I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Athbhliain faoi Mhaise dhaoibh

Tá an chéad deichniúr den aonú haois fichead i ndáil le bheith caite anois, agus muid tagtha go bruach an dara deichniúr, ach caithfear a rá, nach bhfuil aon ró-fhonn ar mhuintir na tíre seo an léim go dtí an bruach thall a ghearradh.

Agus tuige? Adéarfadh duine, b’fhéidir.

Bhuel, nuair a bhreathnaíonn tú siar thar bhlianta an chéad deichniúir sin, atá anois i ndáil le bheith críochnaithe, feictear dhuit, go bhféadfaí a rá fúthu, gurbh iad, faoi mar aduirt an té adúirt… The worst of times and the best of times…Ach amháin gur tháinig an togha roimh an díogha dúinne. Chaith muid an chéad chuid den deichniúr ar dhruim na muice, agus saol an mhada bháin á chaitheamh againn, ach ansin, tháinig lea chúr na habhann ar cibé saibhreas a bhí cuachta againn, agus faoi mar nach raibh sa saibhreas sin uilig ach “sinneán gaoithe” bhí sé imithe uainn de phlimp, agus muid fágtha ar an mblár folamh, ag smaoineamh ar na laethe a bhí. Cuir le sin go léir, an cineál aimsire a seoladh chugainn i ndeireadh na bliana áirithe seo, agus tuigfidh tú an fáth ar dhúirt mé, anois beag, nach raibh aon ró-fhonn orainn an léim go dtí an bruach thall a ghearradh.

.

“Ring out wild bells”

Ach, faoi mar a tharlaíonn, níl an dara rogha againn, nó ag meanoíche, ar an aonú lá triochad den mhí seo, gearrfaimid an léim, dár ndeoin nó dár n-ainneoin, agus fáilteoidh muid, le ceol, agus le cloig; le tine, is le rince; faoi mar a rinneadh le sinsearacht.

“Ring out wild bells to the wild sky,

The flying cloud, the frosty lights,

The year is dying in the night,

Ring out, wild bells, and let him die.”

Tá an bhliain 2010 ar leaba a báis, tá sí ag séathlú uainn i lár na hoíche. Ligimis di bás d’fháil, agus guímis nach bhfillfidh a leithéid de bhliain orainn go luath arís.

Sea, agus déanfaimid, faoi mar a déanann muid chuile bhliain, caithfimid seal ag breathnú siar, agus seal eile ag breathnú romhainn. Nach mbeidh an “Ave atque vale” á aithris againn thall is abhus, agus muid ag fágáil slán leis an tseanbhliain, agus ag cur fáilte roimh an bhliain úr. Sea, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís! Agus ó tharla go bhfuil an bhliain chéanna sin ag síothlú lei anois, b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é beannacht an táilliúra lena shnáthaid bhriste a chur lei, nó níor chuir sí comaoin ar bith orainn, i gcúrsaí eacnamaíochta, nó i gcúrsaí aimsire; i gcúrsaí polaitíochta, nó i gcúrsaí eaglasta. Sea, go n-imí drochrath na bliana lei, sea, agus an sioc agus an sneachta, freisin!

“Ring out the want, the care, the sin,

The faithless coldness of the times;

Ring out, ring out my mournful rhymes,

But ring the fuller minstrel in.”

Breathnaímis ar an ród seo romhainn

Ach sin uilig ráite againn, agus bíodh gur tráth clamhsáin é, ag an am gcéanna, caithfimid breathnú romhainn le dóchas agus le creideamh freisin, agus anois, agus muid ar bhruach na bliana nua, seo an t-am le rúin athbhliana a dhéanamh, seo an t-am le breathnú romhainn amach, le dóchas croí agus le misneach, le creideamh agus le dúil, ag súil go n-eireoidh níos fearr linn sa bhliain atá romhainn amach; ní hamháin anseo i dtír na hÉireann, ach i ngach tír, agus i ngach cúinne den chruinne, thuaidh, agus theas; thoir agus thiar. Agus muid uile ag guí, go mbeidh síocháin, agus só; flúirse agus cairdeas, i measc daoine, i rith na bliana atá romhainn amach.

“Ring our old shapes of foul disease,

Ring out the narrowing lust of gold,

Ring out the thousand wars of old,

Ring in the thousand years of peace.”

Síocháin Dé orainn

Agus ag caint ar shíocháin dúinn, agus nach bhfuil dúil sa tsíocháin fréamhaithe i gcroí an uile dhaonnaí? nárbh álainn an fhís a bhí ag an bhFáidh, Ísáia, nuair a labhair seisean faoin tráth úd, sa todhchaí, nuair a bheadh síocháin bhuan i réim, ó cheann ceann an domhain s’againne.

“Agus buailfidh siad a gclaimhthe amach ina soic chéachta,

Agus a sleánna ina gcorráin,

Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh i gcoinne a chéile feasta,

Ná ní chleachtóidís cogadh arís go brách.”

Scalann an fhís sin anuas chugainn, agus orainn, trí bhlianta fada, dorcha, céasta, na staire daonna. Agus an tráth seo bliana, guímid arís an tseanghuí, guí úd na nAingeal i mBeitheal, fadó…

“Glóir do Dhia sna harda, agus ar thalamh, síocháin do lucht a pháirte.”

Níl le déanamh agamsa anois ach athbhliain faoi shéan is faoi mhaise a ghuí oraibh uilig, agus gura seacht fearr a bheas muid uilig bliain ó inniu.

“Ring out the old, ring in the new,

Ring happy bells across the snow,

The year is going, let him go;

Ring out the false, ring in the true.”

Go mbeirimid uilig beo ar an am seo arís.

en_USEnglish