Beart de reir ar mbriathar.l

Beart de reir ar mbriathar.l

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(It is now time to look at the performance of our new Government, so “I mBéal an Phobail” decided to begin the process, this week.)

…Beart de réir a mbriathar…

Is dócha gur cuimhin le roinnt mhaith againn an mana a bhí ag Fianna Éireann fadó mar shlat tomhais dá n-iompar, agus dá ngníomhartha. Trí thréithe a bhí i gceist acu sa chás sin, agus ní gá a rá, gurbh í an tríú ceann an ceann ba thábhachtaí. Seo mar a cuireadh é i ndán Fiannaíochta, nuair a chuir Pádraig ceist ar Chaoilte Mac Rónáin….

Inis dúinn a scéalaí bhinn,

Céard a thug daoibhse an tiarnas,

Nó céard a choinnigh sibh gan mheath

An oiread mhair na Fianna.

.

“Trí tréithe do dhaingnigh sinn,

D’fhreagair Caoilte ciallmhar,

Glaine ar gcroí, ‘gus neart ár ngéag,

Is beart de réir ár mbriathar.

Ní gá a rá gur mór idir inné agus inniu! Go háirithe nuair a scalann muid tóirse ár bhfiosrachta ar chúrsaí polaitíochta, féachaint cé mhéad de na tréithe bunúsacha sin a bheadh le fáil iontu siúd a chuireann rompu leas an phobail a dhéanamh. Ach, nuair a dhírionn muid ár n-aire ar an dtréith is tábhachtaí díoibh uilig, sé sin, beart a dhéanamh de réir a mbriathar. Bhuel, sin ábhar cainte, agus ábhar cáinte, atá go mór i mbéal an phobail, na laethe seo.

Peaca do-mhaite

Anois, is cinnte go maitear a lán don aos polaitíochta, ach tá peaca amháin nach bhfuil an pobal sásta a mhaitheamh dóibh, agus sin geallúintí a bhriseadh, nó nuair nach ndéanann siad beart de réir a mbriathar. Tá an t-ábhar seo tagtha chun tosaigh na laethe seo, go háirithe nuair atá an Rialtas ag iarraidh Buiséad na bliana seo chugainn a dhréachtadh. Anois, cheapfá nach gá na hAindriu Martins go léir seo agus gan idir chamáin acu ach Buiséad a chur i dtoll a chéile, don bhliain seo chugainn. Ach nach minic a chloistear an seanfhocal adeir, nach mar a shíltear a bhítear, go minic, agus nach deacair na seanfhocal céanna sin a shárú, mar bíodh go mbíodh sé éasca go maith Buiséad a chumadh nuair a bhí na múrtha airgid ag líonadh isteach sa Státchiste, lá i ndiaidh lae, ach ní mar sin atá i mblianta seo an ghorta is an ghanntain, nó ní hé amháin nach bhfuil dóthain airgid sa Státchiste le híoc as gnóthaí an Stáit, ach níos measa fós, tá orainn costas rialaithe an Stáit seo a ísliú go mór, agus lab mór airgid a fháil ar iasacht ón ECB agus ón IMF, sa tslí go bhfuil orainn tuilleadh cánacha a bhailiú ón bpobal, agus lena chois sin, tá orainn gearradh siar go mór ar chaitheachas as an Státchiste céanna sin.

Geallúintí le briseadh?

Le freastal ar an dá thrá sin, beidh ar an Rialtas geallúintí a thug, siad le linn a bhfeachtas toghchánaíochta, a bhriseadh, agus peaca marfach na polaitíochta isea an peaca céanna sin, peaca nach maithfear dóibh, agus bí cinnte dhe, go bhfanfaidh vótóirí áirithe lena ndíoltas a bhaint amach orthu sa chéad Olltoghchán eile. Tá geasa ar pholaiteoirí beart a dhéanamh de réir a mbriathar. Nach minic a chloistear, na laethe seo, nach bhfuil an Rialtas reatha ag cur lena ngeallúintí, na geallúintí úd a thug siad agus iad ar thóir vótaí. Gheall cuid acu go gcuirfí deireadh le caimiléireacht de chuile shaghas, agus nach mbronnfaí jabanna ar a gcomrádaithe feasta, bíodh siad oiriúnach don phost, nó ná bíodh. Ach gealladh go gcuirfí postanna ina múrtha ar fáil dóibh siúd a bhí díomhaoin ag an am. Ar tharla a leithéid nuair a sacadh isteach sa diallait iad? Ag magadh atá tú! adeir lucht a gcáinte, mar tá an scéal níos measa anois, adeiridís, ná mar a bhí an tráth sin. Gheall siad freisin go gcuirfí deireadh leis an airgead gan teora a bhí á íoc leis na boic mhóra, agus go gcuirfí srian freisin leis na bónais ollmhóra, agus leis na pinsin arda, a bhí á n-íoc le baill an chiorcail órga.

