by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
“Ring O u t W i l d B e l l s ….”
.
*******************************
.
Thug mé cuairt ar “A Tale of Two Cities” le línte oiriúnacha a fháil le mo phíosa Nollaigiúil a mhaisiú dhaoibh, an tseachtain seo caite, agus ansin theastaigh uaim línte oiriúnacha eile a fháil, leis an sméar mhullaigh a chur ar phíosa na seachtaine seo. Ní raibh orm i bhfad a chaitheamh ag cuardach, nó chuile bhliain, le tamall anuas anois, bhain mé úsáid as línte as an dán corraitheach caointe úd, In Memoriam, a scríobh Alfred Lord Tennyson fhéin, i gcuimhne a charad, Arthur Hallum, sa bhliain 1841, mar sa dán sin, tharla go bhfuil línte breátha, ag fágáil slán leis an mbliain a bhí ag imeacht isteach in umar na staire, agus é ag fáiltiú freisin roimh an bhliain úr, agus le hathrú saoil, ag an am gcéanna. Chomh fada is a bhaineann sé liomsa, bheadh sé deacair na smaointe, an dóchas, nó fiú an ghile, atá le fáil sa chuid sin den dán seo, mar shlán leis an tseanbhliain, nó mar fháilte roimh an bhliain úr, a shárú. Mar sin, shocraigh mé arís, i mbliana, úsáid a bhaint as línte Tennyson, le píosa na seachtaine seo a mhaisiú. Seo chugaibh, mar sin, ceathrú as an dán sin, le hatmosféar oiriúnach a chruthú don ócáid….
“Ring out wild bells to the wild sky,
The flying cloud, the frosty lights;
The year is dying in the night,
Ring out, wild bells, and let him die.”
Sea, clingigí libh a chloga caointe, nó tá an bhliain ar leaba a báis, tá sí ag séathlú i lár na hoíche, clingigí amach, a chloga, agus ligigí di imeacht. Sea, ligigí di séathlú.
B’fhéidir anois nárbh í an bhliain ba mheasa riamh í, ach ag an am gcéanna, d’fhéadfadh sí a bheith níos fearr.
Tuige a ndeirim a leithéid, an ea?
Bhuel, cuimhnigh anois ar ar tharla ó Lá Caille na bliana 2002, nó tá an bhliain seo ar leaba a báis anois, agus níl biseach i ndán di, mar sin, is féidir linn labhairt amach,gan scáth, gan eagla, agus ná bacadh éinne leis an sean-nath carthannach sin a bhíodh ag na Rómhánaigh fadó….
…De mortuis nil nisi bonum…
nó níl an bhliain 2002 imithe ar shlí na fírinne fós, mar sin, is dá bhrí sin, is féidir linn bheith ag sciolladóireacht uirthi fós!
Ach ar dhein sí aon rud as an mbealach, le linn a ré?
Bhuel, caithfear a chuimhneamh gurb í an bhliain seo a thug an Euro sin chugainn, droch rath air! B’í a chuir an Euro in aithne dúinn, agus tá’s ag an Lá fhéin, nárbh é ár leas atá déanta ag an airgeadra céanna sin, nó tá an tír millte aige, faoi mar a d’inis mé dhaoibh, sa cholún seo go minic, le bliain anuas, agus luach chuile shórt faoin spéir, imithe thar fóir, amach is amuigh.
“Ring out a slowly dying cause,
And ancient forms of party strife,
Ring in the nobler modes of life,
With sweeter manners, purer laws.”
Ba í bliain an Olltoghcháin í freisin, nuair a thoghamar Dáil nua, agus in áit an tseanRialtais a athrú, faoi mar a theastaigh ó roinnt áirithe daoine, is amhlaidh a cuireadh an seanRialtas céanna ar ais i gcumhacht arís, agus níorbh é sin amháin é, ach an babhta seo, tugadh tuilleadh suíochán dóibh, sa chaoi go bhfuil siad níos láidre anois ná mar a bhí siad ó theacht i gcumhacht dóibh, a chéaduair, sa bhliain 1997, agus da bharr sin, beidh sé i bhfad Éireann níos deacra iad a chur as oifig, sna blianta atá romhainn amach. Ach nach ‘in í breith an phobail?
Ach, nár chruthaigh an Rialtas, nó an ComhRialtas, a bhí i gcumhacht ó 1997 i leith, nár chruthaigh siad go seoigh, mar Rialtas?
Chruthaigh siad go maith, ceart go leor, ach ní chuige sin atá mé, nó an babhta seo, is amhlaidh a thug siad le tuiscint dúinn, roimh an Toghchán, go raibh cúrsaí eacnamaíochta na tíre seo, thar barr, agus ansin, níorbh fhada i gcumhacht iad, nuair a thug siad le tuiscint dúinn, go raibh an phraiseach ar fud na mias againn, chomh fada is a bhain sé le cúrsaí eacnamaíochta. Roimh an toghchán, tuigeadh dá lán, go raibh cúrsaí eacnamaíochta mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin iad a bheith. Bhí breall orthusan áfach, agus ba é a tharla, nó gur tachtadh an tíogar bocht Ceilteach s’againne le geallúintí toghchánaíochta, ó chuile thaobh, sular caitheadh vóta in aon chor in Olltoghchán na bliana seo 2002. Le linn na bhfeachtas toghchánaíochta, dúradh linn, go raibh chuile shórt mar a d’iarrfadh ár mbéal fhéin iad a bheith, ach tar éis don chomhRialtas móramh méadaithe a fháil sa toghchán, ansin, ba ghearr go raibh port eile ar fad á fheadaíl ag Airí. Ní raibh coibhneas ar bith idir a raibh ag teacht isteach chugainn, agus a raibh á chaitheamh againn, le seirbhísí an Rialtais a choinneáil sa tsiúl. Ní raibh ach leigheas amháin ar an scéal sin, agus b’in go raibh de dhualgas ar an Rialtas gearradh siar, agus ciorruithe a chur i bhfeidhm, ar an dá luathas. Sea, agus ní hé amháin go ndúradh a leithéid, ach dheineadar beart de réir a mbriathar. Ach, fágfaidh mé an scéal sin fúibh fhéin, nó níl duine sa tír, faoin am seo, nach bhfuil an t-eolas sin aige, ach, ar an drochuair, níl breith ar a n-aithrí acu anois, agus tá faighte amach acu, nach é tráth na hola, tráth na haithrí!
