by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
óráidí, orator; a shnasú, to polish; buaic, high point; adhmholadh, panegyric; iontaofacht, reliability; inchreidteacht, credibility; feannta go dtí an cnámh, stripped to the bone; athlua, quote; comhleacaí, colleague; béal bán, flattery.
I mBéal an Phobail
Áilleacht an tSaoil seo
Peadar Bairéad
Pearse the Orator
Mór idir inné agus inniu. Bhí tráth ann, agus ní fhágfadh duine ar bith ceann dár scoileanna, gan tagairt eicínt a chlos faoi Óráid an Phiarsaigh ag Uaigh Uí Dhonnabháin Rossa, ach sa lá atá inniu ann, ní déarfainn gur mar sin atá, nó tá an iomarca airde againn, le tamall de bhlianta anuas, ar neodracht i gcúrsaí polaitíochta, i gcúrsaí sóisialta, agus i gcúrsaí creidimh freisin, rud a fhágann, nach mbíonn fonn ar mhúinteoirí, ach go háirithe, tagairt a dhéanamh do phaisiún, nó do mhothúcháin, na laochra úd. Ach ní chuige sin atá mé inniu. Is é atá á mheas agam inniu, nó cumas an Phiarsaigh mar óráidí. Agus san alt seo, déanfaidh mé mo dhícheall ar aistriúchán cruinn a dhéanamh, ar ar dhúirt mé i mBéarla, ag Daonscoil Osraí, anseo i gCill Chainnigh, sa bhliain 1979, cúig bliana is fiche díreach ó shoin anois.
Beginnings.
Nach minic a dhéantar dearmad ar chumas an Phiarsaigh mar óráidí, faoi mar nár den tábhacht é, a scil san ealaín sin a scrúdú agus a mheas. Caithfear a chur san áireamh, go mbíonn ar an óráidí céanna sin, a óráid a scríobh, agus a athscríobh, a snasú, a bearradh, agus a cur in oiriúint do chluas a lucht éistreachta. Chuir an Piarsach tús lena scil san ealaín seo le linn a óige, nó ba iad a chlann fhéin a chéad lucht éisteachta. Ba dhia beag ag a dheartháir Willie é, agus bhí meas an domhain ag a dheirfiúr óg, Mary Bridget, air, agus bíodh gur choinnigh a dheirfiúr eile, Margaret, faoi smacht é, ag an am gcéanna, mhisnigh sí, agus ghríosaigh sí é.
Má bhreathnaíonn tú ar a dhrámaí, tabharfaidh tú faoi deara, gur mhinic úsáid á bhaint aige as óráid, ag buaic a scéil, faoi mar a bheadh sé ag iarraidh a scil san óráidíocht a shnasú, agus a chur i láthair a phobail. Tá samplaí dá leithéid le fail in “An Rí” agus arís in “The Singer”. Agus fiú i ndánta cosúil le “The Fool” feicimid go bhfuil an claonadh chun óráidíochta, le tabhairt faoi deara ann.
Come the Occasion……..
Ach gan aon dabht, is í an óráid a thug sé ag uaigh Uí Dhonnabháin Rossa, buaic a cheirde mar óráidí Le sin a mheas, caithfidh tú an óráid sin a léamh athuair. Tharla an tsochraid sin Lá Lúnasa na bliana 1915. Tugann muid faoi deara, ar dtús, go mbaineann sé úsáid as roinnt áirithe Gaeilge, le tús a chur lena adhmholadh. Feiceann muid go bhfuil 905 focal san óráid ar fad, agus gur thart ar 165 focal díobh sin atá i nGaeilge, rud a fhágann go bhfuil 740 focal de i mBéarla aige. Anois, bíodh nach ró-fhada an óráid í, ag an am gcéanna ní foláir nó chaith sé an-chuid ama ag scríobh, ag snasú, ag athscríobh, agus ag cleachtadh na hóráide céanna sin. Tuigtear nár chaith sé an oireadh sin ama ag gabháil don Ghaeilge, ach ag an am gcéanna, tá boladh agus blas an dúchais le fáil, go tréan, ar na focail chéanna sin. Tá thart ar 39 bhfocal i nGaeilge, san óráid, a bhfuil iontaofacht an dúchais le fáil iontu, focail atá ar chomhchéim leis an ócáid sollúnta inar úsáideadh iad.
Traditional Touch .
Breathnaigh mar a d’iompaigh an Piarsach ar an nDonnabhánach, agus mar a labhair sé go díreach leis an té sin, a raibh an chré a roinnt leis, ar an ócáid speisialta sin……..
Ba chalma an fear thú a Dhiarmaid…….
Féach mar a úsáideann sé a ainm baiste. Baineann an nós sin go dlúth le nós an Chaointe fhéin, agus b’in mar a labhradh na mná caointe, fadó, le linn dóibh a gcaoineadh a chanadh. Tá inchreidteacht an dúchais le fáil sa nós sin.
Ach baineann a bhuanna fhéin leis an gcuid den óráid a bhí i mBéarla. Ní de thimpiste a tháinig sé ar na focail sa chuid sin dá shaothar. Tá sé snasta, gearrtha siar, bearrtha, feannta go dti an cnámh, beoga, lán fuinnimh, agus é chomh teann le sprionga.
All in one sentence !
Má dhéanaim athlua ar chupla abairt as, tuigfidh tú céard é go díreah atá i gceist agam….
“It has seemed right, before we turn way from this place in which we have laid mortal remains of O’Donovan Rossa, that one among us should in the name of all speak the praise of that valient man and endeavour to formulate the thought and the hope that are in us as we stand around his grave, and if there is anything that makes it fitting that I rather than some other, I rather than one of the gray haired men who were young with him and shared in his labour and in his suffering, should speak here, it is perhaps that I may be taken as speaking on behalf of a new generation, that has been re-baptised in the Fenian faith and has accepted the responsibility of carrying out the Fenian programme.”
Abairt réasúnta fada atá ansin againn! Ach abairt a shileann go héasca ón dteanga, agus a shásaíonn ár ndúil i rithim agus i gceol, abairt ina bhfuil 135 focal, ach abairt atá bearrtha, slíoctha, snasta, ó thús deireadh. B’fhéidir gur chomhoibrigh a chomhleacaí, Tomás Mac Donnchú leis, sa bhfiontar sin, nó ba sciliúil, ildánach, an fear céanna sin i mbun gnó dá leithéid.
A new Philosophy .
Sul má fhágaim an t-adhmholadh sin, os cionn uaigh Uí Dhonnabháin Rosa, ba mhaith liom tagairt a dhéanamh d’abairt eile, abairt a léirionn fealsúnacht pholaitíochta agus chreidimh an Phiarsaigh. Breathnaigh air….
“Splendid and noble causes, are served by men who are themselves splendid and holy.”
Feictear macalla na fealsúnachta chéanna sin i ndráma úd an Phiarsaigh, “An Rí.” Agus freisin, d’fhéadfá a rá, in “The Singer” Ordaitheach réabhlóideach agus reiligiúnda, i bhforbairt fhealsúnacht réabhlóideach an Phiarsaigh, is ea an prionsabal sin. Breathnaigh arís ar an gcaoi a nascann sé a dhearcadh fhéin le dearcadh Uí Dhonnabháin….
“I hold it a Christian thing, as O Donovan Rossa held it, to hate evil, to hate untruth, to hate oppression, and, hating them to strive to overthrow them”
Chance or Destiny ?
