A n T o g h a i r m .

************

.

T h e S u m m o n s ………………………………………………… foilsithe 2002.

l e

John Grisham………………………………………………………………€24.85 Euro.

.

************

.

Cupla seachtain ó shoin scríobh mé píosa anseo faoi leabhar eile le John Grisham. “Skipping Christmas” a bhaist sé ar an leabhar sin, agus caithfidh mé a admháil, gur bhain mé an-taitneamh as, bíodh nach raibh ann ach leabhar an-ghearr, i gcomparáid leis na leabhair eile dá chuid, ar dhein mé léirmheas orthu sa cholún seo.

Cé mhéad leabar atá curtha dhe aige, go nuige seo, an ea?

Bhuel, nach deacair é a chreidiúint, ach seo an ceathrú leabhar déag dá chuid atá leagtha aige os ár gcomhair mar léitheoirí. Agus níos do-chreidte fós, deineadh chuile cheann acu sin a léirmheas, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, anseo i mBéal an Phobail!

Is dócha gur cuimhin libh fhéin, roinnt mhaith de na teidil chéanna sin fós? Leabhair ar nós :- The Firm, The Pelican Brief, The Chamber, The Rainmaker, The Street Lawyer, The Brethren, The Painted House, agus dár ndóigh, Skipping Christmas, freisin. Mar is eol daoibh, ba leis an dlí a chuaigh Grisham a chéaduair, agus chaith sé seal i mbun na ceirde sin, ach nuair a glacadh leis an úrscéal brea sin uaidh, The Firm, tuigeadh dó gurbh fhearr leis, agus, dó, freisin, a dhúthracht a chaitheamh feasta, leis an úrscéalaíocht. Níor chaith sé an dlí i dtraipisí, go huile is go hiomlán, áfach, nó bhain sé úsáid as a chuid eolais ar chúrsaí dlí le cúlra a chur ar fáil dá chuid scríbhneoireachta. Tá sin fíor i gcás chuile leabhar dá chuid, ach amháin i gcás “Skipping Christmas”, agus “A Painted House”, nuair a dhein sé iarracht éaló ó laincisí, nó ó ghlais lamh, an dlí, agus bíodh gur éirigh leis go maith sna leabhair chéanna sin, ag an am gcéanna, is dócha gur mhothaigh sé gaol níos gaire a bheith aige leis an dlí ná le haon ábhar eile, mar chúlra dá scéalta, agus dá thoradh sin, tá sé fillte arís, sa leabhar seo is déanaí uaidh, ar chúrsaí dlí agus cúirteanna arís, bíodh go bhfuil snáitheanna eile freisin sníofa aige tríd na habhair chéanna sin.

Ach b’fhéidir go bhfuil se in am dom anois iompú ar an leabhar fhéin, le tamall a chaitheamh á scrúdú, mar scéal, agus mar phíosa litríochta.

Suíonn an t-údar an scéal corraitheach seo i gClanton, Ford County, Mississippi, suíomh a chéad úrscéil, “A Time to Kill”, úsrcéal a tháinig ar an saol, sa bhliain 1989, blianta sular scríobh sé “The Firm”, an t-úrscéal a shaothraigh clú agus cáil domhanda dó, mar úrscéalaí den scoth. Is é Ray Atlee an príomhcharactar sa scéal seo, fear a rugadh agus a tógadh i Ford County, ach fear a thréig an Ford County céanna sin, chomh luath géar is a d’fhéadfadh sé. Faoi am an scéil seo, tá an Ray céanna sin ina Ollamh le Dlí, in Ollscoil Virginia. Tá saol socair sámh á chaitheamh aige, ag an am seo, agus anois is arís, bíonn air dul i ngleic le stró agus le trioblóid a shéideann chuige, aniar as laethe atá thart anois.