“Ring out old shapes of foul disease,
Ring out the narrowing lust of gold,
Ring out the thousand wars of old,
Ring in the thousand years of peace.”
Tá faitíos orm, nach bhfuil ré na síochána domhanda sin buailte linn fós, nó tá cogadh fógartha anois ar Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta ag Meiriceá, agus a comhghuallaithe, agus ní hionann go díreach an cogadh seo agus cogaí a troideadh ó thús an domhain, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, nó tá socruithe ag na Stáit an Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta a throid, áit ar bith, am ar bith, i dtír ar bith, ina nochtfar í. Agus ní hé amháin go bhfuil na Stáit meáite ar sin a dhéanamh, ach tá comhghuallaíocht ollmhór taobh thiar díobh, agus iadsan freisin sásta cur lena mbriathar, mar léiritear dóibh, go bhfuil an Sceimhlitheoireacht chéanna ag bagairt orthusan is atá ag bagairt ar na Stáit Aontaithe fhéin. Is dócha nach raibh an dara rogha acu, nó bhí an sceimhlitheoireacht chéanna á hidirnáisiúniú, agus bhí an lá ag teacht, nuair a bheadh na fórsaí sceimhlitheoireachta chéanna sin níos láidre ná Rialtais an domhain mhóir, agus nuair a thiocfadh an lá sin, bheadh an tsibhialtacht, mar a bhfuil aithne againne uirthi, bheadh sí i mbaol a múchta, agus gan dabht ar domhan, dá dtiocfadh an lá sin, sheirgfeadh an córas daonlathach, mar chóras rialaithe, i measc na saor, cibé cineál córais a thiocfadh isteach ina áit. Deachtóireacht de chineál eicínt, ní foláir.
Ring out the want, the care, the sin,
The faithless coldness of the times;
Ring out, ring out my mournful rhymes,
But ring the fuller minstrel in.
Sea, i nDomhnach, déanaimis uilig iarracht an ghruaim, an bhuairt, agus seacht gcúramaí an tsléibhe a ruaigeadh as ár saol laethúil, agus ina n-áit, cuirimis romhainn áthas, gliondar, agus lúcháir an tsaoil mhóir seo, a cheiliúradh, Domhnach agus Dálach. Tá’s ag an saol, nach bhfuil sé éasca a leithéid a dhéanamh, ach cuirimis romhainn é mar rún athbhliana, agus má éiríonn linn sin a dhéanamh, ansin beidh muid i ndán bheith ag maíomh as ár ngaisce, nuair a thiochfaidh an tráth seo bliana chugainn arís. Táthar ag iarraidh orainn sa véarsa sin, freisin, cúl a thabhairt ar an bpeaca, agus ar an easba, agus sílim, go bhfuiltear ag moladh dúinn, bheith fial, carthannach, flaithiúil, feasta.
Sea, agus breathnaigh ar an saol thart orainn anseo inár dtír fhéin, anseo i dtír na Naomh is na nOllamh, cá bhfuil an charthannacht, an cúram, agus grá na gcomharsan, le tabhairt faoi deara, tríd is tríd? Céard tá le feiceáil againn ar sráideanna ár mbailte agus ár gcathracha? Grá, carthannacht, agus cúram? Bíodh trí splaideog céille agat! Níl le feiceáil, ar an mórgóir, ach mugáil, sceanadh, robáil, agus marú. Níl mé ag maíomh anois nach bhfuil an grá, an charthannacht, agus an cúram ansin, nó tá’s againn uilig go bhfuil, ach is ar an olc a dhírítear ár n-aire, in áit na maithe. B’fhéidir mar sin, sa bhliain atá romhainn amach, go gcuirfí cosc, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, leis an olc sin uilig a tharlaíonn ar ár sráideanna, agus ní hamháin ar ár sráideanna, ach ar fud ár mbailte tuaite freisin, agus ó cheann ceann ár dtíre. B’fhéidir go dtiocfadh ré na síochána chugainn, agus go bhfíorófar tairngreacht Ísáia fáidh, ar deireadh thiar thall. Nó nárbh é an fáidh céanna sin, a chan chomh fileata, faoi laethe úd na síochána. Caithfidh gur mhair sé fhein i ré chorraithe, ré a bhí lán de throid is de chogaíocht, de thrioblóid is d’easaontas, agus caithfidh freisin, go ndeachaigh an saol sin i bhfeidhm go mór air, ach má chuaigh fhéin, thug Dia fís dó ar shaol eile ar fad, saol gan troid, gan chogaíocht; saol gan triobloid, gan easaontas; agus nárbh é an Ísiáia céanna a scríobh go binn, fileataa, ceolmhar, faoin saol inmhianaithe céanna sin. Maireann muidinne freisin i saol corraithe, cointinneach, céasta, agus nach é mian ár gcroí, go bhfeicfeadh muid ré síochána ag breacadh inár measc, ach tá faitíos orm, gur chosúil anois, go bhfuil fís Ísáia fáidh i mbaol a dearmadtha arís, nó chonaic seisean laethe ag teacht, nuair nach mbeadh cogaí, no fiu a ráflaí, ann, a thuilleadh. Ní bheadh ar an saol ar fad ach síocháin. Dhéanfaí dearmad ar scileanna na cogaíochta, agus ní dhéanfaí airm troda a dhearadh, nó a dheanamh, i measc daoine, a thuilleadh.
