Misean Santa Ynez agus an tAthair Albert

.

An Chéadaoin, an 20ú Lúnasa, 2003

Ar ár gcois le giolc an ghealbhain an mhaidin álainn seo, agus tar éis dúinn ár mbricfeasta a chaitheamh, ba ghearr an mhoill orainn bóthar a bhualadh, nó bhí chuile shórt pacáilte againn, ón oíche roimh ré. D’fhágamar an tÓstán, thart ar a haondhéag ar maidin, agus thugamar aghaidh, ar dtús, ar Solvang. Mura mbeifeá san airdeall, b’fhurasta dul thar Solvang, gan é a thabhairt faoi deara, fiú! Ach b’fhiú do dhuine ar bith bualadh isteach ann, nó is cosúil é le baile a d’fheicfeá ar chárta poist. Ba é an chéad rud a chuaigh i gcionn orainn, nó an Muileann breá Gaoithe, gona sheolta agus eile, atá ina sheasamh, go cosantach, os cionn an bhaile, agus ansin, chuirfeadh leagan amach na dtithe fhéin ionadh ort, toisc nach den dúiche seo ó dhúchas iad, ar aon tsaghas cuma. Is baile Damhnairgeach é Solvang, tógtha le grá ag Danmhairgigh, ar bhruach an Ynez i gCalafóirnia.

Ar ball, chuamar isteach i mBialann taitneamhach, i lár an bhaile. “The Little Mermaid” a bhí mar ainm air, agus ó tharla gur chaith siad go fial linn, agus muid ar chuairt ansin i Meán Fómhair na bliana 1988, tuigeadh dúinn gur chóir dul sa tseans leo arís. Rinneamar sin, agus ní raibh a chathú orainn.

Ní raibh orainn dul ró-fhada ó Solvang, nuair a thángamar ar Mhisean Santa Ynez. Ionann Ynez, agus Úna, nó Agnes i mBéarla. Bunaíodh an Misean seo dhá chéad bliain ó shoin, ar an seachtú lá déag de Mheán Fómhair na bliana 1804, an naoú misean déag a bunaíodh fan Chósta Thiar Chalafóirnia, le freastal ar Indiaigh na tíre sin. Ach cibé faoi sin, d’éirigh thar barr leis an Misean nua sin, agus bhí ainm in airde air, ó cheann ceann Chalafóirnia, ar fheabhas a cheardaithe agus a lucht oibre. Rinne na Meicsicigh an Misean a dhíeaglaisiú áfach, sa bhliain 1836. Agus tar éis dó seal a chaitheamh mar ionad oideachais, tugadh ar ais don Eaglais é, sa bhliain 1862. Ní fhéadfá gan suntas a thabhairt do na pictiúir bhreátha atá crochta ar fhallaí an Mhisin seo, agus gan dabht ar domhan, chuir áilleacht a shéipéil sciatháin áthais ar ár gcroí. Ní gá a rá, go ndeachaigh méad agus fairsinge, na háite i gcionn go mór orainn freisin, ach ba ar ár mbealach amach a baineadh an stangadh ba mhó ar fad asainn, nó ansin, crochta ar fhalla, chonaic muid pictiúr den Chaipisíneach cáiliúil sin, an tAthair Albert Bibby. Ní gá a rá, gur bheag nár leag an grianghraf céanna sin as ár seasamh sinn. Bhí alt fada ag gabhail leis an bpictiúr, alt inar cuireadh síos ar an sagart cáiliúil sin a d’fheidhmigh mar chéad “Pastor” Caipisíneach ar Mhisean Santa Ynez, ón mbliain 1924 go dtí an bhliain 1925.. Bhuel, nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac, arsa mise liom fhéin, agus nach fada óna bhaile i gCill Chainnigh, a thaisteal an sagart cáiliúil s’againne, le dul i gceannas ar Mhisean Calafóirneach ansin i ngleann álainn Santa Ynez? Tuige, adéarfadh duine, b’fhéidir, nár fhan sé níos faide i mbun a phoist mar Shagart Pobail, ansin i Misean Santa Ynez? Bhuel, tá’s ag fia is ag fiolar anois, go bhfuair an fear bocht bás sa bhliain chinniúnach sin 1925. Bhí tuilleadh le léamh i ngearrthóg eile ansin, ag cur síos ar na searmanais a lean a bhás agus a shocraid ansin, i bhfad ó bhaile, i gCríocha Chalafóirnia. Bhí cur síos ar an óráid bhreá spreagúil a thug Seán T. Ó Ceallaigh uaidh, agus é i láthair ar an bhfód ansin, lá na lice. Mhol sé an tAthair Albert go spéartha nimhe, as a spioradáltacht, as a náisiúntacht, as a dhílseacht dá phobal fhéin, agus as an bpáirt tabhachtach a ghlac sé in Éirí Amach na Cásca i mBaile Atha Cliath, sa bhliain 1916. Ní call dom a rá, gurbh é an Seán T. céanna sin, a bhí mar Uachtarán ar an Stát s’againne, ar ball.

Nuair a bhí ár gcuairt ar an Misean críochnaithe againn, agus muid amuigh i siopa na gcuimhneachán, cheannaigh mé fhéin cupla leabhar, le scéal an Mhisin a athchruthú dhom, nuair a bheadh cúrsaí na cuairte dearmadta, cuid mhaith, agam. Chuir mé ceist ar an mbean a bhí ag freastal orm.

“An bhfuil aon chuimhne fanta in bhur measc ar shagart Eireannach, a chaith seal anseo, thart ar an mbliain 1925?” Arsa mise.

“Cén t-ainm a bhí air?” Ar sise.

“An tAthair Albert,” arsa mé fhéin, á freagairt.

An é “our Father Bibby atá i gceist agat” ? ar sise.

“An fear ceannan céanna,” arsa mé fhéin.

Ag an bpointe sin, chuir bean eile a ladar isteach sa scéal, go múinte, béasach.

“Fuair sé bás anseo sa bhliain 1925,” ar sise, “agus cuireadh anseo é. B’ócáid mhór a shochraid, agus tháinig daoine mór le rá ó Éirinn, le bheith ar an bhfód don adhlacadh. Níor fágadh anseo inár measc é, áfach, nó chomh fada agus is cuimhin liom, tógadh a chorp abhaile go hÉirinn, sa bhliain 1958, lena athchur i measc a Bhráithre fhéin, ansin.”

“Bhuel,” arsa mé fhéin leo,” b’as Cill Chainnigh don Athair Albert, agus tháinig mé fhéin ar chuairt chugaibh ón gCathair chéanna sin, agus is mór an tógáil croí domsa, go bhfanann cuimhne an tsagairt sin beo in bhur measc fós.”

“Thuill sé ár gcuimhne,” ar siadsan, dom fhreagairt.

D’fhágamar Misean Santa Ynez inár ndiaidh, ceann de na Misin is suimiúla, agus is mó a théann i bhfeidhm ar an gcuairteoir fiú, sa lá atá inniu fhéin ann, agus thugamar an bóthar orainn fhéin arís.

.

Peadar Bairéad.

******************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish