I  mBéal  an  Phobail.rtfStep on a Crack

I mBéal an Phobail.rtfStep on a Crack

I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

Step on a Crack

by

James Patterson & Michael Ledwidge

.

Leabhar eile chugainn ó pheann líofa an údair cháiliúil, ildánaigh, sin, James Patterson, agus déarfainn fhéin go bhféadfá an ceann seo a chur i gcomparáid le haon leabhar eile dá chuid, bíodh anois go raibh leath-bhádóir i gcomhar leis, leis an gceann seo a chur i dtoll a chéile, nó luaitear Michael Ledwidge mar chomh-údar leis, ar chlúdach an tsaothair seo. Tá de nós ag an údar seo dul i gcomhar le húdair cháiliúla eile, le roinnt áirithe dá leabhair mhór-ráchairte a chur ar fáil dúinn. Is cuimhin linn go ndeachaigh sé i gcomhar cheana, le scríbhneoirí cosúil le, Andrew Gross, Maxine Puetro, Peter de Jonge, Howard Roughan, agus anois, seo Michael Ledwidge ainmnithe mar chomh-údar leis, i gcás an leabhair seo, Step on a Crack.

Athrú stíle

Déarfainn go bhféadfadh duine difríocht i stíl, agus i gcur chuige, a thabhairt faoi deara, idir an leabhar seo agus na leahair iomadúla eile a shil óna pheann. D’fhéadfadh sé gurb é is cúis le sin, nó tionchar Ledwidge a bheith láidir a dhóthain le dul i gcionn ar an saothar iomlán. Cuirtear lorgaire nua in aithne dúinn sa scéal seo, agus an-difir idir é agus príomhlorgaire Patterson, sé sin, Alex Cross, agus bíodh go sáraíonn fíochmhaire an leabhair seo uafás uafar cuid de na scéalta eile, ag an am gcéanna, tá spioradáltacht, agus aird eicínt ar an saol eile, fite fuaite tríd an scéal seo, agus sin déanta go nádúrtha, ealaíonta, inchreidte. Anois, níl sa tuairimíocht sin uilig ach rud pearsanta, agus caithfidh tú an leabhar a léamh duit fhéin, le breith a thabhairt ar an ndearcadh sin, ag an am gcéanna, chonacthas domsa, go raibh saothar Phatterson ag dul i bhfoirfeacht, i ndaonnacht, agus ag an am gcéanna, ag dul i mbarbarthacht!

Cur chuige neamhghnách

Ach breathnaímis ar an scéal fhéin. Suítear an scéal seo i gcathair ollmhór Nua Eabhrac, agus tharla, ar chúis amháin, nó ar chúis eile, gur bhásaigh, Caroline, bean an iar-Uachtaráin, Stephen Hopkins, tar éis di greim a bhaint as bia beadaí, a leagadh os a comhair amach in Óstán L’Arene.

Dinner here at L’arene, probably the most elegant, most seductive French restaurant in New York City.

Tharla áfach go raibh sí ailéirgeach don bhia sin, agus síneadh í, ar an toirt, dá bharr. Caithfear a rá, nach de thimpiste a tharla an nimh sin a bheith sa bhia blasta úd, nó d’aon turas a deineadh é a ullmhú di.

Ar ball, tharla maithe móra agus uaisle na tíre bheith i láthair in Ardeaglais Phádraig, don searmanas eaglasta, agus ag an am sin, bhain buíon coirpeach leas as a bhfaill, leis na maithe móra agus na huaisle sin a ghabháil ina ngialla, agus lena lucht leanúna, rinne siad dún daingean den Ardeaglais chéanna sin Phádraig. Lena ndáiríreacht a léiriú do na fórsaí slándála, chuireadar cupla duine chun bháis agus chaith na coirp doras na hArdeaglaise amach ar an tsráid.

