by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
A r n a M i s i n .
.
*****************************
.
An Luan, an 18ú Lúnasa, 2003.
Ar deireadh thiar, bhí an lá mór tagtha, an lá a bhí socraithe againn don turas ó thuaidh, le breathnú ar roinnt áirithe de Mhisin Spáinneacha Chalafóirnia, agus ó tharla go raibh fúinn ár seolta a ardú, roimh nóin, ghlacamaar an mhaidin Luain sin go deas réidh. D’ullmhaíomar sinn fhéin chun bóthair, agus rinneamar pé pacáil a bhí le déanamh againn don turas, nó bhí beartaithe againn, thart ar sheachtain a chaitheamh as baile. Ar deireadh thiar, bhíomar réidh, agus bhí sé ag tarraingt ar a haon a chlog, san iarnóin, nuair a bhuaileamar bóthar. Dheamhan a raibh basctha den trácht ag an am sin, agus ghluaiseamar linn i dtreo Santa Barbara, gan trioblóid, gan tranglam ar bith le sárú againn. Agus ó tharla gur luaigh mé Santa Barbara, cuireann sé sin nath cainte a bhíodh ag mo Mham fhéin, fadó….
“Santa Bairbre in aghaidh na toirní.”
adeireadh sí, le sinn a chosaint ar thoirneach is ar thintreach. Ach fillimis ar an scéal.
Turas thart ar dhá chéad míle a bhí romhainn amach, agus dár ndóigh, luíonn Los Angeles fhéin díreach sa mbealach romhainn, sa chaoi go mbeadh orainn coinneáil cóngarach don chósta, le bealach áisiúil a fháil tríd an gcathair ollmhór chéanna sin. Trí Carlsbad agus Oceanside linn, gan stró, agus leanamar fan Shaorbhealaigh a Cúig. Cheapfá nach dtiocfá amach as Los Angeles riamh, nó tá an chathair sin an-leata-amach, mar murab ionann is Nua Eabhrac, ní dheachaigh Los Angeles i muinín na scríobairí spéire, le tithíocht a chur ar fáil dá daonra.
Ar deireadh, ar éis tamaill a chaitheamh ag taisteal ar Saorbhealach 405, agus tar éis dul taobh le Beverly Hills agus Hollywood, tháinig muid ar ár seanchara, Saorbhealach 101. Chasamar ar chlé ansin, agus leanamar ar aghaidh trí thír a raibh seanaithe againn uirthi. Chuamar trí Thousand Oaks, mar ar chaitheamar saoire iontach, thart ar chúig bliana déag ó shoin, agus chun tosaigh linn ansin, trí Oxnard agus Ventura. Stopamar seal, i mbaile beag taobh amuigh de Ventura, lenár scíth a ligean, agus le lón beag a chaitheamh, agus ansin bhuaileamar bóthar arís, ag tarraingt ar Santa Barbara, agus shroicheamar an ceann scríbe sin, roimh titim na hoíche, agus d’éirigh linn ár dTeach Ósta, i mBath Street, a aimsiú, gan aon ró-stró. Thógamar isteach ár málaí taistil, agus tar éis seal a chaitheamh in ár seomraí, agus tar éis dúinn an tuirse bóthair a chur dínn, ghléasamar sinn fhéin, agus thugamar aghaidh ar an mBialann, a bhí mar chuid den Óstan, ina rabhamar ag cur fúinn.
Shuíomar chun boird ansin, ag a hocht, agus dheineadar freastal fial orainn, nó níl dabht a domhan, ach go dtugtar dóthain fathaigh, ar do phláta dhuit, sa tír seo, sa chaoi gur chuireamar cúl ar ár n-ocras, agus ar ár dtart, i ngearraimsir. Ní call dom a rá, gur bhaineamar sult agus sásamh as an mbéile céanna sin, nó0 bheadh sé deacair é a shárú. Ar ball, chuamar ar ais chuig ár seomraí. Rinneamar ár gcomhrá. Rinneamar pleananna don lá dár gcionn, agus ansin, chaitheamar seal ag breathnú ar an teilifís, agus thugamar an sop orainn fhéin, roimh mheánoíche. B’in an chéad lá dár dturas críochnaithe, agus shocraíomar síos tar éis an aistir dhá chéad míle fada sin a bheith curtha dínn againn. Ní gá a rá, gur chodlaíomar go maidin, gona lánsoilse arna mhárach.
Dé Máirt, 19ú Lúnasa, 2003 .
In ár suí le giolc an ghealbhain, bíodh nár chualamar gíog nó míog ón éinín céanna sin, nó ó éan ar bith eile, dá ndéarfainn é, nó bhí an tÓstán, an Encina Lodge & Suites, suite i lár na cathrach, agus tar éis dúinn seal a chaitheamh dár n-ullmhú fhéin, agus tar éis dúinn breicfeasta blasta a chaitheamh, chaitheamar seal ag iarraidh rud eicínt a fhoghlaim faoi stair na cathrach seo, Santa Barbara. Is fada siar a théann scéal an ionaid álainn seo, nó bhí Indiaigh ag cur fúthu sna bólaí seo, i bhfad sular tosaíodh ag coinneáil cuntais ar stair a gciníocha. “Chumash” a thugtaí ar na daoine sin, agus táthar den tuairim, go mbíodh idir 8,000 agus 10,000 den chine sin, ag cur fúthu sa dúiche ina bhfuil Santa Barbara suite anois. Thógadar tithe dóibh fhéin, ach ó tharla gurbh as craobhacha, agus giolcacha, a tógadh iad, ní haon ionadh nach bhfuil a dtásc nó a dtuairisc le fáil ag seandálaithe, sa lá atá inniu ann. Mhair na daoine sin ar thoradh nádúrtha na talún, sa limistéar thart orthu. Bhíodh sméara, caora, préamhacha, síolta, coiníní, ioraithe, agus a leithéid, maraon le héisc agus sligéisc, mar bhia agus mar bheatha acu. Ba dhream iad a sheol fan an chósta freisin, i gcuracha móra fada, curacha a d’iompródh idir dheichniúr agus dháréag.
Briseadh isteach ar shaol shona na dtreabhanna sin áfach, sa séú haois déag, sa bhliain 1542, caoga bliain i ndiaidh do Cholumbus spág a leagan ar chósta an Domhain Úir a chéaduair, nuair a shroich Juan Rodriguez Cabrillo agus a lucht leanúna, i ndá long, an San Salvador agus an Victoria, nuair a shroich siad cósta Shanta Barbara, agus nuair a d’fhógair siad gur le Rí na Spáinne feasta, an fearann sin. Ba Phortaingéileach é Cabrillo, i seirbhís na Spáinne, agus é ag iarraidh teacht ar an “Northwest Passage”, agus tá’s ag an saol mór inniu, go mba shaothar in aisce dó é, a leithéid de shaothar a chur air fhéin, ach ní raibh a fhios sin aige, nó ag a lucht leanúna, ag an am sin. Chaill na Spáinnigh suim sa dúiche sin, ar feadh trí scór bliain, agus ansin, i Nollaig na bliana 1602, tháinig Vizcaino ar an dúiche sin arís, ar an gceathrú lá, de Mhí na Nollag, féile Santa Barbara, agus b’in mar a baisteadh Santa Barabara ar an ionad álainn sin. Agus arís, níor ró-shuim leis an Spáinn an limistéar sin, nó i ndáiríre, níor chuir siadsan spéis ar bith i gCalafóirnia, go dtí déanach go maith san ochtú haois déag, nuair a chonacthas dóibh, go raibh cumhachtaí móra eile, an Rúis ina measc, ag cur suime nár bheag, i gcósta Chalafóirnia. Ba ansin a thug an Rí an t-ordú dá mhuintir i Ríocht Spáinneach Mheicsiceo, bunáiteanna, nó Presidiónna, a bhunú i San Diego agus i Monterey, le cos i dtaca sa limistéar sin, a thabhairt don Spáinn fhéin. In Aibreán na bliana 1782, thóg an lieutenant Jose Francisco de Ortega, agus a chuid saighdiúirí, Presidió mór, le freastal ar an limistéar sin. Anois, bhí ár seanchara, Junipera Serra, fear ar labhair muid faoi cheana, ar an bhfód freisin, agus é ar intinn aige Misin a thógáil ar na láithreacha sin freisin, ach cuireadh ina choinne, agus dhiúltaigh an Gobharnóir cead tógála dó i Santa Barbara, go dtí go mbeadh an Presidió tógtha, ach bhí Serra aosta, lag, spíonta, ag an am, agus ba é a dhein sé nó filleadh ar Mhonterey, le bás d’fháil. Sa bhliain 1793 d’fhógair Gobharnóir Chalafóirnia, go raibh Presidió Santa Barbara ar an bPresidió ab fhearr i gCalafóirnia uilig, agus nuair a bhí sé críochnaithe ar fad, sa bhliain 1797, chlúdaigh sé bloc cathrach. Ach le filleah ar scéal an Mhisin…
Sa bhliain 1785, dhá bhliain i ndiaidh bhás Junipero Serra, tháinig aiféala ar an nGobharnóir nua, agus thug cead do na Proinsiascánaigh Misean a thógáil i Santa Barbara.
An bhliain dár gcionn, tháinig an Padre Fermin la Lasuén, agus beirt bhráthar ina chomhluadar, agus chuireadar rompu an Misean sin a thógáil. Bhí socraithe acu, an Misean a choisreacan, go hoifigiúil, ar an 6ú lá de Nollaig na bliana sin, 1786, Lá ‘le Santa Barbara fhéin, agus cé nach raibh an Gobharnóir ar an bhfód, le páirt a ghlacadh sa cheiliúradh, leanadar ar aghaidh dá éaghmais. Chuireadar searmanas eile ar siúl, tamall ina dhiaidh sin, nuair a tháinig an Gobharnóir ar chuairt chucu. Chuir Rí na Spáinne fhéin cloig chucu, don Mhisean sin. Tar éis dóibh bheith i mbun oibre misinéireachta sa dúiche sin, bhí de thoradh ar a gcuid oibre, gur baisteadh 70 de threibh an Chumash, agus tháinig siadsan chun cónaithe sa Mhisean. “Neophytes” a tugadh orthusan, agus múineadh an creideamh dóibh, agus chomh maith le sin, múineadh scileanna i bhfeirmeoireacht, i siúinéireacht, i gcócaireacht, i mbuildeáil, agus i bhfíodóireacht dóibh. Taobh istigh de bhliain, bhí 307 Nuachreidmhigh ina gcónaí sa Mhisean, agus bhíodar tar éis Séipéal adóibe a thógáil, maraon le teach na mbráthar, gráinseach, cistin, ceardlann adhmadóireachta, agus seomra súdaireachta. Ní gá a rá, gur éirigh, thar na bearta, leis an Misean sin Shanta Barbara, agus i ngearraimsir, bhí fás thar cuimse tagtha ar chuile ghné den tionscadal céanna sin. Agus, murab ionann is an Presidió, mar a raibh na saighdiúirí beo, bocht, gan léinte, gan airgead, gan pá, gan tada len’ iad a choinneáil sa Phresidió, ach a ndílseacht dá dtír agus dá n-oifigigh. Bhí lucht an Mhisin ag cur fúthu i dtír na flúirse, sa chaoi go raibh an áit féinchothaíoch, taobh istigh d’achar an-ghearr.
D’éirigh go breá le Misean Santa Barbara ó thús, agus faoi dheireadh an ochtú haois déag, bhí taiscumar, trí ghráinseach, siopa leathair, ceárta, agus stórais, tógtha acu timpeall an Mhisin, agus faoin am sin, bhí thart ar 800 clann Chumash ina gcónaí, agus ag saothrú leo, sa Mhisean. Trí na blianta sin go léir níor iompaigh a dtaoiseach,Yanonali ina Chríostaí, ach ar deireadh thiar thall, sa bhliain 1787, baisteadh ina Chríostaí é, agus baisteadh Pedro air. Bhásaigh sé sa bhliain 1805, agus é in aois a hocht mbliana is trí scór.
D’fhás an Misean sin Santa Barbara as cuimse cumhachtach, agus saibhir, agus ní haon ionadh, go raibh lucth an Phresidió in ead leo, agus bíodh gur shealbhaigh na Proinsiascánaigh tailte agus saibhreas an Mhisin ar iontaobhas, agus é d’aidhm acu, an saibhreas uilig a thabhairt ar ais do na hIndiaigh, chomh luath is a bheidís siúd baiste, agus oilte ar thalmhaíocht. Níor tharla sin riamh, nó bhí an Misean ró-shaibhir, ró-chumhachtach, le bronnadh ar na dúchasaigh.