Cothrom na Féinne

Sea, gealladh go roinnfí go cóir, ceart, cothrom, le chuile shaoránach, agus go dtabharfaí Cothrom na Féinne do chuile dhuine. Ar dheineadar beart de réir a mbriathar? Fágfaidh mé freagra na ceiste sin fútsa, a léitheoir. Tugadh geallúintí eile freisin dúinn, an tráth úd roimh an Olltoghchán. Gealladh dúinn nach n-ísleofaí liúntas ar bith leanaí, agus nach ndéanfaí leatrom ar na boicht, nó orthu siúd a raibh cúnamh an Stáit ag teastáil go géar uathu. Anois caithfidh muid fanacht go dtí lá an Bhuiséid le fáil amach ar coimhlíonadh na geallúintí sin. Ach caithfidh muid a chur san áireamh na ráitis atá á ndéanamh ag lucht an Rialtais, ar na mallaibh, le breith chóir a thabhairt ar a n-iompar, ar a ngníomhartha, agus ar a bpleananna. I ndáiríre, caithfear fanacht go mbéarfar an Buiséad nua sára mbeidh a fhios againn cén cineál beithíoch a bheidh ann.

.

.

Beart de reir ar mbriathar.l

Caillte i gConamara.

Scéalta Aniar

.

Caillte i gConamara…..……....Céadchló…2014

Scéalta Aniar…....arna roghnú ag….... Brian Ó Conchubhair

.

Peadar Bairéad

Díolaim Gearrscéalta

Brian Ó Conchubhair a roghnaigh na gearrscéalta sa diolaim seo agus caithfidh mé a rá, gur chuir mé fhéin suim sna gearrscéalta a roghnaigh sé, toisc gur thug mé faoi deara, go raibh suíomh na scéalta sin an-chosúil leis an dúiche inar tógadh mé fhéin, agus go raibh, idir dhaoine agus crsaí a mbeatha an-chosúil leis an saol a chaití in Iorras agus mise ag fás aníos. Roghnú faoi leith atá anseo againn, nó bhailigh Brian cúig cinn de scéalta le húdair cháiliúla arbh as Conamara dóibh. Tabharfaidh an léitheoir faoi deara, nach ndéanann na húdair roghnaithe aon iarracht ar ghléas a chur ar an gcineál saoil a chaith daoine sna bólaí sin, nó tugann siad léiriú dúinn ar chruatan agus anró a saoil agus a saothair thiar, sa bhfichiú, agus san aonú haois fichead fiú. Is iad na húdair a roghnaigh sé nó Pádraic Ó Conaire, Máirtín Ó Cadhain, Pádraic Breathnach, Joe Steve Ó Neachtain, agus Micheál Ó Conghaile. údair ar de dhlúth is d’inneach na dúiche thiar an cúigear acu, agus níl dabht ar domhan ach go bhfuil an t-údar seo cáilithe don gnó seo, nó is fear é a bhfuil an-tuiscint aige ar shaol agus ar chultúr na dúiche sin.