Agus bualifidh siad a gclaimhte amach ina soic chéachta,
And their spears into billhooks,
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh,
Ná ní chleachtóidh siad cogadh níos mó.
Nach álainn an fhís í sin, a scalann anuas chugainn trí dhorchadas oíche na staire daonna. Sin í mian chroí an duine, agus an tráth seo bliana, guímid arís an tseanghuí…
Glóir do Dhia sna hArda, agus ar talamh, síocháin do lucht a pháirte.
Ach, ag an am gcéanna, breathnaímis amach ar an saol mór timpeall orainn, agus feicimid mar a bhfuil cúrsaí….cogaí, agus ráflaí cogaidh, le clos i ngach coirnéal, agus i ngach clúid. Sea, agus breathnaigh freisin ar ghorta, agus ar na ráflaí faoi ghorta atá le teacht fós, agus is beag nach gcaillfeadh duine a chreideamh agus a dhóchas, ar chlos na scéalta sin dó, ach ní haon rud nua é seo i stair an chine s’againne, agus níl le déanamh againn uilig ach cur le chéile in aghaidh an anachain, nó is iad ár ndeartháireacha agus ár ndeirfiúracha atá i mbaol, sna tíortha éagsúla sin, a bhfuil gorta ag bagairt orthu. Má dhéanann muid sin, beidh seans ann, go bhfíorófar fís Ísáia fáidh dúinn, agus go bhfeicfear fós, in ár measc, síocháin, saith, agus só, don chine traochta, sáraithe, s’againne.
Ring out the old, ring in the new,
Ring happy bells across the snow,
The year is going, let him go;
Ring out the false, ring in the true.
Ná déanaimis dearmad, ach oiread, ar an leagan Gaelach de Thairngreacht Isáia fáidh, nó nuair a samhlaíodh síocháin dóibhsean, chuimhnigh siad ar shaol gan airm, ní hamhlaidh a dheineadarsan acairí talmhaíochta díobh, ach is amhlaidh a chaitheadar, scunscan, isteach i loch iad, mar a chreimfeadh an mheirg ó bhun go barr iad. B’fhéidir, mar sin, nárbh olc an smaoineamh é, véarsaí Tennyson a dhíriú ar chúrsaí i mbéal an dorais againn fhéin…
Ring our the thousand wars of old,
Ring in the thousand years of peace.
B’fhéidir go bhfuil an t-am tagtha anois, le críoch a chur leis na cogaí uilig sin, a bhfuil ár gcine cráite acu, leis na cianta, agus ní hamháin cráite ag na cogaí fhéin, ach cráite freisin ag cuimhne na gcogaí céanna sin. Caithimis uainn feasta iad, agus i gcás na n-arm uilig sin, atá stóráilte faoi cheilt, i gcróite folaigh, ó cheann ceann na tíre seo, nach bhfuil an t-am tagtha anois len iad a chaitheamh isteach i loch na síochána, le go gcreimfeadh an mheirg ó bhun go barr iad. An bhféadfadh sé tarlú go gcuirfí críoch freisin leis na buailtí pionóis sin, a úsáidtear, in áiteacha áirithe, le smacht uafar a chur i bhfeidhm ar dhaoine. Anois an t-am chuige sin, nó tá lá na cinniúna, lá an bhreithiúnais, buailte linn…..
Ring in the love of truth and right,
Ring in the common love of good.
Leor sin do thuras na huaire seo. Leor sin le críoch a chur le hobair na bliana seo 2002. Leor sin.
Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh uilig, agus gura seacht fearr a bheidh sibh, chuile dhuine agaibh, bliain ó inniu..
***************
Peadar Bairéad.
***************
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
S l a d g a n C h ú i s !
.
**********************************
.
Scríobh mé píosa anseo, tamall ó shoin, faoin chaoi a bhfuil ruifínigh, agus lucht foréigin, ag glacadh seilbhe ar shréideanna agus ar bhóithre na Cathrach Áille seo, Chill Chainnigh, agus mar is eol do chách, d’fhéadfá an rud céanna, geall leis, a rá, na laethe seo, faoi chuile bhaile agus faoi chuile chathair, i gCríoch seo na Naomh is na nOllamh. Dá chomhartha sin, nach beag duine againn a mbeadh sé de dhánacht ann, spág a leagan in ionaid áirithe, le linn uaireannta an dorchadais, nó fiú, i lár an lae ghil fhéin, ar eagla go ndéanfaí ionsaí air, ar chúis amháin, nó ar chúis eile. Ar an drochuair, ní scéal scéil atá i gceist agam anseo, ach lomchlár na fírinne. Ar chúis amháin, nó ar chúis eile, adúirt mé, bhuel, mo dhearmad, nó tá boicíní gránna amuigh ansin, a bheadh sásta duine a ionsaí, gan chúis dá laghad chuige, agus gan ar chumas éinne, miniú a thabhairt ar a ghníomh, ach amháin go bhfuil an drochbhraon ann. Sin mar atá cúrsaí, faoi láthair, agus nach beag oíche a théann thart, gan mugáil nó robáil, ionsaí nó bualadh, briseadh nó bascadh, a tharlú áit eicínt, i mbaile, nó i gcathair eicínt, i dtír seo na hÉireann, agus gan ar chumas Rialtais, nó Údaráis, Garda nó Airm, go nuige seo, ach go háirithe, stop a chur leis an ruifíneacht, nó leis an sladaíocht seo.