An Lorgaire Bennett i gceannas

Ba é an Lorgaire cáiliúil, Michael Bennett, a cuireadh i mbun an fhiosraithe seo, fear a raibh clú agus cáil air i measc a chomhleacaithe, ach d’fhéadfá a rá freisin, go raibh cúis anseo ar a phláta anois aige, a dhéanfadh a scileanna lorgaireachta a thástáil go bun na dúide. Agus le cur lena chruachás anseo, ní raibh leide dá laghad fágtha ag na coirpigh, agus bhí an chuma ar an scéal go raibh poll eicínt ar theach na bhfórsaí slándála, rud a chabhraigh go mór leis na coirpigh fanacht céim chun tosaigh ar na lorgairí, ó thús.

Scéalta freisin

Agus comhthreomhar le scéal na lorgaireachta dofhuascailte seo, sníomhann an t-údar, nó na húdair, scéal an lorgaire fhéin isteach sa scéal freisin. B’fhear pósta é an lorgaire Bennett, agus deichniúr de mhuirín air, air fhéin is ar a bhean, Maeve, ach, ar an drochuair, bhí Maeve ag fáil bháis den ailse. Éiríonn leis an údar na deacrachtaí seo a shníomh isteach go leochaileach, daonna, tríd an scéal. Sea, agus d’fhéadfá a rá freisin, go n-éiríonn leis an údar, snáithe Éireannach a shníomh isteach tríd an scéal seo!

Sára mbeadh na coirpigh sásta na gialla a scaoileadh saor, theastaigh carn airgid uathu, agus i ndeireadh na dála, ní raibh an dara suí sa bhuaile ag na fórsaí slándála ach an lab airgid sin a chur ar fáil dóibh, sin agus scuaine gluaisteán, agus sráideanna glanta thart ar an Ardeaglais. Ní inseoidh mé daoibh faoin bplean éalaithe a bhí oibrithe amach ag na coirpigh, ach bhí sé thar barr! San éaló sin dóibh áfach, tharla de thimpiste, d’fhéadfá a rá, gur maraíodh duine amháin de na coirpigh, rud a thug leide eicínt dosháraithe do na lorgairí, agus ar ball…….

Fútsa atá sé !

Ach níl fúmsa rún an scéil iontaigh seo a scaoileadh libh anseo. Caithfidh sibh an leabhar a léamh daoibh fhéin, agus má dhéanann, tá mé cinnte go mbainfidh sibh sásamh agus taitneamh as.

Fúibh fhéin atá sé, mar sin, “Step on a Crack”, a fháil is a léamh daoibh fhéin.

    

.

.

.

I  mBéal  an  Phobail.rtfStep on a Crack

I mBéal an Phobail The Lady Judge

.

Leabhar do-dhearmadta

…..My Lady Judge…..

.

My Lady Judge…..An chéad chló……….2007

le

Cora Harrison…………………… £15.99

.

.

.

I mBoireann an Chláir

Seo leabhar ar tháinig mé trasna air, ar na mallaibh. Thíos sa Leabharnann, sa Loch Buí a bhí mé maidin, agus mé ag guairdeall thart i measc na leabhar ansin, féachaint an bhféadfainn teacht ar leabhar eicínt, a chorródh an croí istigh ionnam, is a thabharfadh pléisiúr dom, fad is a bheinn sáite go dtí an dá chluais ann. Bhuel, tháinig mé ar an leabhar thuasluaite, agus tuigeadh dom láithreach, go bhféadfainn seal a chaitheamh leis, ‘á chrú’, mar adéarfá.

Tuige? adéarfadh duine liom, b’fhéidir.

Bhuel, ar an gcéad dul síos, suíonn an t-údar, Cora Harrison, a scéal i gcuid den tír, a chuaigh i gcionn go mór orm, blianta ó shoin anois, agus dár ndóigh, tá sár-aithne ag an údar ar an dtaobh sin tíre, nó nach bhfuil cónaí uirthi, thiar ar bhruach na tíre sin.

Tír Álainn

Cén chuid den tír atá i gceist agam, an ea?