Ní mhaiareann rith maith ag an each i gcónaí áfach, agus ba é an scéal céanna ag Misean Santa Barbara é, nó tharla go raibh an mí-ádh ag rith leo. Sa bhliain 1801, bhuail ráig niúmóine na hIndiaigh, ach go háirithe, agus bíodh gur bhuail an niúmóine idir Mhisean agus Phresidió, ba iad na nuachreidmhigh ba mhó a bhí thíos leis, i ndeireadh na feide. Sea, agus fiú na hIndiaigh a tháinig slán ón niúmóine, bhuail galraí áirithe eile, a d’iompair na Spáinnigh chucu iad, galraí a chriog a lán acu, galraí cosúil le slaghdán, bruitíneach, agus a leithéid, agus mar bharr an an gclampar, thit an ráta beireatais freisin, ina measc. Ba ghearr gur tuigeadh do na Padres, nár chun leasa na nIndiach an Chríostaíocht. Faoin mbliain 1820, bhí Misean Santa Barbara ag titim ar gcúl, agus ar ball, nuair a ghabh na Meicsicigh seilbh ar Chalafóirnia, bhí caiscín an Mhisin chéanna sin, maraon le Misin eile na tíre, meilte. Ba ghearr gur deineadh an Misean a dhieaglaisiu, agus gur bronnadh cuid dá thailte, 26,529 acra, ar chlann cheannaire an Phresidió, agus gur díoladh an chuid eile leis na Rancheros, dream a thosaigh ag tógáil, agus ag beathú, stoic, sa dúiche sin. Sa tslí sin, taobh istigh d’achar réasúnta gearr, cuireadh deireadh le cumhacht an Phresidió agus an Mhisin, agus ina n-ait, d’fhás sochaí nua, ina raibh na Rainséirí, agus lucht gnó, in uachtar. Anois, ba chóir a rá anseo, gur tugadh seans do na hIndiaigh, seilbh a ghlacadh ar roinnt áirithe de thailte an Mhisin, agus dóibh siúd a thoiligh chuige sin, tugadh síolta agus stoc dóibh, sa chaoi go mbeadh ar a gcumas slí bheata a bhaint amach, mar fheirmeoirí, ach, ba é críoch an scéil sin é, nó gur dhíol roinnt mhaith acu a ngabhaltais do na Rainséirí móra, agus gur cuireadh roinnt eile as seilbh, trí chaimiléireacht, agus le scéal gairid a dhéanamh de, níor éirigh, olc maith nó dona, leis an scéim sin, agus na hIndiaigh nár dhíol, agus nár cuireadh as seilbh trí chamailéireacht, b’amhlaidh a chuaigh siad ina spailpíní chuig na Rainséirí móra, ar díoladh cuid de thailte an Mhisin dóibh, a chéaduair. Tharla scaipeadh na mionéan ar Threibh Chumash Shanta Barbara, agus cailleadh an deis a bhí ann, le tír dá gcuid fhéin a bhunú thart ar an Misean sin.
Faoin mbliain 1847, ba leis na Stáit Aontaithe Santa Barbara, ach d’fhan lucht an phresidió, agus roinnt áirithe de na Meicsicigh, maraon le roinnt áirithe Indiach, ar an bhfód, le cathair nua Meiriceánach a thógáil ar fhothracha a staire. Deineadh cathair Mheiriceánach, den mbaile IndSpáinneach sin, ar an 9 Aibreán, 1850, cúig mhí sular fógraíodh Calafóirnia ina Stát. Ach ní gá domsa a thuilleadh a rá faoi stair na cathrach áille céanna sin, nó bhí laethe an Mhisin thart, faoin am sin, ach amháin, gur chóir a rá anseo, gur leanadh ag baint úsáide as Séipéal an Mhisin, mar Theach Pobail, ó tógadh i dtosach é, go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus deirtear, nár ligeadh don lampa sa Sanctóir dul as, ó lasadh a chéaduair é, sa bhliain 1786, agus ní focal beag nó suarach é sin, nuair a chuirtear san áireamh, a ndeachaigh an dúiche sin tríd, thar na blianta fada uilig sin.
Nuair a bhí an méid sin socraithe, pléite, againn, thugamar aghaidh ar an Misean Santa Barbara céanna sin, ag bun Shráid Laguna. Ní haon ionadh, gur tugadh “Banríon na Misean” ar an Misean céanna seo, nó ba bheag nár bhain sé radharc na súl dínn, ar a mhéad, ar a áilleacht, ar a dhearadh. Cuma clasaiceach atá le tabhairt faoi deara ar thosach an fhoirgnimh álainn sin, agus ní haon ionadh é sin, ach oiread, nó bíodh go bhfuil na Túir, agus an leagan amach, frí chéile, cosúil leis na Misin eile, ag an am gcéanna, tá gnéithe áirithe d’aghaidh an fhoirgnimh, maraon le gnéithe áirithe den taobh istigh, nach bhfuil a leithéid le fáil in aon cheann eile den Mhisean is fiche, a tógadh, fan chósta Chalafóirnia, idir na blianta 1769 agus 1823. Mar a mhínigh mé thuas, cuireadh moill nár bheag ar thógáil an Mhisin chéanna seo, ach i ndeireadh na dála tógadh é. Anois, tá an taobh sin tíre an tugtha do chreathanna talún, agus tharla gur deineadh dochar doleigheasta don Mhisean, cupla babhta, le linn a óige, agus ar deireadh, ba iad na fir a bhí i mbun tógáil an Mhisin álainn atá le feiceáil againn sa lá atá inniu ann, ná na Padres Antonio Ripoll, agus Francisco Suner. Anois, bhí spéis thar na bearta ag an bPadre Ripoll in ailtireacht na Rómhánach, agus tharla go raibh ailtire Rómhánach, Vitruvius Polion ann, a d’fhoilsigh saothar, sa bhliain 27 BC. “Sé Leabhar na hAiltireachta” a bhaist sé ar an saothar céanna sin. Tháinig Ripoll ar an saothar sin, agus ní shásódh tada é, ach dearadh le Polion do Theampall Páganach, a réaladh ansin i Misean Santa Barbara, agus rinne, agus gan dabht ar domhan, tá a shliocht sin ar an Misean sin, go dtí an lá atá inniu ann, nó tá dearadh GréigRómhánach le léamh air, ó bhun go barr. Chuir méad an fhoirgnimh ionadh orainn freisin. Os a chomhair amach, tá scairdeán álainn Múraach le feiceáil fós, agus taobh thiar den Mhisean, éiríonn sléibhte áille bánghorma Santa Barbara, agus iad ag ceapadh áilleacht an fhoirgnimh, i bhfráma ollmhór na timpeallachta.
Isteach linn. Ba chosúil le hIarsmalann é. Bhí seomraí ansin agus iad leagtha amach díreach mar a bhídís, i laethe an Mhisin. Anseo, d’fheicfeá seomra leagtha amach faoi mar a bheadh seomra sagairt. In áit eile, tá saotharlann le tabhairt faoi deara, agus uirlisí agus saothar na gceardaithe Indiacha le feiceáil ansin ag an turasóir. Tá seomra eile ansin, agus ba le, Garcia Diego, céad easpag Chalafóirnia é, agus sa seomra sin, tá le feiceáil againn, earraí agus feisteas a bhain leis an bhfear céanna sin. Tá le feiceáil ansin freisin, i seomra eile, samplaí de na feistis a chaith na sagairt agus iad i mbun searmanas eaglasta, maraon le samplaí de na leabhair Aifrinn, agus de na leabhair cheoil, nó mhúintí canadh iomann, agus amhránaíocht, do na hIndiaigh, freisin, agus de réir na scéalta, ba mhaith chuige iad. B’iontach an lámh a bhí acu freisin, i mbun péintéireachta agsu ornáidíochta. Samplaí dá bhfíodóireacht chasta, chliste, le feiceáil ansin freisin. Thóg sé cupla uair a chloig orainne, turas an Mhisin a thabhairt, agus dár ndóigh, ba é ba mhó a chuaigh i gcionn orainn, nó an séipéal. Ní séipéal beag nó suarach atá i gceist anseo againn, ach séipéal mór, atá céad seasca is aon troigh, ar fad, fiche seacht troigh, ar leithead, agus dhá throigh is daichead, ar airde. Seasann an dá Thúr ochtó seacht troigh os cionn leibhéal na talún. Chuir maisiú agus ornáidíocht an tséipéil chéanna sin ionadh nár bheag orainne, nó bhí idir dhealbha agus phictiúir ansin, le croí agus anam an adhraitheora agus an chuairteora a ardú, agus a spreagadh.
Ar deireadh, bhíomar amuigh faoin aer arís, agus ualach asail de chuimhní bailithe, stóráilte againn, cuimhní a ghealfadh cibé laethe gruama, dorcha, a bhí os ár gcomhair amach. Stadamar taobh amuigh den bhfoirgneamh stairiúil seo, agus bhaineamar lán ár súl, as a háilleacht agus a healaíontacht, sea, agus sléibhte Santa Ynez taoabh thiar de, mar chúlra álainn, a raibh an t-iarraichtín ba lú den bhánghoirme ag baint leo, agus ba ansin, a thugamar fógra mór, ar thaobh na sráide, faoi deara, fógra a chuir in iúl dúinn, go bhféadfaimis turas an bhaile a thabhairt, ar chostas an-íseal. Ag an bpointe sin, bhí ceann de na busanna speisialta sin ag teacht i ndeas dúinn, agus shocraíomar láithreach, ó tharla go raibh roinnt ama le meilt againn, nárbh fhearr rud a d’fhéadfaimis a dhéanamh, ná dul ar bord, agus taitneamh a bhaint as áilleachtaí áille na cathrach áille seo, Santa Barbara, a thabhairt faoi deara. Níor thúisce socraithe ná déanta, agus ba ghearr go raibh muid, maraon le lán bhus de thurasóirí eile, ar ár slí timpeall na cathrach stairiúla sin
Bus speisialta a bhí dár n-iompar, bus ar déanamh tram a bhí ann, agus tráchtaireacht á thabhairt dúinn, feadh an aistir, ag an tiománaí groí, lách, scéaltach. Thug an tiománaí céanna sin stair an bhaile dúinn, ach ó tharla go bhfuil roinnt mhaith den stair tugtha cheana agam, ní dhéanfaidh mé athinsint ar an gcuid sin den scéal. Labhair sé linn, faoi na sráideanna, agus faoi na foirgnimh, faoi na maithe agus na móruaisle a dhear agus a thóg an baile álainn seo, ach ní mar seo a bhí an baile seo chuile lá riamh, nó i dtús ama, ní raibh cuma nó dóigh air, ach chuile dhuine ag tógáil leis, de réir mar a bhuail an fonn é. Ní raibh ann, ar feadh i bhfad, ach baile beag scoite, iargúlta, gan spéis ró-mhór ag éinne ann, ach trí tharlúintí domhínithe na staire, d’fhás agus d’fhorbair Santa Barbara, go dtí go bhféachtar air, sa lá atá inniu ann, mar “Venice” Dheisceart Chalafóirnia. Caithfear a rá, nach raibh aon chóras ar fónamh acu le cuairteoirí, nó lucht gnó a mhealladh chomh fada leo, ach bhí cuan réasúnta maith ansin, taobh leo, agus marach sin, bheadh siad ar an ngannchuid, bunús an ama. Ach déanta na fírinne, ba í a iargúltacht an bua ba mhó a bhí aige, i ndeireadh na dála. Bhí Sléibhte Santa Ynez mar bhalla cosanta, ar an dtaobh thoir de, bhí an fharraige ar an dtaobh thoir, agus ní raibh bóithre ar fónamh, ó thuaidh, nó ó dheas uaithi, agus sa tslí sin, coinníodh lucht na hórthóraiochta, tríd is tríd, amach uaithi. Choinnigh sí na himircigh, a thug a n-aghaidh siar, i ndiaidh Chogadh na Stát, amach uaidh freisin, sa tslí, nuair a bhí bailte móra eile ar chósta thiar Chalafóirnia ag fás as cuimse mór, agus ag bailiú saibhris chucu, faoi mar a bheadh Dia á rá leo, d’fhan Santa Barbara beag, scoite, iargúlta, gan mórán airde ag éinne air. Mar sin fhéin, bhí a bhuanna fhéin ag Santa Barbara. Bhí suíomh den scoth aige, bhí pobal deas, séimh, sibhialta, aige, agus bhí aeráid neamhaí ag roinnt leis freisin. Fritheadh ola go flúirseach sa dúiche sin freisin, agus roinnt áirithe de, faoin bhfarraige, agus, ar bhealach do-thuigthe anois, ceapadh ag an am, nach bhféadfá aer na háite sin a bhualadh, ar a shláintiúla is a bhí sé, agus tuigeadh go mba í cúis a bhí le sin, nó boladh an ola sin measctha ar aer sláintiúil na háite. Chomh maith leis na buanna sin, bhí flúirse ruibhthoibreacha sa dúiche sin freisin. Sa tslí sin, thosaigh daoine ag teacht chucu, ina nduine is ina nduine, ar dtús, agus ansin ina miondreamanna, agus ar ball, ina gcaise do-stoptha, agus ní ó na Stáit Aontaithe amháin a tháinig siad, ach ó cheithre hairde an domhain mhóir, agus iad uilig ar thóir na sláinte, na háilleachta nó na haeráide, nó ar thóir cibé bua a shanntaigh siad, agus a tuigeadh dóibh a bheith ar fáil go fial, i gcathair Santa Barbara.
