.

A r n a M i s i n 1 2 .

*****************************

.

Untold bought wealth .

.

Ach le filleadh ar scéal Chaisleán Hearst, agus ar na seoda iomadúla a bailíodh ansin as na ceithre hairde, agus mar a gcoinnítear iad anois, i ndún daingean na Dánlainne Idirnaisiúnta sin, agus áit a dtagann thart ar mhilliún cuairteoir, in aghaidh na bliana, le spléachadh a fháil ar an ollmhaitheas (wealth) sin uilig. Rud a thugann an cuairteoir faoi deara, le linn a chuairte ar an gCaisleán sin, nó an méid ollmhór d’éidí eaglasta atá crochta ar fallaí, agus a úsáidtear sa tslí sin mar mhaisiúcháin, ar fud an “Casa Grande” ar fad.

Stored Treasure.

Bhí áiteacha, agus Hallai, sa Chaisleán, a chuaigh i gcionn go mór orainn uilig. Bhí Halla ollmhór ansin, an Leabharlann, ina dtagadh na haíonna le chéile, ar chúiseanna áirithe, agus é lom lán le seoda de chuile chineál, ó shíleáil go hurlár, ó throscán go taipéisí, agus ó dhealbha go pictiúir, ach thar aon rud eile, thabharfá suntas do na Cuacha Gréagacha (Greek Vases), atá socraithe go healaíonta os cionn na leabhragán, agus iad teanntaithe leis an bhfalla ansin, ar chaoi nach ndéanfai dochar dóibh, dá dtarlódh crith talún, fiú. I lár an tseomra istigh, bhí bord ollmhór, agus thart air, bhi cathaoireacha áille, dea-dheartha, dea-dhéanta, ar a suíodh maithe móra agus móruaisle an domhain mhóir, mar aíoanna Hearst, ag an am sin.

.

Famous Guests .

Ba mhinic a chaitheadh an t-únéir an deireadh seachtaine thíos ansin ar a Rainse, agus in éineacht leis, bhailíodh sé slua daoine, a bhí i mbéal an phobail, ag an am, agus ó tharla go mba iriseoir é Hearst, thugadh sin deis faoi leith dósan, na daoine sin a chur faoi agallamh, i dtimpeallacht speisialta, agus in éineacht leo sin, thugadh sé cuireadh freisin, do dhaoine mór le rá, a bhi ar chuairt sna Stáit Aontaithe, ag an am, daoine cosúil le Príomh-Airí, Ríthe, Prionsaí, Réalta Scannáin, agus a leitheidí.

The Chuck House.

Anois, bhíodh a seomraí fhéin ag na haíonna sin i dTithe na gCuairteoirí, ach nuair a thagadh an tam le tráth bia a chaitheamh, ghlaofaí ar na haíonna teacht go Seomra Bia an “Casa Grande”, díreach mar a ghlaofaí ar bhuachaillí bó chuig an Chuck House, fadó, nó b’fhacthas do William Randolph i gcónaí go mba Rainse a bhí acu ag San Simeon. Ó, sea, agus a leithéid de Bhialann! Halla ollmhór fairsing. Bord caol fada síos lár an tseomra chéanna sin, agus crochta go hard ar na taobhfhallaí tá sraith de bhratacha ildaite síoda. Bratacha rásaíochta de chuid an ochtú haois déag atá i gceist anseo, ach, ó tharla go bhfuil na bratacha céanna sin caite go maith faoi seo, ní hiad na bratacha bunaidh (original colours) atá crochta ansin a thuilleadh, ach cóipeanna dea-dhéanta atá crochta ansin anois ina n-áit. Tá, sa Bhialann sin freisin, bailiúchán de shoithigh airgid, leagtha amach anois, mar mhaisiúcháin, fan taobh an Halla. Tá ann freisin, coinleoirí airgid, maraon le taipéisí ildaite, ealaíonta, crochta ar na taobhfhallaí. I gcás an bhoird fhada fhéin, thabharfá faoi deara, nár bhord ró-leathan é, agus nach ndeachthas thar fóir le cathaoireacha, nó le feisteas boird ach oiread, mar rinne Hearst fhéin chuile dhícheall le cheangal eicínt a choinneáil le saol an Rainse, sa Halla seo, ach go háirithe. Mar sin, bhí simplíocht nádúrtha ag baint le leagan amach an bhoird agus na gcathaoireacha.

.

Equality .