Boireann an Chláir, gan dabht ar domhan, nó cá bhfaighfeá áit ar bith, ó cheann ceann na cruinne, gan trácht ar ó cheann ceann na tíre seo, cá bhfaighfeá áit inchurtha le Boireann an Chláir, ar a fhiántas, ar a áilleacht, ar a éagsúlacht, nó ar a iargúltacht. Sea, agus sa sceal seo, faigheann muid trácht ar ionaid aithnidiúla, cosúil le Mullaghmore, Poulnabrone, agus Kilfenora. Sea, agus suítear an scéal i bhfad siar i stair na dúiche sin, nó ba sa bhliain 1509 a tharla eachtraí an scéil seo. Ba é Turlough Donn O’Brien, a bhí ina Rí ar “Thomand,” ar an “Burren,” agus ar “Corcomroe,” freisin, ag an am, agus ba í, Mara, Breitheamh, (nó Brehon i mBéarla,) na Dúiche céanna sin, an t-aon bhean a bhí ag feidhmiú mar bhreitheamh in Éirinn, ag an am, agus ba é Turlough a cheap sa phost sin í.

Brehon na Boirne

Is í Mara an príomhcharachtar sa scéal, agus déanann an t-údar iarracht ar bhrat grá a shníomh thart uirthi fhéin agus an Rí, Turlough Donn, Ach ba dhuine an-neamhspleách í an Breitheamh, Mara. Ag an am áirithe sin, thart ar Fhéile mhór na Bealtaine, bhí an Rí ar a chuairt ríoga ar Ríocht na Boirne, agus é mar aoi ag a Bhreitheamh, Mara, ina teach fhéin i gCahermacnaghten, mar a raibh Scoil Dlí á seoladh ag Mara, le blianta fada. Féach mar a chuirtear síos ar an ionad ársa sin, Cahermacnaghten, sa Réamhrá…

“On the west side of the kingdom was Cahermacnaghten whose great stone walls, ten foot wide and twenty foot high, enclosed a law school. The exquisitely written documents penned within its walls tell the story of a community, living by the ancient laws of their forebears in the stony kingdom of the Burren.”

Féile na Bealtaine

Anois, bhí de nós ag daonra na Boirne Féile na Bealtaine a cheiliúradh, trí bhailiú ina slua, ar bharr “Mullaghmore”, agus Tine Cnámh a lasadh ansin, um mheánoíche, ar Oíche Bhealtaine. Bhí Mara, Breitheamh, agus Turlough Donn, Rí, ar an bhfód freisin, ach tuigeadh dóibh, go mbeadh sé ró-dhian orthu dul go barr an tsléibhe, an oíche sin, agus shocraigh siad, ar dhul píosa den tslí leo, agus ansin dul thar nais go Cahermacnaghten. Rinneadar amhlaidh. Ach, ar an drochuair, tharla gur deineadh dalta ón Scoil Dlí a dhúnmharú ar thaobh an tsleibhe sin, tráth eicínt, an oíche sin. Ar Mhara, an Breitheamh, a thit sé anois, an chúis a fhiosrú, agus teacht ar an té a dhein an marú, le go ngearrfaí an pionós cuí air, agus le go n-iocfadh sé an éiric a bheadh dlite air.

Taighde

Caitheann an t-údar roinnt mhaith ama ansin, ag fiosrú an scéil, trí dhul chun cainte le daoine áirithe, ar tuigeadh di, go mbeadh fianaise ábharach eicínt acu, a chabhródh lei teacht ar an ndúnmharfóir. Ach, i ndeireadh na dála, bheadh uirthi an pobal a thionól thart ar “Poulnabrone” leis an gcúis a phlé os ard, os comhair na muintire, nó ba thart ar an Leacht ollmhór sin a dhéantaí cúiseanna dlí a phlé, a fhuascailt, a shocrú, agus ba ansin freisin a dhéantaí breith an Bhreithimh a chur i bhfeidhm. Thart ar an ndúnmharú sin, agus ar an románsaíocht idir Mara agus an Rí a chaitheann an t-údar bunús a dúthrachta i gcruthú an scéil seo.