Ba mháistriúil an t-adhmholadh é, snasta, gonta, éifeachtach, agus ón nóiméad sin amach, glacadh leis, gurbh é an Piarsach príomhóráidí an traidisiúin phoblachtánaigh. Thug an t-adhmholadh céanna sin ardú céime dó, i measc an dreama úd, ar mhór acu oidhreacht agus neamhspleáchas an náisiúin Ghaelaigh. Ba mhór é meas an Ghaeil, chuile lá riamh, ar an óráidí, ar an bhfile, ar an shaoi, agus ar an ndraoi focal.
Chuala go ndeachaigh an Piarsach i gcomhairle leis an IRB, sula ndeachaigh sé i mbun oibre ar an adhmholadh cáiliúil céanna sin, agus d’fhiafraigh sé díobh, cé chomh fada ar chóir dó a dhul, ina óráid ag an uaigh? Ba é freagra a fuair sé uathusan nó go raibh lánchead aige dul chomh fada is ba mhian leis a dhul. Sea, b’in deireadh leis an mbéal bán, agus leis an bplamás, nó bheadh an chloch sa mhainchille acu feasta.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
……Pismo Beach……
(Seo thíos píosa a scríobh mé, tamall ó shin, agus cheap mé nárbh an olc an tseift í, seans eile a thabhairt dó.)
Tar éis dúinn ár gcuairt ar Mhisin “La Purisima”, gar do Lompoc, a chríochnú, thugamar an bóthar ó thuaidh orainn fhéin, nó bhí socraithe againn “Pismo Beach”, agus ár lóistín ag “Coastal Vacation Rentals”, a bhaint amach, an tráthnóna sin. Ar ár mbealach ó thuaidh dúinn chuamar trí dhúiche álainn. Talamh breá leibhéalta, den chuid ba mhó, a bhí ann, agus murab ionann is áiteacha eile sa Stát iontach seo Chalafóirnia, bhí talmhaíocht de chuile chineál á cleachtadh san áit seo.
….Intensive Agriculture….
Anseo, bhí fíonghoirt áille ag síneadh amach uainn go bun na spéire, geall leis, agus ansiúd, bhí glasraí de chuile chineál á bhfás, agus daoine, ina meithil ollmhóra, ag saothrú leo ansin, amuigh faoin aer. Chomh fada agus a bhí le feiceáil againn, ba bheag ní i bhfoirm claí nó fál a bhí le feiceáil sna dúichí sin, ach an talamh breá leibhéalta sin leagtha amach ina sraitheanna ollmhóra, fairsinge, leathana. Ba é an rud a rith chun mo chuimhnese nó na feirmeoirí a chonaic mé fhéin, blianta fada ó shoin, ag saothrú leo, i mbaile, a dtugtar “Fálach” air, amuigh in Iorras na nIontas, mar ar chleacht siad fós an seanchóras talmhaíochta, a dtugaidís “Rundale” air, áit nach raibh claí nó fál idir na goirt, ach iad uilig amuigh ansin, ag saothrú leo faoi mar ba mheitheal ollmhór iad, ach i ndáiríre, bhí chuile chlann i mbun a gnó fhéin. Ach i gCalafóirnia, is dócha nár leis na hoibrithe sin an talamh in aon chor, ach le comhlacht mór eicínt, agus na hoibrithe sin ag obair, ar a bpá lae, don comhlacht sin. Chuir an méid innealra a bhí acu ionadh orainn, agus na gluaisteáin agus na leoraithe istigh ansin, mar a raibh siad i mbun oibre, nó bhí an talamh sin breá, teann, tirim, sa chaoi nach raibh baol ar bith ann go raghadh feithicil ar bith go haiseal i scraith ghlugair, nó tada dá leithéid. In áit eile fós, d’fheicfeá toir agus crainn agus a gcraobhacha ag cromadh go talamh, faoi mheáchan a dtorthaí. Níor bhréag a rá go raibh cuma an airgid ar an taobh tíre sin, é cosúil, ar bhealach, le Tír na nÓg fhéin, nó ba thír í a raibh saibhreas an talaimh le léamh ar chuile acra di.
….Uisciú gan teorainn….
Bhí difir an-mhór idir thalmhaíocht sa tír sin agus talmhaíocht mar a chleachtaítear í sa tír s’againne, agus sí an difir ollmhór sin nó an chaoi a ndéantar chuile acra ansin a uisciú. Gan an t-uisciú sin, ní bheadh sa tír álainn sin trínar ghabhamar ach fásach tirim, gainmheach, gan tada ag fás air ach cactas agus scrobharnach. B’álainn an radharc é córas uiscuithe dá leithéid a fheiceáil i mbun oibre, agus an t-uisce a fheiceáil á stealladh san aer, agus ag titim anuas arís, ina chioth torthúil, ar ghais is ar thorthaí, sa timpeall.. I bhfad ar shiúl, bhí cnoic is sléibhte le feiceáil mar a bheadh fráma ar phictiúr, ag timpeallú an talamh curaíochta. Ach ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn orainne, nó na sluaite daoine i mbun oibre amuigh ansin sna goirt, agus iad uilig chomh graitheach le beacha, lá Samhraidh.
Ceann Scríbe
Ar deireadh thiar, shroicheamar Pismo Beach, agus tar éis dúinn tamall a chaitheamh ag cuardach, thángamar ar ár dteach fhéin, agus é suite ansin, in ionad ciúin, compórdach, ach ag an am gcéanna, é suite cóngarach go maith do chuile shórt a bhí le fáil sa chathair álainn sin Pismo Beach. Chuamar amach an oíche sin le dinnéar a chaitheamh in Óstán de chuid Holiday Inn. Caithfidh mé a rá, gur deineadh freastal fial, flaithiúil, orainn, san Óstán céanna sin, agus nuair a bhí ite, ólta, againn, thugamar ár dteachna orainn fhein, agus chaitheamar seal ag suí timpeall, ag breathnú ar an teilifís, agus ag léamh, nó ag scríobh, go dtí go raibh sé in am soip, agus ansin, thugamar an leaba orainn fhéin, agus ní call a rá, gur chodail chuile dhuine againn go sámh go maidin gona lánsoilse arna mhárach.
Caisleán Hearst
Bhíomar ar ár gcois arís go breá luath, an mhaidin dár gcionn, nó bhí lá mór os ár gcomhair amach, agus caithfidh mé a admháil, go raibh cineál eagla orm fhéin, go mbeadh sé beagáinín iomarcach dom, nó nílim chomh haclaí, lúfar, láidir, is a bhí mé, leathchéad bliain ó shoin! Ach níor chuir sin stop liom sa bhfuadar buile sin a bhí fúm, seal a chaitheamh ag breathnú ar Chaisleán Hearst, nó Hearst Castle, mar a thugtar air i mBéarla.
Bhí an Caisleán céanna sin píosa maith uainn, agus mar sin, bhí orainn chuile ullmhúchán a dhéanamh i ndiaidh ár mbricfeasta, nó bhí coinne déanta againn, bheith ansin ag a fiche neomat chun a haondhéag ar maidin, agus bíodh go raibh an tír trínar ghabhamar, an mhaidin sin, thar mholadh beirte, ar a háilleacht, ar a fiántas, ar a héagsúlacht, caithfidh mé a admháil, gur bheag é m’aird fhéin uirthi, an mhaidin álainn Fómhair sin, nó bhí mé ag smaoineamh, feadh an ama, ar a raibh os ár gcomhair amach, nó bhí scéalta cloiste agam faoi na céimeanna uilig a bhí le dreapadh ag an gcuairteoir, agus ar airde an Chaisleáin os cionn leibhéal na farraige, áit a thosnódh ár dturas, an mhaidin álainn sin.
