.

Leabhar neamhghnách

“The five people you meet in Heaven”

by

Mitch Albom

Ar na mallaibh a tháinig mé ar an leabhar neamhghnách seo, a cuireadh i gcló a chéaduair, sa bhliain 2003, ach leabhar a bhfuil an-ráchairt air, san idirlinn. Is é Mitch Albom a chuir i dtoll a chéile é, agus cónaíonn Mitch agus a bhean, Janine, i Michigan, sna Stáit Aontaithe. Iriseoir agus craoltóir is ea é, agus dár ndóigh, is úrscéalaí den scoth é freisin, a bhfuil roinnt mhaith leabhar curtha dhe aige, cheana féin. Ach le filleadh ar an leabhar seo, “The Five People you meet in Heaven”, dúirt mé thuas, go mba leabhar neamhghnách é.

Tuige ar dhúirt mé a leithéid, an ea?

An Saol Eile

Bhail! is é atá idir chamáin ag an údar sa scéal seo, nó go bhfuil iarracht á dhéanamh aige, tuiscint eicínt a fháil ar an saol thall. Anois, ní ghlacann sé leis an dearcadh atá ag an ngnáthChríostaí ar an saol thall, is é sin, go gcónaíonn sé feasta i nglóir agus i síocháin Dé, agus nach mbaineann brón nó cumha; pian nó cruatan; bás nó bascadh, leis feasta, ach go mbíonn áit bhuan aige ag bord an Tiarna, agus bheith istigh aige i gceann de sheomraí iomadúla na bhFlaitheas.

Tosaíonn sé ag deireadh an scéil

Cén leagan amach atá ag an údar seo ar na cúrsaí céanna sin, adeir tú?

Bhail! b’fhéidir gur chóir dom, i dtosach báire, rud eicínt a rá faoin scéal fhéin.

Tosaíonn an t-údar a scéal ag a chríoch, mar adeir sé fhéin. Féach mar a chuireann seisean é, i dtús an leabhair.

“This is a story about a man named Eddie and it begins at the end, with Eddie dying in the sun. It might seem strange to start a story with an ending. But all endings are also beginnings. We just don’t know it at the time.”

Sea, luíonn a ndeir an t-údar linn anseo le réasún, ceart go leor, ach bíodh go bhfuil sé ag fáil bháis i dtús an scéil, ní den aois é, bíodh go bhfuil na trí bliana agus ceithre scór bailithe aige ag an am. Timpiste a chuirfeadh lánstad lena ré i nGleann seo na nDeor. Sa bhliain 1920, a rugadh Eddie, agus ba dhuine é a athair a bhí i gceannas ar Ionad Siamsa. De réir mar a d’fhás Eddie suas, d’fhoghlaim sé chuile cheo faoin Ionad Siamsa céanna sin, agus ar ball, nuair a fuair a athair bás, tuigeadh don iarshaighdiúir Eddie go mba cheart dó fhéin luí isteach ar an ngnó céanna sin. Rinne sé amhlaidh, agus rinne go maith é, sa chaoi go raibh meas ag an bpobal air, go háirithe na daoine óga, bíodh nach mó ná sásta a bhí seisean fhéin, lena shlí bheatha i mbun na bhfearas siamsa, áit ar choinnigh sé súil seabhaic ar a sábháilteacht, agus ar a n-inniúlacht don ghnó a bhí le déanamh acu. Phós Eddie Marguerite, ach bhásaigh sise roimhe, agus fágadh Eddie s’againne leis fhéin.

Tionóisc mharfach

An lá áirithe seo, ar thagair muid dó i dtús an ailt seo, bhí Eddie i mbun a ghnó, faoi mar ba ghnách leis, ach tuigeadh dó go raibh fearas siamsa amháin éirithe contúirteach, agus ba é deireadh an scéil é, nó gur thit an fearas céanna sin anuas, ach mar bharr ar an ndonas, tharla gur shiúl cailín beag isteach san áit ar a dtitfeadh an fearas sin. Thug Eddie sin uilig faoi deara, agus le luas lasrach, d’fhear chomh haosta leis, léim sé isteach sa bhearna baoil, le teacht i gcabhair ar an gcailín óg sin. Tuigeadh dó gur rug sí greim láimhe air, agus ag an bpointe sin, bhuail an fearas siamsa anuas sa mhullach air, agus rinneadh pleist de ar an láthair sin. Ní raibh fhios ag Eddie ar shábháil sé an cailín, nó nár dhein.

Músclaíonn sé ar an saol eile, agus feictear dó, nach mar a shíltear a bhítear, go minic, nó ní raibh cuma neamhaí in aon chor ar an áit thall, mar a raibh sé, nó i ndáiríre dhúisigh se in Ionad Siamsa eile, ach Ionad a bhí i bhfad níos sine ná an ceann a bhíodh a reachtáil aige fhéin “Ruby Pier”

“Eddie blinked hard. This was the Ruby Pier of his childhood, some 75 years ago, only everything was new, freshly scrubbed. Over there was a Loop-the-Loop ride – which had been torn down decades ago- and over there the bathhouses and the saltwater swimming pools that had been razed in the 1950s.

Feabhas tagtha air

Anois, bíodh go raibh coiscéim bhacaí in Eddie, agus é céasta ag pianta, ar an saol seo, mhothaigh sé anois nach raibh na rudaí sin ag cur as dó, a bheag nó a mhór. Rith sé timpeall ag breathnú anseo agus ansiúd, ach ar deireadh thiar, tháinig sé chuig puball ina raibh duine de lucht na “Side Shows” ina shuí

There sitting on a chair, alone on the stage, was a middle-aged man with narrow, stooped shoulders, naked from the waist up. His belly sagged over his belt. His hair was closely cropped. His lips were thin and his face was long and drawn. Eddie would have long since forgotten him, were it not for one distinctive feature;

His skin was blue.

“Hello, Edward”, he said. “I have been waiting for you.”

Thosaigh an bheirt ag comhrá, agus sa chaint dóibh, cuireadh ina luí ar Eddie nach mar a shíltear a bhítear, go minic, agus bíodh nach raibh cuma ró-neamhaí ar an áit ina raibh sé, d’fhéadfadh dul amú a bheith air, dár leis, ag an am gcéanna.

Míníodh chuile cheo dó

Ach tuige ar cuireadh an bheirt seo ar an ardán céanna sin, i bhfochair a chéile, má sea?

Bhail! Dár leis an bhfear gorm, ba é a bhí i gceist nó go dtabharfaí deis do Eddie imeachtaí a shaoil a bhfus a thuiscint, trí chomhrá a dhéanamh le daoine a raibh baint eicínt aige leo, le linn a laethe ar an saol seo.

“There are five people you meet in heaven” the Blue Man suddenly said. “Each of us was in your life for a reason. You may not have known the reason at the time, and that is what heaven is for. For understanding your life on earth.”

Dár leis an bhfear gorm, is é seo an bua is mó a bhronnann Dia ar an ndaonnaí, nó go dtugann sé deis dó, chuile rud a tharla dó ar an saol seo a thuiscint. Agus is é atá le tuiscint ón méid sin, nó go mbeidh tuiscint iomlán ar a shaol a bhfus ag an ndaonnaí tar éis dó buaileadh leis an gcúigear sin, agus tar éis dó a chomhrá a dhéanamh leo. Anois, fágfaidh mé fút fhéin an chuid sin den scéal a léamh, agus a thuiscint, nó níor mhaith liom an scéal corraitheach sin uilig a mhilleadh ortsa.

.

Sa Bhaile, ar deireadh thiar

Bhail! tar éis do Eddie dul trí na céimeanna sin uilig, leis an gcúigear a bhí leagtha amach dósan, tháinig sé chomh fada le “Ferris Wheel” ollmhór, agus suite i gcairt ar bharr an Rotha sin, cé d’fheicfeadh sé ach a bhean, Marguerite, agus í ag fanacht air, agus chuala sé an t-aon fhocal amháin “Home” ó Dhia.

Suimiúil, ach………

Scéal spéisiúil, faoi mar adúirt mé thuas, ach don Chríostaí, b’fhéidir nach dtiocfadh sé leis an údar ina thuiscint ar “Neamh”, nó san áit ina bhfuil Eddie, tá pian, fulaingt, agus cuartú na fírinne, i gceist, agus b’fhéidir go n-oirfeadh leagan amach sin an údair níos fearr, dá mba ar an bPurgadóir a bheadh sé ag cur síos, ach sin scéal eile ar fad.

Im thuairimse, is scéal spéisiúil, spreagúil, spioradálta é, agus iarracht dáiríreach ar adhmad eicínt a bhaint as neamhbhásmhaireacht anam an duine daonna.

en_USEnglish