Táid ann, gan amhras, adéarfadh, nach bhfuil ach leigheas amháin ar scéal seo an fhoréigin, agus sin tomhas a láimhe fhéin a thabhairt dóibh, nó ní thuigeann fear buile tada ach adhmad! go háirithe, nuair a thugtar blas an adhmaid sin sa cheann dó! Go breá, ar fad, ach ní tráth magaidh é, nó ní tráth faille é, ach oiread. Tá an t-am tagtha ag saoránaigh an Stáit seo, beart a dhéanamh, le deireadh a chur leis na céapair seo, agus seilbh a ghlacadh athuair, ar sráideanna agus ar bhóithre a mbailte agus a gcathracha. Mura ndéantar go luath é, beidh sé ró-dhéanach chuige, agus beidh seilbh bhuan gafa ag na ruifínigh, ar ár mbailte, agus ar ár gcathracha, agus beidh faitíos orainne ár dtithe a fhágail, fiú i lár an lae ghil. Bhuel, b’in an port a bhí á sheint agam anseo, tamall ó shoin, agus ní dóigh liom, gur tháinig mórán feabhais ar chúrsaí, san idirlinn. Anois, caithfear a rá go bhfuil an foclóir ceart á úsáid ag an Aire Dlí agus Cirt, agus é ag cur síos ar na cúrsaí seo, agus tá moladh tuillte aige, as an méid sin fhéin, ach an gcuirfear leis an bhfoclóir céanna sin, amach anseo, nó an ndéanfar beart dá réir, feasta. Sin í an cheist. Agus táimid uilig ag súil go ndéanfar.
Ach, i ndáiríre, ní chuige sin atá mé, in aon chor, an tseachtain seo, ach chuige seo.
Céard tá idir chamáin agam in aon chor, an ea?
Tá seo. Gur cuireadh ag smaoineamh ar na cúrsaí sin uilig mé, athuair, nuair a léigh mé an t-alt breá, spreagúil, leis an nDochtúir John Bradley, ó Roinn na Staire, Ollscoil na hÉireann, Má Nuat, ar Kilkenny People na seachtaine seo caite. Ní hamháin go bhfuil na ruifínigh seo ag iarraidh sinn fhéin a bhascadh, ach anois, tá siad ag dul níos fuide fós, nó tá siad ag iarraidh ár n-oidhreacht a mhilleadh orainn freisin.
Cén oidhreacht at idir chamáin agam anseo, an ea?
Is é atá i gceist agam nó an sladaíocht, agus an creachadh, atá á ndéanamh, agus déanta, thart ar Eaglais Mhuire, i lár na cathrach áille seo. Labhair an Dochtúir oilte, ildánach, seo, faoi na tuamaí, na leachtanna, agus na clocha cuimhne luachmhara, ar deineadh slad orthu, i Reilg Eaglais Mhuire, atá suite taobh thiar den Tholsel fhéin, i lár na cathrach. Briseadh agus bascadh cuid acu, agus deineadh roinnt eile a mhilleadh le péint, agus le péinteáil, sa chaoi go bhfuil, faoin am seo, dochar, beagnach doleigheasta, déanta do roinnt acu. Tá an scéal chomh dona sin, go ndeir an Dochtúir linn, go mbeadh náire air cairde leis a thabhairt isteach ansin anois, le breathnú ar sheoda sin ár n-oidhreachta, seoda, adeir sé, nach bhfuil fáil ar a leithéid, áit ar bith eile sa tír, nó b’fhéidir taobh amuigh di, ach oiread.
Anois, ar an gcéad dul síos, caithfidh mé a rá, gur mór an feall go deo é, gur fágadh seoda chomh luachmhar sin in áit go bhféadfaí a leithéid de shlad a imirt orthu. Is cuid den stór, de sheoda luachmhara, náisiúnta, a fágadh againne le huacht, agus a rabhthas ag súil, go seolfadh muid ar aghaidh, slán, sábháilte, iad chuig na glúnta a bhí le teacht, inár ndiaidh. Ní hamháin gur le Cill Chainnigh, nó le hOsraí iad, is leis an náisiún, frí chéile, iad, agus sa chás seo, nach féidir dul i bhfad Éireann níos sia leis an scéal, agus a rá, gur chuid d’oidhreacht saibhir na hEorpa iad, agus go bhfuil dualgas orainne, mar sin, na seoda sin a chosaint láithreach, ar ruifínigh bharbartha na haoise seo, atá meáite ar ollmhaitheasaí luachmhara sin ár n-oidhreachta, a mhilleadh agus a bhascadh, mar spórt agus mar spraoi, agus le caitheamh aimsire spóirtiúil a chur ar fáil dóibh, lena laethe a líonadh le scleondar agus le corraíl !
Ach, céard is féidir linn a dhéanamh le sin a chur i gcrích? a d’fhiafródh duine, b’fhéidir.
Bhuel, ar an gcéad ásc, mura bhfuil ar chumas úinéirí na hEaglaise, agus na Reilge sin, Naomh Mhuire, iad a chosaint ar bharbaracht, déarfainn go bhfuil de dhualgas ar an Údarás Áitiúil freagracht a ghlacadh chucu fhéin as. Tá cupla bealach acu le sin a dhéanamh. D’fhéadfaidís dul i bpáirt leis na húinéirí, leis an gcosaint chuí sin a chur ar fáil, nó mura bhféadfaidís sin a dhéanamh, ní bheadh de rogha acu, ach freagracht iomlán a ghlachadh chucu fhéin as, tríd an suíomh ársa sin a cheannacht, nó trí sheilbh a ghlacadh air, ar bhealach eicínt eile, dá dteipfeadh orthu sin a dhéanamh. Is dócha freisin, go bhféadfaí smaoineamh ar dhualgas an Stáit s’againne, séadchomharthaí dá leithéid a chosaint, agus a chaomhnú, mar chuid d’oidhreacht an Aontais Eorpaigh, agus i gcás dá leithéid, d’fhéadfadh sé, go mbeadh an tAontas céanna sin sásta teacht i gcabhair orainn, leis an gcuspóir sin a chur i gcrích.