Saol crua, céasta, anróiteach

saol na cathrach, nó saol an bhaile mhóir fhéin a léirítear sna gearrscéalta a roghnaigh sé don díolaim seo. Ní hea muis! ach an saol crua, céasta, anróiteach, faoi mar a cleachtaíodh é sa dúiche thiar ó thús na haoise seo caite. Breathnaigh ar an gcéad scéal a roghnaíodh, sé sin, Páidín Mháire, scéal a léiríonn go glas, soiléir, saol na mbocht, i limistéir gan mórán gustail, in óige na haoise seo caite. Scéal é seo ar chuir mé fhéin suim ann, ón uair a léigh mé é a chéaduair, breis mhaith is thrí scór bliain ó shoin. Thaitin an scéal liom ó thús, agus bíodh go mba dhuine ann fhéin é Páidín Mháire, ag an am gcéanna, d’éirigh leis an údar, trua dhó a mhúscailt sa chroí istigh ionainn. Éiríonn leis an údar na carachtair a chur ina steille bheatha ar ardán na samhlaíochta os ár gcomhair amach. Feiceann muid na hoibrithe ag obair ar chroí a ndíchill ag tógáil an bhóthair sin idir Chaladh Éamoinn agus Oileán na Trá. Feiceann muid iad, agus cloiseann muid a gcomhrá, agus áthas ar a mbunús go bhfuair siad saothrú ar na hoibreacha Poiblí sin. Ach bhí fear amháin nach raibh ró-shásta leis an saothrú céanna sin, nó iascaire agus bádóir ba ea é, agus b’fhearr leis bheith ag gabil don cheird sin, dá bhféadfadh sé. Cloiseann muid torann na n-ord agus na fir ag tolladh na gcarraigreacha le púdar pléascach a dhingeadh isteach iontu. Ansin téann na fir ar foscadh, ag fanacht don phléasc, agus nuair a tuigeadh dóibh go mba loic a bhí ann, d’fhág siad an foscadh sin agus tháinig amach leis an bpúdar a chartadh, le lán eile a chur ina áit, agus ansin cloiseann muid an phléasc. Gortaíodh Páidín bocht agus chaill sé leath-shúil. D’éirigh leis leathchéad punt cuitimh a fháil, ach ba ghearr a sheas an lab céanna sin, nó chaith Páidín go fánach é, agus ansin, le cabhair eicínt a chur ar fáil dá thuistí, b’éigean dósan dul isteach i dTeach na mBocht.

I dTeach na mBocht

Ba ghearr go raibh sé dall ar fad, agus i ndeireadh na dála, chuaigh sé ar fán ón dTeach agus chaith oíche amuigh, oíche a chriog é, nó ba ghearr a sheas sé ina dhiaidh sin. Ansin bhí sé sa mbéaloideas go mbíodh sé amuigh oícheanta stoirme ag cabhrú le bádóirí teacht i dtír ón mbaol a bhí thart orthu. Bochtaineacht, cruatan, anró, ach ag an am gcéanna, grá, caradas, agus comharsanúlacht, craite mar rísíní trí chiste a mbeatha thiar. Chuaigh an scéal sin chomh mór sin i bhfeidhm orm, gur shocraigh mé ar na scéalta eile a fhágáil fút fhéin le hadhmad a bhaint astu. agus tá mé cinnte go n-éireoidh le chuile scéal acu greim scóige a bhreith ar an gcroí istigh ionat. Fútsa atá sé, mar sin, an leabhar seo a fháil is a léamh, más uait aithne cheart a chur, agus eolas cruinn a fháil, ar shaol agus ar chultúr na ndaoine sa dúiche thiar.    

.

.

Beart de reir ar mbriathar.l

Céide…..I R I S Ó N I M E A L L…

I R I S   ÓN I M E A L L   1

.

Peadar Bairéad

.

(This week we go back to a piece published here some fourteen years ago about the Magazine, CÉIDE ‘A Review from the Margins’.)

CÉIDE

N’fheadar ar léigh tú an iris sin “Céide” riamh? Bhuel! fuair mé fhéin cóip d’eagrán June/July den iris, sin thíos in Inis Crabhann, tamall o shoin, (sa bhliain 2001) agus caithfidh mé a admháil, gur bhain mé taitneamh agus tairbhe nár bheag aisti. Bheadh sé deacair, i ndáiríre, teacht ar iris ar bith eile sa tír seo, i nGaeilge, nó i mBéarla, a bhfuil leagan amach, nó dearadh, níos gairmiúla, níos taitneamhaí, nó níos tarraingtí, uirthi, ná mar atá ar ‘Chéide’ s’againne Ní iris í a ghlacann go héasca le tuairim ar bith, mar is amhlaidh a chuireann sí chuile thuairim faoi thóirse na taighde agus na scoláireachta, nó fiú faoi shúil ghrinn, ghlinn, na céille.

Mo chuidse de, glacaim go ró-éasca, b’fhéidir, leis an eagna oidhreachtúil agus le fís na bhfáithe, le bheith bainteach, go cnámh na huilinne, le fiontar dá leithéid. Ach ag an am gcéanna, ní hionann sin is a rá, nach féidir liom adhmad ar bith a bhaint as plé agus dearcadh irise dá leithéid.

