine macánta ar bith le dearcadh dá leithéid, ach, nuair a theastaíonn ó thoghlach amháin buntáiste a bhreith ar thoghlaigh eile, trí chleas, nó trí chamailéireacht eicínt eile, cuma sa tsioc faoi Chothrom na Féinne, ansin, ba chóir don chóras polaitíochta, frí chéile, cur i gcoinne leagan amach dá leithéid. Ní gá dom samplaí a thabhairt anseo, nó daoine a ainmniú ach oiread, nó nach bhfuil aithne ag chuile dhuine againn ar pholaiteoirí dá leithéid, agus nach feidir linn dul isteach i ngort eile freisin, mar a bhfuil cleasaíocht den tsaghas céanna faoi lán tseol, sé sin, i ngort na bancaeireachta, agus in oifigí na dtionsclóirí. Má tá caoirigh lomracha amuigh ansin, nár chóir iad a lomadh, agus cead a lomtha ag an té a bhfuil an deimheas is géire aige? Ach ní hé an cluiche sin atá i gceist agam sa phíosa seo. Is é atá idir chamáin agam nó gur chóir do na Teachtaí, frí chéile, tús áite a thabhairt, i gcónaí, do leas an phobail uilig, agus sin déanta acu, bhuel, ansin cead acu bealach an chait a leanúint, sé sin, feidhmiú ar mhaithe lena bpobail fhéin. Sin an cineál polasaí a thógfaidh an tír seo as puiteach na scraithe ghlugair ina bhfuil muid sáinnithe i láthair na huaire seo. Leas an Phobail! Sea. Sin an mana a shaothróidh ár saoirse eacnamaíochta dúinn, amach anseo, nó an té nach bhfuil fís aige, ní bhíonn ar siúl aige ach dalladh púicín, nó an dall ag giollacht an daill.

Oiriúnach?

Déarfadh duine liom, b’fhéidir, nár rómhaith an teideal a roghnaigh mé don phíosa seo, sin, an chéad líne as ‘Mac an Cheannaí’, “Aisling ghéar do dhearcas fhéin”, go bhfágtar Éire fhéin gan fís, gan dóchas, gan anam fiú, i véarsa deiridh an dáin chéanna úd. Ach, nuair a smaoiníonn tú air, feictear duit, go dtuigeann an file go bhfuil athrú físe ag teastáil, má theastaíonn ón dtír s’againne a bealach a dhéanamh feasta sa saol corrach, cráite, seo.

.

en_USEnglish