Is túisce deoch ná scéal

Is túisce deoch ná scéal

A Phádraig, a chara,

B’fhéidir nach bhfuair tú an píosa seo uaim an babhta deiridh. Ach ar eagla na heagla, seo chugat arís é!

ó

Peadar Bairéad.

*****************************************

Is túisce deoch ná scéal!

.

Thíos i lár na cathrach anseo i gCill Chainnigh a bhí mé, an lá faoi dheireadh, nuair a chuala mé an scread caol, ard, taobh thiar díom.

Thuig mé ar an toirt, go mba é mo sheanchara, Séimí a’ Droichid, a bhí ann, agus gur chosúil go raibh scéal mór, scannraitheach, ag teacht idir é fhéin agus codladh na hoíche…

“Go réidh ansin” ar seisean, “agus nach ort atá an deifir, chomh luath seo sa lá. N’fheadar an mbeadh an tart ag cur as duit, agus tú ag réabadh leat trí na sráideanna, faoi mar ba bhuachaill óg thú!”

“An tú fhéin atá ann,” arsa mise, á fhreagairt. “Eachtra siopadóireachta a bhí idir lámha agam fhéin, agus mé ag iarraidh an gnó a dhéanamh, sára mbeadh an áit plódaithe le idir thurasóirí agus dúchasaigh. Ach le filleadh ar do cheist. Bhuel, anois, ó chuir tú im’ cheann é, déarfainn, le fírinne, go bhfuil ábhairín beag, bídeach, den tart diabhalta céanna sin, ag triomú cúl mo sceadamáin.”

Is túisce deoch na scéal

“Más mar sin atá an scéal agat, b’fhéidir go mbeadh tú sásta seal gearr a chaitheamh, in éineacht liom, istigh anseo sa Smugairle Róin, mar a dhéanfaidh Tóin Mhór fhéin freastal fial orainn, fad is atá cúrsaí an tsaoil mhóir á gcíoradh againne.!”

Isteach linn go díscréideach, agus, nach orm a bhí an t-ionadh, nuair a chonaic mé go raibh an áit istigh dubh le daoine chomh luath sin sa lá. Isteach sa Chailleach a chuamar, nó theastaigh uainn beirt, ár gcomhrá a dhéanamh, gan éinne bheith ag éisteacht linn, nó ag cur isteach orainn.

“Aon scéal nua agat, A Shéimí, a chara?”

arsa mé fhéin, go deas réidh, chomh luath is a bhí dhá ghloine ghealgháireacha ag spréacharnach, is ag miongháirí, os ár gcomhair amach, ar bhoirdín dea-dheartha na Caillí.

“Diabhal scéal nua ar bith agam, ach tá an seanscéal céanna ag dó na geirbe fós agam!”

Páirceáil sa Chathair!

“Agus cén scéal é fhéin?” arsa mise arís, agus mé ag iarraidh scéal a mhealladh uaidh.

“Cén scéal? adeir tú. Cén scéal, an ea? Nár léigh tú i Kilkenny People na seachtaine seo caite, faoi chúrsaí páirceála, anseo sa Chathair Álainn?”

“Níor léigh, muis! nó tharla go raibh muid as baile, ar saoire, le scathamh anuas anois, ach céard a bhí le léamh i ‘People’ na seachtaine seo caite?”

“Cúrsaí Páirceála a bhí idir chamáin arís ag lucht an Bhardais s’againne.”

“Ach nach gnáth-scéal é sin, ag an dream céanna?”

“Tá an ceart agat sa mhéid sin, ach an babhta seo, chuaigh siad thar fóir ar fad. An bhfuil a fhios agat céard tá molta acu anois?”

“Níl, muis!”

Crúite, sniogtha!

“Bhuel, tá molta acu anois, go ndéanfaí iarracht eile ar ghluaisteánaithe na dúiche seo a chrú tuilleadh. Agus nach bhfuil a fhios ag an Lá, go bhfuil siad crúite go bun na dúide, cheana féin, ag chuile údarás sa tír gortach seo, a dteastaíonn pingneacha breise uathu, le seo a dhéanamh, nó le siúd a dheisiú. Crúnn an Stát iad, nuair a cheanaíonn siad an carr, agus chuile bhliain ina dhiaidh sin, trí cháin bóthair a ghearradh orthu, agus lena chois sin ar fad, nach sacann siad a lámh ina bpóca arís, chuile bhabhta a chuireann siad braoinín peitril isteach in umar a gcairr, agus fiú, nuair a chuireann siad an carr isteach sa gharáiste, lena dheisiú, nó le caoi a chur air, nach mbíonn an Stát ag fanacht ansin, lena cháin bhreisluacha fhéin a ghearradh ar an mbille sin freisin. Sea, agus crúnn na hÚdaráis Áitiúla iad freisin, am ar bith a dteastaíonn pingneacha breise uathusan, agus déanann siad sin, trí táille pháirceála a ghearradh orthu, am ar bith a ndéanann siad a gcarr a pháirceáil ar shráid, nó in ionad poiblí páirceala.”