Agus an bhfuil bealach ar bith eile le séadchomharthaí dá leithéid a chosaint ar bharbaracht na haoise seo?
Bí cinnte go bhfuil, agus ualach asail de bhealaí eile ann, leis an mbeart sin a dhéanamh.
Agus, gan ach trácht a dhéanamh ar bhealach amháin le sin a dhéanamh, céard faoi áit na gcúirteanna i réiteach faidhbe dá leithéid? Am ar bith a thógtar coirpeach os comhair na cúirte, agus dá dtarlódh go bhfaighfí ciontach é, i sladaíocht, nó i réabadh reilge frithshóisialta, bhuel, in áit seal i bpríosún a ghearradh ar dhuine dá leithéid, nár chóir é a chur isteach i suíomh dá leithéid, lena ghlanadh suas, agus chomh maith le sin, nár chóir go gcuirfí iachall air, bail a chur athuair ar na huaigheanna millte, agus ar na clocha chinn uaighe a briseadh ansin, gan chúis gan ábhar. Dá ndéanfaí a leithéid, ar a laghad, chuirfí toradh na barbarthachta ar ceal, agus chomh maith le sin, b’fhéidir go múinfí ceacht do lucht réabadh reilge, sa chaoi nach mbeadh fonn orthu, milleadh dá leithéid a dhéanamh, feasta.
Ná síltear anois, go bhfuilim ag maíomh anseo, nach bhfuil dualgas ar bith ar an Rialtas s’againne, tada a dhéanamh, le séadchomharthaí dá leithéid a chosaint, nó nílim. Tá de dhualgas ar an Rialtas, sa chead áit, dlithe cuí a achtú, le srian a chur ar iompar réabadhreilgeach dá leithéid, agus ansin, sa dara háit, ba chóir dóibh féachaint chuige, go gcuirfí na dlithe céanna sin i bhfeidhm, chuile bhabhta, ar cibé a fhaighfí ciontach, in iompar frithshóisialta dá leithéid. Agus tabhair faoi deara anseo, cé go bhfuil Eaglais áirithe anseo i gCill Chainnigh i gceist agam, toisc go bhfuil an Reilg thart uirthi réabtha, millte, ar ruifínigh bharbartha, tá mé cinnte, go bhfuil gníomhartha réabadhreilgeacha dá leithéid ag tarlú i mbailte agus i gcathracha, ó cheann ceann na tíre seo, agus ní gníomh annamh atá i gceist agam anseo, ach rud a tharlaíonn áit eicínt, chuile sheachtain, geall leis, d’fhéadfá a rá. Níl iompar dá leithéid inghlactha feasta, nó má tá muid sásta glacadh le céapair dá leithéid, ansin, níl dabht ar domhan ann ach go bhfuil muid ag filleadh ar ré na barbarthachta, gan mhagadh, gan bhréag.
Agus céard fúinne, saoránaigh?
Arís, níl dabht ar domhan ach go bhfuil orainne freisin seasamh daingean cinnte a ghlacadh, sa chogadh seo i gcoinne na sibhialtachta. Caithfidh muid bheith ar thaobh amháin, nó ar an taobh eile. Agus má theastaíonn uainne críoch a chur leis an gcineál seo iompair, bhuel, ansin, caithfidh muid sin a chur in iúl, ar an gcéad dul síos, dár muintir fhéin, agus ansin, do mhuintir an phobail, de réir mar a fhaigheann muid an deis chuige sin.
Dá ndéanfaí mar adúirt mé sa phíosa seo, tá mé cinnte, nach mbeadh aon ghá le filleadh anseo, taobh istigh de bhliain, le píosa eile a scríobh ar an dtéad céanna seo arís, ag iarraidh daoine a spreagadh, le deireadh a chur le hiompar réabadhreilgeach, barbartha, dá leithéid, arís. Mar sin, anois an t-am againn uilig, aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb dho-scaoilte, mhíthaitneamhach, ghranna seo. Sea, agus smaoinigh ar an seanrá adeir, go dtéann focail le gaoth, ach go dtéann buille le cnámh.
Agus féach, mar bhuille scoir, céard faoi chomórtas nua a chur sa tsiúl, féachaint cén baile, nó cén chathair, is fearr a thugann aire dá séadchomharthaí. Nach gcabhródh comórtas dá leithéid, le daoine a chur ag smaoineamh arís, ar a seandachtaí, ar a séadchomharthaí, ar a n-oidhreacht? Sea, agus b’fhéidir go gcuirfeadh comórtas dá leithéid críoch leis an réabadh reilge atá coitianta inár measc, na laethe seo.
Sea, agus ná ceap gur dhein mé dearmad ar na scoileanna, nó ar na múinteoirí, nó níl dabht ar domhan, ach go bhféadfadh idir dhaltaí agus mhúinteoirí, an-chúnamh a thabhairt dúinn, agus muid ag iarraidh spiorad na sibhialtachta a chothú, agus a fhorbairt, i gcroí ár bpobail, feasta. Nár chomhartha an chultúir é, chuile lá riamh, go mbeadh ómós ag daoine dóibh siúd a d’imigh rompu, ar Shlí na Fírinne, agus go mbeadh meas acu ar shaothar a lámh agus a n-aigne. Agus tá súil agam, nach mbeidh altanna le léamh againn feasta, ó sheandálaithe aithnidiúla, áitiúla, arís, ag éagaoin mhilleadh ár n-oidhreachta uaisle.
.
****************
Peadar Bairéad.
****************
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad.