Áisiúil agus suimiúil

Ach le filleadh ar an iris iontach seo, “Céide”, caithfidh mé a admháil, go mbeadh sé deacair ábhar léitheoireachta níos áisiúla don duine gnóthach a fháil. Tá chuile alt ann suimiúil, spreagúil, spéisiúil. Ní thógann sé ró-fhada ort alt ar bith acu a léamh, agus tríd is tríd, bheadh sé deacair stíl na scríbhneoirí, nó ábhar a bplé, a lochtú. Breathnaigh nóiméad ar an gcéad alt, leis an bhfear eagair fhéin, Kevin Hegarty, fear a bhfuil a cháil mar iriseoir, agus mar eagarthóir, imithe i bhfad agus i ngearr, le mám maith blianta anois. Taisí Threasa Naofa fhéin atá idir chamáin aige sa chéad alt sin a luaigh mé, agus cheapfá uaidh, nach mó ná sásta atá sé leis an ómós atá á thabhairt do na taisí céanna sin ag na fíréin.

Rudaí a tharla le déanaí

Déanann sé cur síos ar chuid de na rudaí a tharla le déanaí san Eaglais Chaitliceach Rómhánach.

 Oirniú Ardeaspag, ina sheachtóidí, le bheith ina Chairdinéal san Eaglais sin, onóir atá tuillte ag an gConailleach, toisc a dhílse is atá sé do cheartchreideamh a Naofachta, Eoin Pól a Dó, ach ar an drochuair, is duine é nach dtuigeann go hiomlan, eispéaras na glúine seo.
 Tagairt ansin don bpraiseach a deineadh den chuireadh a tugadh chun na cóisire a tionóladh le bhronnadh hata an Chairdinéil ar an Ardeaspag Ó Conaill a cheiliúradh.

“Both parties wrestled with protocol, like the song “Lanagan’s Ball”

 Ar eagla na míthuisceana, déanfaidh mé athlua ar ghiota as an dtríú pointe…

“The bizarre parade of the relics of St. Therese of Liseux through the Roman Catholic Cathedral cities and towns of Ireland. The organisers of the tour claim that it will have attracted more visitors than Pope John Paul in Ireland in 1979 by its conclusion in June. So that’s all right then?”

Ach ansin déanann sé tagairt do thuairim an Athar Joseph O’Leary,agus é ag labhairt linn on tSeapáin, nuair adúirt seisean gur léirigh an “parade” céanna sin … “theological destitution” na hEaglaise Caitilcí in Éirinn na linne seo.

 Tagairt don mhaíomh atá á dhéanamh go bhfuil Caitlicigh fhaillíocha ag filleadh ar Aifreann Domhnaigh arís, toisc nach sásaítear iad ag bord an tsaibhris agus an ábharachais, ach caitheann Kevin súil amhrasach ar an iompó toirní céanna seo.

Agallamh

Deir an scríbhneoir nach n-éireoidh leis an Eaglais, mura bhfuil sí sásta dul in agallamh oscailte le creidimh, agus le sainaicmí eile creidimh; le brainsí eolais agus léinn; le heolaíocht agus le fealsúnacht; le healaíon agus le litríocht. Ach le sin a dhéanamh, caithfidh sí cineál eile diagachta a cheapadh, cosúil leis an gceann ar dhein Karl Rahner trácht air, blianta ó shoin….

”A theology of the Mysteries of Christ, of the physical world, of time and temporal relations, of history, of man, of birth, of eating and drinking, of work, of seeing, hearing, talking, weeping, laughing, of music, of dance, of culture, of television, of marriage and of family, of ethnic groups and the state of humanity”

.

Ar leanúint, an tseachtain seo chugainn……

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Beart de reir ar mbriathar.l

Cluiche Craoibhe san Iomiant 2012

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Na Cait go Deo !

Nuair a chríochnaigh Cluiche Craoibhe san Iomaint 2012 ar chóscór trí sheachtain ó shin, bhí roinnt áirithe daoine ag ceapadh, go mbeadh an lá ag na Gaillimhigh san athimirt. Ba é fáth ar ceapadh a leithéid nó go bhfacthas do na daoine sin, go raibh na Cait éirithe tuirseach, agus go raibh maolaithe ar a ngoile do bhua agus do bhoinn. Anois, caithfear a admháil go raibh faobhar fonnmhar ar na Gaillimhigh an lá céanna sin, agus nuair a chuireann tú sin lena mbua i gCraobh Laighean, i mbliana, ní haon ionadh go raibh luchóga an amhrais ag creimeadh leo ar mhisneach lucht tacaíochta na gCainneach. Bhí daoine eile den tuairim, go raibh an oiread sin sásaimh agus pléisiúir tugtha don phobal ag iománaithe an Chontae seo, go raibh se an-deacair a bheith ag iarraidh orthu anois Páirc na hImeartha a thabhairt orthu fhéin, uair amháin eile, agus a mórdhícheall iomána a dhéanamh arís, le goile an phobail don iomáint ag an sár-leibhéal taitneamhach sin, a chur ar fáil dóibh, uair amháin eile. Ach, taobh amuigh de na tuairimí sin ar fad, bhí bunús an phobail den tuairim, go raibh idir ghoile agus fhonn fanta ag na Cait fós, agus nach raibh le déanamh ag éinne a cheap a mhalairt ach fanacht go bhfeicfeadh sé an iomáint ar Dhomhnach na Craoibhe.

Neodrach, an ea?

Chomh fada is a bhain sé liom fhéin, is dócha go bhféadfá a rá, gur fhan mé neodrach sa tuairimíocht chéanna sin, ach taobh thiar den neodracht sin, bhí mé ag ceapadh, go n-imreofaí sár-chluiche os ár gcomhair amach i bPáirc stairiúil an Chrócaigh sa chluiche ath-imeartha. Le teacht ar an dtuairim sin, chuir mé san áireamh, scil, misneach, agus fearúlacht na nGaillimheach, nó níl dabht ar domhan ach go bhfuil a gceird foghlamtha go seoigh ag imreoirí na dTreabh, agus ag an bpointe sin ama, is dócha go bhféadfá a rá, nach raibh an dara Contae sa tír seo a d’fhéadfadh a ndúshlán a thabhairt ar pháirc an bháire ach na Cait chróga. Sea, tugadh an dúshlan, agus thug an dá fhoireann Páirc an Chrócaigh orthu fhéin, ar an 30ú lá de Mhí Mheán Fómhair na bliana seo, 2012.

Bhí mé fhéin ar chipíní, ag súil leis an gcluiche céanna sin, nó bíodh gur Iorrasach, as Contae Mhaigh Eo, mé fhéin, agus bíodh nach bhfaca mé cluiche iomána, nó camán, nó sliotar fhéin fiú, agus mé ag fás aníos sa dúiche sin, chuir mé aithne ar na hearraí céanna nuair a thosaigh mé ar mo chuid meánscolaíochta i gColáiste Cónaithe, cóngarach do Bhall Álainn, sa Chontae céanna sin, agus geallaimse dhuit é, nár ró-éasca an cluiche le foghlaim é, ag an aois sin, ach mar sin fhéin, thug mé faoi, le fonn, agus d’fhéadfá a rá gur fhoghlaim mé an chuid ba mhó de scileanna an chluiche canna sin, agus b’in rud a chuir ar mo chumas, taitneamh agus pléisiúr a bhaint as bheith á imirt agus as bheith scathamh eile ar an gclaí, ag breathnú ar iontaisí sciliúla an chluiche sin. Agus sin an fáth a bhfuil mo chroí sáite fós in ealaíon agus i scil na hiomána, agus i scil cheardúil na mbáireoirí.

Ar an ‘Long Stand’

Labhair mé anseo, seachtain ó shin, faoi’n lá iontach sin a bhí agam, i Meán Fómhair na bliana 1951, agus mé sáite istigh ansin ar an Long Stand’ i bPáirc an Chrócaigh, ag breathnú ar fhoireann Mhaigh Eo ag sciobadh na Craoibhe sa Pheil leo, an lá sin. Bheul, an babhta seo, bhí mé suite cois tine, sa bhaile, i gcathair Chill Chainnigh, agus geallaimse dhuit é, gur bhain mé níos mó pléisiúr agus taitneamh as an gcluiche sin mar a bhain mé fiú, as bua Mhaigh Eo sa bhliain 1951! Ach, Fair Play do na Cait! Níor chaill siad riamh é. D’éirigh leo an Chraobh a sciobadh leo arís, an la cinniúnach sin. A Chonách sin orthu! agus gura fada buan iad mar sheaimpíní Éireann san Iomáint.