Imithe thar fóir?

“Ach a Shéimi, nach gnáthrud é sin, agus nach ndéantar amhlaidh i mbailte agus i gcathracha, ó cheann ceann na tíre?”

“Déantar, ach dúirt mé go ndeachaigh siad thar fóir ar fad, an babhta seo, nuair a mhol duine eicínt go sacfaí an gluaisteánaí isteach i bpríosún, mura mbeadh sé toilteanach an táille páirceála sin a íoc!! Ar chuala éinne riamh a leithéid?”

Ag an bpointe sin, bhí sé soiléir go raibh mo Shéimí bocht an-chorraithe, agus bhí an dá mhuc ghránna úd ar a mhalainn chomh dearg le fuil, agus bhí faitíos orm fhéin go dtitfeadh mo chara bocht gan aithne, gan urlabhra, istigh ansin i gCailleach an Smugairle Róin.

Níor thit, áfach, ach is amhlaidh a sheas sé, shloig a raibh fágtha ina ghloine, agus amach an doras leis, faoi mar ba chat scólta é! gan fiú beannú roimhe nó ina dhiaidh.

Caithfhidh mé a admháil áfach, gur fhág sé ábhar smaointe agam fhéin, sea, agus ábhar freisin don alt seo.

Peadar Bairéad

     .

Is túisce deoch ná scéal

La Cuesta Encantada Hearst Castle………..

La Cuesta Encantada, nó, an Cnocán Draíochta.

(Hearst Castle)

Peadar Bairéad

.

Bóithrín na Smaointe

Ar mo thaisteal siar dom ar bhóithrín na smaointe, tháinig mé ar na píosaí a scríobh mé, blianta fada ó shoin, faoi’n gcuairt a thugamar ar an gCnocán Draíochta úd, le linn dúinn bheith ar saoire thall sna Stáit, agus muid ag fámaireacht linn ó iontas amháin go hionas eile, i Stát ollmhór Chalfóirnia. Agus ó tharla gurbh fhada muid ag éisteacht le scéalta faoi Chaisleán draíochta Hearst, a dhear an t-ailtire cáiliúil, Julia Morgan, in óige na haoise seo caite, shocromar ar chuairt a thabhairt ar an bhfoirgneamh cáiliúil, stairiúil, sin.

Shaothraigh George Hearst lear mór airgid trí mhianadóireacht, a cheaduair, agus ansin trí thailte a cheannacht go dtí go raibh rainse ollmnhór aige thart ar San Simeon, tailte a cheannaigh sé, amannta, ar sheachtó Ceint an acra! Phós sé Phoebe Apperson, agus bhí mac amháin acu, mac a rugadh ar an 29u lá d’Aibreán 1863, ar ar bhaist siad William Randolph. Ó tharla go raibh raidhse airgid ag George, bhí ar chumas a mhná Phoebe, Willie óg a thabhairt lei ar an ‘Grand Tour of Europe’, turas a mhair ar feadh ocht mhí dhéag, agus thug sin deis do Willie óg eolas a chur ar chúrsaí cultúir agus ealaíon na Mór Roinne sin, rud a chabhraigh le William fís a chruthú ina aigne fhéin, ar shaol inmhianaithe, ealaíonta, a raibh sé sásta an chuid eile dá shaol a chaitheamh ar a tóir. Chláraigh sé mar Mhac Léinn i gColáiste Harvard, sa bhliain 1882, agus bíodh gur chaith sé tréimhse fada ansin, mar ar léirigh sé a shuim i gcúrsaí cultúir agus ealaion, níor éirigh leis céim a bhaint amach. D’fhág sé Harvard ina dhiaidh agus chuaigh le hIriseoireacht, agus ba ghearr go raibh tionchar ollmhór aige ar chúrsaí iriseoireachta ó cheann ceann na Stát. Phós se Millicent Wilson agus é ina dhaicheadú bliain, agus bhí cúigear clainne orthu, agus sa bhliain 1919, roghnaigh William Randolph Julia Morgan mar ailtire, le príomh-theach agus tithe do chuairteoirí a thógail ar San Simeon, a Rainse ollmhór. Roghnaigh sé an Cnocan Draiochta mar shuíomh do na foirgintí sin, nó La Cuesta Encantada’, mar a bhaist William Randolph fhéin air. Mar sin, bhí ceithre theach i gceist, i ndáiríre, an Príomhtheach, nó an Casa Grande’, agus trí theach so chuairteoirí, nó tá’s againn anois, go raibh nós aige cuireadh a thabhairt do mhaithe móra agus d’uaisle na cruinne, seal a chaitheamh ina fhochair ar an gCnocán Draíochta ansin ar a Rainse ollmhór ar San Simeon.

