I  mBéal  an  Phobail.rtf Toghchain anois is fado

I mBéal an Phobail.rtf Toghchain anois is fado

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Elections and Memories, past and present

Ba bheag a bhí i mbéal an phobail le ráithe anuas anois, ach caint faoin toghchán, an toghchán a bhí againn sa tír seo, tarraingt ar thrí sheachtain ó shoin anois. Ní dóigh liom go bhfaca mé an pobal s’againne riamh chomh corraithe, chomh tógtha, chomh dealaithe, is a bhí siad, le linn toghchánaíochta, is a bhí siad, ar na mallaibh. Ní raibh lá dá dtáinig nach raibh orainn cur suas le cláracha toghchánaíochta, ar theilifís agus ar raidió, agus chaithfeadh duine a rá, nach raibh cuid de na clárcacha céanna sin thar mholadh beirte. Bhí cláracha, a bhí in ainm a bheith ina ndíospóireachtaí, ach b’annamh a tugadh saoirse cainte don té nach raibh guth toirniúil trodach aige. Tríd is tríd, níor ghnáth dhíospóireachtaí a bhí ar siúl i rith an fheachtas toghchánaíochta céanna sin. Níorbh ea muis! ach cath fuilteach focal, sea, agus geallaimse dhuit é, nach í an bhó mhaol a bhuafadh cath dá leithéid, níorbh ea, ach bullán na n-adharc géar. Ach sin scéal eile ar fad, agus tá mé ag ceapadh go bhfillfidh mé ar an ábhar sin, amach anseo, ach ní chuige sin atá mé, an babhta seo, ach chuige seo. An bhfaca éinne riamh an oiread sin póstaeir agus pictiur, an oireadh sin bolscaireachta agus stocaireachta, is a bhí leata os comhair an phobail amach, i rith an fheachtais sin? Bhí sé deacair freisin, nuachtán nó iris a léamh, i rith an ama sin, gan teacht ar pholaiteoirí ag iarraidh a mbuanna mar Theachta a chur in iúl. Sea, agus nuair a shuífeá síos os comhair an teilifiseáin, le seal a chaitheamh ag éisteacht le clár taitneamhach teilifíse, ba ghearr i mbun na hoibre sin thú gur tuigeadh duit, go raibh a chlár oibre fhéin ag an láithreoir fiú, bíodh go mbeifeá ag súil nach luífeadh seisean, nó sise, ar thaobh amháin, nó ar an dtaobh eile. Ach, ní mar a shíltear a bhítear go minic, geallaimse dhuit é.

Balance ?

Is dócha gur chuimhin le chuile dhuine againn an Seó Déanach, nuair a cuireadh triúr saineolaí os ár gcomhair, le ceist an toghcháin a phlé go ciallmhar, meáite, sa chaoi go mbeadh a dtuairimí mar shlat tomhais ag na héisteoirí agus iad ag iarraidh teacht ar thoradh ár bhfadhbanna polaitíochta. Ach céard a tharla? Bhuel, in áit a raibh uainn a fháil, is amhlaidh a rinne cuid de na cainteoirí chuile iarracht ar a ndearcadh fhéin a chur ar a súile, scun scan, don lucht féachana. Caithfidh mé a rá, nach raibh mé ag súil le céapair dá leithéid, ar chlár chomh tromchúiseach, agus é faoi stiúir dhuine de na láithreoirí is cleachta amuigh. Ach, arís, sin scéal eile, do lá eicínt eile. Bhuel, is é críoch an scéil sin é, nó go raibh an toghchán seo chuaigh thart, ar cheann de na toghcháin ba mhó poiblíochta agus bolscaireachta ó bunaíodh an Stát daonlathach s’againne.

Ach céard faoi na toghcháin a bhíodh acu, blianta ó shoin?

