Ar Thairseach an Gheimhridh

Peadar Bairéad

Samhain 2011

.

Duine ar bith a bhreathnaíonn timpeall air, na laethe seo, tabharfaidh sé faoi deara, go bhfuil an geimhreadh gáifeach, guaireach, ina loscadh sléibhe chugainn arís. Níl dabht ar domhan, ach go bhfuil deireadh leis an bhFómhar fial, flaithiúil, a bhronn torthaí, arbhar, agus barraí iomadúla, orainn, le trí mhí anuas, agus go bhfuil muid anois tagtha go bruach bagarthach, buartha, shéasúr an fhuachta agus an chruatain. Ní haon ionadh mar sin, go gcuireann an tráth seo bliana an daonnaí ar a mharana agus é ag smaoineamh ar sho-mharfacht a chine, agus ar a dhán diamhair fhéin mar neach beo, ag maireachtaint i bhfearann saolta, teoranta ag claíocha an ama agus an spáis, ach é de shíor á mhealladh ag fís útóipeach an tsaoil eile, saol nach bhfuil teoranta ag srianta an spáis nó an ama, ach é ar marthain mar mhaighnéad, le sinn a tharraingt go síorai i dtreo na síoraíochta. Ag éirí as sin uilig, thuigfeadh duine go bhfuil na séasúir ansin le deis a thabhairt dúinn smaoineamh ar thréimhsí éagsúla na beatha daonna.

San Earrach, feiceann muid an dúlra ag éirí as codladh sámh, suanmhar, an Gheimhridh. I dtús an Earraigh, níl le tabhairt faoi deara againn ach fásach fuar ag dúiseacht as codladh fuar, fada, an fheo dhreoitigh, trínar éirigh leis, lasair do-mhúchta na beatha a iompar trí phóirsí dorcha, básmhara, chuig solas beomhar na beatha. Níl sa mhéid sin ach an tús, nó ón bpointe sin amach, tagann borradh agus fás faoi chuile phlanda is bláth go dtí go mbíonn an tír clúdaithe le bairr, is le dath, dhe chuile dhealramh.

Borradh na beatha

Leanann an saol athnuaite sin ag borradh is ag aibiú leis trí laethe solasmhara, suanmhara, an tSamhraidh, go dtí go mbíonn chuile bheith sa dúlra ag cur thar maoil, le bairr, is le torthaí, go dtí go mbíonn na craobhacha ag cromadh go talamh le meáchan na dtorthaí is na mbláthanna, ach síneann chuile lá a mhéar i dtreo an Fhómhair atá le teacht, agus coinnítear súil seabhaic ar chúrsaí, agus i laethe aibí torthúla an Fhómhair, déantar an baint, an bailiú, an tiomsú, agus an cruachadh, sa chaoi go mbeadh dóthain mhór beatha curtha ar fáil againn don Gheimhreadh.

Cuireann Féile na Samhna tús féiltiúil le séasúr an fheo is an bháis. Sna seanlaethe, bhí ithe sméara dubha crosta ó Oíche Shamhna amach. Chuirtí na spáid, na sleánta, na speala, na corráin, agus na hacairí eile feirmeoireachta ar leataobh, nó ní bheadh gá arís leo go dtí i ndiaidh na Féil’ Briíde. Diaidh ar ndiaidh, tagann feo agus dreo ar dhuilliúir, ar bhláthanna, agus ar fhásra de chuile chineál, go dtí sa deireadh, nach mbíonn le feiceáil againn ach géaga loma, féitheacha, eadrainn fhéin agus léas.

Tost…..

Titeann tost iomlán ar cheol corraitheach, anamúil, na n-éan, agus ní bhíonn le feiceáil thart orainn, nó thart ar na tithe, ach ár seanchairde, na spideoga, na dreoilíní agus na gealbhain, ach fiú, i gcás na n-éan céanna sin, cailleann a gceol an spiorad, an dúshlan, agus an bheocht, a bhíonn iontu le linn shéasúir an fháis, an bhorrtha agus na haibíochta. Bíonn a neamhspleáchas caillte acu, agus faoin am seo, ní bhíonn ina mbunús ach éanacha déirce, a thagann go rialta chuig ár ndoirse, ag súil le héadáil eicínt uainn, agus nach iad a thuilleann a dtuarastal gortach uainn? nó nach iad a thógann ár gcroí nuair a thréigeann éanacha ardnósacha na dea-aimsire sinn, ar mhaithe le ceol a chur ar fáil do lucht na gréine gile. Seo an séasúr freisin, a chránn an daonnaí lena fhuacht feanntach, nimhneach, fuacht a théann go smior agus go smúsach na gcnámh ionainn. Ach, thar aon rud eile, seo an séasúr a chuireann i gcuimhne don daonnaí nach bhfuil cathair bhuan aige i ngleann seo na ndeor, nó tugann sé faoi deara, an chaoi a chailltear lusra agus fásra, duilleoga agus bláthanna, sea, agus an chaoi a théann goimh na haimsire i gcionn ar chuile neach beo, á moilliú, a gciúiniú, agus á lagú, agus fiú, nach gcuirtear chuid de mhiondaoine na dúlra ina gcodladh feadh an tséasúir ar fad. Ach, más é séasúr an bháis agus an chodlata é an Geimhreadh, is é séasúr na beatha agus an dóchais é freisin, nó tuigtear duinn, nach fada arís go ndéanfaí neacha na dúlra a aithbheochaint, in aiséirí ghlórmhar, ioldathach, an Earraigh. Foighid agus dóchas atá uainn, mar sin, le ceacht iomlán a bhaint as eachtraí iomadúla na dúlra le linn shéasúr an Gheimhridh.

                                                                                                                                                                                                                          

en_USEnglish