Ar Bhás Eoin Pól a Dó

.

Peadar Bairéad

Cé go raibh a fhios ag an domhan mór is a mháthair, go raibh an Pápa s’againne i mbéal an bháis, agus cé gur tuigeadh don uile dhuine, nach raibh biseach i ndán dó, nó “galar fada ní abrann síoraí bréag” mar adeireadh an tseandream fadó, ach ag an am gcéanna, nuair a cailleadh an fear bocht, bhain a bhás stangadh asainn uilig, nó ba dhuine é a chuaigh i gcionn ar óg is ar aosta, ar shaibhir is ar daibhir, ar fhir is ar mhná, ó cheann ceann na cruinne, i ngeall ar a naofacht, a chríostaíocht, a dhaonnacht, is ar a ghrá do chuile dhuine. Dá chruthú sin, níl le déanamh againn ach breathnú ar an gcaoi ar chuir a bhás isteach ar dhaoine. Leath scamall dubhach an bhróin thar chlann Éabha uilig, nó tuigeadh do chuile dhuine againn go raibh cara caillte againn, go raibh solas soilseach eile múchta orainn, agus go raibh muid fágtha inár ndílleachtaí ar an saol anróiteach gruama seo.

Ach ní bheidh muid inár ndílleachtaí i gcónaí, nó i gcionn coicíse, nó mar sin, tiocfaidh Cairdinéil an tsaoil mhóir i gcionn a chéile, sa Róimh, le Comharba Pheadair a roghnú dúinn, ní as a stuaim fhéin a dhéanfaidh amhlaidh, dár ndóigh, nó is é sin gnó dílis an Spioraid Naoimh, a dhéanfaidh a chuid oibre tríothusan a bhfuil guth acu sa toghchán speisialta sin. Ach sin scéal eile, do lá eicínt eile, mar i láthair na huaire seo, caithfear spás a chur ar fáil dúinn, lenár mbuairt, is lenár gcumha, a chur in iúl. Seo é torramh an Phápa, Eoin Pól a Dó, agus déanaimís mar a dhéantar ag tórramh ar bith eile, nuair a thagann an pobal le chéile lena mbuairt is a mbrón a chur in iúl, agus le smaoineamh siar ar ghníomhartha, is ar ghaisce, an té atá caillte.

Na Mná Caointe

Is dócha nach bhfuil mórán daoine fágtha ar an saol anois a chuala na mná caointe i mbun a gceirde. D’fhanfadh cuimhne an chaointe sin le duine go dtí go leagfaí na hordóga air. Chuirfeadh caoineadh dá leithéid an ghruaig ar chúl do mhuinéil ina seasamh ar aire, agus mhothófá drithlíní fuachta ag saghdadh isteach tri smior do chnámha fhéin istigh. Ní hamhrán caointe a bhíodh a chanadh acu, ach dán molta, don té a bhí imithe, a bhíodh á chumadh ar an toirt acu, agus á chanadh go binn, cumhach, croíbhriste, os cionn an mharbháin. Ní fhágfaidís bua ar bith a bhí ag an duine sin ar lár, agus mura gcuirfidís le cáil an té a bhí os cionn cláir, ní baol go mbainfidís uaidh. Is ón gcaoineadh dúchasach sin a d’fhoghlaim muid brí agus doimhneas ár mbuairt i láthair an bháis. Ní haon ionadh, mar sin, go dtéann muid siar bóithrín na smaointe, le glóir an Phápa, Eoin Pól a Dó, a thabhairt chun cuimhne, athuair.

Bóithrín na Smaointe

Is glas fós mo chuimhní fhéin ar an lá breá gréine úd, i bhFómhar na bliana 1979, nuair a thug mé aghaidh ar Thulach an Phápa, i bPáirc an Fhíonuisce, ar imeall chathair Átha Cliath. Tharla go raibh baicle d’ábhar sagairt, ó Choláiste Chiaráin, anseo sa Chathair Álainn, ag dul ar oilithreacht chun na hócáide céanna sin, agus ar ámharaí an tsaoil, tharla go raibh suíochán folamh sa mhionbhus a bhí á dtabhairt ó thuaidh. Thugadar cuireadh dom fhéin taisteal ina bhfochair, agus geallaimse dhuit é nach raibh orthu an dara cuireadh a thabhairt dom, nó ní raibh fonn dá laghad tiomána ormsa, an lá céanna sin. Ní call dom a rá, go raibh chuile theastas, chuile phas, agus chuile dhintiúir riachtanach, réidh, ullamh, agus i gcúl mo ghlaice agamsa, don ócáid, agus ar deireadh thiar, bhuaileamar bóthar le moiche na maidine. Ba bhreá an comhluadar iad na mic léinn chéanna sin, agus níor mhothaíomar an t-am ag sleamhnú tharainn go dtí gur shroicheamar ceann ár scríbe, i bPáirc an Fhíonuisce.