  Faigheann sé, anois is arís, corr spléachadh ar an bhean a raibh sé pósta lei, tráth dá raibh, ach thréig an bhean chéanna sin é nuair a d’éirigh lei a duán a chur i mbilliúnaí fánach, a shéid isteach ón iasacht chucu, nó chuici, ba chóra dhom a rá.
 Faigheann sé corr ghlaoch telefóin óna dheartháir, Forrest. Tá Forrest sé bliana is triocha, agus is beag riail, nó dlí, daonna nó diaga, nach bhfuil briste aige, faoin am seo, agus mura bhfuil sé briste aige cheana féin, bí cinnte go bhfuil sé ag smaoineamh ar é a bhriseadh sul má dtí i bhfad. Is andúileach doleigheasta é, agus é de shíor ar thóir leighis, ach chomh luath is a fhaigheann, réabann leis ar a bhealach drabhlásach arís.
 Sa tríú háit, tá a dhaid, an Breitheamh Reuben Atlee, daid nár ghráigh riamh é, dár le Ray, agus daid ar éalaigh sé uaidh, chomh luath is a bhí ar a chumas. Ba é mian a dhaid nó go raghadh sé le dlí, agus ansin go raghadh an bheirt acu i gcomhar, i gcomhlacht dlí, i gClanton, Mississippi. Ní gá a rá nárbh é sin mian a mhic, Ray.

Sin cúlra an scéil, agus isteach i saol Ray seolann litir óna athair chuige isteach trí pholl na litreach ina dhoras tosaigh.

It came by mail, regular postage, the old-fashioned way since the Judge was almost eighty and distrusted modern devices. Forget e-mail and even faxes. He didn’t use the answering machine and had never been fond of the telephone.

Chomh luath is a d’oscail Ray an litir sin, tuigeadh dó gurbh óna athair a tháinig. D’aithin an páipéar, d’aithin an cló, nó ba shoiléir, gur deineadh an litir chéanna sin a clóbhualadh ar sheanchlóscríobhán Underwood an Bhreithimh Reuben Atlee. Níor ghnáthlithir í seo, ach toghairm, nó bhí an t-athair ag iarraidh ar a bheirt mhac, ar Ray agus ar Forrest, bualadh leis, ina theach fhéin, “Maple Run”, i gClanton, Mississippi, ar an nDomhnach a bhí chucu. Féach mar a chuir an Breitheamh é….

Please make arrangements to appear in my study on Sunday, May 7, at 5 P.M., to discuss the administration of my estate.

Sincerely, Reuben V. Atlee.

Sea, mh’anam, “Summons”, nó toghairm, a bhí sa litir, gan aon agó, agus b’as an toghairm sin a baisteadh an leabhar breá seo.

Chuir Ray glaoch ar a dheartháir, Forrest, agus thoiligh seisean freisin aird a thabhairt ar an toghairm chéanna sin, agus aghaidh a thabhairt ar “Maple Run” ar an lá, agus ag an am, spriocáilte. Bhí go maith, is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht scéalaíochta, fadó. Bhuail Ray bóthar, in am tráth, agus ar deireadh thiar, shroich sé “Maple Run”.

There was no sign of life at Maple Run. The front lawn had been cut within the past few days, and the Judge’s old black Lincoln was parked in the rear, but other than those two pieces of evidence there was no sign that anyone had lived there for many years.

B’in ar an dtaobh amuigh, dár ndóigh, agus ansin chuaigh sé isteach. Níor ghá do dhuine ar bith é a ligint isteach, nó ní raibh sé de nós ag an mBreitheamh s’againne glas a chur ar a dhoirse riamh. Bhí an áit an-chiúin istigh. Ghlaoigh sé amach, cupla babhta, féachaint an raibh éinne ag baile, ach freagra níor tugadh air. Ar deireadh, tháinig sé chuig seomra a athar, agus nuair a d’fhéach sé isteach, chonaic sé an breitheamh ina chodladh ar an dtolg. Anois, ó tharla go raibh an breitheamh an-tinn, níor theastaigh ó Ray é a dhúiseacht, agus mar sin, chaith sé tamall sa chistin, le deis a thabhairt dó néall codlata a chur thairis. Ar deireadh, shocraigh sé ar dhul isteach chuige….