Réaladh físe

Chuaigh sé fhéin agus a Ailtire Julia Morgan i mbun oibre sa bhliain 1919 agus throid siad a slí trí dheacrachtaí iomadúla le críoch a chur lena bhfís, sa bhliain 1947. Ach cailleadh William fhéin sa bhliain 1951, sára raibh am aige, i ndáiríre, suí síos agus pléisiúr a bhaint as toradh a shaothair, agus le comhlíonadh a fhíse a fheiceáil, agus le taitneamh a bhaint as. Ach murar bhain William Randolph fhéin lán-taitneamh as a chaisleán álainn ar an gCnocán Draíochta úd, ní hionann sin is a rá nár bhain an saol mór is a Mham taitneamh agus sásamh as foirfeacht, agus áilleacht na físe a chruthaigh sé fhéin agus Julia Morgan ar an gCuesta Encantada, ansin i Stát ollmhór Chalafórnia agus mar chloch phréacháin ar sin uilig, cuirtear ar a gcumas breathnú ar na saothair ealaíne, agus ar na seandachtaí uilig, a bhailigh Hearst ó cheann ceann na cruinne, lena chaisleán álainn a mhaisiú, agus dá chruthú sin, tagann thart ar mhilliún duine ar chuairt chuig an Caisleán úd, chuile bhliain.

Bhásaigh Hearst sa bhliain 1951, in aois a hocht mbliana is ceithre scór agus sa bhliain 1957 bhronn an ‘Hearst Corporation’ an ‘San Simeon esate’ ar Stát Chailifóírnia, lena oidhreacht a chaomhnú, a chosaint, agus a fhorbairt, agus chuige sin, sa bhliain 1958, deineadh Hearst Castle a oscailt, a chéaduair, don phobal, mar Shéadchomhartha Náisiúnta, agus ón lá sin amach, tugann breis is milliún cuairteoir aghaidh ar an suíomh sin ar an gCuesta Encantada, chuile bhliain, le radharc a fháil ar ‘the Hearst San Simeon State Historical Monument’ sin.

.

Is túisce deoch ná scéal

Leim an da Mhile – 2.

Léim an dá Mhíle…Cuid a Dó.

…..(Seanmóir a thabhairt)…..

Peadar Bairéad

irmheas ar ‘Léim an dá Mhíle’ leis an Athair Pádraig Ó Fiannachta..

  (ar leanúint ón tseachtain seo caite.)

.

Seanmóir á thabhairt

Samhlaítear don bhfile go raibh Críost ag labhairt sa Daingean an lá úd…

Ní os comhair an tsáipéil

A bhí Críost ag caint an lá úd,

Ach thiar ag Bun Calaidh

Agus amuigh ar Cheann an Ché.

.

Ainmníonn sé na daoine a bhí ar an bhfód don ócáid, daoine ón áit ba ea a bhformhór. Bhí Aspail ann freisin, bhí Síomón agus Aindí beag i mbun a mbáid agus a líonta. Bhí oíche caite acu ar thóir na scadán, ach ruball scadáin fhéin ní bhfuair siad, agus anois bhí siad suncaithe, sáraithe.

Seanmóir á thabhairt

D’iarr Iosa ar Shíomón teacht i gcabhair air lena bhád. Rinne. Agus thug Íosa Seanmóir uaidh as tochta an bháid sin.

Labhair Íosa leo faoi éisc agus faoi iascaireacht, rud a chuir ionadh ar dhaoine, nó nár shiúinéir é mac Iosaef? Nuair a bhí deireadh ráite aige, d’imigh na daoine, ach d’fhan na hiascairí, agus d’iarr Íosa orthu buaileadh amach píosa, “Agus déanaíg cor” ar seisean. Rinne, agus ba ghearr go raibh na líonta lán go scóig le héisc. Ghlaoigh Síomón ar Shéamas agus ar Eoin, agus ba é deireadh an scéil é nó go raibh…

“Na báid lán agus na líonta slán.”

Ag an bpointe sin, thuig Íosa go maith, go raibh Síomón gafa aige, agus go ndéanfadh sé iascaire fónta, ar ball, iascaire ar dhaoine.

“Dúirt leis: Tair agus lean mise,

Agus déanfaidh mé iascaire ar dhaoine díot.”

Mac an Duine

Sa chéad chaibidil eile, faigheann muid Íosa agus na hAspail, ag caint faoi Mhac an Duine fhéin. Agus ag breathnú ar Shíomón, labhair sé leis..“Cé adeir siad is mé?” ar sé leis. Cuid acu Eoin Baiste, a thuilleadh Éilias, Nó duine de na fáithe.” “Cé adeir tusa is mé?” “Is tú Críost Mac Dé Bhí…”

Shuigh an file an beart sin i gCeann Sléibhe. Agus roghnú déanta ag Íosa ar Pheadar, shocraigh sé ar a Eaglais a bhunú ar an bhfear céanna sin. Ina dhiaidh sin, déantar tagairt do eachtraí áirithe eile ó mhisean an Tiarna.

Cuairt ar na hEasláin

Thug sé cuairt ar na heasláin, rud a tharlaíonn go rialta i saol an údair fhéin, nuair a théann sé ar ghlaoch ola agus nuair a thógann sé an Lón Bóthair chucu siúd a bhíonn ina ghátar. Thug Íosa compord agus suaimhneas do na heasláin

“Is mó áras ata i dtigh mAthar.

Raghadsa agus cuirfead áit i gcóir daoibh.”

Ar ball arís, bheannaigh Íosa na créatúir uilig atá curtha i gCill Mhairéad, Reilg an Ghorta.

“Táid anois in aoibhneas na bhFlaitheas.

Is leo Ríocht Dé.”

Nach mar sin a labhraíonn an Tiarna leis an údar fhéin, tráth fhéachann seisean ar an Reilg chéanna sin?

An tArán Beo

Déantar tagairt freisin don tSuipéar Deiridh, nuair a thug an Tiarna a chuid fola agus feola dá Aspail, á rá leo:-

“Is mise an t-arán beo

A tháinig anuas ó neamh.

Má itheann duine an t-arán seo,

Mairfhidh sé go deo.”

Sea, agus nach cóngarach do chroí an fhile an ráiteas céanna sin, nó nach cuid dá shaol laethúil é, bheith ag glaoch ar an bhfuil agus ar an bhfeoil chéanna sin teacht anuas ó na Flaithis agus tamall a chaitheamh os a chomhair amach, ar lic na haltóra, le linn dó an tAifreann a cheiliúradh.

Clabhsúr

Le clabhsúr a chur ar a dhán, críochnaíonn an file an scéal dúinn trí thagairt a dhéanamh don Cháisc, agus don Aiséirí.

“Céad glóir le Dia!” arsa Síomón Peadar,

“Agus canaimis an Hallel.”

B’fhéidir nárbh olc an áit í seo, le críoch a chur lem’ smaointe ar Léim an Dá Mhíle, an dán spreagúil, seo, a chuireann Críost ag taisteal arís inár measc.

B’fhéidir gur mhaith leatsa tabhairt faoi ar do chaothúlacht?

.

.

Is túisce deoch ná scéal

N o l l a i g a C h e a l ú

.

N o l l a i g á C h e a l ú .

.

****************************

.

Skipping Christmas………………………………………………………………………

Le………………………………………………………………………………………………..

John Grisham……………………………………………………………………€12.68.

Foilsithe ag Century sa bhliain 2001.

.

****************************

Tá faitíos orm go bhfuil mé tite ar gcúl le leahair John Grisham, nó tá péire curtha i gcló aige, ó scríobh mé píosa faoina leabhar deiridh. Tá i dtosach, an ceann seo, “Skipping Christmas,” agus tá ceann eile curtha dhe aige ina dhiaidh sin, agus “The Summons” a bhaist sé ar an gceann sin. Níl an ceann deiridh sin léite agam fós, ach chomh luath is a bheidh, bí cinnte, go mbeidh píosa le léamh agaibh anseo in “I mBéal an Phobail”, faoi. Bhuel, nár scríobh mé píosa anseo faoi chuile cheann dá leabhair go dtí seo, agus níl fúm stopadh anois, agus go háirithe, ó tharla gur bhain mé toit agus taitneamh as chuile cheann dá leabhair, go nuige seo.

.

Ní gá dhom liosta iomlán dá chuid leabhar a thabhairt daoibh anseo, nó is dócha go bhfuil a mbunús léite agaibh fhéin freisin, ach ag an am gcéanna, sílim gur chóir dom cupla ceann acu a lua, le cúlra eicínt a líonadh isteach, mar adéarfá. Seo an tríú leabhar déag uaidh, agus tá sé i bhfad níos lú ná na leabhair a scríobh sé cheana. Níl sa leabhar beag seo ach 177 leathanach. Tá an-difir idir “Skipping Christmas” agus na leabhair eile a scríobh sé, in a lán slite eile freisin, nó is scéal Nollaigiúil é seo, sa chiall is fearr den bhfocal sin, agus níl dabht ar bith agam, ach go nglacfar leis an leahar seo mar clasaiceach, amach anseo. Ach ag tagairt do chuid de na leabhair mhór-ráchairte, a shil óna pheann, go dtí seo, cé dhéanfadh dearmad ar “The Firm”, “The Chamber”, “The Runaway Jury”, “The Street Lawyer”, “The Brethren”, nó ar “A Painted House”, gan ach dornán díobh a lua, ach mar adúirt mé cheana, is mór ar fad eatarthu sin agus an leabhar beag seo atá idir chamáin agam. Ach, b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é cupla rud a rá faoin leabhar fhéin, “Skipping Christmas”……..