’32 Memories

Bhuel, is dócha nach bhfuil mórán daoine sa timpeall, sa lá atá inniu ann, a bhfuil cuimhne acu fós ar thoghchán ’32! B’in bliain iontach, chorraitheach, spreagúil, anseo in Éirinn. Mar is eol do chách, tionóladh an Chomhdháil Eochairisteach in Éirinn, an bhliain chéanna sin. Tháinig maithe móra na hEaglaise, agus an Stáit, le chéile i mBaile Átha Cliath, an bhliain sin, agus rinneadar craobhscaoileadh an Chreidimh i measc na nGael, cúig chéad déag bliain roimhe sin, a cheiliúradh is a chomóradh. Is cuimhin liom fhéin na bratacha uilig a fheiceáil ar foluain os cionn na dtithe, thiar in Iorras fhéin, an tráth úd, bratacha an Phápa agus an Bhrathach Náisiúnta ar foluain taobh le taobh, ó cheann ceann na tíre sin. Is cuimhin liom freisin an Mháistreás ár dtabhairt ón scoil go dtí an Séipéal, le cupla paidir a rá leis an ócáid sin a cheiliúradh, agus is cuimhin liom fós í á rá linn, go raibh seainsín beag caol ann, go mbeadh duine nó beirt againne, páistí, ar an saol fós, nuair a tharlódh ceiliúradh an séú céad déag de theacht na Críostaíochta go hÉirinn, ach nach raibh dabht ar bith uirthi, ach go mbeadh sí fhéin ag tabhairt an fhéir, faoin am sin!

Those Orators

Ach, fillimis ar na toghcháin. Is cuimhin liom fós na hóráidí taobh amuigh den tSéipéal, maidin Domhnaigh, agus na hóráidí tromchúiseacha á dtabhairt i lár an Aonaigh, i mBéal an Mhuirthead, sea agus corrdhuine ag béiceadh rudaí cosúil le…. ‘Céard faoi Document Number Two?’ ‘Up Dev!’, ‘Cé scaoil Michael Collins?’ nó arís, rud cosúil le.. ‘Cé ghoid coirce Mrs Lyons?’ Rudaí nár thuig mé fhéin in aon chor, ach, dhealródh sé gur bhain na daoine fásta an-spraoi go deo as an dtrasnaíl chéanna sin.

I ndiaidh an Toghcháin áfach, nuair a briseadh ar Chumann na nGael, sin an t-am a raibh an ceiliúradh, is an cómhaíomh, sna bailte a thacaigh le Dev. agus an brón is an bhuairt ar na bailte a thacaigh leis an tSaorstát. Is cuimhin liom fós gur mháirseáil slua mór daoine ó na bailte poblachtacha, lena ndrumaí, lena bhfliúiteanna, agus lena mboscaí ceoil, agus isteach leo trí bhailte a thacaigh leis an tSaorstát. Ba bheag nár dódh an teach s’againne an oíche chéanna sin, ach sin scéal eile, do lá eicínt eile. Sea, mh’anam! bhí daoine tumtha go dtí an dá chluais as pholaitíocht, an tráth úd, ach is dóigh gur fhoghlaim daoine ciall, le himeacht aimsire, agus gur tuigeadh dóibh go mbeadh orthusan leanúint leo ag sclábhaíocht, cuma cé bhuafadh, nó cé chaillfeadh sa toghchán. Ba iad na Teachtaí tofa a bhain an sochar ba mhó as a mbua, agus a chonách sin orthu!

      

.

I  mBéal  an  Phobail.rtf Toghchain anois is fado

I mBéal an Phobail D_imigh sin is thainig seo

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

D’imigh sin is tháinig seo

.

Nuair a bhreathnaím thart orm, sa lá atá inniu ann, agus nuair a thugaim faoi deara, na hathruithe ollmhóra uilig atá tagtha ar an saol, ó bhí mise im’ ghasúr agus mé ag fás suas in Iorras na nIontas, samhlaítear dhom, gur beag duine geal a tháinig trí athruithe chomh mór sin lena linn.

“Tuige sin?” adéarfadh duine, b’fhéidir.

Toisc go raibh an saol as ar fáisceadh mise gar go maith do shaol na meánaoiseanna, agus ar an ábhar sin, bhí turas na gcéadta bliain le taisteal agamsa, le bogadh isteach i ndomhan iontach, draíochta, na ré seo ina mairimid anois.

“B’fhéidir gur mhaith leat spléachadh a thabhairt dúinn ar an gcineál saoil a bhí i dtreis, tráth raibh tú id’ bhunóc, tarraingt ar cheithre scór bliain ó shoin anois?”

Ní raibh mé ach ag fanacht le gaoth an fhocail! nó, mar is eol do chách, is breá go deo le mo leithéidse bheith ag insint, agus ag snasú scéalta a óige.