Thug Charles Nordhoff cuairt ar Santa Barbara sa bhliain 1872. B’amhlaidh a chuir an “Southern Pacific Railway” timpeall Chalafóirnia é, le cuntas a scríobh faoina raibh le feiceáil, agus le tabhairt faoi deara, le linn a chuairte…..
“Santa Barbara is on many accounts the pleasantest of all the places I have named……Santa Barbara has the advantage of a pleasant society and an exeellent school. It is in fact a cozy nest of New England and Western New York people, many of whom originally came here for their health, and remain because they are charmed by the climate.”
Sea, níor chuir a hiargúltacht isteach ar Charles. Ach cosúil le bailte eile, ag an am, ní raibh aige, ach thíos seal agus thuas seal.
Ach, tar éis dó blianta fada a chaitheamh ar thóir an dul chun cinn, agus tar éis dó an lámh in uachtar a fháil ar smugléirí, ar robálaithe, agus ar ghadaithe bóthair, d’éirigh leis teacht slán, agus diaidh ar ndiaidh, shleamhnaigh sé chun tosaigh, dá míle ainneoin. Agus bíodh go raibh baile álainn cultúrtha, seanaimseartha, ansin, ó aimsir na Spáinneach i leith, níor cuireadh aon bhéim ró-mhór ar an dul chun cinn, go dtí gur ghealaigh ré na Stát Aontaithe, fiú amháin i leagan amach na sráideanna, ní raibh bun nó barr leo, go dtí ré sin na Stát. Féach mar a cuireadh é……
Santa Barbara’s first neighbourhood was comprised of adobes scattered haphazardly around the Presidio. By 1850, the number of adobes had increased, but they were still built on sites with no apparent organisation. Americans brought with them a passion for organisation and knew that a logical street system was an essential first step. In 1851 the Common Council authorised Captain Salisbury Haley to survey and plat streets in square, uniform blocks 150 feet wide.
Bhuel, bhí an gnó sin déanta, agus déanta go maith, agus bíodh nár cuireadh an plean sin i gcrích láithreach bonn, ag an am gcéanna, bhí an plean ansin, agus diaidh ar ndiaidh, bhíothas ábalta tarraingt ar an bplean cumasach sin.
Ba bheag tionchar a bhí ag Cogadh na Stát ar Santa Barbara, nó bhí an áit ró-iargúlta, agus is dócha freisin, nár breathnaíodh fós, i ndáiríre, ar Chalafóirnia, mar chuid dílis de na Stáit Aontaithe, sea, agus cuir le sin, go raibh Santa Barbara i bhfad amach ó láthair an chogaidh chéanna sin, a bhí ag réabadh leis na mílte míle soir uaidh, agus chomh maith le sin, thógadh sé, idir 20 agus 30 lá, do nuacht faoin gcogadh céanna sin iad a shroichint, nó ba mhinic cathanna an chogaidh sin á dtroid, thart ar thrí mhíle míle ar shiúl uathu.
Níor shroich an Bóthar Iarainn fhéin Santa Barbara go dtí tús an fichiú haois, ach uaidh sin amach, níor mhothaigh muintir Shanta Barbara scoite amach feasta. Bhí uisce reatha, leictreachas, ospidéil den scoth, ar fáil sa chathair sin feasta, agus nuair a tharla, sa bhliain 1922, gur éirigh leis an nDochtúir William Sansum insulin fad-oibríoch a fhorbairt, bhí tarriangt ag diabaetigh an tsaoil mhóir ar Santa Barbara, feasta.
Ach, i ndeireadh na dála, tuigeadh do na dúchasaigh, gurbh í an turasóireacaht an tionscal ba mhó a d’oirfeadh dóibh, sna blianta a bhí amach rompu, agus chuige sin, chuireadar chun oibre le fonn, le háiseanna oiriúnacha a chur ar fáil, leis an dtionscal sin a chothú agus a fhorbairt. Tuigeadh freisin, go mba bhreá ar fad an láthair é, d’fhilí, do phéintéirí, agus d’ealaíontóirí de chuile shórt.
Faoin am seo, áfach, tuigeadh go raibh sráideanna áirithe gránna go maith fós, ach thug crith talún na bliana 1925 deis dóibh, roinnt mhaith de na seansráideanna sin a chartadh amach, agus a atógáil, de réir Phlean Haley. Bhí daonra na cathrach nua seo ag dul i méad an t-am ar fad áfach, nó d’fhan roinnt mhaith de na turasóirí, agus chuireadar fúthu sa bhaile álainn sin Santa Barbara. Faoin mbliain 1950 tógadh ár seanchara, an Saorbhealach 101, a bhí mar cheangal idir San Francisco, ó thuaidh, agus San Diego, ó dheas.
Bhí a seal freisin ag Santa Barbara ar na scannáin, nó sa bhliain 1910, bhí an saotharlann scannán ba mhó ar domhan, suite sa chathair sin, agus faoin mbliain 1911, bhí trí chomhlucht scannán lonnaithe ann. Ar feadh scathaimh, mar sin, baineadh úsáid as sléibhte Santa Ynez, agus as tránna Santa Barbara, mar chúlra do na céadta scannán. Ní bhíonn in aon rud ach seal, áfach, agus faoin mbliain 1918, ocht mbliana gairide i ndiaidh bhunú an tionscail sa chathair álainn sin, faoi mar a bheadh sneachta na bliana anuraidh ann, bhí na comhluchtaí móra sin uilig scuabtha leo ó dheas, ar thóir na bhfoirgneamh ard, faoi mar a bhí le fáil acu i Los Angeles, nó theastaigh foirgnimh mhóra arda uathu, leis an saol uirbeach, a bhí mar chúlra anois do bhunús na scannán a bheadh á ndéanamh feasta, a léiriú.
D’éirigh lenár dtreoraí an t-eolas sin uilig faoi Santa Barbara a roinnt linn, agus muid ar ár mbealach timpeall na cathrach sin, ar ár sáimhín só. Thuirlingíomar fhéin den tram sin, seal, thíos ag an gcéibh, agus d’éirigh linn teacht ar bhialann oiriúnach, le lón a chaitheamh ansin, agus muid ag breathnú ar dhealbh cháiliúil úd na muc mara, atá suite taobh leis an gcéibh. I ndiaidh an lóin sin, chaitheamar seal ag breathnú thart ar an gcuid sin den chathair. Bhí áilleacht de chuile shórt leata amach ansin, os ár gcomhair amach, agus baill de chiníocha an tsaoil mhóir ag baint taitnimh as. Ar ball, d’éirigh linn suíochán a fháil ar ar dtram, a raibh cúrsa na cathraach tugtha aige, agus é ar a bhealach ar ais chuig Misean Santa Barbara arís. Chuamar ar bord. D’fháiltigh an tiománaí romhainn, agus lean air ag ríomh stair agus scéal na cathrach áille sin Santa Barbara. Thóg sé sinn suas chun dáta le scéal na cathrach, agus mhínigh an fhadhb ba mhó a bhí ag an gcathair, sa lá atá inniu ann.
Cén fhadhb, an ea?
Fadhb na tithíochta, d’eile!
Tá an fharraige ar thaobh amháin den chathair, agus na sléibhte timpeall uirthi, agus sa tslí sin, níl mórán áite acu le tuilleadh tithe a thógáil, agus dár ndóigh, is ar thaobh na sléibhte atá na boic mhóra ag lonnú, agus is beag deis atá ag oibrithe, cosúil leis an tiománaí fhéin, teacht ar theach, rud a chuirfeadh Baile Átha Cliath, agus cathracha eile na tíre seo, i gcuimhne do dhuine. Ach nach comhartha saibhris é sin? Sea, agus tiocfar ar a leigheas, amach anseo.
Bhuel, faoin am sin, bhíomar tagtha ar ais arís go dtí Misean Santa Barbara. Thuirlingíomar den bhus. Chaitheaamar seal ag guairdeall timpeall, ag breathnú timpeall, agus ag tabhairt chuile shórt faoi deara, agus nuair a bhí lán ár súl bainte againn as an Misean, agus as a thimpeallacht, thugamar aghaidh ar ár dTeach Ósta, i Sráid Bath. Ní call dom a rá, go raibh an lá sin i ngar do bheith caite, agus d’ullmhaíomar sinn fhéin do dhinnéar na hoíche sin sa Teach Ósta, san Encina Lodge and Suites, agus ní call dom a rá, gur dhein siadsan freastal fial, flaithiúil orainn, agus gur roinn siad nua gach bia agus sean gacha dí orainn, gan dochma gan gorta.
Ar ball, chaitheamar seal ag breathnú ar an teilifís, agus seal eile ag comhrá agus ag ullmhú don lá dár gcionn, nuair a bheadh muid ag tabhairt ár n-aghaidh ar Phismo Beach, cathair eile cois cuain, a bhí tamall ó thuaidh ó Santa Barbara, agus é cóngarach do San Luis Obispo, nó SLO, mar a thugtar go minic air thall.
Ach b’fhéidir gur leor sin de chuntas ar Mhisean Santa Barbara, agus ar an gCathair a d’fhás aníos as dúshraith an Mhisin Spáinnigh chéanna sin.
Go dtí an chéad bhabhta eile, mar sin….
Slán………..
.
***************
Peadar Bairéad.
***************
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
A r n a M i s i n . 1 3 .
**********************
Hearst Castle——continued.
Ar deireadh thiar thall, bhíomar ar ais san Ionad Fáiltithe thíos ag bun an tsléibhe, agus caithfidh mé a admháil dhuit, go raibh an-áthas orm fhéin, gur éirigh liom an turas sin a dhéanamh gan aon ró-stró (difficulty). Is dacha gur chóir a lua anseo freisin, nach raibh déanta againne ach an chéad thuras, de cheithre thuras ar fad, a thógann sé, le radharc réasúnta iomlán a fháil ar an gCaisleán ar fad, ach bhíomarna lán tsásta leis an turas a rinneamar, agus lena raibh feicthe againn, nó níor bheag nó suarach an méid é. Ach anois, ó tharla go raibh muid ar ais san Ionad Fáiltithe, bhí dhá rud eile a d’fhéadfadh muid a dhéanamh, sára nglanfadh muid, scun scan, as an áit. Bhí socraithe againne, seal a chaitheamh ag breathnú ar scannán, a bhí á léiriú acu san Ionad sin, scannán a léirigh stair an tionscadail draíochta, iontaigh, sin, Hearst Castle, ó thús deireadh.
….A Special Film….
Ar an scannán a thugamarna aghaidh. Ní raibh deacracht ar bith fáil isteach sa Phictiúrlann bhreá a bhí acu ansin san Ionad. Isteach linn. Fuaireamar suíocháin in ionad sásúil, agus shuíomar fúinn, le taitneamh a bhaint as an seó. Thóg sé tamall orainn éirí cleachtach ar an bpictiúr ollmhór a bhí á theilgeadh ar an scáileán fairsing os ár gcomhair amach, ach diaidh ar ndiaidh, tháinig muid isteach air, agus ní raibh tada le déanamh againn ansin ach luí siar, agus scéal an chaisleáin a leanúint, ar an scáileán draíochta sin.
Thosaigh scéal an Chaisleáin thiar ag an tús. Léiríodh dúinn faoi mar a d’éirigh le George Hearst, athair William Randolph, a chuid airgid a dhéanamh as mianadóireacht (mining), agus ansin as ceannacht talaimh agus tithe, anseo agus ansiúd, ar fúd na Stát Aontaithe. Ní raibh ach an t-aon pháiste amháin aige fhéin agus ag a bhean, Phoebe Apperson Hearst.
….The Grand Tour ….