.

Is iad Luther, agus Nora Krank, príomhcharachtair an scéil seo. Osclaíonn an scéal le

Luther, Nora, agus a n-iníon, ag fanacht ag Aerfort Mhiami, ar Thanksgiving Day, nó tá a n-iníon, Blair, in aois a trí bliana is fiche, ag imeacht uathu, ar a bealach go Peru, mar bhall den Peace Corps….

“The flight would take her to Miami, then to Lima, then by bus for three days into the mountains, into another century. For the first time in her young and sheltered life, Blair would spend Christmas away from home. Her mother clutched her hand and tried to be strong.”

Ar ball, tar éis don iníon dul ar eite, rinne siad roinnt siopadóireachta, agus ba ghearr gur thug siad faoi deara, go raibh brú na Nollag ag tosú cheana féin. Bhí na siopaí ag cur thar maoil, bhí na hionaid pháirceála lán go scóig, agus Santa uileláithreach le feiceáil, agus le clos, chuile áit dá ndeachaigh siad. Chuir an rud seo uilig Luther s’againne ag smaoineamh, ar an am amú, agus ar an strus uilig, a bhain le ceiliúradh fhéile na Nollag. Ach an raibh leigheas ar an scéal?

What a waste, Luther thought to himself. Why do we eat so much and drink so much in the celebration of the birth of Christ?

Ach bhí siad beirt ag smaoineamh ar a n-iníon, Blair bhocht, agus í ar a bealach go Peru, í ag imeacht as an nead den chéad uair, i ndáiríre, agus í ag dul chomh fada sin ó bhaile uathu. An mbeadh sí slán, sábháilte, thíos ansin sa dufair? Ar bhaol di? Agus an raibh rud ar bith a d’fhéadfaidís a dhéanamh, le cabhair nó cúnamh a chur ar fáil di? Ba ghearr gur tuigeadh dóibh nach raibh. Bhí sí imithe. Bhí uirthi teacht i dtír ar a chonlán fhéin feasta. Ach níor chuir sin deireadh leis an imní a bhí orthu beirt fúithi.

“Stop worrying, okay? The Peace Corps wouldn’t send her into a dangerous place”

“It wont be the same.

“What?”

“Christmas.”

It certainly will not, Luther almost said. Oddly he was smiling as he worked his way through traffic.

Tuige a’ raibh sé ag chomh sásta sin leis fhéin? adéarfadh duine, b’fhéidir.

Bhuel, bhí plean áiféiseach, míréasúnta, corraitheach, ag neadú i gcistin a aigne, plean a mbeadh air tamall a chaitheamh á fhorbairt, agus á scrúdú. Nuair a bhí a bhean ina cnap codlata, an oíche sin, thug sé an íoslach air fhéin, nó bhí obair le déanamh aige..

“An hour later he was in his basement office, at his desk with files open, the computer humming, spreadsheets in the printer, an investigator searching for evidence. Luther was a tax accountant by trade, so his records were meticulous. The evidence piled up and he forgot about sleep.”

Sea, ach céard a foilsíodh dó ina chuid taighde? An bhfuair se fuascailt a fhaidhbe ansin i lár na hoíche, agus é leis fhein, thíos san íoslach staidéir sin?

Bhuel, tuigeadh dó go bhfuair, agus bhí sé cosúil leis an gcat a d’ól an t-uachtar.

Sea, ach céard é go díreach a fuair sé?

.

Nuair a chuaigh sé siar ar a chuntais don Nollaig roimhe sin, fuair sé amach, gur chaitheadar $6,100.00 ag ceannacht na Nollag, an bhliain sin.

Sea, agus céard a bhí acu dá bharr?

Tada!

Chuir an scéal sin Luther ag smaoineamh arís, agus é ag iarraidh teacht ar phlean eicínt, leis an scéal sin a sheachaint don bhliain reatha.

Níos déanaí an mhaidin sin, thug sé cuairt ar Ghníomhaireacht Taistil. Dúradh leis ansin, gurbh é a leas é dul ar chúrsa farraige, agus d’inis an cailín freastail dó, dul ar an gcúrsa sin i Mí na Nollag, nó gurbh í sin an mhí ab fhearr le cúrsa dá leithéid a dhéanamh.