Saol eile ar fad

Saol difriúil ar fad a bhí ann an tráth sin, agus tá sé beagnach dodhéanta comparáid ar bith a dhéanamh idir an dá shaol sin, nó bhí saontacht, simplíocht, agus soineanntacht, ag baint le pobal na ré sin. Bhí siad bocht, ó thaobh gustail de, i gcomparáid le pobal an lae inniu, ach ó tharla go raibh chuile dhuine chomh bocht lena chéile, níor thug éinne a bhochtaineacht fhéin faoi deara. Ba bheag a bhí uathu le blas a chur ar chúrsaí a saoil. Braoinín tae, gráinnín siúicre, agus ruainnín tobac! agus d’fhéadfaidís iad siúd a cheannach le toradh na feirme; sicíní, uibheacha, nó párdóg prátaí; agus gan le déanamh acu ach a leithéid a dhíol le fear an tsiopa. Ní raibh innealra le cabhrú leo amuigh sna goirt ach ag an gcorrdhuine, agus má bhí sclábhaíocht le déanamh, dhéanaidís fhéin é, leis an spád, leis an speal, leis an sleán, nó leis an sluasaid fiú. Ní call dom a rá, go mbíodh asail acu, agus capall, fiú, ag an gcorr dhuine, agus bhainfí úsáid as na na créatúir chéanna sin, le móin agus féar a tharraingt chun na hiothlainne, agus le treabhadh nó fuirse a dhéanamh, agus ar deireadh thiar, nárbh é an capall a tharraingíodh na cónraí ar chairt chun na reilge dóibh.

Leas Farraige

Ó tharla go raibh cónaí ormsa in aice na farraige, bhí dlúth-bhaint againne leis an bhfarraige chéanna sin. Bhaintí leas ar na carraigreacha cois trá, le linn rabhartaí móra an Earraigh, sea, agus uaireannta, thagadh an leas farraige céanna sin isteach le tonn, agus ní bhíodh le déanamh ag daoine ansin, ach dul agus é a tharlú leo abhaile, le cur ar phrátaí, nó ar mhóinéir, agus ba dheacair an leas farraige céanna sin a bhualadh sa chré ghainmheach, a bhí coitianta sa dúiche sin. Tráth eile, dhéanfaí faochóga, báirneacha, cluisíní agus a leithéid a phiocadh cois trá, len iad a dhíol, sea, agus sleabhac agus carraigín mar a gcéanna, nó b’fheamainn inite iad na hearraí sin, a raibh an-ghlaoch orthu sna bailte móra timpeall, ag an am.

Ceilp freisin!

Sea, agus cá bhfágfainn an cheilp? Nó san Earrach, nuair a chaití slata mara agus agus leathach, ina bpoirt, isteach ar na tránna sa timpeall, thagadh daoine, leis na hearraí sin a chur ar bruach, agus a chur in airde ar fhallaí ísle, a thógadh siad in aice na duirlinge, len iad a thriomú, agus ar ball ansin, i dtús an tSamhraidh, dhéanaidís na hearraí céanna sin a dhó ansin os cionn na mara móire. Nach againne, gasúir, a bhíodh an spórt agus an spraoi ansin, agus muid ag tabhairt lóin chuig na daideanna a bhíodh ansin, i mbun na dtinte, agus muidinne ag rith tríd na múrtha toite agus deataigh, a dhalladh sinn, agus thaitníodh an boladh iontach sláintiúil a thagadh ó na tinte céanna sin thar barr linne. Ach ní ar mhaithe le spórt nó spraoi a chur ar fáil dúinne a dhéantaí an cheilp sin a dhó, níorbh ea muis! ach lena dhíol leis na Francaigh, a thagadh go hIorras, chuile bhliain, leis an earra sin a cheannach, nó bhí an-ghlaoch air thall, le híodaín a dhéanamh as.

Tithe agus eile

Sea, agus céard faoi na tithe a bhí ag daoine an tráth úd, in Iorras thiar?

Tithe ceann tuí, den chuid ba mhó, a bhí in úsáid i measc phobal Iorrais, na laethe úd, agus ní call dom a rá, nár thithe ró-mhóra a bhí iontu. Bhí iontu, seomra ollmhór, a d’fheidhmíodh mar sheomra suí, mar sheomra bia, mar phárlús, agus mar chistin ag an am gcéanna, agus chomh maith le sin, bhíodh seomra codlata nó dhó iontu freisin. De ghnáth, chodlaíodh na tuismitheoirí i gcailleach shúgáin sa chistin, cóngarach don tine. Aoldaite ar an dtaobh amuigh agus ar an dtaobh istigh a bhídís, agus de ghnáth, ní bhíodh iontu ach fuinneoga an-bheaga, agus d’dhéadfá a rá, gurbh é córas na dtiarnaí talaimh a d’fhág tithe dá leithéid ag pobal Iorrais an tráth sin.

Ach b’fhéidir go dtugann sin spléachadh eicínt dúinn ar an gcineál saoil a bhí sa treis, an tráth úd, agus nuair a bhreathnaím ar shaol an lae inniu, feictear dom go mba iontach iad na hathruithe atá tagtha ar an saol, le mo linnse, agus ní chuireann cúlú eacnamaíochta an lae inniu as dom in aon chor, nó is mór an dul chun cinn atá déanta ag an dtírín s’againne ó bhí mise i mo ghasúr, agus gan dabht ar domhan, éireoidh linn teacht i dtír arís, i ndiaidh dúinn na ndeacrachtaí seo uilig a chloí.

.

I  mBéal  an  Phobail.rtf Toghchain anois is fado

I_m Nóibhíseach dom sna Daichidí 3

I’m Nóibhíseach dom sna Daichidí 3

Peadar Bairéad

(This week we continue to recall memories of Novitiate Days)

.

Cuimhní á gcuartú

Ó chríochnaigh mé an píosa deiridh, bhí mé ag iarraidh roinnt áirithe cuimhní agus eachtraí a ardú ó ghrinneall loch na gcuimhní, áit ar fhan siad go ciúin, réidh, ó mhaireas iad, tarraingt ar sheachtó bliain ó shoin anois. Labhair mé sa phíosa deiridh, faoin rainse mór talún a bhí mar fheirm ag an Nóibhíseacht úd “Cloughballymore. Níor den scoth é, nó ba thalamh cosúil le Boireann an Chláir é den chuid is mó, ach anseo is ansiúd, bhí páirceanna breátha, agus goirt torthúla tugtha chun míntíreachais ag lucht an Choláiste. Minic freisin, a mbaintí úsáid as ár gcúnamhna, ag cur scoilteán, agus ag baint an fhómhair, agus thugaimis cúnamh freisin, nuair a thagadh tráth bhuailte an arbhair. Ach, bíodh nár thaitin an cineál sin oibre liom fhéin, olc, maith, nó dona, tharla go raibh múchadh ag cur orm, an tráth sin, níorbh ionann sin is a rá, nach raibh orm déanamh mar adúradh liom, nó má théann tú le saighdiúireacht, caithfidh tú na bróga a chaitheamh!

Anois, ba Nóibhíseacht é Coláiste Cloughballymore, agus bhí ar chuile dhuine againn dhá bhliain gan gnáthlaethe saoire, a chaitheamh ansin. Ní hionann sin is a rá, nach mbíodh laethe saoire ar bith againn, nó bhíodh, ach chaithedh muid sa Choláiste iad. Bhíomar inár bhfir óga, ag an am, thart ar an scór, agus caithfidh mé a admháil, go mbíodh cumha ár ndóthain orainn, um Nollaig, go háirithe. Chaitheadh muid roinnt mhaith ama ag déanamh maisiúcháin Nollag do na Hallaí Móra loma, agus don Aireagal alainn, freisin. Chaitheadh muid laethe fada ag cur duilleoga agus caora cuillinn ar shnáitheanna, len iad a chrochadh mar mhaisiúcháin, thall is abhus. Bhíodh orainn dul amach ar an iargúl, leis na toir áirithe Nollaigiúla sin, a fháil, is a bhaint. Nuair a bhíodh chuile shórt crochta, ceangailte, feistithe, againn, geallaimse dhuit é, go mbeadh sé deacair an áit s’againne a shárú, chomh fada is a bhain sé le maisiúcháin, agus le hornáidachas. Ba mhór an chabhair an obair sin uilig dúinne le cúl a chur ar an gcumha ollmhór a bhíodh orainn, nó i ndáiríre, níor tugadh mórán deise dúinn teacht in inmhe, nó aipiú, mar adéarfá, riamh, Ní call a rá, ach oiread, go gcaitheadh muid roinnt mhaith ama freisin, ag ullmhú liotúirge, agus ceoil, le Féile na Nollag a cheiliúradh, mar ba cheart agus mar ba chóir.

Bhíodh saoire againn freisin um Cháisc, agus arís, chaitheadh muid an-chuid ama, ag ullmhú do na searmanais uilig, a ghabh le ceiliúradh na Cásca, faoi mar a dheintí í a cheiliúradh, faoin tseanreacht, roimh an Dara Comhairle Vatacáineach. Mór go deo idir na searmanais sin, agus na searmanais faoi mar atá againn, sa lá atá inniu ann. Leor dom a rá, go maireadh cuid de na searmanais sin thart ar thrí huaire a chloig, maidin is tráthnóna. Thógadh sé an-chuid ama leis na searmanais sin a chleachtadh, agus leis an gceol a ghabh leo, a ullmhú, sa chaoi nach mbeadh bun cleite amach, nó barr cleite isteach, nuair a thagadh an crú ar an tairne. Ar deireadh thiar, thagadh Saoire an tSamhraidh, agus arís, chuireadh sé sinne ag smaoineamh ar ár muintir fhéin sa bhaile, ach faoin am sin, ní bhíodh an cumha chomh dian sin ar fad, nó bhíodh muid bainte den chíoch, d’fhéadfá a rá, agus muid ag iarraidh ár slí fhéin a dhéanamh sa saol corraitheach a bhí thart orainn. I dtús an tSamhraidh, bhíodh Cúrsa Spioradálta le déanamh againn, agus ní gnáth chúrsa spioradálta atá i gceist agam anseo, ach cúrsa spioradálta a mhair ar feadh triocha lá. Cheapfadh duine go mbeadh cúrsa dá leithéid an-dian ar fhear óg, ach, tar éis roinnt laethe, thiocfá isteach air, agus bhainfeá idir thairbhe agus thaitheamh as, uaidh sin amach. Ba é an príomhrud a bhí idir chamáin againn, le linn an chúrsa chéanna sin, nó rogha a dhéanamh, idir an mhaith agus an t-olc. Tá dhá arm ansin, agus caithfidh tú dul le taobh amháin, nó leis an dtaobh eile, nó “an té nach bhfuil Liom, tá sé im’ choinne”. Sea, mh’anam, caithfidh tú taobhú le Dia, nó le diabhal. Tar éis do dhuine, thart ar mhí a chaitheamh ag smaoineamh, agus ag machtnamh, ar na hábhair dhoimhne, bhunúsacha, sin, agus tar éis dó an seal sin a chaitheamh ag guí, ag paidreoireacht, agus ag déanamh a anama, thiocfadh sé amach, ag deireadh an chúrsa spioradálta sin, agus a aigne socraithe, a rogha déanta, agus é meáite ar bhealach a leasa a leanúint feasta, go deireadh a ré. Deireadh feasta, le Tadhg an dá thaobhachas! Chuirfeadh sé i gcuimhne do dhuine, miotal ag teacht amach as an bhfoirnéis, agus é ag dul i gcoimhlint leis an saol mór amuigh, agus diaidh ar ndiaidh, cailleann sé a loinnir, agus tagann meirg air. Ba é an scéal céanna againne é. Ach nach ’in an saol agat, a mhiceo?

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

I  mBéal  an  Phobail.rtf Toghchain anois is fado

It was the best of times, it was the worst of times,

“Rogha na Réanna

Peadar Bairéad

(This week we take a look at our democracy)

.

It was the best of Times

It was the best of times, it was the worst of times,

it was the age of wisdom, it was the age of foolishness,

it was the epoch of belief, it was the epoch of incredulity.

.

B’in mar a chuir Charles Dickens tús lena úrscéal spreagúil, cáiliúil, A Tale of Two Cities, agus dár le daoine áirithe, d’fheilfeadh an cur síos céanna sin go seoigh mar chur síos ar an ré seo ina bhfuilimid ag maireachtaint i dtír seo na hÉireann, sa lá a inniu ann. Nach deacair a chreidiúint go bhfeilfeadh an ráiteas frithráiteach thuas le ré ar bith, gan trácht in aon chor ar an ré cantalach, crosta, dothuigthe, seo ina bhfuilimidneinnithe anois. Ach, nuair a scrúdaíonn tú an ráiteas faoi mhicreascóp na staire, tuigfidh tú ansin go bhfuil, ar a laghad, síol na fírinne folaithe ann.

Conas a d’fhéadfaí a leithéid a rá, an ea?

Bhuel, breathnaigh ar an saol atá á chaitheamh ag lucht an airgid, agus ag lucht na cumhachta, sa ré iarthíogaireach seo. Tá airgead ina mhúrtha acu, agus chuile shórt a cheannaíonn an t-airgead céanna sin, earraí cosúil le stádas, compord agus sólás. Chomh fada is a bhaineann sé leis an dream sin, nach é an Nollaig ó Shamhain go Samhain acu é! Ach tá taobh eile ar an scéal freisin, agus sé sin, taobh na mbocht, taobh na ndaoine úd nach bhfuil acu ach ón lámh go dtí san béal, gan díon, gan dídean, ag roinnt mhaith acu anois, agus lucht an ghaimbín anuas sa mhullach orthu Luan, Satharn agus Domhnach, ag iarraidh a bhfuil acu a bhaint díobh. I gcás na ndaoine sin, nach é díogha gach séasúir acu é. Sea…..

It is the best of times, it is the worst of times…

Daonlathaigh! An ea?

Agus muidinne ag ligint orainn gur daonlathaigh sinn! Daonlathaigh? adeir tú! Nach é bun agus barr an daonlathais go gcaitear go cothrom macánta le chuile shaoránach, nó mar adeir Forógra na Poblachta s’againne…

To cherish all the children of the nation equally.

Agus leis an scéal a dhéanamh níos measa, dá bhféadfaí sin a dhéanamh, déantar roinnt na caillí ar chúrsaí, nuair a bhíonn buntáistí le bronnadh ar a chúram ag ár ndaonlathas, ach, nuair a bhíonn mí-bhuntáistí le bronnadh, ní hiad lucht an airgid, nó lucht na cumhachta, a bhíonn faoi’n ruball, an babhta seo. Ní hiad muis! ach an dream gan airgead, gan chumhacht, gan stádas, arís, faoi mar a tharrlaíonn chuile bhabhta.

Anois, nílim ag maíomh gurb é sin mo leagan fhéin ar chúrsaí, ach gan dabht ar domhan, táid ann a chreideann gur mar sin atá in Éirinn na linne seo, agus chomh fada is atá, ní bheidh pobal aontaithe, comharsanúil, daonna, againn sa tír seo. Le daonlathas ceart, cóir, cothrom, a chur ar bun anseo, caithfear na míbuntáistí a roinnt go cothrom, macánta, ar chuile shaoránach, chomh fada agus is féidir a leithéid a dhéanamh, sa chaoi go mbeadh chuile dhuine ag iompar a chuid cothrom fhéin den ualach, agus ar an dtaobh eile de’n scéal ansin, go gcaithfí go macánta, cothrom, cóir, leis-sean freisin, i roinnt na mbuntáistí.

An bhfuil a leithéid indéanta? Ar bhealach, nach cuma faoi sin? chomh fada is atá an Stát ar a dhícheall ag iarraidh an sprioc sin a bhaint amach, mar sa chás sin, tuigfidh an saoránach nach bhfuiiltear ag iarraidh leatrom a dhéanamh airsean, ach go háirithe.

Fút fhéin atá sé

Fágfaidh mé an chuid eile de ráiteas Dickens fút fhéin. An n-aontófása leis an ráiteas, gurbh í ré na heagna agus ré na haimidí a bhí ann in aimsir an údair cháiliúil sin? Agus le dul píosa eile leis an scéal, céard faoi’n aois seo ‘gainne?

Sea, agus céard faoi thréimhse an chreidimh agus tréimhse na creidmheachta? An bhfeilfeadh na téarmaí sin d’aois Dickens nó don aois s’againne?

I  mBéal  an  Phobail.rtf Toghchain anois is fado

Lá na Reifreann.