Beart de reir ar mbriathar.l

Cuairt Dé

Cúirt Dé ar Chuairt

Nach deacair don Chríostaí a chreidiúint, go bhféadfadh a Dhia teacht ar chuairt chuige, i bhfoirm Abhlainne, agus ar bhealach míorúilteach, go dtarlaíonn ionchollú an Tiarna ansin os comhair a dhá shúl, chuile bhabhta a ghlacann sé an Chomaoineach Naofa? Cinnte, is cuimhin linn uilig an uair úd ar dhein an Tiarna tagairt don chaoi a raibh sé chun a Chorp fhéin a thabhairt mar fheoil dá lucht leanúna, agus go raibh sé chun a chuid Fola a dháileadh orthu mar dheoch, mar, ar seisean, ní bia go feoil mo cholainne, agus ní deoch go fuil mo chroíse. Sea, agus mairfidh an té a chaithfidh an bia agus an deoch sin go deo na ndeor.

Bhuel, nuair a chuala a lucht éisteachta sin, shocraigh roinnt mhaith acu é fhéin is a bheatha shuthain a thréigint, feasta, nó nár dheacair a raibh á rá aige a chreidiúint? Ní dócha gurbh é sin an cineál beatha, nó Ríochta, a bhí i gceist, nó á lorg, acusan. Nárbh fhearr i bhfad, dá mbeadh i gceist ag an Máistir na Rómhánaigh a ruaigeadh as a dtailte?

Creideann muidinne ar dhúirt Sé áfach, agus mar sin, tá muid sásta an bia neamhaí seo a chaitheamh, agus sa “dáinín” seo a leanas, tuigtear go ndéanann an bia ainglí seo sinn a athrú ó bhonn, díreach mar a creideadh fadó, go bhféadfaí ór a dhéanamh as gnáthmhiotail trí Chloch an Fheallsaimh a chuimilt leo. Sa chaoi chéanna, éiríonn lenár mbaisteadh beatha ar leibhéal níos aoirde ar fad a chur ar fáil dúinn, sa chaoi go bhfuil ar ár gcumas feasta, bheith páirteach i mBeatha na Tríonóide, tri roinnt an Spioraid Naoimh linn. Agus ar bhealach, nach bhfuil, Cúirt Neimhe ina suí, istigh ansin, i ndorchadas ciúin, doshroichte, ár mbeithe, don tréimhse a fhanann an Tiarna linn, agus mar sin, nach ionann is Oisteanóir an Críostaí, tar éis dó Comaoinach Naofa a ghlacadh. Sea, agus nach cosúil, ar bhealach, an Chomaoineach chéanna sin agus Sláníoc na Neamhbhásmhaireachta, ar chaith feallsaimh na Síne a ndúthracht á lorg, fadó.

O i s t e a n s ó i r .

.

Tráth glacaimse Comaoineach Naofa,

Is nuair a shuím sa tSéipéal, liom fhéin,

Ní ghnáthdhuine mise feasta,

Ach Oisteansóir soilseach faoi réim.

.

Nuair a luchtaítear m’Oisteansóir liosta

Leis an Ahlainn ghlan, ainglí, bhán,

Sea déantar ór buí dem’ luaidhe,

Is scalaim go drilseach, gan cháim.

.

Is umhlaíonn aingil go béasach,

Is canann Cór foirfe na Naomh,

Nuair a thagann mo Dhia ar chuairt chugam,

Suíonn an Chúirt Diaga i m’ chroí.

.

Ní mhaireann an mhíoruilt i bhfad, ámh,

Nó tá fairsinge m’anama ró-chung

Le Cúirt Dé, na Naomh, is na n-Aingeal,

A choinneáil faoim’ dhíonsa go buan.

.

Ach fillfidh Sé arís chugam amárach,

Is blaisfeadsa bia na Naomh,

Nuair a thiocfaidh mo Dhia ar chuairt chugam,

Beathóidh sé m’anamsa go fial.

.

Is fanfaidh liom cuimhne na cuairte,

Is mé ag streachailt le stró is le buairt,

Is cuimhneod ar Sholas na Soilse,

Nuair a thiocfaidh mo Thiarna ar chuairt.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish