Eachtrtaigh dúinn 28 A.

Eachtrtaigh dúinn 28 A.

.

E a c h t r a i g h D ú i n n 28 A .

.

**********************

.

Ba ghearr gur tháinig muid isteach ar chlár ár laethe sa Choláiste Sagartachta sin i nDroim an tSín, nó i ndáiríre, bhí seanchleachtadh faighte againne, cheana féin, ar an gcineál sin saoil, ach ní seomraí ranga a bhí againn anois áfach, ach hallaí léachta, agus in áit ranganna, is amhlaidh a thugtaí léachtaí dúinn. Bhíomar ag staidéar anois ar an tríú leibhéal, cé go raibh céim bainte amach ag ár mbunús, cheana féin, agus diaidh ar ndiaidh thángamar isteach ar bhealaí na hInstitiúide sin.

Ach le filleadh ar an gcéad oíche sin againn i gColáiste Diagachta sin Dhroim an tSín dúinn, nuair a bhí chuile rud feicthe, scrúdaithe, againn, bhí sé in am soip, agus tar eis dúinn paidreacha na hoíche a rá, thugamar ár seomraí orainn fhéin. Saol eile ar fad a bhí againn anois, i gcomparáid leis an saol a bhí againn sna Coláistí eile, agus b’iontach go deo an buntáiste é, do sheomra fhéin a bheith agat. D’fhéadfá seal a chaitheamh ag léamh, nó ag staidéar, nó ag gabháil do cheird ar bith a bheadh idir lámha agat, ag an am. Chomh fada anois agus is cuimhin liom, ní bhíodh aon chlúdach ar bith ar na hurláir againn, sna seomraí chéad bhliana sin, ach bhí cófra éadaigh, leabhragán, báisín lámh, leaba, agus bord, nó crinlín, le do chuid staidéar a dhéanamh air, agus chomh maith leo sin uilig, bhí scuab urláir agus méisín deannaigh ansin, le leide thabhairt duit, go rabhthas ag súil go gcoinneofá an áit deas, glan, néata. Bhíomarna thuas ag barr an tí, ar an dtríú, nó ar an gceathrú hurlár, sílim anois, ach nár chuma faoi sin, nó thart orainn, bhí na daltaí a rinne a gcuid saighdiúireachta linn, le mám blianta roimhe sin, cuid acu mar chomrádaithe againn, ó laethe Bhéal an Átha Fhada, anuas.

.

Bhí an áit an-mhór go deo, nó cé gur cheannaigh an SMA, Dromantine House, thart ar lár na bhfichidí, níor osclaíodh é mar Choláiste Diagachta an SMA, go dtí an bhliain 1926. Ba é an tAthair Slattery, a bhí taobh thiar den tionscnamh sin uilig. Anois, ba é an scéal a chuala mise nó, gur cuireadh an Teach Mór agus an fheirm mhór a bhí ag gabháil leis, ar an margadh, agus cé gur chuir lucht an SMA suim agus dhá shuim sa sealúchas céanna sin, nó d’oirfeadh siad go seoigh dá riachtanais, agus biodh go raibh an t-airgead acu chuige, ag an am gcéanna, tuigeadh dóibh nach mbeadh seans ar domhan go ndíolfaí d’eagraíocht Chaitliceach, cosúil leis an SMA, iad, agus ba é dhein siad, nó é a cheannacht trí dhlíodóir. Ní raibh na dúchasaigh ró-shásta, nuair a chuala siad faoi na húnéirí nua, agus arís, bhí sé ina scéal scéil inár measc, gur deineadh cupla iarracht ar nimh a chur ina soláthar uisce, ach, ní raibh aon chruthú riamh againne, gur mar sin a tharla. Faoi mar adúirt mé, ní raibh ann ach, “dúirt bean liom, go ndúirt bean lei, gur chuala sise bean eile á rá”. Nó ar chóir dom an focal, “bean”, a fhágáil ar lár ansin, agus focal ar nós, “duine,” a chur isteach ina áit? Ní dóigh liom go mbeadh an dúchas céanna sa leagan athraithe!! Ag an am gcéanna, níor mhothaigh mé fhéin riamh, go raibh na comharsana, a bhí againn i nDroim an tSín, ró-chairdiúil linn, agus tharlaíodh corr rud, anois is arís, a chuireadh sin ar ár súile dúinn.

.

Mo chuidse de, tharla am eicínt, le linn mo laethe sa Choláiste Diagachta sin Dhroim an tSín, go raibh orm seal a chaitheamh in Ospidéal an Mhater, i mBéal Feirste. Bhí cupla gearán ag cur as dom, ag an am, agus b’éigean dom seal a chaitheamh istigh. Tráth raibh mé istigh ansin, chuir mé aithne ar roinnt mhaith daoine, agus caithfidh mé a admháil go raibh a mbunús cairdiúil, carthannach, lách, ach ní chuige sin atá mé, ach chuige seo.

Nuair a bhí mo sheal san ospidéal sin caite, bhí orm, mar a mhíneoidh mé dhuit amach anseo, mo bhealach a dhéanamh ar ais go dtí an Coláiste, ach nuair a thuirling mé den bhus, ag an mbus-stad ba chóngaraí do Dhroim an tSín, bhí rothar fágtha ansin dom. Bhuel, níor luaithe suite ar mo rothar mé, agus mé ag tosú ar mo thuras abhaile, nó chonaic mé beirt fhear ag léimt ar rothair, taobh thiar díom, agus thuig mé láithreach, go raibh siad sa tóir orm. Agus bíodh go raibh mé fhéin lagaithe go maith, tar éis mo sheal san ospidéal, ag an am gcéanna, thuig mé brí an tseanfhocail go rí-maith “nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith”, agus geallaimse dhuit é, go mbeadh sé deacair go maith teacht suas liom, sa an rás sin go dtí geata mór an Choláiste. Ar aon chuma, d’éirigh liom geata an Choláiste a bhaint amach rompu, agus níor lean an bheirt ghaiscíoch isteach thar an ngeata céanna sin mé. Dúradh liom, ar ball, go mba bhaill de na “B Specials” a bhí iontu, agus chuile sheans, dá mbéarfaidís orm, go dtógfaí chun na beairice mé, le mo cheistiú, cibé cén saghas ceisteanna a bheadh a bheadh acu? Ar aon nós, tuigeadh domsa, nach gcuirfí aon ró-fháilte romham sa mbeairic chéanna sin, nó tuigeadh dom, nach maith an nós é bheith ag brú ar an ndoicheall, agus bí cinnte dhe, go mothófá an doicheall amh, oscailte, céanna sin, romhat, sa dúiche chéanna sin.

Comhartha eile nach raibh aon ró-fháilte romhainne, sna bailte in aice láimhe linn, nó,

teacht an tSamhraidh, go hiondúil, nuair a thosaíodh na fir bhuí ag cleachtadh drumadóireachta, don “Twalfth”, níor neamhchoitianta in aon chor an rud é, go dtiocfadh díograiseoir oráisteach eicínt suas go geata tosaigh an Choláiste s’againne, agus é ag leadradh a Dhruma Mór, faoi mar a bheadh Dia á rá leis, nó b’fháidir gur ón dtaobh eile a fuair sé a inspreagadh! Chuirfeadh an torann millteanach, cluasphléascach, aduain sin, an croí trasna ionat, nuair a chloisfeá é i lár na hoíche ciúine, agus gan a fhios agat, i ndáiríre, cén fuadar a bhí faoi na fir bhuí a bhí timpeall ort, ag an am. Ar aon nós, thangamar slán ó na hionsaithe sin uilig, ach má tháinig fhéin, fanann cuimhne na n-oícheannta sin, go glas fós i gcroí mo chuimhne, agus fanfaidh go leagfar na hordóga orm, nó tuigeadh domsa, ach go háirithe, gur le drochrún agus le drochchroí, a buaileadh chuile buille dár chualamar uathusan. Bhíodh faitíos orm fhéin i gcónaí, go gcuirfidís an áit trí thine, ach bhíodh an t-ádh orainn go mbíodh an Coláiste dúnta thart faoin “Twalfth”, agus bhínn fhéin ar mo sháimhín só, thiar in Iorras na nIontas, agus gan spéis dá laghad agam sna fir bhuí, nó ina gcuid máirseála. Ach ó tharla gur luaigh mé Dromantine House, sa chomhrá sin, is dócha gur chóir dom a lua, gur thréigh an SMA an t-ionad sin, sa bhliain 1973, nuair a shocraigh siad ar a gcuid staidéar Diagachta a dhéanamh feasta, i Má Nuat.