Lá na Reifreann

Peadar Bairéad

Ceist na Reifreann faoi chaibidil

Thíos i dTeach Ósta an Smugairle Róin sea bhíomar bailithe an oíche faoi dheireadh, le ceist na Reifreann atá eagraithe ag an Rialtas s’againne a scrúdú, agus le tuairimí a thabhairt, agus le tábhacht agus dáiríreacht na hócáide a dheimhniú. Bhí,dhá cheist le scaoileadh. Céard faoi’n gcéad cheist, sé sin, ar chóir cead a thabhairt do chathróir ar bith, a bhfuil bliain is fiche sroichte aige, nó aici, bheith ina iarrthóir i dtoghcháin uachtaránachta feasta? Bhí rud eicínt le rá ag roinnt mhaith daoine faoin mholadh seo, ach, tríd is tríd, bhí an cruinniú sásta nár ró-mhaith an ábhar Reifrinn é sin, nó dár leo, bheadh gá le ciall, cleachtadh, agus eagna, ag duine ar bith a chuirfí faoi úim an phoist náisiúnta pholaitíochta sin, agus ní raibh siad sásta glacadh leis an moladh, go bhféadfadh sé comhairleoirí déanta, aibí, a bheith thart air, lena stiúradh fan bhóthar a leasa, ach sa chás sin, tuige nár thoigh na vótóirí na comhairleoirí glice sin mar uachtaráin? Gan dabht ar domhan, d’fhéadfadh duine anseo is ansiúd bheith sách eolgaiseach, agus aibí, ag an aois sin, le gnóthaí an phoist sin a choimhlíonadh go seoigh, ach níor chóir dul sa tseans go mbeadh na cáilíochtaí sin ag chuile dhuine den aois sin, agus dá bharr sin, b’fhearr gan dul sa tseans i gceist chomh tromchúiseach, tábhachtach sin. Ní gá a rá go raibh duine anseo is ansiúd nár aontaigh leis an gcinneadh sin, nó dár leosan, ba shaoránaigh iomlána iad, agus nár chóir go mbeadh muid sásta glacadh leo mar iarrthóirí, agus é a fhágáil faoi na vótóirí iad a thoghadh, nó diúltú dóibh?

Cead Pósta

Ansin thug an cruinniú faoin dara ábhar. Ar chóir ceart pósta a bhronnadh ar chuile shaoránach, cuma ar mhná nó fir iad. Ní chuirfí gnéas sa mheá feasta mar cháilíocht pósta. Dá nglacfaí leis an moladhadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí. sa Reifreann, bheadh cead pósta ag beirt shaoránach ar bith, bíodh siad fireann nó baineann, nó fireann agus baineann. Tá a lán le rá sa Bhunreacht faoi áit an Teaghlaigh, admhaithe ag an Stát, mar “bhuíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde na aon reacht daonna”. Braitheann idir Stát agus Náisiún ar an aonad bunaidh céanna sin le pobal comhdhaonnach a chur ar fáil dóibh agus glactar leis, go mbraitheann sin uilig ar fhoras an phósta. Anois, ní dhéantar aon sainmhíniú ar phósadh sa Bhunreacht céanna sin, ach is amhlaidh a ghlac cúirteanna na tíre, agus an pobal, leis an ngnáth chiall a bhaintí, agus a bhaintear as an bhfocal sin, sé sin, gur conradh idir fhear agus bean a bhí agus atá i gceist sa Bhunreacht.

Athrú ar bhunchiall?

Ar an dtaobh eile den scéal, tuigtear go bhféadfadh an pobal, trí Reifreann, an bhunchiall sin a athrú, ionas go bhféadfadh beirt shaoránach ar bith an conradh sin a dhéanamh, chomh fada is a déantar é taobh istigh de theorainneacha an dlí. Ní dóigh liom, go bhféadfaí a rá, gur glacadh le socrú ar bith, d’aon ghuth, ach, nuair a chuireann tú chuile shórt san áireamh, go háirithe aois na gcainteoirí, ní haon ionadh go raibh a lán le rá ag lucht, NÍL, ach ba é tuairim roinnt eile, go raibh gá le tuilleadh ama, leis an gceist seo a chíoradh go cúramach, agus gur chóir freisin, go dtabharfaí cead, agus deis, do chuile shaoránach teacht ar a bhreith fhéin, gan chur isteach, gan mhealltóireacht, gan bhullaíocht, ach go mbeadh deis aige éisteacht a thabhairt don dá thaobh, agus ansin, go mbeadh deis aige teacht ar a shocrú fhéin. Ba chóir don dá thaobh na cleasa cliste, díospóireachta, a leagan ar leataobh agus deis a thabhairt do na vótóirí teacht ar chomhairle, bunaithe ar a dtuiscint fhéin ar an gceist.

Ach, ar chraiceann do chluaise ná dearmad dul chuig an mboth vótála le do ghuth a chaitheamh Lá na Reifreann, – an dara lá fichead de Bhealtaine 2015. – Sin é dualgas an tsaoránaigh.    

en_USEnglish