An Fear ó Bheijing

Peadar Bairéad

.

The Man from Beijing

le

Henning Mankell

.

Leabhar le Mankell

Anuraidh a foilsíodh an leabhar seo, a chéaduair. Ní hé seo an chéad leabhar ó pheann líofa an údair Sualannaigh seo, Henning Mankell, nó tá sraith leabhar againn uaidh cheana féin, leabhair lorgaireachta, ina bhfeidhmíonn Kurt Wallander mar laoch iontu, isea a mbunús. Ach, mór eatarthu sin agus seo, nó sa leabhar seo, bíodh go bhfuil páirt ghairmiúil ag póilíní na háite ann, ní hiad, i ndáiríre, a scaoileann fadhbanna iomadula an scéil, ach breitheamh meánaosta ó Dheisceart na Sualainne.

An Breitheamh Birgitta

Ach b’fhéidir gur chóir dom an breitheamh céanna sin a chur in aithne dhaoibh, i dtosach. Birgitta Roslin a bhí uirthi, agus ba bhreitheamh í i gcóras dlí agus cirt na Sualainne. Bhí cónaí uirthi i Helsingborg, sa tír sin, agus tharla gur chuir sí suim, agus dhá shuim, i gcoir uafásch a tharla i mbaile beag iargúlta Hesjovallen, um mheán oíche, ar an 12ú Eanair na bliana 2006. I lár na hoíche sin, rinne an Síneach, Liu Xan, sléacht ar mhuintir an bhaile bhig tuaithe sin, nuair a mharaigh sé, gan trua gan taise, muintir an bhaile sin uilig, cé is moite de thriúr seanduine, a tháinig slán ón mbúistéireacht dothuigthe sin. Níor fágadh fiú fear, nó bean, inste scéil, taobh amuigh den triúr thuasluaite, i ndiaidh an áir a deineadh orthu le Liu Xan, agus níorbh é sin amháin é, nó maraíodh chuile ainmhí, idir chait agus mhadraí, freisin.

Sléacht gan áireamh !

Roinnt laethe ina dhiaidh sin, tharla go raibh Karsten Hoglin ag taisteal tríd an dúthaigh iargúlta sin, agus ó tharla go mba dhuine é a chuir an-spéis i ngrianghrafanna, tuigeadh dó, go bhfeilfeadh sé dá ghnó, pictiúr nó dhó a thógáil de thithe an bhaile chéanna sin, Hesjovallen. Agus é i mbun an ghnó sin, tháinig sé ar radharc a bhain dá chosa é, beagnach, nó ba ghearr gur tuigeadh dó, go raibh muintir an bhaile sin uilig, chomh fada is a chonaic seisean é, sínte i gcosair cró, tar éis do dhuine éigin búistéireacht a dhéanamh orthu.

Amach leis as an mbaile sin le luas lasrach, agus tharla píosa ar shiúl ó Hesjovallen é, nuair a chuaigh a charr ó smacht, agus ba é deireadh an scéil é, nó gur tharla imbhualadh idir a charr agus feithicil eile a bhí ag teacht ina threo, ag an am. Ach sula bhfuair sé bás de thaom croí, d’éirigh leis cupla focal a rá, agus bhí, Hesjovallen, ar cheann de na focail sin.

Cé dhein é?

Bhí go maith. Ba ghearr go raibh na póilíní i mbun oibre sa bhaile iargúlta sin, agus ba ghearr freisin, go ndeachaigh sé i gcionn orthu, nach mbeadh sé éasca in an chor, bonn an dúnmharfóra seo a chur. Ach, má sea fhéin, tuigeadh dóibh, go raibh an cás scaoilte acu nuair a d’admhaigh fear buile eicínt, go mba eisean a rinne an sléacht uilig ar áitreoirí an bhaile sin, Hesjovallen, Ba ghearr freisin gur chuir an Breitheamh Birgitta Roslin spéis sa scéal, nó ba ghaolta dá cuid fhéin iad, cuid de na daoine a maraíodh. Fuair sí Dialann i measc na marbh, dialann a scríobh Jan Andren, gaol dá cuid fhéin, a chuaigh ar imirce go Meiriceá, tarraingt ar chéad go leith bliain roimhe sin, agus a chaith blianta fada i mbun oibre ag tógáil bhóithre iarainn tras-mhór-Roinneacha, sa tír ollmhór sin. Ba leor sin leis an mBreitheamh Birgitta a chur i mbun oibre, agus í ag iarraidh teacht ar fhuascailt na faidhbe ollmhóire a d’fhág ‘fadhb Hesjovallen’ le scaoileadh ag póilíní na Sualainne.

An Fear ó Bheijing

Tá scéal eile le léamh againn sa leabhar seo, faoi thriúr Síneach, a gabhadh, agus a seoladh, ina sclábhaithe, geall leis, go Meiriceá, thart ar an am gcéanna sin, agus níl léamh ná insint scéil ar an gcruatan, nó ar an anró, a d’fhulaing na créatúir sin agus iad i mbun an ghnó sin. Tháinig deartháir amháin acu sin slán, agus chuaigh ar ais chun na Síne, agus a chuntas, nó a Dhialainn fhéin, aigesean, faoin éagóir a rinne saoiste Sualannach orthu, le linn dóibh bheith faoina smacht thall. Ní call a rá, gur theastaigh díoltas ón Síneach cráite céanna sin. Bhuel, ar na táirní sin, éiríonn leis an údar ildánach Sualannach seo úrscéal ar dóigh a chrochadh. Tá mé ag ceapadh, go mbainfeá taitneamh agus toit as an úrscéal neamhghnách seo, nó le linn don údar bheith ag tabhairt an léitheoir leis ar thurasanna iomadúla ar fud an domhain mhóir, tugann sé léargus leathan-intinneach dúinn faoi pholaitíocht agus faoi shocheolaíocht domhanda an lae inniu.

An-scéal, an-láimhseáil. An-aistriúchán le Laurie Thompson.                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                 

en_USEnglish