.

Bheadh sé deacair teach níos áille, níos dea-dheartha, níos dea-thógtha, ná Teach Dhroim an tSín a fháil i do shiúl lae. Is dócha go ndéarfadh duine, go raibh cuma claisiceach air, mar fhoirgneamh, agus é mór, maisiúil, téagartha, agus cuma air, go mba chuid den dúiche timpeall é, ach ní call dom a rá, gur deineadh an t-uafás tógála timpeall ar an dteach bunaidh, ach fiú sa chás sin fhéin, níor chaill an seanteach a dhínit, nó a uaisleacht, nó a shnas, riamh. Ó! sea, agus bí ag caint ar gharraithe! Bhí siad sin ann, nó timpeall an Tí Mhóir ar fad, bhí garraithe de chuile shórt. Bhí toir agus bláthanna den scoth, ina mílte sa timpeall, agus chuile cheann acu níos áille agus níos maisiúla ná an ceann eile. Bhí ansin freisin, crainn ina gcéadta, agus iad ag baint barr áille dá chéile trí éagsúlacht a ndatha, agus a gcuma. Leagadh amach na garraithe, agus cuireadh na crainn, go healaíonta, cliste, sciliúil, sa tslí go dtógfadh siad croí an té a chaithfeadh seal ina measc.

.

Bhí ann freisin, fuaráin, agus linnte uisce thart orthu, agus i gclúideanna cúlráideacha, i measc na gcrann is na dtor, bhí tigíní cluthara agus suíocháin fhoscúla, le deis a thabhairt do dhuine, seal a chaitheamh ar a sháimhín só ansin, agus é i dteangmháil leis an dúlra. Sea, b’álainn an Teach a bhí acu ansin, agus b’álainn na garraithe a bhí timpeall ar an dTeach Mór céanna sin, agus timpeall ar an áitreabh sin ar fad, bhí, dár ndóigh, feirm an-mhór, agus ní athraíonn cúrsaí chomh mór sin riamh, nó tomhas, céard a tharlaíodh nuair a bhíodh cruóg ar lucht na feirme, tráth mbídís ag cur na bhfataí san Earrach, nó á bpiocadh sa bhFómhar, nó ag bualadh an arbhair b’fhéidir? Sea, tá an ceart agat, chuireadh siad fios orainne, ar na spailpíní fánacha, leis an sclábhaíocht a dhéanamh. Ní gá dhom a rá, go mba fhuath liom fhéin an cineál sin oibre, chuile lá riamh, ach amháin ar ár bhfeirmín fhéin sa bhaile fadó, ach sin scéal eile ar fad. Ba í cúis nár thaitin an cineál sin oibre sin liom, ag an am, nó go mbíodh an t-asma ag cur as dom, i gcúinsí dá leithéid. Ach, b’fhéidir gur chóir dom an scéal a fhágáil mar sin, don bhabhta seo, agus fillfidh mé ar an ábhar sin, sa chéad ghála eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar an gcineál saoil a bhí againn, agus muid ag treabhadh linn trí na Cúrsaí Diagachta agus Fealsúnachta, thuas ansin, i nDroim an tSín, i gContae álainn daingean an Dúin, faoi scáth Shléibhte Mughdhorna.