“December is the best time of year for a cruise,” she began, and Luther was already sold. The brochures came in a torrent. She unfolded them across her desk, under his dreamy eyes.”

Cúrsa ar an Muir Chairib a roghnaigh sé, ar deireadh thiar, agus smaoinigh sé ar na laethe breátha a chaithfidís, é fhéin agus Nóra, ag taisteal ó oileán go hoileán, feadh na mara iontaí, rómánsúla, sin.

.

Tuigeadh do Luther freisin, go bhféadfadh sé an tionscadal seo a dhíol le Nóra, tuige nach ndéanfadh, nó nach sásódh cúrsa dá leithéid críostaí ar bith?

Ar ball, tar éis dóibh béile a chaitheamh, rinne Luther a dhícheall leis an bplean seo a dhíol le Nóra, ach bhí sise cinnte go raibh ceataí eicínt sa scéal …

“What’s the catch?”

“The catch is simple. We dont do Christmas. We save the money, spend it on ourselves for once. Not a dime on food we wont eat or clothes we wont wear or gifts no one needs. Its a boycott, Nora, a complete boycott of Christmas”

Bhuel, b’in an plean, agus caithfidh tú a admháil nárbh olc in aon chor an plean é. Agus in áit ceataí a bheith sa scéal, bhí bua thar na bearta ag baint leis an bplean céanna sin.

Cén bua, an ea?

Bhí seo, go ndéanfaidís airgead as an mbeart mínádúrtha sin, sea, agus ní pingneacha beaga atá i gcaeist agam anseo, ach mám maith Dolar!

Conas a d’fhéadfaidís mám Dolar a dhéanamh ar chúrsa costasach farraige dá leithéid, nó nach gcosnódh an cúrsa céanna sin pingin mhaith?

Chosnódh, cinnte, ach dá ndéanfaidís boycott iomlán ar an Nollaig, dhéanfaidís thart ar $6,000.00 a shábháil, agus ansin, ní chosnódh an cúrsa farraige iontach sin ach $3,000.00. Sea, mh’anam, shábhálfaidís breis is trí mhíle Dolar!

Cheannaigh Nóra an plean ó bhun go barr, agus dheineadar na socruithe cuí. Bheidís ag fágaint an baile um mheánlae, ar Lá Nollag.

.

Bhuel, sin cúlra an scéil iontaigh Nollaigiúil seo dhuit, agus nach gceapfá nach bhféadfadh tada cur isteach ar a bpleananna cruinne don chúrsa farraige sin.

Bheadh breall ort áfach, nó baineann an t-údar craitheadh i ndiaidh craitheadh as ruball an scéil chéanna sin, agus chuile chraitheadh acu níos cliste, agus níos inchreidte, ná an ceann eile, sa chaoi gur deacair an leabhar beag seo a fhágáil uait, go dtí go mbíonn an bheatha súite as cnámha an scéil agat. Anois, níl fúm a thuilleadh den scéal a insint dhuit anseo, ar eagla go millfinn ort é, ach mholfainn dhuit an leabhar beag seo a fháil, ar ais nó ar éigean, agus é a léamh. Tá mé cinnte, go mbainfidh tú taitneamh as, agus tá mé ag ceapadh freisin, go dtuigfear duit, ag deireadh thiar, nach mar a shíltear a bhítear go minic, ach mar a chinntítear, agus nach bhfuil sé chomh héasca sin ar fad nós a dhéanamh, nó nós a bhriseadh!

An-leabhar, an-léamh, an-leagan amach.

.

*******************

Peadar Bairéad.

*******************

.

.

.

Is túisce deoch ná scéal

Nollaigí m_óige.

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(Memories of Christmases Past return at this time of year)

Nollaigí m’Óige .

Nuair a smaoiním anois ar Nollaigí m’óige, tagann na cuimhní chugam go mall, míchruinn, doiléir, i dtosach, ach tar éis tamaill a chaitheamh ag iascaireacht i loch doimhin na mblianta, tagann na cuimhní céanna sin ar ais chugam ina rabharta cruinn, soiléir. Rabharta, a chuireann an t-anam ag rince ar lic, sa chroí istigh ionam.