Ó Thuaidh linn
Ar ár dturas ó thuaidh, chuamar trí San Luis Obispo, agus tar éis dúinn dul tríd an gcathair sin, chasamar ar chlé ó Shaorbhealach 101, agus chuamar ag taisteal ar Mhótorbhealach a hAon. Thaisteal muid ar an Mótorbhealach céanna sin, sa bhliain 1988, agus i ndáiríre, ba bheag athrú a bhí tagtha ar an dúiche sin, san idirlinn. Chuamar thar Cambria, baile álainn, ar chaitheamar oíche ann, sa bhliain sin, 1988, agus ó thuaidh linn, agus fuadar fúinn. Ba ghearr an mhoill orainn ansin San Simeon a bhaint amach. Turas réasúnta fada é, ó Pismo Beach go San Simeon, nó sin an baile is gaire don Chaisleán clúiteach sin, agus minic a thugtar Caisleán San Simeon air freisin. B’in an t’ainm, Rainse San Simeon, a baisteadh ar an Rainse a bhí ag muintir Hearst sa dúiche sin.
William Randolph Hearst, a thóg an Caisleán
Athair Willian Randolph Hearst, an té a thóg an caisleán, a cheannaigh na Ranchos a bhí sa timpeall, ina lá fhéin, agus níor stop sé go dtí go raibh thart ar 250,000 acra ina sheilbh aige. George Hearst, an t-ainm a bhí airsean. Ní gá a rá, gur cheannaigh sé roinnt de na Ranchos céanna sin ar shladmhargadh, nó níor chosain cuid díobh ach thart ar Dolar an acra! ach sin scéal eile ar fad, agus ní bhaineann sé linn anseo. Ar deireadh thiar thall, shroicheamar bun an tsléibhe ar a bhfuil an Caisleán draoíchta seo tógtha. Bhí Ionad Páirceála ansin do na céadta, agus na céadta, gluaisteán, agus do na céadta bus freisin, a tharraingíonn ar an Ionad céanna sin, chuile lá sa bhliain, nó bhí caise bhuan tráchta ag teacht isteach chun an ionad páirceála céanna sin, agus a chomh-mhaith de chaise ag sníomh a bealaigh amach as arís, acu siúd a raibh a dturas críochnaithe acu. Isteach linn. Fuair muid áit oiriúnach páirceála, agus thugamar ár n-aghaidh ar an Ionad Fáiltithe, atá suite acu ansin ag bun an tsléibhe.
(Ach b’fhéidir gur leor sin don tseachtain seo, ach bí liom arís an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh tuilleadh le rá agam faoinár gcuairt ar Hearst Castle.)
.
.
.
.
A r n a M i s i n . 10 .
********************
In the Visitors Centre.
Mar a mhínigh mé dhaoibh, sa ghála deiridh, an tseachtain seo caite, shroicheamar Ionad Páirceála Chaisleáin Hearst in am trátha, agus ó tharla go raibh ár dturas curtha in áirithe againne roimh ré, ar chostas ocht nDolar déag an duine, bhí deis againn seal gearr a chaitheamh ag guairdeall timpeall tríd an Ionad Fáiltithe atá suite acu ansin, in aice leis an Ionad Páirceála sin, fad is bhí muid ag fanacht ar ár mbus, nó níl slí ar bith eile leis an turas go dtí an Caisleán a dhéanamh, ach ar bhus speisialta, ceann de bhusanna Chorparáid Hearst Castle. Nuair a bhí an t-am spriocáilte ag druidim linn, thugamar ár n-aghaidh ar stad na mbus, mar a raibh ár mbus ag fanacht orainn. Ba ghearr an mhoill a bhí orainn ansin. Ligeadh ar bord an bhus faoi leith sinn, ar a raibh suíocháin curtha in áirithe dúinn, nó bhí bus ag fágáil an Ionaid sin chuile dheich neomat, le dreapadh inairde na cúig mhíle slí, go dtí an Caisleán draíochta sin a bhí suite go péacach ar bharr na binne.
….The climb to the summit begins ….
Díreach ag a fiche neomat chun a haondhéag, d’fhág ár mbusna an stad, agus thosaigh ag dreapadh a bhealaigh leis, go réidh, cúramach, cáirseánach, suas i gcoinne an aird. Bheadh sé deacair cur síos a dhéanamh ar an turas céanna sin, nó bíodh nach raibh sa turas ar fad ach cúig mhíle slí, bheadh sé deacair turas ní b’éagsúlaí a shamhlú, fiú. Anois, bheadh an bus ag sníomh a bhealaigh leis ar imeall faille, agus arís, ag dul thar chainneon diabhalta doimhin; ar ball, bheadh a theanga bheag amuigh aige ag iarraidh barr binne a bhaint amach, agus níos déanaí arís, bheadh muid ag dul siar, faoi mar a bheadh a mhisneach caillte ag an diabhal bus, agus go raibh sé ar a bhealach ar ais go dtí an tIonad Fáiltithe arís, ach ansin, de phlimp, chasfadh sé timpeall, agus thabharfadh ruathar faoi aird eile, a d’fhágfadh muidinne ag greamú taobh ár suíocháin, ar eagla go gcaithfí trí fhuinneoga an bhus amach muid. Aerfort le feiceáil píosa thíos uainn, agus in áit eile, ainmhithe allta ag iníor leo go sásta i ngleann féaruaithne, gleoite, doimhin.
….The Castle, at last!…
Ar deireadh thiar áfach, shroicheamar “Hearst Castle” caisleán a tharraingíonn thart ar mhilliún turasóir chuige, in aghaidh na bliana. Bhí beirt treoraí linn ar an mbus, agus chuaigh siadsan i mbun oibre láithreach, bíoidh go raibh a gcion fhéin á dhéanamh acu feadh an turais in airde, nó bhí tráchtaireacht reatha ar siúl acu, feadh an ama sin. Threoraigh siad sinn uilig suas na gcéimeanna iomadúla úd, ar chuala mise a dtásc, agus a dtuairisc, go minic, sular leag mé spág ar bharr an tsléibhe seo Santa Lucia. Ait go leor, ba é an t-ainm a bhaist William Randolph Hearst fhéin ar a áras ar bharr an tsléibhe sin, nó La Cuesta Encantada, sé sin, An Cnoc Draíochta. Clúdaionn an t-eastát sin 137 acra, sa lá atá inniu ann, agus ar an gcnoc draíochta sin, tá ceithre áras ollmhóra, árais a dhear an t-ailtire clúiteach mná sin, Julia Morgan, bean a fuair cuid dá traenáil san Ecole des Beaux Arts i bPáras na Fraince. Chomhoibrigh sí fhéin agus Hearst i ndearadh, agus i dtógáil, an Chaisleáin, agus na gceithre Theach Cuairteoiri, thar thréimhse seacht mbliana is fiche! Sa tréimhse sin, d’ordaigh Hearst, agus dhear Morgan, na hárais thuasluaite, maraon le dhá linn snámha, ceann faoi dhíon agus an ceann eile amuigh faoin aer, chomh maith leo sin, bhí garrraithe, cúirteanna leadóige, agus fiú Garraí na nAinmhithe. Is dócha go bhféadfá a rá, nár fíoradh riamh, ina iomláine, fís Hearst, nó i ndeireadh na dála, ba é an bás a chuir lán stad leis an dtionscadal draíochta, samhlaíoch, dochreidte sin, Hearst Castle.
.
….Our tour begins….