Go dtí an chéad ghála eile, mar sin…….Slán……..

.

***************

Peadar Bairéad.

***************

.

Eachtrtaigh dúinn 28 A.

Fataí Rómhair

.

Fataí Rómhair

.

Thosaigh mé ag cur síos ar chúrsaí mo shaoil in altanna a foilsíodh, go seachtainiúil, ar an Kilkenny People, agus in Irisí éagsúla, roinnt mhaith blianta ó shoin anois. San idirlinn, níor éirigh liom ainm sásúil, aibí, a bhaisteadh orthu. Ach, tharla gur foilsíodh cnuasach filíochta dem chuid, sa bhliain 2000, agus ba é a bhaist mé ar an gcnuasach céanna sin nó. Fataí Rómhair. Ba é a bhí sna fataí rómhair chéanna sin nó, na fataí a chuaigh amú sa chré orainn, nuair a baineadh na fataí, le spáid, sa bhFómhar. Ansin, nuair a dheintí na hiomairí sin a rómhar, san Earrach dár gcionn, leis an talamh a ullmhú do chur an arbhair, thagtaí ar na fataí sin, agus bhímisne, páistí, ansin, len iad a phiocadh go cíocrach, nó bhóodh fataí gann an tráth sin bliana.

Anois, nach cosúil na fataí rómhair sin, leis na cuimhní seo, ar tháinig mise orthu, nuair a thosaigh mé ag rómhar in ithir thorthúil na dícuimhne, cuimhní glé, glinne, glana, a tháinig slán, ainneoin coraí crua an tsaoil, ar sheol mise tríothu, i bhFómhar agus i nGeimhreadh géar, gáifeach, an tsaoil seo, faoi mar a chaitheas-sa é.

Sin an fáth anois ar bhaist mé, Fataí Rómhair, mar ainm ar an slám aistí seo, agus tá súil agam, go mbainfidh an léitheoir taitneamh agus sásamh astu.

Tríd is tríd, thaitnigh mo laethe i gColáistí an SMA liom, agus is mór go deo an tionchar a bhí ag na laethe céanna sin ar chúrsaí mo shaoilse, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann.

B’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é cupla véarsa as an gcéad dán sa chnuasach sin, a luaigh mé, a chur isteach anseo thíos……….

.

Fataí Rómhair

.

Nuair a bhíodh na scoilteáin curtha,

Is na poill fhataí folamh,

I ndiaidh ampla an Gheimhridh,

Sciúrtaí na spáid athuair,

Le hiomairí bainte a rómhar

D’arbhar an Earraigh.

.

Anois i Séasúr an ghanntain,

Ní éalódh uainne

An póirín ba lú,

Ach mar chadhain ag tumadh

Ar iasc sa bhá,

Théadh ár lámha ar a dtóir,

Mór agus beag,

Sa chré úr, bhriosc,

Mar nach bhfáilteofaí rompu,

Roimh ár bhfataí rómhair,

I bpota folamh na muintire,

Sna laethe gortacha,

I ndiaidh an tsíolchuir?

.

Mar a gcéanna anois,

Nuair a théim ag tochailt

I gcré na cuimhne,

Fionnaim, corruair,

Ábhar dea-scéil

Folaithe, fágtha amuigh,

I gcré bhog, bhriosc,

na díchuimhne.

.

********************

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Eachtrtaigh dúinn 28 A.

Fuerteventura (2)

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

(This week I mBeal an Phobail looks back on a holiday spent in Sunny Fuerteventura, some years ago)    

I bhfad ó bhaile

(Seo píosa a scríobh mé, tamall de bhlianta ó shoin, ach cheap mé nár dhochar ar bith é a chur i mBéal an Phobail arís.)

.