Ba pháiste seanchríonna (precocious) é Willie, dár le Phoebe ach go háirithe, agus thug sí chuile dheis dó suim sna healíona a mhúscailt agus a chothú, nuair a thug sí ar “Thuras Mór na hEorpa” (The grand Tour) é, ar feadh bliain go leith. I rith an ama sin, chonaic Willie Caisleáin draíochta, agus ArdEaglaisí ollmhóra, Ollscoileanna agus Foirgintí Poiblí, ó cheann ceann na hEorpa, agus chomh maith le sin, chonaic sé na pictiúir, agus na dealbha, a bhí ar teaspáint, i nDánlanna agus in Iarsmalanna, ó cheann ceann na Mór-roinne sin. Níl dabht ar domhan, ach gur mhúscail an turas sin an dúil do-mhúchta a bhí aige i mbailiú seandachtaí, agus i dtógáil a Chaisleáin draíochta fhéin ar bharr binne, bailiúchan agus Caisleán a tharraingeodh aird an domhain mhóir air, mar shaineolaí sna cúrsaí céanna sin.
….Harvard Days….
Chuaigh sé go Coláiste Harvard, sa bhliain 1882. D’fheidhmigh sé mar eaagarthóir ar Iris ghreannmhar an Choláiste, agus in éineacht le sin, chuir sé suim i ndrámaíocht agus i siamsa. Faraoir! ni raibh an iomarca spéise aige i gcúrsaí léinn, agus ar ball, iarradh air bailiú leis as Harvard. Ba ghearr gur thosaigh sé ar shlí bheatha eile, a ghaibhniú dó fháin, san Iriseoireacht. Agus ó tharla go raibh sparán teann ag a athair, George, tar éis roinnt teipeanna, d’éirigh leis dul i gcionn go mór ar lucht nuachtán a fhoilsiú sna Stáit. Nuair a bhí rún na gairme beatha sin tuigthe aige, leathnaigh sé a impireacht ó cheann ceann Mheiriceá, agus lean air ag ceannacht nuachtáin i ndiaidh nuachtáin, go dtí go raibh a ainm in airde ar fud an domhain ar fad.
….Phoebe continues….
Tar éis do George Hearst bás d’fháil, lean a bhean, Phoebe, ag obair ar a dícheall, ag tógáil foirgintí áille, anseo is ansiúd, agus duine de na hAiltirí ba cháiliúla, a bhí ag obair i gomhar lei, ab ea Julia Morgan. Anois, i rith an ama seo go léir, bíodh go raibh fortún déanta ag William Randolph as a stuaim fhéin, níor bhuail spadhar na tógála é go dtí go bhfuair a mháthair bás, sa bhliain 1919, den bhfliú a lean an chéad chogadh domhanda, agus gur fhág sí saibhreas ollmhór ag a mac, Willie. D’fhág sí Rainse San Simeon, maraon le bailiúchán leabhar agus pictiúr, agus má chuireann tú le sin, gur fhág sí thart ar aon mhilliún déag Dollar, in airgead tirim, le huacht aige, tuigfidh tú ansin méid a shaibhris, an t-am sin, nó bhí sparán teann aige fhéin freisin, sular fágadh pingin le huacht aige. Anois, agus an t-airgead sin uilig faoina láimh aige, d’fhostaigh sé Julia Morgan, ailtire a bhíodh fostaithe go minic ag a mháthair, le pleananna a chaisleáin, agus na dtithe cuairteoirí, a dhréachtadh, agus ba sa tslí sin, a thosaigh an comhoibriú idir an bheirt fhathach sin, Julia Morgan agus William Randolph Hearst, a d’fhágfadh an oidhreacht ollmhór ealaíne, seandachtaí sár-luachmhara, agus Caisleán draíochta as Tír na nÓg fhéin, mar uacht ag an gcine daonna ar fad. Ní call a rá, go raibh an bheirt acu tiomnaithe ar fad dá ngnó agus dá ndualgas, fad is a bhí siad ag obair i gcomhar le chéile, ar an gCuesta Encantada sin, ar shléibhte Santa Lucia, ar Rainse San Simeon, i Stát Chalafóirnia. Bhí na físeanna uilig sin ag William, agus bhí na scileanna riachtanacha uilig ag Julia, leis na físeanna (visions) sin a réaladh, i ndomhan seo na fola is na feola.
Tógadh an Caisleán, gona 115 sheomra, ar cheithre hurlár, agus trí cinn de thithe do chuairteoirí, a tógadh thart ar an gCasa Grande fhéin. D’éirigh lei, dhá Linn Snámha a thógáil, ceann faoi dhíon, agus ceann amuigh faoin aer, maraon le cúirteanna leadóige, teach gloine, scáthláin do na hainmhithe fiáine, taiscumar, beairicí do na hoibrithe tógála, agus chomh maith leo sin ar fad, thóg sí cúig stóras, agus baile beag don slua daoine a bhí ar fhoireann San Simeon, ar bhonn seasta.
….Difficult Project….
Ní raibh sé éasca, in aon chor, an t-ábhar riachtanach tógála, agus na seandachtaí, maraon leis na hoibreacha ealaíne, a iompar ó San Simeon suas, i gcoinne an aird, go barr la Cuesta Encantada (Magic Hill), agus gan aice, ag an am sin, ach trucailí slabhracha, agus seisreacha (teams) capall, agus nuair a chuirann tú le sin guagacht na haimsire, agus cuairteanna iomadúla William Randolph fhéin, tuigfidh tú cé chomh deacair is a bhí an gnó, a bhí tógtha idir lámha ag Julia s’againne, agus de réir deallraimh, níorbh aon ribín réidh é an tUasal William Randolph fhéin, nó babhta amháin, ní bheadh sé sásta le seo, agus an chéad bhabhta eile, ní bheadh sé sásta le siúd, agus ní chuirfeadh sé aon stró in aon chor air, a iarraidh ar Julia bhocht píosa áirithe den hfoirgneamh a leagan arís, agus é a atógáil (rebuild), ar bealach eile ar fad. B’in an cineál duine a bhí ann, é ag iarraidh a fhís a fhíoradh an t-am ar fad, agus é go minic míshásta lena n-iarrachtaí é sin a dhéanamh.
Leor sin don bhabhta seo, ach beidh tuilleadh le rá agam faoin ábhar seo, an tseachtain seo chugainn.
Go dtí sin……..Slán………
****************
Peadar Bairead.
****************
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
.Dáileadh na cré.
.
Bairéadach eile sciobtha uainne,
Is muidinne fágtha faoi chiach,
ár gcaoindeirfiúr Julia againn caillte,
Is muid á cur anois in Iorras thiar.
.
Smaoinímse ar phréamha ár gcairdis,
Iad folaithe i nduifear na mblian,
Ach meallann a cuimhne fós deora,
Is músclaíonn a spiorad fós cian.
.
Is glé, glinn, a fhanann do chuimhne,
Ar bhóthar, sa tsráid, is cois cuain,
Mar ba dhuine dínn fhéin thú, a Shiubháin,
A thuill meas agus ómós gan dua.
.
Ach chuir Dia deireadh led phianta,
Is thriomaigh do dheora go brách,
Níl romhatsa feasta ach sonas,
Is grá Dé abhus agus thall.
.
Ár slán leat go fóilleach, a chailín,
Go críocha Dhún Rí na mBua,
Go raibh Leaba led’ mhuintir sna Flaithis,
Is áit ag bord Dé, ‘gat, go buan.
.
****************
.
Meitheamh 2004.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(“An té tá thíos, buailtear cos air, is an té tá thuas, óltar deoch air.”
“An té tá thíos”
Nach iomaí sin leathanach a scríobhadh le roinnt blianta anuas faoi pheacaí agus faoi mhíghníomhartha na n-eaglaiseach úd a tharraing náire agus easonóir ar an eaglais dár thug siad a ndílseacht thar bhlianta fada. Ach ansin, nuair a deineadh a ngníomhartha a chur i mbéal an phobail, ba ghearr gur tuigeadh nárbh aon aingil nó naoimh ar thalamh iad na boic chéanna sin. Níorbh ea muis! nó tuigeadh, nach raibh iontu, i ndeireadh na feide, ach daoine daonna, a raibh claonadh chun oilc iontu, mar a bhí sa chuid eile againn, ach amháin go raibh siadsan coisricthe agus geallta don eaglais agus dá dlíthe, agus go mbeifí ag súil, go mbeidís-sean ina n-eiseamláir don chuid eile againn, ach, faraoir! nuair a tháinig an crú ar an tairne, tuigeadh nár chathair mar a tuairisc iad, ach peacaigh a ghéill dá n-ainmhianta, agus dá bharr sin, a rinne dochar do chríostaithe a fágadh faoina gcúram. Tháinig an t-eolas sin uilig chun solais nuair a leagadh roinnt áirithe tuarascálacha os comhair an tsaoil, tuarascálacha a léirigh, agus a nocht, os comhair an tsaoil mhóir nár choimhlíon na heaglaisigh chéanna sin a ngeallúintí os comhair Dé, agus os comhair a phobail. Ní call dom a rá, gur cuireadh na heaglaisigh sin as a bpostanna, bíodh nár deineadh an beart céanna sin luath go leor, go minic, agus bíodh freisin, gur deineadh iarracht ar leorghníomh a dhéanamh ina míghníomhartha, ní call dom a rá, go dtógfaidh sé roinnt mhaith ama leis na fiacha morálta agus sóisialta úd a ghlanadh, scun scan. Agus sin uilig ráite, admhaithe, caithfear glacadh leis, go bhfuil iarracht mhacánta, dáiríreach á déanamh ag an Eaglais Chaitliceach deireadh go deo a chur leis an gcineál sin iompair feasta.
Dea-oibreacha dearmadta?
Tá sé éasca go maith dearmad a dhéanamh ar an méid maitheasa a rinne an Eaglais, agus eaglaisigh, thar bhlianta fada i stair ár dtíre, agus is furasta freisin, dearmad a dhéanamh ar ar dhein siad i gcúrsaí oideachais, i gcúrsaí leighis, i gcúrsaí carthannachta, agus i gcúrsaí sóisialta frí chéile, agus caithfear a chur san áireamh freisin, go bhfuil na dea-oibreacha céanna sin idir chamáin aici fós i saol an lae inniu. Ní haon mhaith áfach, bheith ag maíomh as a gníomhartha sna blianta atá thart, nó, mura bhfuil beart de réir a briathair á dhéanamh aici sa lá atá inniu ann, ní fiú an deich triuf é. Mar sin, caithfear cur lena bhfuil déanta aici cheana, agus aghaidh a thabhairt go misniúil ar an tohchaí, ag súil le Dia go maithfear a peacaí di trí leorghníomh a dhéanamh, agus trí mhaithiúnas a lorg. Sin an ród atá roimpi amach mar thodhchaí.
Ní call a rá, go mbeidh súil easóige á coinneáil ag an bpobal uilig ar ghníomhartha na hEaglaise céanna, uaidh seo amach, agus ní call a rá ach oiread, nár leor leithscéalta feasta. Tuigeann chuile dhuine cúrsaí anois, ach, ag an am gcéanna, níl sé inghlactha, ach oiread, go mbeadh ar lánchead ag iriseoirí, nó ag láithreoirí aitheanta raidió nó teilifíse achasán a chaitheamh lei, faoi mar a tharla ar na mallaibh, nuair adúirt láithreoir aitheanta go raibh tír seo na hÉireann millte, scriosta, ag an Eaglais Chaitliceach, le blianta anuas. (Ní call dom a rá, nárbh iad na focail “millte” nó “scriosta” a d’úsáid sé, níorbh ea, in aon chor, nó bhain sé úsáid as an “F mór” fhéin, sa chás sin.) Admhaítear gur dhein eaglaisigh áirithe mí-úsáid ar ógánaigh áirithe a fágadh faoina gcúram, agus go raibh roinnt áirithe de cheilt na fírinne i gceist i measc údaras na heaglaise sin freisin, agus iad ag iarraidh scannal a sheachaint, dár leo. Agus ní ag cruinniú na leithscéalta atá mé anseo, ach bhí daoine eile freisin, a raibh láimh acu sa scannal céanna sin. Céard faoi áit an Rialtais sa scéal? nó áit na gCúirteanna? nó áit an phobail, frí chéile, fiú? Ach, le ráiteas dá leithéid a chur ina sheasamh os ár gcomhair amach, bheadh cruthú in áit tuairime, ag teastáil uainn. Sea, agus nach bhfuil, Cothrom na Féinne, agus a lá sa chúirt, dlite do chuile dhuine sula ndaorfaí é? agus nár chóir freisin sainmhíniú cruinn a thabhairt ar an dtéarma “Catholic Church”. Cé tá i gceist sa téarma sin? An Cliarlathas? nó Pobal Dé, frí chéile? nó an péire acu i bhfochair a chéile? B’fhéidir gur leor sin don babhta seo!
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
C u a i r t a r H e a r s t C a s t l e .
**********************
Ar an mbóthar go Pismo Beach.