Tar éis dúinn sraith amháin céimeanna a dhreapadh, bailíodh i bhfáinne muid, agus chuaigh na treoraithe i mbun oibre. Mhínigh siad dúinn chomh deacair is a bhí sé fís Hearst a fhíoradh, ar bharr sléibhe, ansin i gCalafóirnia. Mhínigh siad freisin, an chaoi a raibh orthu chuile shórt a iompar ó Shan Simeon, thíos ag leibhéal na farraige, suas taobh an tsléibhe, go hionad an Chaisleáin. Ar leoraithe a deineadh an t-éacht oibre sin, agus thógadh sé uair a’ chloig ar chuile leorai acu an turas sin a dhéanamh, agus nuair a smaoiníonn tú ar an méid ollmhór earraí, agus ábhair, a bhí le hiompar acu go barr an tsléibhe sin, leis an bhfís neamhaí seo a réaladh ansin ar an mbinn, is beag nach gcuirfeadh sé meadhrán cinn ort. D’iompaigh sí ansin ar thaobh na ciotóige, agus d’iarr orainn lán súl a bhaint as an linn snámha, a bhí leagtha amach ansin os ár gcomhair amach.
…..A Poll fit for an Emperor!….
Baineadh an chaint dínn uilig, agus ní raibh le clos ó dhuine ar bith againn, ach “Wow!” iontais, agus a chúis sin againn, geallaimse dhuit é.
Nó, ansin os ár gcomhair amach, chonaic muid an linn snámha ab éagsúlaí dár leag duine ar bith againn súil riamh uirthi. Ba é a rith liom fhéin, láithreach bonn, nó nach raibh a leithéid seo de Linn Snámha ag Impire Rómhánach ar bith riamh, Cuma cé chomh saibhir is a bhí sé. As tíleanna marmair a tógadh chuile shórt anseo, idir urlár, taobhanna, agus timpeallacht. Bhí gréas álainn ornáideach le feiceáil ar urlár na linne, agus bhí an t-uisce sa linn sin chomh glé, glan, sin, gurbh ar éigean a chreidfeá go raibh uisce ann in aon chor, ach an gréas álainn ar urlár na linne, le feiceáil go glan, soiléir, thíos ansin. Tíleanna de mharmar geal a bhí timpeall na linne, agus ansin, bhí dealbha áille dea-dheartha, agus uaimheanna maisithe marmair, sa timpeall freisin, uaimheanna a chuirfeadh teampaill phágánacha i gcuimhne dhuit.
….The Neptune Pool….
Ní haon ionadh gur, Linn Neptune, a baistea2dh ar an Linn iontach seo. Thart anseo bhí colúin áille marmair, agus díon clasaiceach os a gcionn in airde, thall ansin, bhí líne eile colún agus balastráid leagtha go healaíonta, taitneamhach, os a gcionn. Agus méadaítear ar an ionadh, nuair a chuirtear san áireamh, gur dealbha bunaidh iad na dealbha áille sin uilig, atá feistithe go péacach timpeall na Linne. Sea, mh’anam, dóthain Rí, nó Impire, de Linn Snamha, a bhí le feiceáil againn ansin, amuigh faoin aer, os comhair ceann de na Tithe Cuairteoirí amach, agus b’éigean dúinn seal a chaitheamh ansin, agus muid ag iarraidh roinnt éigin den áilleacht chlasaiceach, chorraitheach, a ól isteach, agus a stóráil, áit eicínt i measc na gcuimhní, a thógfadh muid linn, i ndeireadh an lae seo.
Ach, b’fhéidir gur leor sin do ghála na seachtaine, ach bí liom arís an tseachtain seo chugainn, nuair a leanfaidh muid linn ag breathnú ar iontaisí an Chaisleáin draíochta úd, Hearst Castle.
.
**************
Peadar Bairéad.
**************
.
.
.
.
.
.
.
A r n a M i s i n . 11.
***********************
……What a Guesthouse !…..
Bhí Caislean Hearst sroichte againn, i ndeireadh na dála. Bhí na céimeanna iomadúla sin, a luaigh mé cheana, curtha dínn againn, agus muid ansin i bplás deas leibhéalta, os comhair ceann de Thithe na gCuairteoirí amach, áit a raibh radharc fíor-álainn againn ar dhúiche agus ar rainse Shan Simeon. Tar éis dúinn seal a chaitheamh ansin, ag breathnú ar an Neptune Pool, agus muid uilig faoi gheasa ag áilleacht chlasaiceach na timpeallachta agus na háite sin, tógadh muid ansin, le spléachadh a fháil ar cheann de na Tithe Cuairteoirí. Sna Tithe sin, a thug Hearst lóistín, agus bheith istigh, dá chuairteoirí agus da aíonna, sé sin le rá, dóibh siúd ar thug seisean cuireadh chun an Chaisleáin dóibh, agus ag breathnú ar liosta na gcuairteoirí sin, b’ionann is bheith ag breathnú ar liosta maithe agus móruaisle na linne é. Níl dabht ar domhan, ach go raibh cuma agus blas an airgid ar chuile shórt sna Tithe Cuairteoirí (Guest Houses) céanna sin.
….Showers for all!…
“En Suite” curtha ar fáil do chuile aoi acu, ach san “En Suite” sin, ní raibh dabhach folctha curtha isteach aige i gceann ar bith acu, ina n-ionad, is amhlaidh a chuir sé cithfholcthaí isteach ina n-áit, rud a bheadh an-neamhchoitianta ar fad ag an am, agus dá chruthú sin, b’iomaí aoi a rinne a dhícheall, nó a dícheall, folcadh a tógail i gcupla orlach uisce! Rud a thaitneodh go mór le Hearst fhéin, nó is cosúil gur le bob a bhualadh ar a aíoanna ardnósacha a chuir sé na cithfholcthaí (Showers) céanna sin isteach, a chéaduair.
Chun tosaigh linn ar ball, chuig an “Casa Grande” fhéin, nó an Teach Mór, sé sin, an Caisleán fhéin, bíodh nach bhfuil cuma caisleáin air, in aon chor, is cosúla é, ar bhealach, le Misean Santa Barbara, ná le caisleán ar bith! Is fiú tabhairt faoi deara anseo, go bhfuil 115 seomra sa Chaisleán dé-thúrach (twin-towered) álainn sin.
….Treasures, old and new….
Is beag nach mbainfeadh an saibhreas áilleachta agus ealaíona atá ar teaspaint don turasóir os comhair an Chaisleáin Draíochta sin, an anáil díot. Tá ansin, ceithre dhealbh de Sekbmet, bandia Éigipteach an chogaidh, agus is fiú cupla nóimeat a chaiathemh ag bbreathnú orthusan, nó is iad na seoda is ársa i gCaisleán Hearst ar fad iad, nó deirtear gur dealbhaíodh iad, idir na blianta 1350 agus 1220, Roimh Chríost!
I do sheasamh ansin, sa Plaza os comhair an Chaisleáin, agus tú ag breathnú in airde ar ghréas, agus ar dhearadh, an fhoirgnimh álainn sin, tthabharfá faoi deara an cúram cruinn ceart a deineadh den ornáidíocht, agus den mhaisiú ealaíonta i leagan amach aghaidh an chaisleáin chéanna sin. Arís, chuirfeadh ársacht na ndealbha a bhí sa timpeall siar ar do chosa deiridh thú. Ar ball, nuair a bhí muid sásta go raibh cuid eicínt den áilleacht sin taiscithe againn i gcófraí do-scriosta na cuimhne, threoraigh ár dtreoraithe isteach sa “Casa Grande” fhéin sinn.