(This week we take a look at how quickly things can change)
Saolta ag athrú
Ní gá dhom a rá go mbíonn an saol athraíoch seo ag athrú is ag síor–athrú, ó lá go lá agus ó bhliain go chéile. Ní rud é sin a tharlaíonn anois is arís nó is comhartha beatha é an síor-athrú céanna sin. Tharla roinnt laethe ó shoin go raibh mé ag smaoineamh ar mhám aistí a chur i dtoll a chéile faoi na hathruithe uilig a bhí ag teacht ar an saol mór, le tamall de bhlianta anois. Bhí fúm tosú an lá dár gcionn. Bhí go maith. Ach níor tuigeadh dom go mbeinn fhéin tarlaithe chuig an Ospidéal sár a bhreacfadh an lá dár gcionn. Thart ar a trí ar maidin, thóg an t-Otharcharr mé fhéin chuig Ospidéal San Lúcás, anseo i gcathair Chill Chainnigh. Isteach i Roinn Timpiste agus Éigeandála a tógadh mé agus ba san áit sin a chaith mé an chuid eile den oíche sin agus an lucht leighis ag iarraidh a fháil amach céard a bhí cearr liom. Anois, níl fúm chuile ghné den scrúdú sin, nó chuile ghné den leigheas a moladh, a chraobhscaoileadh os ard anseo, nó ní bheadh fonn ar léitheoir ar bith a leithéid a léamh. Leor a rá, gur tuigeadh don lucht leighis céard a bhí ag déanamh tinnis dom, agus gur chinneadar ar mé a choinneáil istigh san Ospidéal sin ar feadh roinnt laethe fad is a bheadh cóir leighis á chur acu orm.
Ón leaba inar shocraigh siad mé bhí radharc breá agam ar an mbóthar mór isteach chun na cathrach, agus chaithinn tréimhsí ag breathnú ar an trácht céanna sin agus mé ag smaoineamh ar tiománaithe na gcarranna sin, agus an deifir uilig sin a bhí orthu, ag brostú, ag dul thar a chéile, agus adharca á séideadh acu, corruair fiú, lena mífhoighid a chur in iúl, fad is a bhí na scórtha agus na scórtha ina luí go lag i ngiorracht scread asail dóibh. Ach tríd is tríd, ní orthusan a bhí a n-aire, ach ar an lá crúógach a bhí rompu amach, agus ar an méid oibre a bhí le cur i gcrích acu roimh thráthnóna. Beag smaoineamh a bhí ag a mbunús, go raibh seans ann, gurb é sin an dán a bhí ag fanacht orthu fhéin, lá is fuide anonn.
Chuaigh a mbroid i bhfeidhm orm fhéin agus thosaigh mé ag smaoineamh ar na píosaí seo a bhí á scríobh agam anseo dhaoibh, le breis mhaith is triocha bliain anois. Cheap mé nach mbeadh ar mo chumas píosa a chur ar fáil dhaoibh don tseachtain seo.
.
.
Anois nuair a istigh,tharlaíonn i ngéirchéim dá leithéid mé, is é a dhéanaim, de ghnáth, nó téim siar thar na píosaí uilig a scríobh mé anseo i rith na tréimhse sin, agus dár ndóigh, tá thart ar mhíle go leith alt foilsithe uaim sa tréimhse sin, agus sin an chúis ar chuir mé romham an píosa beag seo a leagan os bhur gcomhair amach, an tseachtain seo, nó bhí mé ag ceapadh, go mbeadh orm tréimhse saoire a thógáil ón gcolún seo, ach tráthúil go leor, d’éirigh liom teacht slán ón Ospidéal, le cabhair an lucht leighis. Ach, caithfidh mé a admháil, gur cuireadh ar mo shúile dhom, i rith mo thréimhse istigh, chomh dian, dícheallach, is a oibríonn chuile dhuine den bhfoireann iontach sin, a oibríonn san ionad céanna sin, agus ní haon bhéal bán, nó cur i gcéill, é sin, ach lomchlár na fírinne, agus ní hé amháin go n-oibríonn siad go crua ó mhoch na maidne go dul faoi na gréine, agus arís uaidh sin go héirí na gréine arís, ach oibríonn siad go sciliúil, cliste, oilte freisin. B’in iad na tréithe a chuir ar mo chumas-sa na cosa a thabhairt slán liom, an babhta seo, agus bíodh gur bhain mé lán mhála de leigheas as mo thréimhse istigh ansin, tá súil agam nach mbeidh gá le hathchuairt i ngearr–aimsir.
Sin agaibh anois cion na seachtaine seo, agus an-ríméad orm go raibh ar mo chumas alt na seachtaine seo a sholáthar daoibh agus le críoch a chur le halt na seachtqaine seo, ba mhaith liom sláinte an bhradáin a ghuí ar chuile dhuine againn, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
.
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(This week, “I mBéal an Phobail” revisits our Rambling House, to trace the story of the Belmullet Bridges! )
.
Seanchas Iorrais….2….
Ní bhíonn in aon rud ach seal, agus ba é an dála céanna é ag sclóindroichead Bhéal an Mhuirthead, agus faoin mbliain 1900, tuigeadh go raibh a rás rite, agus shocraigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Bord na gCeantar Cúng ar dhroichead nua a chur ina ionad. Rinneadh an droichead sin a chur i dtoll a chéile i gCathair Dhoire, agus seoladh, ar bhád as sin go Sligeach é, i Meitheamh na bliana 1903. Thóg sé trí mhí an droichead a iompar as sin go Béal an Mhuirthead, nó bhí orthu, droichid, caidhséir, agus ceiseanna, a neartú, le meáchan an droichid nua a iompar. Droichead cruach, a bhí thart ar ocht dtroigh is daichead ar a fhad, a bhí ann. Socraíodh ina ionad é, i dtús na bliana, 1904. Ba bhreá láidir an droichead é, agus nach iomaí sin duine a thrasnaigh é, idir sin, agus an bhliain 1988, nuair a osclaíodh an droichead nua atá ann faoi láthair, thar an gcanáil, ag bun Shráid Mheiriceá. Bhíothas den tuairim, le scathamh maith roimhe sin, go raibh seandroichead Dhoire ag éirí contúirteach. Bíodh sin fíor, nó ná bíodh, ach thóg sé roinnt mhaith ama orthu, an seandroichead céanna sin a leagan, i ndeireadh na feide. Ba bheag nach raibh ar lucht na Comhairle Contae é a phléascadh, i ndeireadh na dála! Ba bheag Iorrasach nár shil deoir ina dhiaidh. mar nach iomaí sin deoraí a mhothaigh an seandroichead uaidh, agus é ar chuairt ar a dhúchas, agus nárbh iomaí sin deoraí a d’imigh thar an ndroichead céanna sin, agus nach bhfillfeadh go deo leis an ndroichead céanna sin a thrasnú arís.