Ní dóigh liom gur inis mé dhaoibh cheana faoin saoire a chaith mé, i bhfad ó bhaile, amuigh i Fuerteventura, ceann de na hOileáin Chanáireacha, an ceann is cóngaraí do chósta na hAfraice. Tá a shliocht sin air, nó bíodh go bhfuil sé suite roinnt mhaith mílte amach ón gcósta sin, ag an am gcéanna, éiríonn leis na stoirmeacha geimhridh gaineamh geal ón Sahára a shéideadh trasna na farraige chuige, sa chaoi go bhfuil limistéar fairsing den oileán sin clúdaithe le dumhchanna geala gainimhe, dumhchanna atá chomh geal, d’fhéadfa a rá, leis na dumhchanna a gheofá fan chósta an Mhuirthead, in Iorras, i gContae Mhaigh Eo. Sea, agus féach ar an ainm a baisteadh ar an bhfoirgneamh ina raibh muid lonnaithe fad a bhíomar ag cur fúinn ansin, “Oasis Dunas”, sea, tugann sin le fios do dhuine go raibh na dumhchanna gainimhe sa chuid sin den oileán, agus tá na hÁrasáin sin suite ar imeall an Ionaid Saoire sin Corralejo.

Turas treoraithe!

Ar ár mbealach, ar bhus, ón Aerfort go Corralejo, bhí deis ag ár dTreoraí ualach asail de scéalta faoin oileán a insint dúinn, agus chomh maith le sin, bhí deis aice ár n-aire a dhíriú ar cheann eile de na hOileáin Chanáireacha, ar Lanzarote, a bhí le feiceáil go taibhsiúil ar thaobh na láimhe deise, agus cuma draíochta air faoi ghrian scaltach róstach an mheánlae. Chuamar thar roinnt bailte poirt, agus míníodh dúinn, go mba thogha ionaid iascaigh iad na bailte céanna sin, ach chuir sí fainic na bhfainic orainn, ag rá linn, go raibh de nós ag na dúchasaigh, i gcuid acu, an iascaireacht sin a dhéanamh gan snáithe éadaigh orthu, taobh amuigh de hata agus stocaí, b’fhéidir!

Chonaiceamar freisin sléibhte agus cnoic den uile dhéanamh, cuid acu maol, cuid acu beannach, agus cuid eile fós nach raibh maol nó beannach, ach iad ait, iontach, dodhearmadtha.

Aras Bhecks?

Ar ár mbealach freisin, chuamar thar áras nua a bhí á thógáil ar thaobh an bhóthair, é ollmhór, míofar, neamhghnách, ach míníodh dúinn go raibh sé fágtha sa tslí sin le tamall anois.

Cé a mba leis é, an ea?

Luadh Posh agus Becks leis.

Agus tuige nár críochnaíodh é?

Ní raibh freagra na ceiste sin ag éinne, a dúradh linn, ach go raibh an chuma ar an scéal nach bhféadfadh an bheirt sin teacht ar aon fhocal, faoin chaoi ab fhearr le críoch oiriúnach a chur ar a “gCasa Grande” i bhFuerteventura. Minic a chualamar faoi chaisleáin sa Spáinn a bheith á thógáil ag duine! bhuel, is dócha go bhfuil ceann de na caisleáin sin á thógáil ag an lánú seo i gcúige iargúlta de Ríocht sin na Spáinne, agus má éiríonn leo riamh é a chríochnú, tá mé cinnte go mbeidh “Casa” ar dóigh acu amuigh ansin. é suite in áit chomh halainn is a d’fhéadfá a fháil, agus é feistithe ansin, ag breathnú amach ar an bhfarraige agus ar Oileán álainn Lanzarote.

Críochnóidh mé an scéal seo dhaoibh an tseachtain seo chugainn..