….Talk about style!…
Bí ag caint ar shaibhreas, ar ársacht, ar áilleacht! Bhí sin le tabhairt faoi deara i ngach coirnéal. Bhí sé os do chionn inairde, thart ar chuile thaobh díot, agus ar an urlár thíos fút freisin. I gcás na n-urlár, bhí a mbunús clúdaithe le cairpéid, rugaí urláir, agus mataí, a bailíodh ó chuile choirnéal den domhan thiar agus den domhan thoir. Ba é an scéal céanna é i gcás na síleálacha (ceilings) os do chionn in airde, nó bailíodh cuid acu sin freisin ó Mhainisteacha agus ó Thithe Móra, cuma cá raibh siad suite, ach bheadh ort a admháil go raibh áilleacht thar na bearta ag baint lena mbunús. Dúradh linn, freisin, mura mbeadh ar chumas Hearst, síleáil áirithe a fháil do sheomra a d’oiriúnfhdh sí dó, ansin chuirfeadh sé saineolaithe (experts) i mbun oibre, le cóip ceart cruinn a dhéanamh de, nó b’in an cineál duine é.
…..Wall Coverings…..
I gcás na bhfallaí timpeall orainn, bhainfeadh a n-áilleacht an anáil díot, nó ar fhalla anseo, bheadh tíleanna áille ildaite, a deineadh go speisialta don bhfalla áirithe sin, agus ansiúd bheadh falla eile clúdaithe le tíleanna a tógadh isteach ón iasacht, toisc gur theasaigh a leithéid uathu, don ionad áirithe sin. Ach ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin, nó méid agus uimhir na dtaipéisí (tapestries) áille, ildaite, ealaíonta, a bhí crochta ar fud an chaisleáin. Cuma cá raghfá, sa “Casa Grande”, bhí na fallaí clúdaithe le taipéisí ollmhóra de chuile chineál, agus chuile cheann acu, geall leis, ina thaipéis bhunaidh, Chuamar ó Halla go Halla sa Chaisleán ollmhór sin, agus de réir mar a chuamar ó cheann go ceann acu, b’amhlaidh a mhéadaigh ar ár n-ionadh, nó ní chreidfeá go bhféadfaí teacht ar an oireadh sin de shaibhreas sa saol mór ar fad, ach d’éirigh le William Randolph Hearst teacht orthu! Nó b’fhéidir gur chóra dhom a rá gur éirigh leis iad a bhailiú, nó a cheannacht, ó bhailitheoirí cáiliúla i gcathracha móra Mheiriceá, nó i Londain Shasana freisin.
Compulsive Collector .
Tuigeadh do lucht díolta seandachtaí, ar fud an domhain, go raibh an fear seo i Meiriceá, ar bhailitheoir éigeantach é, agus ní hé amháin go gceannaíodh sé a dtaitníodh leis, ach cheannaíodh sé na seandachtaí sin ar theist na mbailitheoirí cáiliúla i Londain, i Nua Eabhrac, nó i Los Angeles, nó in aon ionad eile, a raibh ainm na scile sin amuigh orthu. I ndáiríre, bhí na céadta agus na céadta earraí dá leithéid ceannaithe aige, sular tógadh Caisleán Hearst in aon chor, agus ba mhinic a Ailtire, Julia Morgan, ag cur ionaid faoi leith in áirithe do sheandachtaí speisialta. Nuair a smaoiníonn tú ar chúrsaí ar an mbealach sin, d’fhéadfá a rá gur tógadh an Caisleán uilig, sa chaoi go mbeadh dánlann ag William Randolph Hearst, le bheith istigh oiriúnach a chur ar fáil dá sheandachtaí ársa stairiúla áille. Nuair a chonaic mé fhéin an méid uafásach seoda, de chuile shórt, a bailíodh ó shibhialtachta na cruinne, ba é a rith liom i dtosach, nó go mba robálaí é Hearst, a d’úsáid a chuid airgid, le saibhreas ealaíona dá leithéid a bhailiú chuige, bíodh gur fhág sé tíortha eile i bhfad Éireann níos boichte, dá bharr, agus go mba chosúla le hionad folaigh é an Caisleán seo ná le Dánlann dáiríreach (a real Art Gallery).
A Safe Haven.
Ach, nuair a bhreathnaíonn tú air ó thaobh eile, d’fhéadfá a rá, gur bhailigh sé seandachtaí agus earraí ealaíonta dá leithéid chuige, le hIarsmalann daingean sabhálta a chur ar fáil dóibh ansin ar Rainse Shan Simeon, sa chaoi go dtabharfaí cúram ceart dóibh, feasta, agus sa tslí sin, go gcoinneofaí slán sábháilte iad, do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh, nó ní bhréag ar bith é a rá, gur chuid dílis d’oidhreacht an chine dhaonna iad. Sa tslí sin, ghlac me leis, nár réabadh reilge (desecration), amach is amuigh, a bhí déanta ag William Randolph Hearst, ach go mba chineál caomhnnóra é, a chuaigh amach ansin, agus a cheannaigh seoda dhaoine eile, lena chaisleán fhéin a mhaisiú! Agus leis na seoda sin a chaomhnú, ag an am gcéanna.
Bí liom arís, an tseachtain seo chugainn, nuair a bheidh tuilleadh le rá agam faoi Hearst Castle.
*************
Peadar Bairéad.
*************
.
.
A r n a M i s i n 1 2 .
*****************************
.
Untold bought wealth .
.
Ach le filleadh ar scéal Chaisleán Hearst, agus ar na seoda iomadúla a bailíodh ansin as na ceithre hairde, agus mar a gcoinnítear iad anois, i ndún daingean na Dánlainne Idirnaisiúnta sin, agus áit a dtagann thart ar mhilliún cuairteoir, in aghaidh na bliana, le spléachadh a fháil ar an ollmhaitheas (wealth) sin uilig. Rud a thugann an cuairteoir faoi deara, le linn a chuairte ar an gCaisleán sin, nó an méid ollmhór d’éidí eaglasta atá crochta ar fallaí, agus a úsáidtear sa tslí sin mar mhaisiúcháin, ar fud an “Chasa Grande” ar fad.
Stored Treasure.
Bhí áiteacha, agus Hallai, sa Chaisleán, a chuaigh i gcionn go mór orainn uilig. Bhí Halla ollmhór ansin, an Leabharlann, ina dtagadh na haíonna le chéile, ar chúiseanna áirithe, agus é lom lán le seoda de chuile chineál, ó shíleáil go cairpéid, ó throscán go taipéisí, agus ó dhealbha go pictiúir, ach thar aon rud eile, thabharfá suntas do na Cuacha Gréagacha (Greek Vases), atá socraithe go healaíonta os cionn na leabhragán, agus iad teanntaithe leis an bhfalla ansin, ar chaoi nach ndéanfai dochar dóibh, dá dtarlódh crith talún, fiú. I lár an tseomra istigh, bhí bord ollmhór, agus thart air, bhi cathaoireacha áille, dea-dheartha, dea-dhéanta, ar a suíodh maithe móra agus móruaisle an domhain mhóir, mar aíoanna Hearst, ag an am sin.
Famous Guests .
Ba mhinic a chaitheadh an t-únéir an deireadh seachtaine thíos ansin ar a Rainse, agus in éineacht leis, bhailíodh sé slua daoine, a bhí i mbéal an phobail, ag an am, agus ó tharla go mba iriseoir é Hearst, thugadh sin deis faoi leith dósan, na daoine sin a chur faoi agallamh, i dtimpeallacht speisialta, agus in éineacht leo sin, thugadh sé cuireadh freisin, do dhaoine mór le rá, a bhi ar chuairt sna Stáit Aontaithe, ag an am, daoine cosúil le Príomh-Airí, Ríthe, Prionsaí, Réalta Scannáin, agus a leitheidí.
The Chuck House.