Bhí rud eile ag baint leis an mBialann sin, i Raisne San Simeon, agus sé sin, nár tugadh aird ar bith ar stádas aon aoi, ag an mbord sin. Cuma cé acu Rí nó Príomh-Aire; Aisteoir, nó Iriseoir; a bhí i gceist, ní raibh aon áit faoi leith curtha in áirithe dó, nó bhí chuile aoi ar aon leibhéal sóisialta ag bord William Randolph Hearst, ansin, i mBialann an “Casa Grande”. Sea, agus le blas an Rainse a choinneáil glas, minic a sheasadh Hearst fhéin ag doras an “Casa Grande”, lena chlog, agus é á bhuaileadh, lena aíonna a ghlaoch chun boird. Bhí an Bialann (Dining Hall) sin ar cheann de na Hallaí ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin, caithfidh mé a rá.

Cinema.

Thugamar cuairt freisin ar an bPictiúrlann álainn, a bhí ag Hearst ina Chaisleán, mar a léirítí scannán, chuile thráthnóna, geall leis, agus ní call dom a rá, go raibh fonn i gcónaí ar Hearst, scannáin faoi Bhuachaillí Bó a chur ar teaspáint ansin. Arís bhí blas den chlasaiceacht ag baint le chuile shórt sa bPictiúrlann céanna sin, agus féach mar a theaspáin Hearst a mheas ar a lucht oibre. Bhí sé mar riail acu, gan an scannán a chur ar teaspáint, go dtí go mbeadh a gcuid oibre críochnaithe ag foireann na cistine, le deis a thabhairt dóibhsean freastal ar an scannán, ansin amháin a chuirtí tús leis an seó. Agus os ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, ní raibh cead ag aoi ar bith a bheith drochbhéasach le cailíní, nó le buachaillí, aimsire, agus dá dtarlódh a leithéid, ba don aoi a thugtaí bata agus bóthar (sent packing) ar an dá luas!

Le críoch a chur lenár gcuairt ar an “Casa Grande” fhéin, tugadh isteach sinn le spléachadh a fháil ar an Linn Snámha faoi dhíon. Arís, caithfidh mé a admháil gur bheag nár thiteamar as ár seasamh, nuair a leagamar súil ar an Linn chéanna sin. Ní raibh le feiceáil timpeall ort ach chuile rud níos áille ná a chéile. Mósáic de ghloine leochaileach Venéiseach, agus ór leathnaithe (hammered gold), a chlúdaigh, idir shíleáil agus taobh-bhallaí, agus ar an urlár thíos fút fiú, ba chineál mósáice a bhí ansin freisin, ach go raibh tíleanna beaga óir measctha go fairsing tríd an mósáic chéanna sin, agus ór dhá charat agus fiche, a bhí ann, adúradh linn. Sin galántacht agat, a mhac!

Ar ár mbealach amach as an “Casa Grande”, chonaic muid an cúirteanna leadóige, mar a bhíodh deis ag na haíonna, seal a chaitheamh ag imirt dreas leadóige lena chéile.

End of our Tour.

Ar deireadh thiar, bhíomar tagtha go deireadh na cuairte iontaí sin ar Chaisleán Hearst, agus tugadh amach sinn, go dtí an áit a raibh ár mbus ag fanacht, le sinn a iompar ar ais go dtí an tIonad Fáiltithe arís. Ar ár slí ar ais, míníodh dúinn freisin, go mbíodh Sú speisialta, cóngarach don Chaisleán freisin, tráth, agus sa tslí sin, go mbíodh deis ag na haíonna breathnú ar bheithigh allta, i suíomh speisialta, a cuireadh ar fáil dóibh ansin, ar shléibhte Santa Lucia. Ach, ar chúis amháin, nó ar chúis eile, cuireadh deireadh leis an dtionscadal sin, luath go leor, i stair an Chaisleáin. Nior thóg sé an oiread sin ar fad ama ár mbealach ar ais go dtí an tIonad Fáiltithe a dhéanamh ar bhus úd an Chomhlachta, agus ba ghearr go raibh muid ag tuirlingt den bhus chéanna sin, agus muid ar ár mbealach isteach san Ionad céanna sin, ach b’fhéidir gur chóir dom an chuid eile de sceal ár gcuairte, ar Chaisleán Hearst, a fhágáil go dtí an chéad bhabhta (occasion) eile, nuair a chríochnóidh mé scéal Chaisleán Hearst.

***************

Peadar Bairéad.

***************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

   .

en_USEnglish