Tar liom, mar sin, siar go deireadh na bhfichidí, go tír álainn ghlé m’óige, go hIorras na nIontas. Is iad na cuimhní a shnámhann isteach chugam anois, ar thonn úd na gcuimhní nó páirceanna loma, scéirdiúla. Ar scáileán na cuimhne, feicim coinlíní geala aníos trí chré dhubh, bhriosc, Iorrais, mar a gcaithimisne, gasúir, ár laethe réamhNollaigeacha ag tóraíocht an dreoilín – agus caithfidh mé a admháil anois, nach mbíodh mórán dreoilíní le fáil againn sna páirceanna scéirdiúla céanna sin. Ba é a cheapainnse fhéin nó go dtéadh dreoilíní Iorrais i bhfolach, an tráth sin bliana, ar eagla na heagla! Bhíodh éanacha eile flúirseach go maith, druideanna, gealbhain, céirseacha agus a leitheid. Annamh mar sin, a d’éiríodh linne teacht ar dhreoilín, in am do Lá ’le Stiofáin, agus ar deireadh thiar, ní bhíodh de rogha againn ach dul amach le laindéar, oíche Lae Nollag, le breith ar shean-ghealbhan codlatach, sa bhundlaoi.

Is soiléir a thagann cuimhní an ullmhúcháin do Lá an Dreoilín chugam anois. Aighthe fidil á ndéanamh agus á ndathú. Bataí, boscaí, agus buataisí á gcuardach. Amhráin, ranna, agus damhsaí á gcleachtadh. Ó, sea, agus gúnaí, hataí, agus bibeanna ár ndeirfiúracha, á dtógáil ar iasacht, do Lá draíochta an Dreoilín.

Bhímis ar ar gcois le moiche na maidine, agus bóthar buailte againn sula mbeadh deis ag gasúir eile na háite, airgead, uibheacha, nó ollmhaitheas na comharsanachta a bhailiú chucu fhéin, mar chreach Nollaigiúil. Bhíodh tús bóthair againne orthu, agus bhímis sásta i gcónaí lenár gcreach, i ndeireadh an lae thiar. Nach ait an scéal é, ach i scannán sin an Dreoilín, ní airímse aon fhuacht, nó sioc, nó sneachta, riamh. Boige, úire, agus Earrachas, a shníonn chugam isteach ar thonn na cuimhne anois, i gcás an Dreoilín chéanna sin

But let's drop it as a story, and let's return to those Christmases of memory, Christmases of dreams, because it was on them that I drew the story, in the first place. When I think of them now, I think first of the Christmas Season. That season, for us, began on the first day of December. On that day, we started with an old Irish custom, the ‘Áibhéanna’ custom. We believed that the one who said five thousand "Aibhés" between then and Christmas Day would get his wish. We were saying them everywhere, at school, at home, on the road and travel, yes, and we would give that wish as a gift to Mom, on Christmas Eve, when she was tired, exhausted, after buying and dressing the Christmas for us.

Other memories that come to me now are:-

 Aonach Mór na Nollag i mBéal an Mhuirthead, ar an 15 Nollaig.
 Margadh Mór na Nollag, ar an Satharn roimh Nollaig, ’chuile bhliain.
 Tine Mhór na Nollag, b’in an tine mhór a lastaí Oíche Nollag.
 Cácaí na Nollag, na cácaí a dhéanadh Mam a fhuint is a bhruith don Nollaig, cácaí a mbíodh rísíní, spíosra, agus deasa deasa eile iontu, lenár gcroí a thógáil, i séasúr beannaithe na Nollag.
 Teas na cistine, maisiúcháin, carthannacht, agus thar aon rud eile, coinneal mhór daite na Nollag.
 Bhí nós beag eile againne, páistí, in Iorras freisin, an t-am sin. Gheobhadh muid boscaí beaga stáin, agus dhéanaimis iad a ghlanadh is a sciúradh, ansin thugadh Mam giota beag taois dúinn as a cáca mór Nollag, agus chuireadh muidinne na giotaí sin á mbácáil dúinn fhéin sa ghríosach. Sa tslí sin, bhíodh ár gcácaí beaga Nollag fhéin againn!

Ní bhíodh aon chrann Nollag againn, nó ní bhíodh crann ar bith ag fás sa dúiche, ag an am, gan trácht ar chrann Nollag. Bhíodh caint ar Dhaidí na Nollag fhéin, nó ar “Santy”, mar a thugtaí air, ach le fírinne, bhí sé éasca go maith dó an beart Nollaigiúil a dhéanamh thiar, na laethe sin, nó níor ró-throm an mála a bhíodh le hiompar aige, ar a thuras chugainne!

Chrochfadh muidinne, páistí, stocaí, cóngarach do pholl a’ bhaic, agus bhíodh éadáil de chineál eicínt le fáil againn iontu maidin lae Nollag…glac milseán, úlla, rísíní, oráiste, agus chomh maith le sin, b’fhéidir go bhfaighfeá féirín beag siopa, ar nós guinnín, ná cairrín, nó a leitheid.

Nár dheacair aon chodladh ar fónamh a fháil Oíche Nollag? Ach, sa deireadh, thitfeadh néal orainn, agus néal eile..agus an chéad rud eile, bheadh na daoine fásta ina suí, agus iad ag fáil réidh don Aifreann!