Tar éis dúinn ár gcuairt ar Mission La Purisima, gar do Lompoc, a chríochnú, thugamar an bóthar ó thuaidh orainn fhéin, nó bhí socraithe againn Pismo Beach, agus ár lóistín ag Coastal Vacation Rentals, a bhaint amach, an tráthnóna sin, sa chaoi go mbeadh muid gar go maith do Hearst Castle, tharla go raibh an Caisleán draíochta sin ar cheann de cinn scríbe, a raibh beartaithe againn cuairt a thabhairt orthu, sna laethe a bhí romhainn amach. Ar ár mbealach ó thuaidh dúinn chuamar trí dhúiche álainn. Talamh breá leibhéalta, den chuid ba mhó, a bhí ann, agus murab ionann is áiteacha eile sa Stát iontach seo Chalafóirnia, bhí talmhaíocht de chuile chineál á cleachtadh san áit seo.
Anseo, bhí fíonghoirt áille ag síneadh amach uainn go bun na spéire, geall leis, agus ansiúd, bhí glasraí de chuile chineál á bhfás, agus daoine, ina meithil ollmhóra, ag saothrú leo ansin, amuigh faoin aer agus faoi theas creathnach na gréine gile. Chomh fada agus a bhí le feiceáil againn, ba bheag ní i bhfoirm claí nó fál a bhí le feiceáil sna dúichí sin, ach an talamh breá leibhéalta sin leagtha amach ina sraitheanna ollmhóra, fairsinge, leathana. Ba é an rud a rith chun mo chuimhnese nó na feirmeoirí a chonaic mé fhéin, blianta fada ó shoin, ag saothrú leo, i mbaile beag, a dtugtar Fálach air, thiar in Iorras na nIontas, mar ar chleacht siad fós an seanchóras talmhaíochta, a dtugaidís “Rundale” air, áit nach raibh claí nó fál idir na goirt, ach iad uilig amuigh ansin, ag saothrú leo faoi mar ba mheitheal ollmhór iad, ach i ndáiríre, bhí chuile chlann i mbun a gnó fhéin. Ach i gCalafóirnia, is dócha nár leis na hoibrithe sin an talamh in aon chor, ach le comhlacht mór eicínt, agus na hoibrithe sin ag obair, ar a bpá lae, don chomhlacht sin. Chuir an méid innealra a bhí acu ionadh orainn, agus na gluaisteáin agus na leoraithe istigh ansin, mar a raibh siad i mbun oibre, nó bhí an talamh sin breá, teann, tirim, sa chaoi nach raibh baol ar bith ann go raghadh feithicil ar bith go haiseal i scraith ghlugair, nó tada dá leithéid. In áit eile fós, d’fheicfeá toir agus crainn agus a gcraoabhacha ag cromadh go talamh, faoi mheáchan a dtorthaí. Níor bhréag a rá go raibh cuma an airgid ar an taobh tíre sin, é cosúil, ar bhealach, le Tír na nÓg fhéin, nó ba thír í a raibh saibhreas an talaimh le léamh ar chuile acra di.
Bhí difir an-mhór idir thalmhaíocht sa tír sin agus talmhaíocht mar a chleachtaítear í sa tír s’againne, agus sí an difir ollmhór sin nó an chaoi a ndéantar chuile acra ansin a uisciú. Gan an t-uisciú sin, ní bheadh sa tír álainn sin trínar ghabhamar ach fásach tirim, gainmheach, gan tada ag fás air ach cactas agus scrobharnach. B’álainn an radharc é córas uiscuithe dá leithéid a fheiceáil i mbun oibre, agus an t-uisce a fheiceáil á chur san aer, agus ag titim anuas arís, ina chioth torthúil, ar ghais is ar thorthaí, sa timpeall.. I bhfad ar shiúl, bhí cnoic is sléibhte le feiceáil mar a bheadh fráma ar phictiúr, ag timpeallú an talamh curaíochta. Ach ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn orainne, nó na sluaite daoine i mbun oibre amuigh ansin sna goirt, agus iad uilig chomh graitheach le beacha, lá Samhraidh.
Ar deireadh thiar, shroicheamar Pismo Beach, agus tar éis dúinn tamall a chaitheamh ag cuardach, thángamar ar ár dteach fhéin, agus é suite ansin, in ionad ciúin, compórdach, ach ag an am gcéanna, é suite cóngarach go maith do chuile shórt a bhí le fáil sa chathair álainn sin Pismo Beach. Chuamar amach an oíche sin le dinnéar a chaitheamh in Óstán de chuid Holiday Inn. Caithfidh mé a rá, gur deineadh freastal fial, flaithiúil, orainn, san Óstán céanna sin, agus nuair a bhí ite, ólta, againn, thugamar ár dteachna orainn fhein arís, agus chaitheamar seal ag suí timpeall, ag breathnú ar an teilifís, agus ag léamh, nó ag scríobh, go dtí go raibh sé in am soip, agus ansin, thugamar an leaba orainn fhéin, agus ní call a rá, gur chodail chuile dhuine againn go sámh go maidin gona lánsoilse arna mhárach.
Bhíomar ar ár gcois arís go breá luath, an mhaidin dár gcionn, nó bhí lá mór os ár gcomhair amach, agus caithfidh mé a admháil, go raibh cineál eagla orm fhéin, go mbeadh sé beagáinín iomarcach dom, nó nílim chomh haclaí, lúfar, láidir, is a bhí mé, leathchéad bliain ó shoin! Ach níor chuir sin stop liom sa bhfuadar buile sin a bhí fúm, seal a chaitheamh ag breathnú ar Chaisleán Hearst, nó Hearst Castle, mar a thugtar air i mBéarla.
Bhí an Caisleán céanna sin píosa maith uainn, agus mar sin, bhí orainn chuile ullmhúchán a dhéanamh i ndiaidh ár mbricfeasta, nó bhí coinne déanta againn, bheith ansin ag a fiche neomat chun a haondhéag ar maidin, agus bíodh go raibh an tír trínar ghabhamar, an mhaidin sin, thar mholadh beirte, ar a háilleacht, ar a fiántas, agus ar a héagsúlacht, caithfidh mé a admháil, gur bheag é m’aird fhéin uirthi, an mhaidin álainn Fómhair sin, nó bhí mé ag smaoineamh, feadh an ama, ar a raibh os ár gcomhair amach, nó bhí scéalta cloiste agamsa faoi na céimeanna uilig a bhí le dreapadh ag an gcuairteoir, agus ar airde an Chaisleáin os cionn leibhéal na farraige, áit a thosnódh ár dturas, an mhaidin álainn sin.
Ar ár dturas ó thuaidh, chuamar trí San Luis Obispo, agus tar éis dúinn dul tríd an gcathair sin, chasamar ar chlé ó Shaorbhealach 101, agus chuamar ag taisteal ar Mhótorbhealach a hAon. Thaisteal muid ar an Mótorbhealach céanna sin, sa bhliain 1988, agus i ndáiríre, ba bheag athrú a bhí tagtha ar an dúiche sin, san idirlinn. Chuamar thar Cambria, baile álainn, ar chaitheamar oíche ann, sa bhliain sin, 1988, agus ó thuaidh linn, agus fuadar fúinn. Ba ghearr an mhoill orainn ansin San Simeon a bhaint amach. Turas réasúnta fada é, ó Pismo Beach go San Simeon, nó sin an baile is gaire don Chaisleán clúiteach sin, agus is minic a thugtar Caisleán San Simeon air freisin. B’in an t’ainm, Rainse San Simeon, a baisteadh ar an Rainse a bhí ag muintir Hearst sa dúiche sin.
Ba é Willian Randolph Hearst a té a thóg an caisleán. Ach ba é George Hearst, a athair siúd a cheannaigh na Ranchos a bhí sa timpeall ina lá fhéin, agus níor stop sé go dtí go raibh thart ar 250,000 acra, thart ar San Simeon, ina sheilbh aige. Ní gá a rá, gur cheannaigh sé roinnt de na Ranchos céanna sin ar shladmhargadh, nó níor chosain cuid díobh ach thart ar Dolar an acra! ach sin scéal eile ar fad, agus ní bhaineann sé linn anseo. Ar deireadh thiar thall, shroicheamar bun an tsléibhe ar a bhfuil an Caisleán draoíchta seo tógtha. Bhí Ionad Páirceála ansin do na céadta, agus na céadta, gluaisteán, agus do na céadta bus freisin, a tharraingíonn ar an Ionad céanna sin, chuile lá sa bhliain, nó bhí caise bhuan tráchta ag teacht isteach chun an Ionaid Pháirceála chéanna sin, agus a chomh-mhaith de chaise ag sníomh a bealaigh amach as arís, acu siúd a raibh a dturas críochnaithe acu. Isteach linn. Fuair muid áit oiriúnach páirceála, agus thugamar ár n-aghaidh ar an Ionad Fáiltithe, atá suite acu ansin ag bun an tsléibhe. Shroicheamar Ionad Páirceála Chaisleáin Hearst in am trátha, agus ó tharla go raibh ár dturas curtha in áirithe againne roimh ré, ar chostas ocht nDolar déag an duine, bhí deis againn seal gearr a chaitheamh ag guairdeall timpeall tríd an Ionad Fáiltithe atá suiter in aice leis an Ionad Páirceála sin, fad is bhí muid ag fanacht ar ár mbus, nó níl slí ar bith eile leis an turas go dtí an Caisleán a dhéanamh, ach ar bhus speisialta, ceann de bhusanna Chorparáid Hearst Castle. Nuair a bhí an t-am spriocáilte ag druidim linn, thugamar ár n-aghaidh ar stad na mbus, mar a raibh ár mbus ag fanacht orainn. Ba ghearr an mhoill a bhí orainn ansin. Ligeadh ar bord an bhus faoi leith sinn, ar a raibh suíocháin in áirithe dúinn, nó bhí bus ag fágáil an Ionaid sin chuile dheich neomat, le dreapadh inairde na cúig mhíle slí, go dtí an Caisleán draíochta sin a bhí suite go péacach ar bharr na binne.
Díreach ag a fiche neomat chun a haondhéag, d’fhág ár mbusna an stad, agus thosaigh ag dreapadh a bhealaigh leis, go réidh, cúramach, cáirseánach, suas i gcoinne an aird. Bheadh sé deacair cur síos a dhéanamh ar an turas céanna sin, nó bíodh nach raibh sa turas ar fad ach cúig mhíle slí, bheadh sé deacair turas ní b’éagsúlaí a shamhlú, fiú. Anois, bheadh an bus ag sníomh a bhealaigh leis ar imeall faille, agus arís, ag dul thar chainneon diabhalta doimhin; ar ball, bheadh a theanga bheag amuigh aige ag iarraidh barr binne a bhaint amach, agus níos déanaí arís, bheadh muid ag dul siar, faoi mar a bheadh a mhisneach caillte ag an diabhal bus, agus go raibh sé ar a bhealach ar ais go dtí an tIonad Fáiltithe arís, ach ansin, de phlimp, chasfadh sé timpeall, agus thabharfadh ruathar buile faoi aird eile, a d’fhágfadh muidinne ag greamú taobh ár suíochán, ar eagla go gcaithfí trí fhuinneoga an bhus amach muid. Aerfort le feiceáil píosa thíos uainn, agus in áit eile, ainmhithe allta ag iníor leo go sásta i ngleann féaruaithne, gleoite, doimhin.
Ar deireadh thiar áfach, shroicheamar “Hearst Castle” caisleán a tharraingíonn thart ar mhilliún turasóir chuige, in aghaidh na bliana. Bhí beirt treoraí linn ar an mbus, agus chuaigh siadsan i mbun oibre láithreach, bíoidh go raibh a gcion fhéin á dhéanamh acu feadh an turais in airde, nó bhí tráchtaireacht reatha ar siúl acu, feadh an ama sin. Threoraigh siad sinn uilig suas na gcéimeanna iomadúla úd, ar chuala mise a dtásc, agus a dtuairisc, go minic, sular leag mé spág ar bharr an tsléibhe seo Santa Lucia. Ait go leor, ba é an t-ainm a bhaist William Randolph Hearst fhéin ar ionad a árais ar bharr an tsléibhe sin, nó La Cuesta Encantada, sé sin, An Cnoc Draíochta. Clúdaionn an t-eastát sin 137 acra, sa lá atá inniu ann, agus ar an gcnoc draíochta sin, tá ceithre áras ollmhóra, árais a dhear an t-ailtire clúiteach mná sin, Julia Morgan, bean a fuair cuid dá traenáil san Ecole des Beaux Arts i bPáras na Fraince. Chomhoibrigh sí fhéin agus Hearst i ndearadh, agus i dtógáil, an Chaisleáin, agus trí cinn de Thithe Cuairteoiri, thar thréimhse seacht mbliana is fiche! Sa tréimhse sin, d’ordaigh Hearst, agus dhear Morgan, na hárais thuasluaite, maraon le dhá linn snámha, ceann faoi dhíon agus an ceann eile amuigh faoin aer, chomh maith leo sin, bhí garrraithe, cúirteanna leadóige, agus fiú Garraí na nAinmhithe. Is dócha go bhféadfá a rá, nár fíoradh riamh, ina iomláine, fís shamhailteach Hearst, nó i ndeireadh na dála, ba é an bás a chuir lán stad leis an dtionscadal draíochta, samhlaíoch, dochreidte sin, Hearst Castle.