Bí linn ansin

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Moill gan choinne

Ar deireadh thiar, shroicheamar ár gceann scríbe, agus muid tuirseach, traochta. lag leis an ocras. Thugamar aghaidh ar chúntar an ionaid saoire sin, áit a raibh orainn dul trí na gnáthchúrsaí cláraithe. Ach bhí ceataí sa scéal inár gcásna, áfach. Ní dóigh liom gur mhínigh mé go raibh dhá ghrúpa dínn ann, mé fhéin is mo bhean i dtosach báire,, agus in éineacht linn, bhí ár n-iníon, a céile, agus a mbeirt páistí siúd. Bhuel, ní raibh tásc nó tuairisc fúinne le fáil sna leabhair s’acusan. Bhí orainn fanacht ansin, fad is bhí siad ag cuartú anseo, is ag ransú ansiúd. Chuireadar fios ar an mbainisteoir, agus ba é an scéal céanna aigesan é, ní raibh ar a chumas faisnéis ar bith a fháil go raibh muid cláraithe acusan don tsaoire sin, olc, maith, nó dona.

.

.

.

.

.

Lean an scéal mar sin ar feadh uair a chloig, ar a laghad, agus ansin, tháinig duine eicínt ar chuntas, i leabhar eicínt, go raibh árasáin curtha in áirithe don dhá ghrúpa dínn.

Míle buíochas do Dhia, arsa sinne, d’aon ghuth, ach ar an droch uair, ní raibh árasáin ar bith réidh le sinn a shacadh isteach iontu. An mbeadh muid sásta fanacht cupla uair a chloig, le deis a thabhairt don bhfoireann glanta, árasáin a ghlanadh agus a ullmhú dúinn? Bhuel, bí ag caint ar rogha an dá dhíogha! Nó ní raibh le déanamh againn, ach fanacht an dá uair a chloig, sin nó bóthar a bhualadh, agus árasán a lorg áit eicínt eile, bíodh go raibh díolta againne as dhá árasán san Ionad sin. Shocraiomar ar fanacht, agus ar ball, tar éis trí huaire a chloig, insíodh dúinn go raibh ár n-árasáin réidh dúinn agus bronnadh na heochracha orainn!

Thar am !

Faoin am sin, ba bheag nach raibh muid gan aithne gan urlabhara. Ach ar aon nós, tar éis dúinn ár málaí taistil a shocrú sna hárasáin, thugamar an baile mór orainn fhéin, agus muid stiúctha leis an ocras agus spalptha leis an tart. Anois, is féidir liom a rá nach raibh ganntanas bia nó dí san Ionad Saoire céanna sin Corralejo, nó bhí Proinntithe agus Óstáin den uile chineál le fáil ina múrtha ó cheann ceann an bhaile poirt álainn céanna sin. Chuireamar chuige sin, le flosc agus le fonn, agus i ndeireadh na dála, chuireamar cúl ar ár n-ocras agus ar ár dtart, agus chaitheamar an chuid eile den tráthnóna sin ag guairdeall timpeall, ag baint taitnimh as chuile shórt a bhí le feiceáil agus le cloisteáil i mbaile mór Corralejo.

Ar thaitin an tsaoire sin i bhFuerteventura linn, an ea?

Tráth Sosa

Bhuel, tríd is tríd, bhaineamar taitneamh agus tairbhe as an tréimhse a chaitheamar ar an oileán neamhaí céanna sin. Is dócha gurb é an bua is mó a bhaineann le saoire dá leithéid nó go mbíonn ar dhuine maireachtáil scathamh, gan ghluaisteán, gan fón, gan teilifís, d’fhéadfá a rá, agus go mbíonn air freisin, saol simplí a chaitheamh, saol a chuireann iachall air, scaití a chaitheamh ag smaoineamh, agus bíonn air freisin a mharana a dhéanamh ar an gcineál saoil atá á chaitheamh aige sa mbaile. Tugann sin uilig sos iontach ó chúramaí an tsaoil chráite, chéasta seo, don duine. Bhuel, b’in mar a mhothaíomarna, ar aon nós, agus ní call dom a rá, gur bhaineamar taitneamh as saol an Oileáin iontaigh, neamhaí sin. Ar an dtaobh eile den scéal, áfach, caithfidh mé a admháil, go raibh an áit beagáinín ró-the domsa, nó déarfainn go raibh cineál brothaill agus tonn teasa ann, le linn dúinne bheith ansin, nó bhí an teocht sna triochaidí, i rith an ama sin. Sea, agus caithfidh mé a admháil, go bhfuil an teocht céanna sin beagáinín ró-the domsa, sea, agus sin gan tagairt ar bith a dhéanamh anseo do na diabhail corrmhíolta, a bhí flúirseach go maith ar an oileán ag an am sin, rud a chuir iachall ar dhaoine, bealadh, nó ungadh, speisialta frithchorrmhíolta a chaitheamh, leis na gadaithe beaga sin a choinneáil i bhfad uait!