An stoca! Cuardach i ndorchadas an tseomra! Stoca lán! Ba chuma céard a bhí ann, bheadh cogaint agus spórt againn, i ndiaidh an Aifrinn, agus bhí “Santy” beo fós, cruthú eile go raibh seasmhacht agus buaine sa saol thart orainn, murab ionann is na laethe seo, nuair nach bhfuil buaine ag baint le tada. Ach bhí chuile dhuine ag fáil réidh don Aifreann faoi seo. Ní raibh aon chaint ar bhricfeasta, nó bhí chuile dhuine againn ag dul ar Aifreann ina throscadh. Nár dheas caoin é solas an lampa pairifín an mhaidin bheannaithe sin?

Bhí sé in am bheith ag triall ar an Séipéal anois, mar bhí muintir an bhaile ar a gcois, cheana féin, agus iad ag triall ar an séipéal ina mbuíonta beaga tostacha, agus bhí sé in am dúinne an cleas céanna a dhéanamh.. Ní cuimhin liom báisteach nó sneachta riamh ar mhaidin Nollag; sioc, cinnte; agus spéir lom-lán de réaltóga geala lonracha. Bhí naofacht agus diagacht rúnda ag baint leis an bhfuacht agus leis na réaltóga. Bhí láithreacht Dé le mothú iontu.

Chasadh mná an bhaile orainn. Iad sona, sásta, ag filleadh abhaile ón Aifreann luath, le dul i mbun cócaireachta. Gé a bhíodh againne don Nollaig, an t-am sin. Ní raibh an turcaí i mbéal an phobail, an uair úd. Ní raibh aon chultúr iasachta imithe i bhfeidhm orainn, an tráth sin. Nós trasatlantach is ea nós an turcaí, nach raibh glactha leis fós in Iorras.

Agus i gcás an tséipéil sin, sa Gheata Mór, ní raibh suíocháin ann ach do shiopadóirí, do mhúinteoirí, agus do dhaoine deisiúla eile an pharáiste, ach d’fhanadh an chosmhuintir ar a gcosa! Ach nár chuma. Ba é Teach Dé é, agus fáilte is fiche aige i gcónaí roimh chuile dhuine, pe bocht saibhir é. Ní raibh de sholas sa séipéal sin ach solas na gcoinnle, na coinnle sin a thug solas bog, buí, órga, dúinn, solas a raibh boige, cineáltas, agus teas, ann, solas a raibh draíocht na sástachta ag baint leis.

Deireadh an Aifrinn, agus breacadh an lae, ag teacht i bhfochair a chéile.

Bhuel, sin mar is cuimhin liomsa é.

Bheadh an chuid eile den lá faoi’n dtor againn, faoi mar adeireadh Peig Sayers fadó. Féasta, agus spórt go hoíche againn, agus bí cinnte freisin, go mbeadh a ghuinnín gé fhéin ag beirt againn, i ndiaidh dúinn slán a fhágáil le gé mhór na Nollag, mar, faraoir géar! ní bhíodh ar ghé ar bith ach an dá sciathán!

Agus nach mbeadh lá fada, tuirsiúil romhainn leis an Dreoilín, an lá dár gcionn?

Nár mhéanar a bheith beo, ach nár neamhaí bheith óg, na laethe úd fadó in Iorras thiar, agus go mbeirimid beo ag an am seo arís!

.

*******************************************

N O L L A I G N A h Ó I G E .

Um Nollaig, is na réaltaí ag rince,

Mar a rinc siad i mBeithil fadó,

Filleann chugam smaointe ina dtáinte,

Mar aingil ag canadh a dtráth.

.

An choinneal mhór ghorm ar lasadh

I bhfuinneog na cistineach glé,

Le teaghlach na Maighdine a mhealladh

Trí shioc is trí shneachta na ré.

.

Mo Mham i mbun cácaí is cístí,

Ag fuint is ag bácáil gan stró,

Agus sinne ag spraoi is ag comhrá,

Sa teach beag ceann tuí úd fadó.

.

An tine mhór ghorach dom mhealladh,

Le teas is le bladhairí go hard,

Dom shuaimhniú, dom chiúnú, dom spreagadh,

Lena físeanna geala gan chrá.

.

.

An dtiocfadh San Nioclás ar chuairt chugainn,

San oíche is an réalt Nollag thuas,

Nó an dtiocfadh an Naí is a Mhamaí,

Nuair a luífeadh an teaghlach faoi shuan?

.

Filleann chugam cuimhní na hóige,

Anocht fhéin, is an aois uaim ar strae,

Is molann an gasúr im chroíse

An leanbh a luigh sa mháinséar.

.

.

*******************

Peadar Bairéad.

*******************

.

en_USEnglish