Cros an Phápa

Chun tosaigh linn ansin, agus bíodh go raibh sé breá luath sa lá fós, bhí na mílte agus na mílte ar a gcois, cheana féin, agus iad ag deifriú leo go fuadrach i dtreo na croise airde, a bhí crochta go buacach ar Thulach an Phápa. Ó tharla go raibh mé fhéin i láthair mar ionadaí ó Pharáiste Phádraig anseo i gCill Chainnigh, bhí áit faoi leith curtha in áirithe dúinne, díreach os comhair na croise airde úd amach, agus muid cóngarach go maith don altóir.

Lean na sluaite ag slógadh leo isteach, iad ag teacht chugainn ó chuile aird, agus chuile dhuine acu ag dul chuig a ionad spriocáilte fhéin, nó seoladh chuile shlua acu isteach ina bhanrach fhéin, agus ar deireadh thiar thall, bhí thart ar 1.25 milliún duine tagtha i láthair, le fáiltiú roimh a Naofacht, agus le hAifreann Pápúil a cheiliúradh ina fhochair. Bhí orainn tamall maith a chaitheamh ansin ag fanacht, ach ní call a rá, go raibh a dhóthain le feiceáil ag chuile dhuine a bhí ar an bhfód an mhaidin sin, nó bhí radharc os a gcomhair amach nach bhfaca éinne riamh cheana, sa tír seo, agus, chuile sheans, nach bhfeicfear a leithéid anseo go deo arís. Bhí daoine ansin ina sraitheanna, agus ina ranganna, ag síneadh uait, i ngach aon treo, amach go híor na spéire.

Fáilte Uí Cheallaigh

Ar deireadh thiar, tháinig an Pápa fhéin inár measc, agus is cuimhin liom fós an bualadh bos, an tógáil croí, agus an gliondar daonna, a chuir Fáilte Uí Cheallaigh roimh a Naofacht, tráth tháinig sé inár láthair le ceann a chur ar an Aifreann. Nár bhreá, láidir, scafánta, gealgháireach an duine é, an mhaidin bheannaithe sin? Agus nárbh é a bhain macalla as acraí iomadúla na Páirce lena habairtí Gaeilge? Sea, níorbh aon ionadh, gur tuigeadh dúinn uilig, go mba dhuine dínn fhéin é an Pápa beannaithe sin, a chuir an oireadh sin stró air fhéin teacht inár bhfochair, i bhFómhar na bliana beannaithe sin. Bhí súil an uile dhuine ar an gCeiliúraí, ar Eoin Pól a Dó, agus an tAifreann sin á léamh aige. Ar ball, bhí de phribhléid agam, dul in airde na gcéimeanna iomadúla sin, le Comaoin Naofa a ghlacadh ó láimh an Phápa fhéin. Sin noiméad nach ndéanfadh duine dearmad air an dá fhaid is a mhairfeadh sé beo, agus is é an dála céanna agamsa é.

Athchuairt

Ní haon ionadh, mar sin, gur bhain bás an Phápa, Eoin Pól a Dó, stangadh asamsa, agus as roinnt mhaith eile chomh maith liom. Ach, ná déanaimís dearmad, go raibh an Pápa ag smaoineamh ar chuairt eile ar thabhairt ar an dtír seo faoi Shamhradh na bliana seo, agus ó tharla go mba dhuine i measc daoine é an fear céanna sin, ní chuirfeadh sé lá iontais ormsa, dá gcoimhlíonfadh sé an mian sin, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, agus b’fhéidir le Dia, go dtabharfaí aird ar leith, an babhta seo, ar a ghuí ar son síochána inár measc, nuair a labhair sé le lucht an fhoréigin, i bhFómhar Bhliain úd an Phápa, 1979.

Scríobh mé roinnt véarsaí, tamall i ndiaidh chuairt an Phápa orainn, agus b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, athlua a dhéanamh orthu anseo. Mar sin, seo chugaibh:-

Cuairt an Phápa”.

Bratach an Phápa ar foluain,

Is crois ard ag seasamh go buach,

Ar Thulach geal aerach an Phápa,

Nuair a tháinig a Naofacht ar chuairt.

.

Na fíréin mar mhóinéar féir scaipthe,

Ag triomú go héasca faoin ngréin,

Gaeil craite go híor na spéire

Ag fáiltiú roimh Theachta Mhac Dé.

.

An tAoire ag seoladh a thréada,

Na hAingil ag faire go fíor,

Geataí na bhFlaitheas á n-oscailt,

Nuair a d’ardaigh an Pápa Corp Chríost.

.

Tógann an radharc mo mhisneach,

Anois fhéin, tar éis scaipeadh na mblain,

Nuair a ghlac mé an Chomaoin ón bPápa

Ba gheall é le ceol bog na Naomh.

.

Mar phobal an Silva Vocluti

Ag glaoch ar Phádraig, trí shuan,

Impímís ar Eoin Pól na Róimhe

Filleadh is siúl linn, athuair.

.

Sea, mh’anam! agus déarfainn go gcloisfidh sé sinn, agus go ndéanfaidh sé rud orainn freisin, le deonú Dé.

Solas na soilse, agus leaba i measc na Naomh,

go raibh agat, a Eoin Pól, inniu agus i dtólamh.

.

en_USEnglish