Scéal Stairiúil

Déanann an t-údar seo iarracht cumasach freisin, ar shaol an séú haois déag a chur ina steillebheatha os ár gcomhair amach. Cuireann an t-údar síos ar Ríthe, ar Bhreithiúna, ar Thaoisigh, ar Cheárdaithe, ar Phobal, agus ar Lucht Léinn. Tugann sí spléachadh dúinn freisin, ar an gcóras dlí a chuirtí i bhfeidhm i Ríochtai Éireann, ag an am, agus ar na modhanna a d’údáideadh siad, leis na dlithe sin a chur i bhfeidhm. Cuirtear síos, chomh maith, ar an gcogaíocht idir thaoisigh, idir threibheanna, agus fiú, tugann sí leide dúinn, ar na heasaontais idir Ghaeil agus Gaill, agus an chaoi ar tharla an dá chine sin in adharca a chéile i gCathair mhór na Gaillimhe.

Is spéisiúil freisin, na carachtair a chruthaíonn an t-údar le cur ar stáitse na staire, lena fís a leagan os ár gcomhair amach. Breathnaigh ar na hainmneacha breátha, Gaelacha, a bhaisteann sí orthu, ainmneacha ar nós, Murrough, Cumhal, Ardal, Fachtnan, Oscar, Lorcan, agus tuilleadh.

An-Léamh

Níl fúm a thuilleadh a rá faoi chúrsaí an scéil seo, ach mholfann don léitheoir an leabhar seo a léamh, dá bhfaigheadh sé an deis chuige, nó is spéisiúil an leabhar le leamh é, ar a chur chuige, ar a stairiúlacht, ar a inchreidteacht, agus ar a dhílseacht don dúiche ina suitear é.

.

Peadar Bairéad

.

.

I  mBéal  an  Phobail.rtfStep on a Crack

Imeall an domhain.

I M E A L L A N D O M H A I N .

D’fhás mise suas ar bhruach álainn na Farraige Móire. Shiúladh muid na tránna thiar, Domhnach agus Dálach. Radharc glé glinn againn, ar oileáin draíochta, crochta, feistithe ar imeall an domhain, ar dhuirling sciorrach, chorrach, chlochach. B’in an troscán a d’fheistigh mise im aigne istigh, agus mé ag fás suas in Iorras, thart ar thrí scór go leith bliain ó shoin anois. Istigh im aigne fós, in áit na honóra, tá an troscán céanna sin, é sciomartha, snasta, le hionramahail na mblianta. Ní haon ionadh, mar sin, go bhfilleann mo smaointe ar Iorras na draíochta, agus go dtugaim faoi véarsaí a shníomh as cuimhní na dúiche sin. Seo dán beag, sníofa as abhras úd an dúchais.

.

D R A Í O C H T N A M A R A .

.

Draíocht na Mara Móire,

Mar bhrat geal cúir anuas

Ar aigne ghlinn na hóige,

In Iorras binn na gcuan.

.

Tránna fairsinge, bána,

A mheallann fós mo dhán,

Go tír dheas lách na meala,

Tar éis blianta fada ar fán.

.

Gualainn, Corrán, Inis Gluaire,

Carraig Mhainnín agus Inis Geidhe,

Dufair, Bearnach agus Sailín,

Mar phéarlaí im bhráisléad.

Draíocht na Mara Móire,

Ag buaileadh ar thrá mo shaoil,

Mar othra fós dom chosaint

Ar bhuairt, ar bhrón, ar aois.

.

Greadaigí libh a thonnta,

Ar thránna geala, buí,

Caithigí chugainn ar phort na beatha,

Síocháin, lúchair, is maoin.

.

********************************

Peadar Bairéad.

********************************

.

.

.

.

I  mBéal  an  Phobail.rtfStep on a Crack

L a a n D o c h a i s

L á a n D ó c h a i s .

.

************************

.

A Day Called Hope……………céadchló………………..2003.

le

Gareth O’Callaghan………………………………………..£10.99.

.

**************************

By Chance .

De thaisme (by chance) a tháinig mé ar an leabhar seo a chéaduair. Cara liom a d’fhiafraigh díom an mbeadh aon spéis agam i leabhar faoin ngarla dubhach, nó an “depression”, mar a thugtar air, i mBéarla na Banríona.