Ar aon nós, taobh amuigh de sin ar fad, bhaineamar taitneamh as ár dtréimhse ansin, agus thaitin cuma scéirdiúil, feannta, fásúil an oileáin linn, ach, ag an am gcéanna, níor shil mé deoir ar bith nuair a bhí deireadh leis an tsaoire sin, agus muid ar ár mbealach ar ais abhaile go hÉirinn iathghlas oileánach, nó nach mbeadh sé deacair áit níos taitneamhaí, níos ilchineálaí, níos áille, ní í, a fháil faoi luí na gréine.

An mbeidh mé ag dul ar ais go Fuerteventura ar saoire arís?

N’fheadar, ach tá mé ag ceapadh, go bhféadfainn níos mó taitnimh a bhaint as saoire anseo i measc Bhánchnoic Éireann Ó, agus téadh an aimsir tigh an diabhail!!!

Céard fútsa?

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Eachtrtaigh dúinn 28 A.

Geimhreadh chugainn.

Geimhreadh Chugainn .

Íslíonn grian i dtreo léaslíne,

Is slógann scamaill ar spéartha liath’

Tréigeann cuach is fáinleog luath

Críocha ársa Choinn is Bhriain.

.

Feonn féar, is críonann duille,

Lomtar tom, is nochtar sceach,

Líontar díog, is leatar srutha,

Clocha ceangailte is loch ‘na leac.

.

Cosctar ceol fuiseoige is loin duibh,

leathann tost thar shliabh is má,

Ach ceolann dreoilín ar ghéag gan duille,

Ag fógairt áir ar fhuacht is crá.

.

Feannann goimh an craiceann daonna,

Ainneoin a gcaitear d’éadaí trom’

Sileadh sróine is casacht phléascach,

Toradh tréimhse amuigh faoin aer.

.

Anáil ‘na mbó ina gal geal reoite,

Á stealladh uathu ina múrthaí ceo,

Éin gan deoch, gan bhlas le n-ithe,

Talamh sioctha, is linn faoi reo.

.

Fadhb gan scaoileadh don duine daonna,

Foighid a oireann i gcás gan bhrí,

Ach don té a mhaireann is a thuigeann tada,

Fillfidh Earrach is fásfaidh síol.

.

Ceolfaidh dreoilín, is feadfaidh lon dubh,

Fillfidh athuair fáinleog is cuach,

Tógfar croíthe le háthas saolta

Le ceol is dath ó Ri na nDúl.

.

***************************************

.

Eachtrtaigh dúinn 28 A.

I mBéal an Phobail Iomarbha Cainte

Cosaint na Cáinaisnéise!

(This week Séimí and Friend discuss the Budget.)

Peadar Bairéad

Iomarbhá

Thíos i gcailleach(snug), sa Smugairle Róin sea bhíomar bailithe, an oíche cheana, agus go breá luath thuig mé fhéin go raibh faobhar argóna ar mo sheanchairde, Séimí a’ Droichid agus Mártan Shéamais. Sea, agus geallaimse dhuit é, nach raibh sé deacair caint a bhaint as an mbeirt chéanna sin, an oíche sin. I ndáiríre, ní raibh ach focal amhain ligthe le sruth agamsa, nuair ba léir fonn cainte ar mo bheirt.

Cén focal atá i gceist agam anseo, an ea?

Cáinaisnéis. B’in an focal adúirt mé, agus é beartaithe agam tuairimí na beirte eile a mhealladh uathu, ar ais nó ar éigean.