Nach orm fhéin a bhí an t-áthas, mar sin, agus mé ar saoire in Iorras, i dtús Mhí Lúnasa, 1993, nuair a chonaic mé go raibh droichead nua, do choisithe, á thógáil thar an gcanáil, san áit ar leagadh Droichead Dhoire, sa bhlain 1988. Tuigeadh dom láithreach, go raibh scéal éigin taobh thiar den tionscadal nua seo, agus chuaigh mé sa tóir air.
Lorg na nDealbh
Lorg na nDealbh, ba chúis leis an ndroichead coisithe seo, agus mar is eol do chách faoin am seo, is cuid de chomóradh an chúigiú mílaois de chultúr Mhaigh Eo é, an Lorg céanna seo. Socraíodh ar roinnt áirithe dealbha a shuíomh in ionaid éagsúla, i dTuaisceart Mhaigh Eo. Thart ar cheithre cinn déag díobh a bheadh ann, agus é d’aidhm acu, cuairteoirí a mhealladh isteach ar an iargúil, le háilleacht na dúiche a bhlaiseadh ina hiomláine. Taobh thiar de thionscadal seo an “Droichid” i mBéal an Mhuirthead, tá Comhar Iorrais, Clár “Leader”, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, agus Údarás na Gaeltachta. George Trakas atá i mbun an tionscadail seo. Dealbhóir as Manhattan, Mheiriceá, is ea George. B’eisean a dhear agus a rinne an droichead nua coisithe, i Saotharlann Chomhar Iorrais, agus b’eisean freisin, a chuir an droichead galánta seo i gceann a chéile, ar an ionad céanna ar ar suíodh Droichead Dhoire, sa bhlain 1904. Duine lách, geanúil, is ea George Trakas, a bhfuil aithne curtha ag muintir Iorrais air, cheana féin, agus fear a bhfuil gach uile eolas curtha aigesean ar dhroichid Bhéal an Mhuirthead freisin. Chonaic mé fhéin i mbun oibre é, agus mé ag gabháil thar bráid, agus mé ar saoire thiar, roimh Lá Mór an Logha, 1993. Osclaíodh Droichead Trakas go gairid ina dhiaidh sin agus nach minic a chuaigh mé fhéin trasna thar an ndroichead céanna sin san idirlinn. Má bhuaileann an fonn taistil thú, amach anseo, téigh siar, agus cuartaigh na ceithre dhealbh déag atá folaithe ar Lorg na nDealbh i dTuaisceart Mhaigh Eo. Súil agam go n-éireoidh leat teacht orthu uilig!
Ní gá dhom a rá gur thrasnaigh mé fhéin an droichead álainn céanna sin go mion agus go minic ó shoin i leith, agus ní call dom a rá, ach oiread, gur chríochnaigh George Trakas a chuid oibre, go deas, bláfar, cumasach, agus go mbeidh a ainm luaite feasta i seanchas Iorrais, le Sir Arthur Shaen, le Henry Boyle Carter, agus le Patrick Knight. A chonách sin air!
Agus sin agat anois scéal dhroichid Bhéal an Mhuirthead!
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Sín chugam an Ghealach !
Peadar Bairéad
.
Bóithrín na smaointe
Minic, na laethe seo, a théann m’aigne siar bóithrín na smaointe, siar thar bhlianta fada mo ré, agus mé ag iarraidh ciall eicínt a bhaint as an saol anróiteach, anacair, anásta, seo. Ar na geábhanna sin, siar thar laethe mo ré, is minic a chríochnaím an turas agus mé im ghasúirín beag, óg, ag breathnú in airde ar aghaidh gheal na gealaí gile. Chomh fada is a bhain sé liomsa, ní raibh tada riamh ar an saol a bhí chomh halainn, inmhianaithe, leis an liathróid soilseach úd, a bhí ag spréacharnaigh lei thuas ansin sa spéir réaltógach. Is cuimhin liom gur chuir mé na smaointe sin, chomh fada is a d’fhéadfainn, in iúl do m’athair. “Fan ort anois,” ar seisean, “bíodh foighid agat, agus ceann de na hoícheanta seo, nuair a bheidh an ré sin beagáinín níos ísle ar an spéir, gheobhaidh mise an seandréimire, agus gabhfaidh mé in airde, agus gheobhaidh mé greim an an mboc sin, cuirfidh mé isteach i mála mór an chapaill í, agus tógfaidh mé anuas liom í, agus bronnfaidh mé ortsa í. Anois, céard deir tú?”
Bhuel, A Thiarcais! Bhí mé chomh bródúil is dá mbronnfadh sé bó orm, agus thug caint úd mo Dhaid misneach agus sásamh domsa, go ceann i bhfad ina dhiaidh sin. I ndáiríre, is dócha go bhféadfá a rá, gur ghealaigh a gheallúint laethe dorcha mo bheatha dhom, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, nó mhúin sé dom, go bhféadfá a chreidiúint go raibh fáil ar ghile na gile fhéin, ach a bheith foighdeach, agus tabhairt faoi le creideamh agus le fonn.