Anois, bhíodh a seomraí fhéin ag na haíonna sin i dTithe na gCuairteoirí, ach nuair a thagadh an tam le tráth bia a chaitheamh, ghlaofaí ar na haíonna teacht go Seomra Bia an “Casa Grande”, díreach mar a ghlaofaí ar bhuachaillí bó chuig an Chuck House, fadó, nó b’fhacthas do William Randolph i gcónaí go mba Rainse a bhí acu ag San Simeon. Ó, sea, agus a leithéid de Bhialann! Halla ollmhór fairsing. Bord caol fada síos lár an tseomra chéanna sin, agus crochta go hard ar na taobhfhallaí tá sraith de bhratacha ildaite síoda. Bratacha rásaíochta de chuid an ochtú haois déag atá i gceist anseo, ach, ó tharla go bhfuil na bratacha céanna sin caite go maith faoi seo, ní hiad na bratacha bunaidh (original colours) atá crochta ansin a thuilleadh, ach cóipeanna dea-dheanta atá crochta ansin anois ina n-áit. Tá sa Bhialann sin freisin, bailiúchán de shoithigh airgid, leagtha amach anois, mar mhaisiúcháin, fan taobh an Halla. Tá ann freisin, coinleoirí airgid, maraon le taipéisí ildaite, ealaíonta, crochta ar na taobhfhallaí. I gcás an bhoird fhada fhéin, thabharfá faoi deara, nár bhord ró-leathan é, agus nach ndeachthas thar fóir le cathaoireacha, nó le feisteas boird ach oiread, mar rinne Hearst fhéin chuile dhícheall ar cheangal eicínt a choinneáil le saol an Rainse, sa Halla seo, ach go háirithe. Mar sin, bhí simplíocht nádúrtha ag baint le leagan amach an bhoird agus na gcathaoireacha.
.
Equality .
Bhí rud eile ag baint leis an mBialann sin, i Raisne San Simeon, agus sé sin, nár tugadh aird ar bith ar stádas aon aoi, ag an mbord sin. Cuma cé acu Rí nó Príomh-Aire; Aisteoir, nó Iriseoir; a bhí i gceist, ní raibh aon áit faoi leith curtha in áirithe dó, nó bhí chuile aoi ar aon leibhéal sóisialta ag bord William Randolph Hearst, ansin, i mBialann an “Casa Grande”. Sea, agus le blas an Rainse a choinneáil glas, minic a sheasadh Hearst fhéin ag doras an “Casa Grande”, lena chlog, agus é á bhuaileadh, lena aíonna a ghlaoch chun bia. Bhí an Bialann (Dining Hall) sin ar cheann de na Hallaí ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin, caithfidh mé a rá.
Cinema.
Thugamar cuairt freisin ar an bPictiúrlann álainn, a bhí ag Hearst ina Chaisleán, mar a léirítí scannán, chuile thráthnóna, geall leis, agus ní call dom a rá, go raibh fonn i gcónaí ar Hearst, scannáin faoi Bhuachaillí Bó a chur ar teaspáint ansin. Arís bhí blas den chlasaiceacht ag baint le chuile shórt sa bPictiúrlann céanna sin, agus féach mar a theaspáin Hearst a mheas ar a lucht oibre. Bhí sé mar riail acu, gan an scannán a chur ar teaspáint, go dtí go mbeadh a gcuid oibre críochnaithe ag foireann na cistine, le deis a thabhairt dóibhsean freastal ar an scannán, ansin amháin a chuirtí tús leis an scannán. Agus os ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, ní raibh cead ag aoi ar bith a bheith drochbhéasach le cailíní, nó le buachaillí, aimsire, ach dá dtarlódh a leithéid, ba don aoi a thugtaí bata agus bóthar (sent packing) ar an dá luas!
Le críoch a chur lenár gcuairt ar an “Casa Grande” fhéin, tugadh isteach sinn le spléachadh a fháil ar an Linn Snámha faoi dhíon. Arís, caithfidh mé a admháil gur bheag nár thiteamar as ár seasamh, nuair a leagamar súil ar an Linn chéanna sin. Ní raibh le feiceáil timpeall ort ach chuile rud níos áille ná a chéile. Mósáic de ghloine leochaileach Venéiseach, agus ór leathnaithe (hammered gold), a chlúdaigh, idir shíleáil agus taobh-bhallaí, agus ar an urlár thíos fút fiú, ba chineál mósáice a bhí ansin freisin, ach go raibh tíleanna beaga óir measctha go fairsing tríd an mósáic chéanna sin, agus ór dhá charat agus fiche, a bhí ann, adúradh linn. Sin galánta agat, a mhac!
Ar ár mbealach amach as an “Casa Grande”, chonaic muid an cúirteanna leadóige, mar a bhíodh deis ag na haíonna, seal a chaitheamh ag imirt dreas leadóige lena chéile.
End of our Tour.
Ar deireadh thiar, bhíomar tagtha go deireadh na cuairte iontaí sin ar Chaisleán Hearst, agus tugadh amach sinn, go dtí an áit a raibh ár mbus ag fanacht, le sinn a iompar ar ais go dtí an tIonad Fáiltithe arís. Ar ár slí ar ais, míníodh dúinn freisin, go mbíodh Sú speisialta, cóngarach don Chaisleán freisin, tráth, agus sa tslí sin, go mbíodh deis ag na haíonna breathnú ar bheithigh allta, i suíomh speisialta, a cuireadh ar fáil dóibh ansin, ar shléibhte Santa Lucia. Ach, ar chúis amháin, nó ar chúis eile, cuireadh deireadh leis an dtionscadal sin, luath go leor, i stair an Chaisleáin. Nior thóg sé an oiread sin ar fad ama ár mbealach ar ais go dtí an tIonad Fáiltithe a dhéanamh ar bhus úd an Chomhlachta, agus ba ghearr go raibh muid ag tuirlingt den bhus chéanna sin, agus muid ar ár mbealach isteach san Ionad céanna sin, ach b’fhéidir gur chóir dom an chuid eile de sceal ár gcuairte, ar Chaisleán Hearst, a fhágáil go dtí an chéad bhabhta (occasion) eile, nuair a chríochnóidh mé scéal Chaisleán Hearst.
***************
Peadar Bairéad.
***************
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
Leabhar neamhghnách
“The five people you meet in Heaven”
by
Mitch Albom
Ar na mallaibh a tháinig mé ar an leabhar neamhghnách seo, a cuireadh i gcló a chéaduair, sa bhliain 2003, ach leabhar a bhfuil an-ráchairt air, san idirlinn. Is é Mitch Albom a chuir i dtoll a chéile é, agus cónaíonn Mitch agus a bhean, Janine, i Michigan, sna Stáit Aontaithe. Iriseoir agus craoltóir is ea é, agus dár ndóigh, is úrscéalaí den scoth é freisin, a bhfuil roinnt mhaith leabhar curtha dhe aige, cheana féin. Ach le filleadh ar an leabhar seo, “The Five People you meet in Heaven”, dúirt mé thuas, go mba leabhar neamhghnách é.
Tuige ar dhúirt mé a leithéid, an ea?
An Saol Eile
Bhail! is é atá idir chamáin ag an údar sa scéal seo, nó go bhfuil iarracht á dhéanamh aige, tuiscint eicínt a fháil ar an saol thall. Anois, ní ghlacann sé leis an dearcadh atá ag an ngnáthChríostaí ar an saol thall, is é sin, go gcónaíonn sé feasta i nglóir agus i síocháin Dé, agus nach mbaineann brón nó cumha; pian nó cruatan; bás nó bascadh, leis feasta, ach go mbíonn áit bhuan aige ag bord an Tiarna, agus bheith istigh aige i gceann de sheomraí iomadúla na bhFlaitheas.
Tosaíonn sé ag deireadh an scéil
Cén leagan amach atá ag an údar seo ar na cúrsaí céanna sin, adeir tú?
Bhail! b’fhéidir gur chóir dom, i dtosach báire, rud eicínt a rá faoin scéal fhéin.