Bhuel! Geallaimse dhuit é, nach raibh sé deacair in aon chor caint a bhaint astu an oíche sin, nó bhí dóthain le rá ag gach éinne acu faoin gcáinaisnéis chéanna sin. Ach ba é Séimíú ba thúisce a bhain an bhearna dínn, agus ba é ba thúisce a chuir tús leis an iomarbhá.

“Deirimse cáinaisnéis leat!! ar seisean, agus straois gháire siar go dtí na cluasa air. Cáinaisnéis, an ea? Ní cáinaisnéis ach robáil chaoch i lár an lae ghil a thabharfainn fhéin air. Féach an chaoi ar dheighleáil siad le pinsinéirí.”

“Ach,” adúirt mé fhéin ag cur isteach air, “cheap mé fhéin gur chaith siad go fial leis na saoránaigh chéanna sin, nó níor ardaigh siad an cháin ioncaim orthu, nó níor ísligh siad a bpinsean, ach oiread.”

“Furasta a fheiceáil cén taobh den teach a bhfuil tusa ag taobhú leis, nó an dall atá tú? Nár thug tú faoi deara gur bhain siad na cártaí leighis ó phinsinéirí áirithe, trí leibhéal a dteacht isteach incháilithe a ísliú. Go dtí seo, tugadh cárta don lánúin nach raibh a dteacht isteach níos airde ná míle dhá chéad Euro sa tseachtain, nó sé chéad Euro don duine singil, ach ísliodh tairseach an fhiosrú maoine go dtí naoi gcéad Euro don lánúin feasta, agus go sé chéad don duine singil, rud a fhágfaidh go gcaillfidh roinnt mhaith dem chairde a gcárta leighis feasta, agus dár ndóigh, níl ansin ach comhartha in aird na gaoithe”.

Ach, a Sheimí” arsa mé fhéin, “b’fhéidir nach raibh an dara rogha ag an Aire ach dul síos an bóithrín sin, an turas seo, agus b’fhéidir go ndéanfadh sé an t-ísliú sin a chealú arís sa chéad cháinaisnéis eile?”

“Sea,” arsa Mártan Shéamais, “agus b’fhéidir go n-eitleodh muca, amach anseo. Nó nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fhéin gurb é a mhalairt ar fad a tharlóidh, agus sin an faitíos atá ar sheanóirí an Stáit seo, faoi láthair.”

“Fíor dhuit a Mhártain,” arsa Séimí s’againne, “agus cuir leis an masla sin, go mbeidh ar an mbuíon chéanna sin a bhfuil Cárta Leighis, nó Cárta Dochtúra, acu, dhá Euro caoga Cent a íoc feasta ar chuile airteagal ar oideas a ndochtúra, agus nach gcaillfidh siad a liúntas telefóin freisin, gan trácht in aon chor ar ísliú an liúntais connaidh.”

“Ach, a fheara” arsa mé fhéin arís, “Caithfear a chur san áireamh, nach bhfuil sparán teann ag ar Rialtas, agus go gcaithfear gearradh siar, agus gearradh siar arís, le cuntais an Stáit a chothromú, agus ní hiad na seanóirí amháin a bheidh thíos le socruithe na Cáinaisnéise deiridh sin”.

D’ionsaigh an bheirt mé agus thug íde na muc is na madraí dom as bheith ag iarraidh ionsaí úd an Rialtais ar ár seanóirí a chosaint, agus d’admhaigh siad beirt, go mba mhór an náire domsa, seanóir, a leithéid a dhéanamh. D’fholmhaigh muid ár ngloinní agus thug an bóthar abaile orainn fhéin.

Dár ndóigh ní raibh ar siúl agam fhéin ach bheith ag iarraidh fonn cainte a spreagadh im chomrádaithe, agus b’in a bhfuair mé dá bharr!!!

Caithfidh mé teacht anuas den chlaí seo feasta!!!!

en_USEnglish