Malachy, a chara,

Ar eagla nár chuir mé an píosa seo dhuit cheana………

Beir Bua

ó

Peadar Bairéad

*******************************

.

An Duais don Dathúil ?

.

l dabht ar domhan ach gur thóg Chluichí Oilimpeacha Beijing croí agus meanman an tsaoil mhóir, níos luaithe i mbliain seo 2008, nó ní hamháin gur deineadh na Cluichí céanna sin a reachtáil go cruinn, cúramach, sásúil, ach d’éirigh leis na Sínigh, ag an am gcéanna, clú agus cáil a thuilleadh dóibh fhéin ó cheann ceann na cruinne, lena scileanna, lena gcumas, agus lena leithleachas. Cé dhéanfadh dearmad ar an tsearmanas taibhsiúil, sciliúil, do-bhuailte, a láithrigh siad, ar ócáid oscailte na gCluichí? Sea, agus cá bhfágfá an tsearmanas a leag siad os ár gcomhair mar chúl-chlúdach ar leabhar do-dhearmadta a mbaiste mar chumhacht do-sháraithe na haoise seo? Agus sin uilig, gan trácht a dhéanamh in aon chor, don chathair neamhaí a thóg siad le seoid na gcluichí a leabú inti, gona bhfaichí, gona locha, gona seastán fiú, a raibh cuma nide air, le deis a thabhairt don lucht féachana radharc an fhiolair a fháil ar lúithirní an domhain ag glacadh páirte, go cróga, misniúil, i gcluichí, i gcomhlanna, agus i gcoimhlintí, agus iad uilig ag iarraidh dul níos mire, níos airde, nó níos sia, ná mar a deineadh riamh, go nuige seo.

Leatrom ?

Bhí go maith, is ní raibh go holc, mar adeireadh an tseandream fadó, agus bhain daonra an domhain mhóir an-taitneamh as an spléachadh sin a fuair siad ar an saol, mar a chaitear é, i gcríocha ollmhóra na Síne. Níor fágadh fuíoll molta ar an dtír, nó ar a muintir, ach nuair a bhí chuile shórt faoi mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin é a bheith, chuala an saol mór an scéal faoin bhfógraíocht úd a deineadh agus girseach óg ag glacadh páirte ann, ach toisc nach raibh sí dóighiúil go leor, caitheadh ar leataobh í, agus ina háit, bhain an lucht fógraíochta leas as girseach óg eile, girseach ar bhronn a máthair baistí sí, bua na dathúlachta uirthi. Nuair a leath an scéal sin i measc daoine, ba é an toradh a bhí air nó déistean a mhúscailt i gcroí daoine, toisc gur deineadh leatrom dá leithéid ar an ngirseach bhocht úd, agus gan tada déanta as an mbealach aici. Tuigeadh dóibh, nach raibh sé ceart, cóir, nó feiliúnach, beart dá leithéid a dhéanamh, agus go raibh náire shaolta tuillte an na Sínigh as a leithéid a dhéanamh… Fobún orthu! más fíor a hinsíodh dúinn sna meáin.

Ná déan mar a dhéanaim………

Ach ansin, nuair a chuirtear an bhreith sin faoin tóirse, feictear dúinn nár dhein na Sínigh ach an rud a dhéantar chuile lá, anseo in Oileán na Naomh is na nOllamh!

Ag magadh atá mé, an ea?

Geallaimse dhuit nach ea! Mar nuair a bhreathnaíonn tú ar an teilifís, agus nuair a dhíríonn tú tóirse na fiosrachta ar aighthe na ndaoine a phioctar, le teacht ar an scáileán os comhair daoine, le nuacht a léamh, le réamhaisnéis na haimsire a chur i láthair, le cláracha a láithriú, nó fiú le páirt a ghlacadh i gcomórtas talainne, nó i dtionscnamh ar bith dá leithéid, feicfidh tú, gan aon ró-stró, go mbaintear úsáid as cleas úd na Síneach, agus go bpioctar an té a bhfuil bua na dathúlachta ag roinnt leis, nó lei. Anois, níl dabht ar domhan, ach go mbaineann daoine pléisiúr as bheith ag breathnú ar dhaoine dathúla, bíodh siad fireann nó baineann, ach ar an morgóir, is ar áilleacht ban a bhíonn ár n-aire dírithe.

“De gustibus……”

Anois, nuair a théann sé go croí an ábhair, cé déarfadh go bhfuil an duine seo dathúil, nó an duine úd eile míofar? “De gustibus non est disputandum”, faoi mar adeireadh na Rómhánaigh fadó! Nó nach bhfuil a áilleacht fhéin ag chuile dhuine daonna? Ar an ábhar sin, nach bhfuil sé de cheart ag chuile dhuine, a scathaimhín fhéin faoin ngréin a éileamh? Sé sin, má tá an talann, agus na scileanna cuí aige. Ná bíodh againn feasta, mar sin, mar shlat tomhais ach cumas an iarrthóra ach a ábaltacht ar ghnóthaí an phoist a choimhlíonadh. Má leantar an treoir sin, seans go mbeidh deis againn feasta, chuile chineál duine a fheiceáil ar ár scáileáin, nó bíodh go bhfuil sé éasca ar na súile breathnú ar dhuine dóighiúil, ní hionann sin is a rá, nár chóir go mbeadh a dheis fhéin ag chuile dhuine –bíodh sé dóighiúil nó bíodh sé míofar – teacht os ár gcomhair ar an scáileán sí. Ní hionann dathúlacht agus ábaltacht, nó ní hionann míofaireacht agus éagumas.

.

Peadar Bairéad

en_USEnglish