Tosaíonn an t-údar a scéal ag a chríoch, mar adeir sé fhéin. Féach mar a chuireann seisean é, i dtús an leabhair.
“This is a story about a man named Eddie and it begins at the end, with Eddie dying in the sun. It might seem strange to start a story with an ending. But all endings are also beginnings. We just don’t know it at the time.”
Sea, luíonn a ndeir an t-údar linn anseo le réasún, ceart go leor, ach bíodh go bhfuil sé ag fáil bháis i dtús an scéil, ní den aois é, bíodh go bhfuil na trí bliana agus ceithre scór bailithe aige ag an am. Timpiste a chuirfeadh lánstad lena ré i nGleann seo na nDeor. Sa bhliain 1920, a rugadh Eddie, agus ba dhuine é a athair a bhí i gceannas ar Ionad Siamsa. De réir mar a d’fhás Eddie suas, d’fhoghlaim sé chuile cheo faoin Ionad Siamsa céanna sin, agus ar ball, nuair a fuair a athair bás, tuigeadh don iarshaighdiúir Eddie go mba cheart dó fhéin luí isteach ar an ngnó céanna sin. Rinne sé amhlaidh, agus rinne go maith é, sa chaoi go raibh meas ag an bpobal air, go háirithe na daoine óga, bíodh nach mó ná sásta a bhí seisean fhéin, lena shlí bheatha i mbun na bhfearas siamsa, áit ar choinnigh sé súil seabhaic ar a sábháilteacht, agus ar a n-inniúlacht don ghnó a bhí le déanamh acu. Phós Eddie Marguerite, ach bhásaigh sise roimhe, agus fágadh Eddie s’againne leis fhéin.
Tionóisc mharfach
An lá áirithe seo, ar thagair muid dó i dtús an ailt seo, bhí Eddie i mbun a ghnó, faoi mar ba ghnách leis, ach tuigeadh dó go raibh fearas siamsa amháin éirithe contúirteach, agus ba é deireadh an scéil é, nó gur thit an fearas céanna sin anuas, ach mar bharr ar an ndonas, tharla gur shiúl cailín beag isteach san áit ar a dtitfeadh an fearas sin. Thug Eddie sin uilig faoi deara, agus le luas lasrach, d’fhear chomh haosta leis, léim sé isteach sa bhearna baoil, le teacht i gcabhair ar an gcailín óg sin. Tuigeadh dó gur rug sí greim láimhe air, agus ag an bpointe sin, bhuail an fearas siamsa anuas sa mhullach air, agus rinneadh pleist de ar an láthair sin. Ní raibh fhios ag Eddie ar shábháil sé an cailín, nó nár dhein.
Músclaíonn sé ar an saol eile, agus feictear dó, nach mar a shíltear a bhítear, go minic, nó ní raibh cuma neamhaí in aon chor ar an áit thall, mar a raibh sé, nó i ndáiríre dhúisigh se in Ionad Siamsa eile, ach Ionad a bhí i bhfad níos sine ná an ceann a bhíodh a reachtáil aige fhéin “Ruby Pier”
“Eddie blinked hard. This was the Ruby Pier of his childhood, some 75 years ago, only everything was new, freshly scrubbed. Over there was a Loop-the-Loop ride – which had been torn down decades ago- and over there the bathhouses and the saltwater swimming pools that had been razed in the 1950s.
Feabhas tagtha air
Anois, bíodh go raibh coiscéim bhacaí in Eddie, agus é céasta ag pianta, ar an saol seo, mhothaigh sé anois nach raibh na rudaí sin ag cur as dó, a bheag nó a mhór. Rith sé timpeall ag breathnú anseo agus ansiúd, ach ar deireadh thiar, tháinig sé chuig puball ina raibh duine de lucht na “Side Shows” ina shuí
There sitting on a chair, alone on the stage, was a middle-aged man with narrow, stooped shoulders, naked from the waist up. His belly sagged over his belt. His hair was closely cropped. His lips were thin and his face was long and drawn. Eddie would have long since forgotten him, were it not for one distinctive feature;
His skin was blue.
“Hello, Edward”, he said. “I have been waiting for you.”
Thosaigh an bheirt ag comhrá, agus sa chaint dóibh, cuireadh ina luí ar Eddie nach mar a shíltear a bhítear, go minic, agus bíodh nach raibh cuma ró-neamhaí ar an áit ina raibh sé, d’fhéadfadh dul amú a bheith air, dár leis, ag an am gcéanna.
Míníodh chuile cheo dó
Ach tuige ar cuireadh an bheirt seo ar an ardán céanna sin, i bhfochair a chéile, má sea?
Bhail! Dár leis an bhfear gorm, ba é a bhí i gceist nó go dtabharfaí deis do Eddie imeachtaí a shaoil a bhfus a thuiscint, trí chomhrá a dhéanamh le daoine a raibh baint eicínt aige leo, le linn a laethe ar an saol seo.
“There are five people you meet in heaven” the Blue Man suddenly said. “Each of us was in your life for a reason. You may not have known the reason at the time, and that is what heaven is for. For understanding your life on earth.”
Dár leis an bhfear gorm, is é seo an bua is mó a bhronnann Dia ar an ndaonnaí, nó go dtugann sé deis dó, chuile rud a tharla dó ar an saol seo a thuiscint. Agus is é atá le tuiscint ón méid sin, nó go mbeidh tuiscint iomlán ar a shaol a bhfus ag an ndaonnaí tar éis dó buaileadh leis an gcúigear sin, agus tar éis dó a chomhrá a dhéanamh leo. Anois, fágfaidh mé fút fhéin an chuid sin den scéal a léamh, agus a thuiscint, nó níor mhaith liom an scéal corraitheach sin uilig a mhilleadh ortsa.
.
Sa Bhaile, ar deireadh thiar
Bhail! tar éis do Eddie dul trí na céimeanna sin uilig, leis an gcúigear a bhí leagtha amach dósan, tháinig sé chomh fada le “Ferris Wheel” ollmhór, agus suite i gcairt ar bharr an Rotha sin, cé d’fheicfeadh sé ach a bhean, Marguerite, agus í ag fanacht air, agus chuala sé an t-aon fhocal amháin “Home” ó Dhia.
Suimiúil, ach………
Scéal spéisiúil, faoi mar adúirt mé thuas, ach don Chríostaí, b’fhéidir nach dtiocfadh sé leis an údar ina thuiscint ar “Neamh”, nó san áit ina bhfuil Eddie, tá pian, fulaingt, agus cuartú na fírinne, i gceist, agus b’fhéidir go n-oirfeadh leagan amach sin an údair níos fearr, dá mba ar an bPurgadóir a bheadh sé ag cur síos, ach sin scéal eile ar fad.
Im thuairimse, is scéal spéisiúil, spreagúil, spioradálta é, agus iarracht dáiríreach ar adhmad eicínt a bhaint as neamhbhásmhaireacht anam an duine daonna.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
A n M a c t í r e M ó r A l l t a !
*********************************
Another Bestseller .
The Big Bad Wolf…………………………..céadchló…………..2003.
Le
James Patterson…………………………………………………….€17 .99.
.
The No. 1 International Bestseller.
Bhuel, sin mar a deirtear faoin leabhar seo ar an gclúdach dea-dheartha, atá mar scrín thart ar an scéal seo le James Patterson. Anois, faoi mar is eol dúinn uilig, ní hé seo an chéad scéal a shil ó pheann líofa an údair ildánaigh seo, nó is liosta le háireamh iad na teidil atá curtha ar fáil aige dúinn, cheana féin. Caithfidh mé a admháil daoibh, gur scríobh mé fhéin píosaí sa cholún seo faoi roinnt áirithe acu. B’fhéidir gur chuimhin libh ar scríobh mé faoi “Pop goes the Weasel”, The Beach House, Four Blind Mice, agus tuilleadh. Dár ndóigh, tá teidil eile dá chuid, a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach acu freisin, leabhair ar nós…Jack and Jill, Along came a Spider, agus The Jester. Leabhair mhór-ráchairte (bestsellers) iad sin freisin.