Tír na nÓg
Nuair a tháinig ann dom, blianta beaga ina dhiaidh sin, tháinig mé ar an dtuairim, go raibh difir mhór idir Thír na nÓg agus a raibh ar fáil i nGleann seo na nDeor, ach ag an am gcéanna, tuigeadh dom, gur chóir dúinn dul ar thóir na foirfeachta i gcónaí, bíodh nach sroichfeadh muid leibhéal Útóipeach riamh. Agus, bíodh nach bhfuil fáil ar an bhfoirfeacht i gcónaí, is féidir linn, rud eicínt atá an-ghar dó a thabhairt i gcrích ar an saol seo, ach a chreidiúint go raibh sé infhaighte, agus chuile dhícheall a dhéanamh dul sa tóir orthu.
Ach ní chuige sin uilig go léir atá mé, an babhta seo, ach chuige seo…..
Anois, bíodh gur chreid mé sna féidireachtaí sin uilig, agus déarfainn gur chreid roinnt mhaith de na daoine thart orm sa leagan amach céanna sin, nárbh asainn a baineadh an mealladh, nuair a fuaireamar amach, nach mar sin a tharlaíodh sa tsaol cam, casta, céasta, a bhí thart orainn.
Geallúintí Polaitíochta!
Breathnaigh ar chúrsaí polaitíochta, i dtosach. Nuair a bhí mise óg, caithfidh mé a admháil, gur chreid mé chuile fhocal ón lucht polaitíochta! Dúradarsan linn, go gcruthódh siad saol an mhadaidh bháin dúinn ach ár vótaí a bhronnadh orthu, lá an toghcháin. Dá ndéanfadh muid amhlaidh, chuirfeadh siadsan Útóipe ar thalamh ar fáil dúinn. Bheadh obair le fáil ag chuile shaoránach, bheadh aras in áirithe do chuile chlann, bheadh scolaíocht den scoth le fáil, saor in aisce, ag chuile mhac máthar, agus iníon athar, sa tír. Ní gá dhom cur síos ar na háiseanna eile a chuirfí ar fáil dúinn, ach bheadh cúrsaí leighis, cúrsaí taistil, cúrsaí léinn, agus chuile chineal cúrsaí eile, ar fáil, d’óg agus d’aosta, sa Phoblacht a bheadh againn, dá mbronnfaimís an chumhacht chuige sin orthusan. Sea, agus bheadh deireadh go deo le bochtaineacht, le hanró, le cruatan, agus le gorta.
Tuar agus Tairngreacht
Agus ar tháinig an tuar faoin dtairngreacht, tráth fuair siad na vótaí agus an chumhacht?
Ag magadh fúm atá tú! Nó in áit dóibh Útóipe a chur ar fáil dúinn, is amhlaidh a chuaigh cúrsaí in olcas, ó bhliain go bliain. Sea, dá mhéad a gheall siad, is ea ba lú a dháil siad! Nó b’in mar a samhlaíodh dúinne é, ach go háirithe.
D’fhéadfá breathnú freisin ar chúrsaí léinn agus ar chúrsaí sláinte, agus thuigfeá gurb é an scéal céanna sna cúrsaí sin é. Gealladh don duine óg go mbeadh saol an mhadaidh bháin aige ach luí isteach ar na leabhair, agus staidéar dian a dhéanamh, le linn a óige. Seafóid arís! Nó is dócha nach bhfuil fáil ar shaol an mhadaidh chéanna sin ar an saol anróiteach, anacair seo, nó má tá, caithfear dul trí chruatan agus trí hanró lena bhaint amach. Agus ag caint ar chúrsaí sláinte, nach minic a ghealltar don duine óg go mbeadh chuile shórt ar a dheis aige, ach an bheatha cheart a ithe, na deochanna sláintiúla úd a ól, agus fanacht glan amach ó phóit is ó chraos.
Geallúintí nár fioraíodh
Bhuel! Ní i gcónaí a fhíoraítear na geallúintí céanna sin, ach oiread, nó nach bhfaightear an tseanduine, anseo is ansiúd, a dhearbhaíonn, gurbh iad an tobac agus an bhiotáille a choinnigh sa tsiúl é, trí bhlianta fada a ré.
Sea, mh’anam! Ar deireadh thiar, cuireadh ina luí orm fhéin, go raibh cosúlachtaí idir an ghealach agus an dréimire úd, ar dhein mo Dhaid tagairt dóibh agus mise i mo ghasúr, agus cúrsaí an tsaoil seo. Mar nuair is cúrsaí an tsaoil seo, agus cúrsaí daonna, atá idir chamáin againn, caithfimid glacadh leis, go bhfuil difir mhór idir an rud atá inmhianaithe, agus an rud a bhfuil fáil air, le linn ár ré abhus. Soilsíonn Útóipe an casán dúinn, agus spreagann sé sinn i dtreo na foirfeachta daonna, ach, i ndáiríre píre, ní éireoidh linn an stádas sin a réaladh, fad is beo sinn. Ní bhfuair mé fhéin greim riamh ar an ngealach gheal soilseach úd, ach shásaigh an smaoineamh agus a fhéidireacht mé, le linn laethe duairce, dorcha, mo bheatha. Mar sin, ná cuireadh sé aon lagmhisneach orainn fáil amach nach bhfuil an Útóipe úd inshroichte, ar an saol seo, ach ag an am gcéanna, nár chóir go spreagfadh an choincheap chéanna sinn teacht chomh cóngarach agus is féidir linn, don Útóipe ar thalamh úd, a mheall, agus a shásaigh sinn, go háirithe le linn laethe neamhaí na hóige..
.