Tar éis dúinn sraith amháin céimeanna a dhreapadh, bailíodh i bhfáinne muid, agus chuaigh na treoraithe i mbun oibre. Mhínigh siad dúinn chomh deacair is a bhí sé fís úd Hearst a fhíoradh, ar bharr sléibhe, ansin i gCalafóirnia. Mhínigh siad freisin, an chaoi a raibh orthu chuile shórt a iompar ó Shan Simeon, thíos ag leibhéal na farraige, suas taobh an tsléibhe, go hionad an Chaisleáin. Ar leoraithe agus ar chairteacha a deineadh an t-éacht oibre sin, agus thógadh sé uair a’ chloig ar chuile leorai acu an turas sin a dhéanamh, agus nuair a smaoiníonn tú ar an méid ollmhór earraí, agus ábhair, a bhí le hiompar acu go barr an tsléibhe sin, leis an bhfís neamhaí seo a réaladh ansin ar an mbinn, is beag nach gcuirfeadh sé meadhrán cinn ort. D’iompaigh sí ansin ar thaobh na ciotóige, agus d’iarr orainn lán súl a bhaint as an linn snámha, a bhí leagtha amach ansin os ár gcomhair amach.
Baineadh an chaint dínn uilig, agus ní raibh le clos ó dhuine ar bith againn, ach “Wow!” iontais, agus a chúis sin againn, geallaimse dhuit é.
Nó, ansin os ár gcomhair amach, chonaic muid an linn snámha ab éagsúlaí dár leag duine ar bith againn súil riamh uirthi. Ba é a rith liom fhéin, láithreach bonn, nó nach raibh a leithéid seo de Linn Snámha ag Impire Rómhánach ar bith riamh, cuma cé chomh saibhir is a bhí sé. As tíleanna marmair a tógadh chuile shórt anseo, idir urlár, taobhanna, agus timpeallacht. Bhí gréas álainn ornáideach le feiceáil ar urlár na linne, agus bhí an t-uisce sa linn sin chomh glé, glan, gorm sin, gurbh ar éigean a chreidfeá go raibh uisce ann in aon chor, ach an gréas álainn ar urlár na linne, le feiceáil go glan, soiléir, thíos ansin. Tíleanna de mharmar geal a bhí timpeall na linne, agus ansin, bhí dealbha áille dea-dheartha, agus uaimheanna maisithe marmair, sa timpeall freisin, uaimheanna a chuirfeadh teampaill phágánacha i gcuimhne dhuit.
Ní haon ionadh gur, Linn Neptune, a baisteadh ar an Linn iontach seo. Thart anseo bhí colúin áille marmair, agus díon clasaiceach os a gcionn in airde, thall ansin, bhí líne eile colún agus balastráid leagtha go healaíonta, taitneamhach, os a gcionn. Agus méadaíodh ar an ionadh, nuair a chuireamar san áireamh, gur dealbha bunaidh iad na dealbha áille sin uilig, atá feistithe go péacach timpeall na Linne. Sea, mh’anam, dóthain Rí, nó Impire, de Linn Snamha, a bhí le feiceáil againn ansin, amuigh faoin aer, os comhair ceann de na Tithe Cuairteoirí amach, agus b’éigean dúinn seal a chaitheamh ansin, agus muid ag iarraidh roinnt éigin den áilleacht chlasaiceach, chorraitheach sin, a ól isteach, agus a stóráil, áit eicínt i measc na gcuimhní, a thógfadh muid linn, i ndeireadh an lae seo.
Bhí Caislean Hearst sroichte againn, i ndeireadh na dála. Bhí na céimeanna iomadúla sin, a luaigh mé cheana, curtha dínn againn, agus muid ansin i bplás deas leibhéalta, os comhair ceann de Thithe na gCuairteoirí amach, áit a raibh radharc fíor-álainn againn ar dhúiche agus ar rainse Shan Simeon. Tar éis dúinn seal a chaitheamh ansin, ag breathnú ar an Neptune Pool, agus muid uilig faoi gheasa ag áilleacht chlasaiceach na timpeallachta agus na háite sin, tógadh muid ansin, le spléachadh a fháil ar cheann de Thithe na gCuairteoirí. Sna Tithe sin, a thug Hearst lóistín, agus bheith istigh, dá chuairteoirí agus da aíonna iomadúla, sé sin le rá, dóibh siúd ar thug seisean cuireadh chun an Chaisleáin dóibh, agus ag breathnú ar liosta na gcuairteoirí sin, b’ionann is bheith ag breathnú ar liosta maithe agus móruaisle na linne sin é. Níl dabht ar domhan, ach go raibh cuma agus blas an airgid ar chuile shórt i dTithe úd na gCuairteoirí. “En Suite” curtha ar fáil do chuile aoi acu, ach san “En Suite” sin, ní raibh dabhach folctha curtha isteach aige i gceann ar bith acu, ina n-ionad, is amhlaidh a chuir sé cithfholcthaí isteach ina n-áit, rud a bheadh an-neamhchoitianta ar fad ag an am, agus dá chruthú sin, b’iomaí aoi a rinne a dhícheall, nó a dícheall, folcadh a tógail i gcupla orlach uisce! Rud a thaitneodh go mór le Hearst fhéin, nó is cosúil gur le bob a bhualadh ar a aíoanna ardnósacha a chuir sé na cithfholcthaí céanna sin isteach, a chéaduair.
Chun tosaigh linn ar ball, chuig an “Casa Grande” fhéin, nó an Teach Mór, sé sin, an Caisleán fhéin, bíodh nach bhfuil cuma caisleáin air, in aon chor, nó is cosúla é, ar bhealach, le Misean Santa Barbara, ná le caisleán ar bith! Is fiú tabhairt faoi deara anseo, go bhfuil 115 seomra sa Chaisleán dé-thúrach álainn sin.
Is beag nach mbainfeadh an saibhreas áilleachta agus ealaíona atá ar teaspaint don turasóir os comhair an Chaisleáin Draíochta sin, an anáil díot. Tá ansin, ceithre dhealbh de Sekbmet, bandia Éigipteach an chogaidh, agus is fiú cupla nóimeat a chaithemh ag bbreathnú orthusan, nó is iad na seoda is ársa i gCaisleán Hearst ar fad iad, nó deirtear gur dealbhaíodh iad, idir na blianta 1350 agus 1220, Roimh Chríost!
I do sheasamh ansin, sa Plaza os comhair an Chaisleáin, agus tú ag breathnú in airde ar ghréas, agus ar dhearadh, an fhoirgnimh álainn sin, thabharfá faoi deara an cúram cruinn ceart a deineadh den ornáidíocht, agus den mhaisiú ealaíonta i leagan amach aghaidh an chaisleáin chéanna sin. Arís, chuirfeadh ársacht na ndealbha a bhí sa timpeall siar ar do chosa deiridh thú. Ar ball, nuair a bhí muid sásta go raibh cuid eicínt den áilleacht sin taiscithe againn i gcófraí do-scriosta na cuimhne, threoraigh ár dtreoraithe isteach sa “Casa Grande” fhéin sinn.
Bí ag caint ar shaibhreas, ar ársacht, ar áilleacht! Bhí sin le tabhairt faoi deara i ngach coirnéal. Bhí sé os do chionn inairde, thart ar chuile thaobh díot, agus ar an urlár thíos fút freisin. I gcás na n-urlár, bhí a mbunús clúdaithe le cairpéid, rugaí urláir, agus mataí, a bailíodh ó chuile choirnéal den domhan thiar agus den domhan thoir. Ba é an scéal céanna é i gcás na síleálacha os do chionn in airde, nó bailíodh cuid acu sin freisin ó Mhainisteacha agus ó Thithe Móra, cuma cá raibh siad suite, ach bheadh ort a admháil go raibh áilleacht thar na bearta ag baint lena mbunús. Dúradh linn, freisin, mura mbeadh ar chumas Hearst, síleáil áirithe a fháil do sheomra dá n-oiriúnfeadh sí, ansin chuirfeadh sé saineolaithe i mbun oibre, le cóip cheart chruinn a dhéanamh de, nó b’in an cineál duine é.
I gcás na bhfallaí timpeall orainn, bhainfeadh a n-áilleacht an anáil díot, nó ar fhalla anseo, bheadh tíleanna áille ildaite, a deineadh go speisialta don bhfalla áirithe sin, agus ansiúd bheadh falla eile clúdaithe le tíleanna a tógadh isteach ón iasacht, toisc gur theasaigh a leithéid uathu, don ionad áirithe sin. Ach ba é an rud ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin, nó méid agus uimhir na dtaipéisí áille, ildaite, ealaíonta, a bhí crochta ar fud an chaisleáin. Cuma cá raghfá, sa “Casa Grande”, bhí na fallaí clúdaithe le taipéisí ollmhóra de chuile chineál, agus chuile cheann acu, geall leis, ina thaipéis bhunaidh, Chuamar ó Halla go Halla sa Chaisleán ollmhór sin, agus de réir mar a chuamar ó cheann go ceann acu, b’amhlaidh a mhéadaigh ar ár n-ionadh, nó ní chreidfeá go bhféadfaí teacht ar an oiread sin de shaibhreas sa saol mór ar fad, ach d’éirigh le William Randolph Hearst teacht orthu! Nó b’fhéidir gur chóra dhom a rá gur éirigh leis iad a bhailiú, nó a cheannacht, ó bhailitheoirí cáiliúla i gcathracha móra Mheiriceá, nó i Londain Shasana freisin.
Tuigeadh do lucht díolta seandachtaí, ar fud an domhain, go raibh an fear seo i Meiriceá, ar bhailitheoir éigeantach é, agus ní hé amháin go gceannaíodh sé a dtaitníodh leis, ach cheannaíodh sé na seandachtaí sin ar theist na mbailitheoirí cáiliúla i Londain, i Nua Eabhrac, nó i Los Angeles, nó in aon ionad eile, a raibh ainm na scile sin amuigh orthu. I ndáiríre, bhí na céadta agus na céadta earraí dá leithéid ceannaithe aige, sular tógadh Caisleán Hearst in aon chor, agus ba mhinic a Ailtire, Julia Morgan, ag cur ionaid faoi leith in áirithe do sheandachtaí speisialta. Nuair a smaoiníonn tú ar chúrsaí ar an mbealach sin, d’fhéadfá a rá, gur tógadh an Caisleán uilig, sa chaoi go mbeadh dánlann ag William Randolph Hearst, le bheith istigh oiriúnach a chur ar fáil dá sheandachtaí ársa, stairiúla, áille. Nuair a chonaic mé fhéin an méid uafásach seoda, de chuile shórt, a bailíodh ó shibhialtachta na cruinne, ba é a rith liom i dtosach, nó go mba robálaí é Hearst, a d’úsáid a chuid airgid, le saibhreas ealaíona dá leithéid a bhailiú chuige, bíodh gur fhág sé tíortha eile i bhfad Éireann níos boichte, dá bharr, agus go mba chosúla le hionad folaigh fhoghlaithe mara é an Caisleán seo ná le Dánlann dáiríreach.
Ach, nuair a bhreathnaíonn tú air ó thaobh eile, d’fhéadfá a rá, gur bhailigh sé seandachtaí agus earraí ealaíonta dá leithéid chuige, le hIarsmalann daingean sabháilte a chur ar fáil dóibh ansin ar Rainse Shan Simeon, sa chaoi go dtabharfaí cúram ceart dóibh, feasta, agus sa tslí sin, go gcoinneofaí slán sábháilte iad, do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh, nó ní bréag ar bith é a rá, gur chuid dílis d’oidhreacht an chine dhaonna iad. Sa tslí sin, ghlac me leis, nár réabadh reilge, amach is amuigh, a bhí déanta ag William Randolph Hearst, ach go mba chineál caomhnnóra é, a chuaigh amach ansin, agus a cheannaigh seoda dhaoine eile, lena chaisleán fhéin a mhaisiú! Agus leis na seoda sin a chaomhnú, ag an am gcéanna.
