An Monsignor Pádraig Ó Fiannachta ar lár

.

Peadar Bairéad

.

Ní raibh ach breacaithne agam fhéin ar an Athair Pádraig Ó Fiannachta, ach tuigeadh dom, thar bhlianta fada, go mba fhathach é i saothrú na Gaeilge agus iomaire na teanga sin á bhasladh go blasta aige, agus a dhúthracht á chaitheamh aige i ngort guaireach na teanga sin ag an leibhéal ab aoirde agus ba scolártha. Casadh orm cupla babhta é, thíos in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, ag Éigse Riocard Bairéad, agus tá cóip de ‘An Leabhar Aifrinnar dhein sé fhéin eagarthóireacht air, agus a cuireadh i gcló sa bhliain 1978, a bhronn sé orm ag Éigse Riochard Bairéad, sa bhliain 1986, thíos i nGaoth Sáile, ar an ócáid sin. Tá ‘An Leabhar Aifrinn sin agam fós, agus meas dá réir agam air.

Rugadh Pádraig sa bhliain 1927, i nGaeltacht Chiarraí, agus tógadh sa dúiche sin é. Nuair a bhí a bhunoideachas agus a mheánoideachas críochnaithe aige, chuaigh sé le sagartóireacht, agus chuige sin, thug sé Coláiste Mhá Nuad air fhéin. Oirníodh ina shagart é sa bhliain 1953. Chaith sé seal sa Bhreatain Bheag, mar ar fheidhmigh sé, ar feadh seal, mar shagart cúnta, agus ag an am gcéanna, chuir sé sár-aithne ar an mBreatnais. Ar ball, ceapadh é mar Ollamh le Gaeilge i Má Nuad, sa bhliain 1960. Ba fhathach ar léann agus ar thaighde é, feadh bhlianta a Ollúnachta.

Bhásaigh an Monsignor Pádraig Ó Fiannachta ar an gcúigiú lá déag d’Iúil 2016.

Ailt Adhmholta

Chuir mé spéis agus dhá spéis sna hailt adhmholta a scríobhadh, iar bhás dó. bhí píosa breá againn ó pheann cumasach Mhichíl Uí Dhiarmada ag an am, nó bhí aithne phearsanta ag Micheál air, mar deir sé go raibh an tAthair Pádraig mar Ollamh aige tráth, agus ba shoiléir go ndeachaigh an Fiannachtach i gcionn go mór air, ag an am. Bhí cupla píosa breá eile le léamh, ag an am, faoi bhuanna an tsagairt léannta sin, agus b’ábhair spéise dom iadsan freisin.

Tá’s ag madraí an bhaile faoina shaothar i ngort na Gaeilge thar bhlianta fada a ré, go háirithe a shaothar mar aistritheoir scrioptúrach agus mar eagarthóir ar na hIrisí cáiliúla sin, ‘Irisleabhar Mhá Nuad’ agus ‘An Sagart’, maille lena lán eile ar an dtéad chéanna sin. Bhí mé i dteangmháil leis corruair mar eagarthóir, agus caithfidh mé a rá, gur mhór an chabhair agus an t-ugach a thug sé dom ar na hócáidí céanna sin.

Aistriú an Bhíobla go Gaelige

Ba é an tAthair Pádraig a d’aistrigh an ‘Bíobla Naofa’ go Gaeilge. Saothar ollmhór don scoláire aithnidiúil sin, agus b’eisean freisin a rinne eagarthóireacht ar Irisleabhar Mhá Nuad ar feadh breis agus dhá scór bliain. Ní call dom a rá, go mba fhile torthúil agus go mba scríbhneoir bisiúil é freisin, agus chomh maith le sin uilig, ba scoláire agus teangeolaí den chéad scoth é Pádraig s’againne. Is cinnte nach mbeidh a leithéid de thaighdeoir oilte, scolártha againn arís go luath.

Tar éis dó éirí as a Ollúnacht i Má Nuad, sa bhliain 1992, d’fhill sé ar fhód a dhúchais, agus ar ball ceapadh ina Shagart Paráiste i bparáiste Dhaingean Uí Chúis é sa bhliain 1993. Bhunaigh sé ‘An Díseart’, Institiúd tríú leibhéil, -le staidéar a dhéanamh ar an spioradáltacht Gaelach, – sa Daingean, i 1996. Bhronn ‘An Pápa Eoin Pól a Dó’ an teideal Monsignor air, sa bhliain 1998. In éineacht lena shaothar mar shagart, lean sé leis ag saothrú na Gaeilge freisin, trí scríobh, trí eagarthóireacht, agus trína shampla don náisiún ar fad.

  

Pádraig s’againne

Nach mór an chaill, is nach crua an bhris é,

Ár scoláire léannta bheith sínte tláith,

Cé sheasfaidh feasta mar chrann taca farainn,

Nuair a leagfaidh gála ár n-oineach ar lár.

Fágadh ár nÉigse ina dílleachta céasta,

Gan chumas cumtha nó ceaptha dáin

A chaoinfeadh ár gcaill is ár mbuairt dólásach,

Is a dhúiseodh meanmna in Iathaibh Fáil.

.

B’é Dia na Glóire a thug dó an cuireadh,

Is b’é an tAingeal Gabriel a sheachad an scéal

Go raibh ionad réidh dó ag bord an Tiarna,

I measc scoláirí is filí a chine fhéin.

.

Mothóimid uainn thú, a Phádraig léannta

D’aghaidh shona, is d’iompar cóir,

Ach thuill tú d’áit ag bord an Tiarna,

I measc na Naomh go deo na ndeor,

.

Ár slán go deo leat a Ollamh oilte,

Nó ní fheicfear do leithéid arís go luath,

Ach coinnigh súil ar Iatha Phádraig,

Is tiocfaimid slán ó bhaol is ó bhuairt.

*******************************

.

en_USEnglish