At exactly five, Ray decided he was tired of waiting. He had traveled a long way for this moment, and he wanted to take care of business. He walked into the study, noticed his father hadn’t moved, and for a long minute or two was frozen there, not wanting to wake him, but at the same time feeling like a trespasser.

Ba ghearr gur thug sé faoi deara áfach, go raibh a athair caillte.

Fuair sé litir ar chrinlín, a raibh tiomna deiridh Rueben V Atlee, faoi dháta an lae roimhe sin, an 6ú Bealtaine, 2000.

Bhuel, b’shin sin. D’fhág an Breitheamh chuile cheo dá bheirt mhac, le roinnt ina dhá leath eatarthu. Ar ball beag, tháinig Ray ar charn airgid, i mboscaí, folaithe i gcórfa, faoi Leabhragán an Bhreithimh. Ní pingneacha beaga atá i gceist anseo agam, ní hea, mh’anam, ach ba é tuairim Ray, go raibh breis agus thrí mhilliún Dolar i dtaisce sna boscaí sin. Bhí fhios ag Ray, nár shaothraigh a athair tada i ngar don mhéid sin, le linn a ré uilig mar bhreitheamh, agus ní hé sin amháin é, ach bhí de nós aige, a chuid airgid a thabhairt uaidh, go fánach, do dhuine, nó do dhream ar bith a tháinig chuige ar thóir chúnamh airgid, do chúis inmholta ar bith. Conas a tharla mar sin, go raibh breis is trí mhilliún dolar, i mbillí Céad Dolar, folaithe i mboscaí mar seo, sa chófra beag sin faoin leabhragan?

Céard a bhí le déanamh aige leis an airgead céanna sin? Ar chóir dó é a liostáil mar chuid d’oidhreacht an Bhreithimh Reuben V. Atlee? Nó ar chóir dó an t-eolas seo a roinnt lena dheartháir fiáin, Forrest, nó leis na dlíodóirí, a bheadh ag cabhrú leis, le hoidhreacht a athar a roinnt, de réir a thiomna dheiridh? B’in iad na ceisteanna tromchúiseacha a bhí le scaoileadh ag Ray. Agus ar scaoileadh na gceisteanna agus na bhfadhbanna sin a chasann an scéal corraitheach seo. Ní gá dhom a rá, nach bhfuil fúmsa freagraí na gceisteanna sin a thabhairt don léitheoir anseo, nó mhillfeadh sin an scéal ar fad air, ach déarfaidh mé an méid seo, go gcoinníonn an t-údar a léitheoir ar chipíní, fhad is atá seisean i mbun na hoibre sin, agus éiríonn leis freisin, corrchasadh, nach mbeifí ag súil leis, a bhaint as ruball an scéil, sular fhág sé a pheann ar leataobh.

Ina chuardach, agus ina thaighde, agus é ag iarraidh fáil amach, cá bhfuarthas an t-airgead, nó cé chuir i bhfolach sa chófra úd é, tógann an t-údar sinn ar chamchuairt trí áiteacha spéisiúla. Tógann sé sinn isteach sna tithe cearrbhachais, chuig oifigí dlí, chuig áiteacha nach raibh thar mholadh bhreithimh dá chaime. Díríonn sé ár n-aire ar shaol an Deiscirt, go háirithe, ar an gcuid is suaraí de. Sea, agus cuireann sé carachtair neamhghnácha in aithne dúinn, le linn an chuardaigh sin uilig.

Tá mé cinnte, go dtaitneoidh an leabhar seo, “The Summons” leat, má éiríonn leat teacht air, nó caithfidh mé a admháil, gur bhain mé fhéin an-taitneamh go deo as.

An-léamh, an-scéal, an-leagan amach…….

.

.

******************

Peadar Bairéad.

******************

.

       .

.

en_USEnglish