Ach le filleadh ar scéal Chaisleán Hearst, agus ar na seoda iomadúla a bailíodh ansin as na ceithre hairde, agus mar a gcoinnítear iad anois, i ndún daingean na Dánlainne Idirnaisiúnta sin, agus áit a dtagann thart ar mhilliún cuairteoir chuici, in aghaidh na bliana, le spléachadh a fháil ar an ollmhaitheas sin uilig. Rud a thugann an cuairteoir faoi deara, le linn a chuairte ar an gCaisleán sin, nó an méid ollmhór d’éidí eaglasta atá crochta ar fallaí, agus a úsáidtear sa tslí sin mar mhaisiúcháin, ar fud an “Chasa Grande” ar fad.
Bhí áiteacha, agus Hallai, sa Chaisleán, a chuaigh i gcionn go mór orainn uilig. Bhí Halla ollmhór ansin, an Leabharlann, ina dtagadh na haíonna le chéile, ar chúiseanna áirithe, agus é lom lán le seoda de chuile chineál, ó shíleáil go cairpéid, ó throscán go taipéisí, agus ó dhealbha go pictiúir, ach thar aon rud eile, thabharfá suntas do na Cuacha Gréagacha, atá socraithe go healaíonta os cionn na leabhragán, agus iad teanntaithe leis an bhfalla ansin, ar chaoi nach ndéanfai dochar dóibh, dá dtarlódh crith talún, fiú. I lár an tseomra istigh, tá bord ollmhór, agus thart air, tá cathaoireacha áille, dea-dheartha, dea-dhéanta, ar a suíodh maithe móra agus móruaisle an domhain mhóir, mar aíoanna Hearst, ag an am sin.
Ba mhinic a chaitheadh an t-úinéir an deireadh seachtaine thíos ansin ar a Rainse, agus in éineacht leis, bhailíodh sé slua daoine a bhí i mbéal an phobail, ag an am, agus ó tharla go mba iriseoir é Hearst, thugadh sin deis faoi leith dósan, na daoine sin a chur faoi agallamh, i dtimpeallacht speisialta, agus in éineacht leo sin, thugadh sé cuireadh freisin, do dhaoine mór le rá, a bhi ar chuairt sna Stáit Aontaithe, ag an am, daoine cosúil le Príomh-Airí, Ríthe, Prionsaí, Réalta Scannáin, agus a leitheidí.
Anois, bhíodh a seomraí fhéin ag na haíonna sin i dTithe na gCuairteoirí, ach nuair a thagadh an tam le tráth bia a chaitheamh, ghlaofaí ar na haíonna teacht go Seomra Bia an “Casa Grande”, díreach mar a ghlaofaí ar bhuachaillí bó chuig an Chuck House, fadó, nó b’fhacthas do William Randolph i gcónaí go mba Rainse a bhí acu ag San Simeon. Ó, sea, agus a leithéid de Bhialann! Halla ollmhór fairsing. Bord caol fada síos lár an tseomra chéanna sin, agus crochta go hard ar na taobhfhallaí tá sraith de bhratacha ildaite síoda. Bratacha rásaíochta de chuid an ochtú haois déag atá i gceist anseo, ach, ó tharla go bhfuil na bratacha céanna sin caite go maith faoi seo, ní hiad na bratacha bunaidh atá crochta ansin a thuilleadh, ach cóipeanna dea-dhéanta atá crochta ansin anois ina n-áit. Tá sa Bhialann sin freisin, bailiúchán de shoithigh airgid, leagtha amach anois, mar mhaisiúcháin, fan taobh an Halla. Tá ann freisin, coinleoirí airgid, maraon le taipéisí ildaite, ealaíonta, crochta ar na taobhfhallaí. I gcás an bhoird fhada fhéin, thabharfá faoi deara, nár bhord ró-leathan é, agus nach ndeachthas thar fóir le cathaoireacha, nó le feisteas boird ach oiread, mar rinne Hearst fhéin chuile dhícheall ar cheangal eicínt a choinneáil le saol an Rainse, sa Halla seo, ach go háirithe. Mar sin, bhí simplíocht nádúrtha ag baint le leagan amach an bhoird agus na gcathaoireacha.
Bhí rud eile ag baint leis an mBialann sin, i Raisne San Simeon, agus sé sin, nár tugadh aird ar bith ar stádas aon aoi, ag an mbord sin. Cuma cé acu Rí nó Príomh-Aire; Aisteoir, nó Iriseoir; a bhí i gceist, ní raibh aon áit faoi leith curtha in áirithe dó, nó bhí chuile aoi ar aon leibhéal sóisialta ag bord William Randolph Hearst, ansin, i mBialann an “Casa Grande”. Sea, agus le blas an Rainse a choinneáil glas, minic a sheasadh Hearst fhéin ag doras an “Casa Grande”, lena chlog, agus é á bhuaileadh aige, lena aíonna a ghlaoch chun bia. Bhí an Bialann sin ar cheann de na Hallaí ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin, caithfidh mé a rá.
Thugamar cuairt freisin ar an bPictiúrlann álainn, a bhí ag Hearst ina Chaisleán, mar a léirítí scannán, chuile thráthnóna, geall leis, agus ní call dom a rá, go raibh fonn i gcónaí ar Hearst, scannáin faoi Bhuachaillí Bó a chur ar teaspáint ansin. Arís bhí blas den chlasaiceacht ag baint le chuile shórt sa bPictiúrlann céanna sin, agus féach mar a theaspáin Hearst a mheas ar a lucht oibre. Bhí sé mar riail acu, gan an scannán a chur ar teaspáint, go dtí go mbeadh a gcuid oibre críochnaithe ag foireann na cistine, le deis a thabhairt dóibhsean freastal ar an scannán, ansin amháin a chuirtí tús leis an scannán. Agus os ag tochrais ar an gceirtlín sin mé, ní raibh cead ag aoi ar bith a bheith drochbhéasach le cailíní, nó le buachaillí, aimsire, ach dá dtarlódh a leithéid, ba don aoi a thugtaí bata agus bóthar, ar an dá luas!
Le críoch a chur lenár gcuairt ar an “Casa Grande” fhéin, tugadh isteach sinn le spléachadh a fháil ar an Linn Snámha faoi dhíon. Arís, caithfidh mé a admháil gur bheag nár thiteamar as ár seasamh, nuair a leagamar súil ar an Linn chéanna sin. Ní raibh le feiceáil timpeall ort ach chuile rud níos áille ná a chéile. Mósáic de ghloine leochaileach Venéiseach, agus ór leathnaithe, a chlúdaigh, idir shíleáil agus taobh-bhallaí, agus ar an urlár thíos fút fiú, ba chineál mósáice a bhí ansin freisin, ach go raibh tíleanna beaga óir measctha go fairsing tríd an mósáic chéanna sin, agus ór dhá charat agus fiche, a bhí ann, adúradh linn. Sin galánta agat, a mhac!
Ar ár mbealach amach as an “Casa Grande”, chonaic muid an cúirteanna leadóige, mar a mbíodh deis ag na haíonna, seal a chaitheamh ag imirt dreas leadóige lena chéile.
Ar deireadh thiar, bhíomar tagtha go deireadh na cuairte iontaí sin ar Chaisleán Hearst, agus tugadh amach sinn, go dtí an áit a raibh ár mbus ag fanacht, le sinn a iompar ar ais go dtí an tIonad Fáiltithe arís. Ar ár slí ar ais, míníodh dúinn freisin, go mbíodh Sú speisialta, cóngarach don Chaisleán freisin, tráth, agus sa tslí sin, go mbíodh deis ag na haíonna breathnú ar bheithigh allta, i suíomh speisialta, a cuireadh ar fáil dóibh ansin, ar shléibhte Santa Lucia. Ach, ar chúis amháin, nó ar chúis eile, cuireadh deireadh leis an dtionscadal sin, luath go leor, i stair an Chaisleáin. Nior thóg sé an oiread sin ar fad ama ár mbealach ar ais go dtí an tIonad Fáiltithe a dhéanamh ar bhus úd an Chomhlachta, agus ba ghearr go raibh muid ag tuirlingt den bhus céanna sin, agus muid ar ár mbealach isteach san Ionad Fáiltithe sin.
Ar deireadh thiar thall, bhíomar ar ais san Ionad Fáiltithe thíos ag bun an tsléibhe, agus caithfidh mé a admháil dhuit, go raibh an-áthas orm fhéin, gur éirigh liom an turas sin a dhéanamh gan aon ró-stró. Is dócha gur chóir a lua anseo freisin, nach raibh déanta againne ach an chéad thuras, de cheithre thuras ar fad, a thógann sé, le radharc réasúnta iomlán a fháil ar an gCaisleán ar fad, ach bhíomarna lán tsásta leis an turas a rinneamar, agus lena raibh feicthe againn, nó níor bheag nó suarach an méid é. Ach anois, ó tharla go raibh muid ar ais san Ionad Fáiltithe, bhí dhá rud eile a d’fhéadfadh muid a dhéanamh, sára nglanfadh muid, scun scan, as an áit. Bhí socraithe againne, seal a chaitheamh ag breathnú ar scannán, a bhí á léiriú acu san Ionad sin, scannán a léirigh stair an tionscadail draíochta, iontaigh, sin, Hearst Castle, ó thús deireadh.
Ní raibh deacracht ar bith fáil isteach sa Phictiúrlann bhreá a bhí acu ansin san Ionad. Isteach linn. Fuaireamar suíocháin in ionad sásúil, agus shuíomar fúinn, le taitneamh a bhaint as an seó. Thóg sé tamall orainn éirí cleachtach ar an bpictiúr ollmhór a bhí á theilgeadh ar an scáileán fairsing os ár gcomhair amach, ach diaidh ar ndiaidh, tháinig muid isteach air, agus ní raibh tada le déanamh againn ansin ach luí siar, agus scéal an chaisleáin a leanúint, ar an scáileán draíochta sin.
Thosaigh scéal an Chaisleáin thiar ag an tús. Léiríodh dúinn faoi mar a d’éirigh le George Hearst, athair William Randolph, a chuid airgid a dhéanamh as mianadóireacht, agus ansin as ceannacht talaimh agus tithe, anseo agus ansiúd, ar fúd na Stát Aontaithe. Ní raibh ach an t-aon pháiste amháin aige fhéin agus ag a bhean, Phoebe Apperson Hearst.
Ba pháiste seanchríonna é Willie, dár le Phoebe, ach go háirithe, agus thug sí chuile dheis dó suim sna healíona a mhúscailt agus a chothú, nuair a thug sí ar “Thuras Mór na hEorpa” é, ar feadh bliain go leith. I rith an ama sin, chonaic Willie Caisleáin draíochta, agus ArdEaglaisí ollmhóra, Ollscoileanna agus Foirgintí Poiblí, ó cheann ceann na hEorpa, agus chomh maith le sin, chonaic sé na pictiúir, agus na dealbha, a bhí ar teaspáint, i nDánlanna agus in Iarsmalanna, ó cheann ceann na Mór-roinne sin. Níl dabht ar domhan, ach gur mhúscail an turas sin an dúil do-mhúchta a bhí aige i mbailiú seandachtaí, agus i dtógáil a Chaisleáin draíochta fhéin ar bharr binne, bailiúchan agus Caisleán a tharraingeodh aird an domhain mhóir air, mar shaineolaí sna cúrsaí céanna sin.
Chuaigh sé go Coláiste Harvard, sa bhliain 1882. D’fheidhmigh sé mar eaagarthóir ar Iris ghreannmhar an Choláiste, agus in éineacht le sin, chuir sé suim i ndrámaíocht agus i siamsa. Faraoir! ni raibh an iomarca spéise aige i gcúrsaí léinn, agus ar ball, iarradh air bailiú leis as Harvard. Ba ghearr gur thosaigh sé ar shlí bheatha eile, a ghaibhniú dó fháin, san Iriseoireacht. Agus ó tharla go raibh sparán teann ag a athair, George, tar éis roinnt teipeanna, d’éirigh leis dul i gcionn go mór ar lucht nuachtán a fhoilsiú sna Stáit. Nuair a bhí rún na gairme beatha sin tuigthe aige, leathnaigh sé a impireacht ó cheann ceann Mheiriceá, agus lean air ag ceannacht nuachtáin i ndiaidh nuachtáin, go dtí go raibh a ainm in airde ar fud an domhain ar fad.
