Leas an Phobail

Peadar Bairéad

(This week we consider the importance of Focus in Government)

.

As Fócas

Rialú tíre atá idir chamáin againn sa phíosa seo agus sé an chiall atá le fócas, sa chomhthéacs seo, ná gur chóir go mbeadh chuile ghné den chumhacht rialaithe dírithe ar an aon sprioc amháin, agus sé sin, leas an phobail’. Sin é gnó an Rialtais, go háirithe i gcóras daonlathach, faoi mar atá againne in Éirinn. Agus b’fhéidir gur chóir aguisín a chur leis an ndualgas sin, agus sin go luíonn an dualgas céanna sin ar lucht an Fhrasúra freisin, sé sin, na Teachtaí Dála nach mbaineann le lucht an Rialtais agus nach n-aontíonn leo, ach is cuid den chóras rialaithe iadsan freisin ar chóir dóibh bheith dílis don sprioc céanna sin.

ghlacaimid leis na prionsabail sin, nár cheart dúinn ansin breathnú ar an gcaoi ina gcoimhlíontar an dualgas sin, i gcás na tíre s’againne.

Ar an gcéad dul síos, thabharfadh duine ar bith faoi deara, nach mó ná sásta atá roinnt áirithe dár bpobal leis an Rialtas atá againn, i láthair na huaire seo.

Tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir.

Toisc, is dócha, go gceapann siad nach é leas an phobail’ atá ar a n-aire ag an Rialtas céanna sin, ach iad ag crónán ar mhaithe leo fhéin, cosúil leis an gcat sa seanfhocal.

Sea, agus cén fáth a’ bhfuil siad den tuairim céanna sin?

id ann adeir, gurb iad lucht an Fhreasúra, den chuid is mó, is cúis le sin.

Conas sin?

Dualgas an Fhreasúra

Toisc go dtuigtear don bhFreasúra, gurb é an dualgas a leagtar orthusan nó cur i gcoinne chuile rud a mholann an Rialtas, bíodh sé ceart nó a mhalairt, agus chuige sin, déanann siad chuile dhícheall le cur ina luí ar an bpobal, nach bhfuil ar bhinsí an Rialtais, den chuid is mó, ach dream de shlíomadóirí, de bhréagadóirí, de chamailéirí agus de thaidhgíní an dá thaobh, dream a gheallann rud amháin don phobal inniu agus a dhéanann a mhalairt ar fad amárach, dream nach bhfuil a mbeart de réir a mbriathar, dream nach bhfuil le trust, agus dream ar chóir iad a ruaigeadh as oifig ar an dá luas.

Conas a éiríonn leo a leithéid de dhallamullóg a chur abhaile ar an bpobal, an ea?

Trín iad a ionsaí chuile dheis dá bhfaigheann siad, agus trí chuile iarracht a dhéanamh le teaspaint don phobal go bhfuil an Rialtas ag iarraidh an dubh a chur ina gheal ar vótóirí na tíre seo, agus go bhfuil teipthe, scun scan, ar an Rialtas céanna sin, ‘leas an phobail’ a dhéanamh, in áit bheith ag crónán ar mhaithe leo fhéin. Níl ach leigheas amháin ar an scéal seo, dár leis an bhFreasúra, agus sin, cos i bpoll a chur leis an Rialtas atá i gcumhacht anois, agus iad fhéin a chur isteach ina n-áit. Déantar chuile iarracht a chur ina luí ar an bpobal nach fiú trumpa gan teanga an dream atá ag suí ar bhinsí an Rialtais i láthair na huaire seo. Cuir le sin, an chaoi a léiríonn siad a ndímheas orthu agus iad ag argóint leo sa Dáil fhéin. Cuireann lucht na meán suim, agus dhá shuim, i gcoimhlintí dá leithéid, agus dá thoradh sin, éiríonn leo spás tar chuimse a bhaint amach sna nuachtáin, ar an raidió, agus ar an teilifís. Tríd an obair seo uilig, éiríonn leo an pobal a iompó i gcoinne an Rialtais, agus i gcoinne chóras rialaithe daonlathach na tíre seo. Tá roinnt mhaith daoine sa tír seo anois míssta leis an Rialtas a thogh siad, suim bheag de bhlianta ó shoin, agus le Rialtas a dhéanann a ndícheall fadhbanna na tíre seo a scaoileadh.

Céard faoi ‘leas an phobail’?

B’fhéidir nárbh olc an tseift í anois, tamall a chaitheamh freisin, ag breathnú ar mhodhanna oibre an Fhreasúra agus a lucht tacaíochta. Cé tá ag tarraingt drochmheas ar ár gcóras rialaithe, ar ár nGarda Síochána, ar ár gCóras Dlí, agus fiú ar ár nUachtarán tofa. Ní dóigh liom, go bhféadfaí a mhilleán sin a leagan ar ghuaille an Rialtais.

Céard a cheapann tú fhéin? An bhfuil an droch cháil sin tuillte ag ár Rialtas?

.

  

.

en_USEnglish