I bhFlorida, sna Stáit Aontaithe, a chuireann an t-údar faoi, san am i láthair.
Special Style .
Eachtraí coiriúla an choirpigh chliste, chruálaigh, chiapaigh, “The Wolf”, atá idir chamáin ag Patterson, sa leabhar seo. Is féidir a rá, go bhfuil stíl taitneamhach, tarraingteach, mealltach, aige. Ní bhíonn aon leadrán ag baint lena stíl, ach é ag treabhadh leis go rábach trí eachtraí corraitheacha a scéil, é ar a bhealach i gcónaí go croí an ábhair. Leagann sé an leabhar seo amach i gcéad is naoi chaibidil déag, leata thar 314 leathanach, agus sa chaoi sin, tugann sé le fios duit, an t-am go léir, go bhfuil deifir do-stoptha air, agus sa tslí sin, éiríonn leis an léitheoir a chur faoi gheasa le draíocht a stíle, sa chaoi go réabann tú leat tríd an scéal, i bhfad níos tapúla, ná mar a dhéanfá, dá mbeadh caibidlí móra, fada, leadránacha, le léamh agat, mar i gcás na gcaibidlí gearra seo, cuireann siad cíocras ort dul tríotha sna cosa in airde, agus déanann siad thú a iompar leo, le luas lasrach, ar thaoide an scéil. Sea, agus caithfidh mé admháil dhuit anseo, gur éirigh leis, mé fhéin a chur faoi gheasa, sa chaoi nach raibh fonn orm an leabhar seo a fhágáil uaim, go dtí go raibh an deoir deiridh den scéal diúgtha siar agam, nó chuir sé rothaí faoi eachtraíocht a scéil le cleasa iomadúla a cheirde.
All not going well .
Is é an príomhcharactar sa scéal seo nó an lorgaire clúiteach, (famous detective) Alex Cross. Fear gorm is ea Cross, a chaith na blianta fada ag obair mar lorgaire le Roinn Phóilíní Washington. Bhí a leannán Jamilla Hughes, cailin inar chuir sé suim amháin, ar a laghad, agus b’fheidir gur chuir se an dara suim freisin inti, dá mbeadh sé sásta an fhírinne ghlan a insint dúinn! Banlorgaire ba ea ise, amuigh i gCalafóirnia, agus gan dabht ar domhan bhí Alex bocht splanctha ina diaidh (madly in love with her), bíodh nach ró-réidh a ritheann cúrsaí a ngrá sa scéal seo, scaití (at times). Agus ó tharla ag caint ar chúrsaí grá muid, tharla sa scéal seo freisin, gur fhill máthair a chlainne, a iarbhean Christine, a thréig an nead, thart ar dhá bhliain roimhe sin, tháinig sí ar ais, agus é de chuspoir aice Alex óg, a mac, a fháil ar ais di fhéin amháin, bíodh gur thréig sí é, tráth thréig sí an nead.
.
Career Change.
Nuair a d’éirigh le Alex coirpigh mhóra, fhíochmhara, dainséaracha a dhúiche a bhriseadh, a cheansú, agus a chur faoi ghlas, shocraigh sé ar dhul isteach san FBI, nó tugadh le fios dó, minic go leor, go mbeadh an-áthas ar an FBI glacadh leis, mar bhall dá bhfórsa-san, tharla go raibh an oireadh sin cáile bainte amach aige le linn a thréimhse ag obair le Póilínteacht DC. Sin mar atá cúrsaí i dtús an scéil seo.
Tá Alex Cross, Lorgaire, á thraenáil anois, le bheith ina bhall éifeachtach den bhfórsa cáiliúil sin, an FBI. Féach mar a chuireann sé é, i dtús an scéil….
New agent training at the FBI Academy in Quantico, sometimes called ‘Club Fed’, was turning our to be a challenging, arduous, and tense program, if a little repetitive. For the most part, I liked it, and I was making an effort to keep any skepticism down. But I had entered the Bureau with a reputation for catching pattern killers, and already I had the nickname ‘Dragonslayer’. So irony and skepticism might soon be a problem.
Retraining.
Fad is a bhí an cúrsa ath-traenála sin ar siúl, ó tharla go raibh clú agus cáil bainte amach ag Cross cheana féin, ba ghearr gur thug sé faoi deara, go raibh roinnt áirithe dá uachtaráin in éad leis, agus chomh maith le sin, agus le cur leis freisin, chuirtí Alex amach chuig bailte, i bhfad ó bhaile, lena chúnamh a thabhairt do Roinn Phóilíní eicínt, a raibh ag teip orthu, coirpeach sleamhain, sliioctha eicínt, a ghabháil, tharla go raibh ainm na scile neamhghnáthaí sin amuigh ar Alex Cross.
Enter the Wolf !
Anois, tharla ag an am áirithe seo, go raibh an coirpeach ba chruálaí, b’fhíochmhaire, agus ba dhainséirí, dá bhfacthas sna Stáit riamh roimhe sin, ag tosú ar ghairm na coiriúlachta a chleachtadh sa tír fhairsing sin. An Mactíre, nó “The Wolf” a baisteadh ar an gcoirpeach dána, cruálach fíochmhar sin. Rúiseach ba ea é, agus is cosúil go raibh meitheal coirpeach, mar amhais (mercenaries). ag cuidiú leis, ina ghníomhartha danartha, do-mhaite. Bhí scéal ag dul timpeall faoina fhíochmhaireacht, a mhaígh gur thug sé cuairt ar ‘gangster’ i bpríosún daingean, do-ghabhála, i gColorado, tar éis dó breab ollmhór a thabhairt do dhuine de na gardaí, agus fad is a bhí sé istigh ag caint leis an ngangster sin, is amhlaidh a mharaigh sé é, trína mhuinéal a bhriseadh, agus a bhlaosc a fháiscadh ina smidiríní.
Trafficking in Humans.
Ansin, chuaigh sé i mbun oibre mar choirpeach. Is amhlaidh a thosaigh sé ag fuadach, agus ansin, ag díol daoine, ar luach an-ard go deo, agus ansin, d’fhéadfadh an té a cheannaigh an duine sin uaidh, a rogha rud a dhéanamh leis, nó lei. Cúrsaí gnéis ba mhó a bhí i gceist sna margaí sin, agus ní gá a rá go mba choirpeach glic, sleamhain, é an Mactíre, nár fhág méarlorg (fingerprint), nó tada dá leithéid ina dhiaidh, mar chabhair do lucht a leanta. Bhí lámh ag Alex sa lorgaireacht seo, agus níor ghnó éasca ar bith é teacht suas leis an Mactíre, ach níl fúmsa an scéal a mhilleadh ortsa, trí leide ar bith a thabhairt dhuit, ag an bpointe seo. Fágfaidh mé fút fhéin é, ach amháin a admháil, go gcaithfidh mé a rá, gur bhain sé mealladh asamsa, leis an gcríoch a chuir sé ar an scéal seo.
Ba dheacair é a bhualadh, ar a chorraíthí, is ar a scannrúla is atá sé. Scéal ag cur thar maoil le teannas (tension), le cruáltacht, agus le mídhaonnacht (inhumanity). Bainfidh tú taitneamh as.
*******************
Peadar Bairéad.
*******************
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.