Tar éis do George Hearst bás d’fháil, lean a bhean, Phoebe, ag obair ar a dícheall, ag tógáil foirgintí áille, anseo is ansiúd, agus duine de na hAiltirí ba cháiliúla, a bhí ag obair i gomhar lei, ab ea Julia Morgan. Anois, i rith an ama seo go léir, bíodh go raibh fortún déanta ag William Randolph as a stuaim fhéin, níor bhuail spadhar na tógála é go dtí go bhfuair a mháthair, Phoebe, bás, den bhfliú a lean an chéad chogadh domhanda, sa bhliain 1919, agus gur fhág sí saibhreas ollmhór ag a mac, Willie. D’fhág sí Rainse San Simeon, maraon le bailiúchán leabhar agus pictiúr freisin, agus má chuireann tú le sin, gur fhág sí thart ar aon mhilliún déag Dollar, in airgead tirim, le huacht aige, tuigfidh tú ansin méid a shaibhris, an t-am sin, nó bhí sparán teann aige fhéin freisin, sular fágadh pingin le huacht aige. Anois, agus an t-airgead sin uilig faoina láimh aige, d’fhostaigh sé Julia Morgan, ailtire a bhíodh fostaithe go minic ag a mháthair, le pleananna a chaisleáin, agus na dtithe cuairteoirí, a dhréachtadh, agus ba sa tslí sin, a thosaigh an comhoibriú idir an bheirt fhathach sin, Julia Morgan agus William Randolph Hearst, a d’fhágfadh an oidhreacht ollmhór ealaíne, seandachtaí sár-luachmhara, agus Caisleán draíochta as Tír na nÓg fhéin, mar uacht ag an gcine daonna ar fad. Ní call a rá, go raibh an bheirt acu tiomnaithe ar fad dá ngnó agus dá ndualgas, fad is a bhí siad ag obair i gcomhar le chéile, ar an gCuesta Encantada sin, ar shléibhte Santa Lucia, ar Rainse San Simeon, i Stát Chalafóirnia. Bhí na físeanna uilig sin ag William, agus bhí na scileanna riachtanacha uilig ag Julia, leis na físeanna sin a réaladh, i ndomhan seo na fola is na feola.
Tógadh an Caisleán, gona 115 sheomra, ar cheithre hurlár, agus trí cinn de thithe do chuairteoirí, a tógadh thart ar an gCasa Grande fhéin. D’éirigh lei, dhá Linn Snámha a thógáil, ceann faoi dhíon, agus ceann amuigh faoin aer, maraon le cúirteanna leadóige, teach gloine, scáthláin do na hainmhithe fiáine, taiscumar, beairicí do na hoibrithe tógála, agus chomh maith leo sin ar fad, thóg sí cúig stóras, agus baile beag don slua daoine a bhí ar fhoireann San Simeon, ar bhonn seasta.
Ní raibh sé éasca, in aon chor, an t-ábhar riachtanach tógála, agus na seandachtaí, maraon leis na hoibreacha ealaíne, a iompar ó San Simeon suas, i gcoinne an aird, go barr an Chnoic Dhraíochta, agus gan aice, ag an am sin, ach trucailí slabhracha, agus seisreacha capall, maroan le leoraithe troma, guagacha, agus nuair a chuirann tú le sin guagacht na haimsire, agus cuairteanna iomadúla William Randolph fhéin, tuigfidh tú cé chomh deacair is a bhí an gnó, a bhí tógtha idir lámha ag Julia s’againne, mar de réir deallraimh, níorbh aon ribín réidh é an tUasal William Randolph fhéin, nó babhta amháin, ní bheadh sé sásta le seo, agus an chéad bhabhta eile, ní bheadh sé sásta le siúd, agus ní chuirfeadh sé aon stró in aon chor air, a iarraidh ar Julia bhocht píosa áirithe den hfoirgneamh a leagan, agus é a atógáil arís, ar bealach eile ar fad. B’in an cineál duine a bhí ann, é ag iarraidh a fhís a fhíoradh an t-am ar fad, agus é go minic míshásta lena n-iarrachtaí é sin a dhéanamh.
Bhíomar ag caint, anois beag, ar an gcaoi a dtugadh William Randolph fhéin cuairt ar San Simeon, uaireannta nuair ba lú súil ag éinne leis, agus sa chaoi sin, tharla ar chuairt amháin díobh sin, go ndeachaigh an aimsir chun donais ar fad, ar fad, agus ba bheag nár préachadh é fhéin agus pé cuairteoirí a bhí in éindigh leis, ar aon chuma, léiríonn a mhíshástacht le cúrsaí, an tráth sin, an chaoi ar theastaigh uaidh go mbeadh a chaisleán, ní hamháin álainn, ach compórdach, sláintiúil, ag an am gcéanna. Féach mar a chuir sé a mhíshástacht in iúl dá ailtire…….
We are leaving the hill. We are drowned, blown and frozen out. Before we build anything more let’s make what we have built practical, comfortable and beautiful. If we can’t do that we might just as well change the names of the houses to Pneumonia House, Diphtheria House and Influenza Bungalow. The main house we can call the Clinic.
Sea, mh’anam! Níorbh aon ribín réidh é an tUasal William, nó d’fhéadfá a rá go raibh faobhar ar a theanga a bhearrfadh duine! Ach má sea fhéin, bhí bua na foighde ag a ailtire, nó is cosúil go raibh an scil chéanna sin foghlamtha, agus foghlamtha go maith ag Miss Julia. Breathnaigh freisin ar “Linn Neptune”, Thóg sé dhá bhliain déag orthu an tionscnamh sin a chríochnú. Thosaigh siad air sa bhliain 1924, ní raibh ón Máistir ach Linn bheag, agus gairdín deas pictiúrtha timpeall uirthi, ach dhá bhliain ina dhiaidh sin, nuair a bhí an gnó sin curtha i gcrích, geall leis, dúirt William Randolph gur theastaigh Linn i bhfad níos mó uaidh, Linn a bhféadfadh daoine snámh inti. Chuaigh Miss Morgan chun oibre arís, agus bhí an gnó sin curtha i gcrích aice, sa mbliain 1927. Bhí go maith, ach sa mbliain 1934, tháinig Hearst chuice arís, agus an babhta seo, theastaigh uaidh go ndéanfaí an Linn a leathnú tuilleadh, le slí a dhéanamh do Theampall Gréagach, agus ionas go bhféadfaí tuilleadh dealbha a shuíomh timpeall na Linne. Caithfidh gur chuir na hathruithe céanna sin as go mór don ailtire, ag an am, ach, nuair a bhreathnaíonn muidinne inniu ar an earra críochnaithe, feictear dúinn, gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid uilig sin, nó bheadh sé deacair an “Nepture Pool” a shamhlú ar bhealach ar bith eile, ach sa chaoi ina bhfuil sí anois.
Sampla eile den chaoi a ndéanadh Hearst a intinn a athrú faoi phleananna an Chaisleáin, isea an chaoi ar chuir sé iachall ar Julia, na Túir a athrú, agus a mhéadú, nuair nár thaitin a gcuma leis, agus sin tar éis dóibh a bheith tógtha de réir an chéad phlean. Dá mba ailtire eile a bheadh i mbun oibre ag Hearst, déarfadh sé leis dul ag feadaíl, agus an caisleán a thógáil é fhéin, ach, de réir dealraimh, bhí Julia Morgan lán tsásta glacadh le treoracha a fostóra, agus pleananna nua a dhréachtadh dó, agus dár ndóigh, chuir sí sin uilig ar an mbille! Bean ghnó den scoth ab’ ea Julia s’againne! Agus nuair a chuireann tú san áireamh gur chuir Julia suas leis na céapair sin, ar feadh seacht mbliana is fiche, tuigtear dúinn, go mba charraig ar fhoighid í freisin.
Labhair mé cheana faoi Hearst an bailitheoir. Bhí sé tugtha don bhailiú, faoi mar a bheadh meisceoir tugtha don ól. Ní raibh leigheas aige air, agus tráth amháin, bhí na cúig stórais, a bhí aige i San Simeon, ag cur thar maoil le seandachtaí, agus le hoibreacha ealaíne, de chuile chineál. Ní call a rá, gur bhain sé úsáid astu sin, lena Chaisleán a mhaisiú, nó b’fhéidir go mbeadh sé níos giorra don bhfírinne, dá ndéarfainn gur bhain sé úsáid as an gCaisleán, leis na seandachtaí, agus leis na hoibreacha ealaíne, a chur ar teaspáint ann. Agus nuair a bhí an Caisleán lom lán leo, bhain sé úsáid as na caisleáin eile, agus as na hárais eile, a bhí aige, ó cheann ceann na cruinne, leis an bhfarrasbarr a chur ar teaspáint iontu siúd, agus chomh maith le sin, thug sé roinnt áirithe díobh do Hollywood, le húsáid a bhaint astu, mar áiseanna sna scannáin, agus tugadh tuilleadh fós ar iasacht chuig dánlanna áirithe. Bhí a dhúil sa mbailiú chomh mór sin, nach bhféadfadh sé stopadh, agus sa tslí sin, ní raibh áit aige don méid a bhailigh sé a chrochadh nó a úsáid.
Labhair mé cheana, faoin méid cuairteiori a bhíodh ag triall ar Hearst Castle, seachtain i ndiaidh seachtaine, nó dhealródh sé, go mba dhuine an-chuideachtúil é Hearst, amach is amuigh, agus ní call dom a rá, go mbíodh “creme de la creme” d’uaisle na ré sin, ar chuairt aige, bíodh nár aithníodh uaisleacht, nó gradam, dá laghad, nó dá mhéad, i measc na gcuairteoirí céanna sin. B’ionann íseal agus uasal ag bord Hearst, ina Chaisleán. Ach breathnaigh ar chuid de na hainmneacha atá le fáil fós ar liostaí na gccuairteoirí sin, agus tuigfidh tú cad chuige a bhfuilim. Ar na liostaí sin léitear ainmneacha ar nós……
Charles Lindberg, the Duke and Duchess of Windsor, Calvin and Grace Coolidge, Winston Churchill, Charles Chaplin, James Stewart,
agus tuilleadh dá leithéid. Mura raibh cuireadh ó Hearst agat, an tráth úd, ní raibh seans dá laghad agat spléachadh a fháil ar Chaisleán Hearst, nó ar a thimpeallacht, nó bhíodar i bhfad ón mBealach Mór, agus dár ndóigh, ba le Hearst an ceathrú milliún acra sin, a bhí thart ar an gCaisleán céanna sin, agus choinníodh sé sin píosa maith amach ó San Simeon, agus ón gCnoc Draíochta, thú.
Sa bhliain 1937, agus an domhan mór frí chéile, agus ag sleamhnú leis i dtreo a bhasctha, tharla go raibh Hearst fhéin i dtrioblóid, nó dá shaibhre é, tamall roimhe sin, bhí a chorporáid $126 mhilliún i bhfiacha. B’éigean don bhfear mór gearradh siar go mór, ar a chuid tionscadal, ar an gCnoc Draíochta, ach faoim mbliain 1945, nuair a bhí an Dara Cogadh Domhanda thart, thosaigh sé arís, ar roinnt áirithe a dhéanamh ag San Simeon. Sa bhliain 1947, d’fhág William Randolph Hearst a Chaisleán don uair dheiridh, nó bhí ag teip ar a shláinte. Bhásaigh sé, sa bhliain 1951, agus ansin, tar éis a bháis, cuireadh lán stad leis an dtógáil ar an gCuesta Encantada, agus bíodh go raibh an oiread sin curtha i gcrích ag Hearst agus ag Morgan, faoin am sin, bhí tuilleadh maith fós, a fágadh gan chríochnú, ag an bpointe sin.
Faoin mbliain 1957, bhronn Corporáid Hearst an Caisleán, agus tailte iomadúla timpeall an Chaisleáin, ar Stát Chalafóirnia, ionas go ndéanfadh siadsan cúram díobh feasta. Níor fágadh clann Hearst ar an mblár folaimh áfach, nó fágadh cuid den Eastát, arbh fhiú thart ar $220 milliún, acusan, i bhfoirm iontaobhais. Fágadh an rainse ollmhór sin acusan, agus oibrítear na tailte sin, mar rainse, anuas go dtí an lá atá inniu ann. D’oscail an Stát Caisleán San Simeon don phobal, sa bhlain 1958, agus ar ball, tógadh Ionad Fáiltithe, agus Iarsmalann, ar an talamh réidh ag bun na gcnoc, cúig mhíle ón gCaisleán, le freastal ar na mílte, agus na mílte, ar theastaigbh uathu cuairt a thabhairt ar an gCaisleán is cáiliúla ar domhan, agus sa lá atá inniu ann, déanann siad freastal ar thart ar mhilliún cuairteoir in aghaidh na bliana, a thagann ar oilithreacht chun an Chaisleáin. Ní call a rá, gur fhostaigh siad na céadta saineolaithe le cúram a dhéanamh don bhfoirgneamh agus dá bhfuil de sheoda luachmhara carnaithe istigh ann.
Ní dhéanfaidh muidinne dearmad go luath, ar an lá iontach sin, a chaith muid ar chuairt i gCaisleán San Simeon, ar shléibhte Santa Lucia. Ba lá dár saol é. Tá súil agam, gur bhain tú taitneamh as bheith in éindigh liom, fan an bhealaigh.
*************
Peadar Bairéad.
*************
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.