“Diabhal mórán spéise agam sa ngarla céanna sin, ach amháin, gur mhaith liom fanacht glan amach uaidh, chomh fada agus is féidir liom”, arsa mé fhéin, á fhreagairt.

Bhuel, arsa mo chara,

“B’fhéidir gur mhaith le do léitheoiri iomadúla tuairisc a fháil uait ar an leabhar céanna sin, i do cholún, I mBéal an Phobail.” , sa Kilkenny People.

“B’fhéidir gur agatsa atá an ceart,” arsa mé fhéin. “Tabharfaidh mé faoi.”

“Beidh mé ag súil le píosa a léamh faoi, sa Kilkenny People, amach anseo, mar sin”, ar seisean.

“Súil agam, nach é súil Uí Dhubhda le hArd na Rí, agat é,” arsa mé fhéin.

I Read The Book.

Le sin, bhronn sé cóip den leabhar sin orm. D’fhágamar slán ag a chéile, agus b’in sin.

Ní bhfuair mé deis ar bith an leabhar sin a léamh go dtí go raibh Féile Mhór na Nollag thart, agus ansin, agus fad choiscéim coilig, ag teacht ar an lá, thug mé aghaidh ar an leabhar seo, le Gareth O’Callaghan.

Cheap mé i dtosach, gur leabhar gairmiúil a bheadh ann, ina gcuirfeadh an t-údar síos go mion, agus go hoibiachtúil (objectively), ar an ngalra dubhach céanna sin, agus i ndáiríre, ní bheadh mórán suime agam i leabhar teicniúil dá leithéid. Ní mar sin a bhí in aon chor, a mhalairt ar fad a bhí idir chamáin ag an údar, nó ba dhuine é, a chaith blianta fada faoi chuing dobhrste an ghalra chéanna sin.

Deep Despair .

Cuireann an t-údar seo tús lena Réamhrá go fórsúil, dána, agus súil siar aige bealach an éadóchais, as a dtáinig sé, agus an tsúil ghlan, ghlé ghlas, eile aige, roimhe síos bóthar an dóchais, a shíneann roimhe amach go léas anois. Ach, b’fhéidir nár mhiste deis a thabhairt don údar fhéin an méid sin a chur os ár gcomhair amach, ina bhealach fhéin….

“In 1999 I was diagnosed with clinical depression. For years before then I had been living a life I despised, a life that always felt beyond my control. It affected my job, tore into my family relationships and took me to the brink of suicide. Yet today I am fit and healthy, happier than I have been in many years, successful, independent, ambitious, and more hopeful and optimistic about the future than I could have ever imagined. There is no sign in any aspect of my life of the depression that almost destroyed me.”

Despair And Hope .

Bhuel, sin an chéad chaibidil den Réamhrá agat, agus is dócha go bhféadfá a rá, go bhfuil creatlach (skeleton) an scéil uilig le fáil agat, sa mhéid sin. Cuimhnigh ar an gcineál saoil a chaith sé sular cuireadh ainm ar a ghalar dó. Ansin, fiú, agus an galra dubhach imithe go smior na gcnámh ann, d’éiríodh leis a chuid oibre, mar Láithreoir ar Chlár gradamach Raidió, a chur i gcrích go cumasach, éifeachtach, sciliúil, ach chomh luath is a bhíodh an méid sin déanta aige, chaitheadh sé bunús an chuid eile den lá, ina leaba. Sa leabhar seo, déanann sé cur síos ar an gcruatan agus ar an anró trínar ghaibh sé, sular éirigh leis na saineolaithe a ghalra a aithint. Admhaíonn sé, nach galra báis é, an galra dubhach céanna sin, ach ag an am gcéanna, cuireann sé strus chomh mór sin ar an té a tholgann é, go mbíonn baol, agus dhá bhaol go minic, ann go gcuirfeadh le lámh ina bhás fhéin, agus de réir cosúlachta, is ag dul i méad atá an baol céanna sin, le himeacht aimsire, nó tá uimhir na ndaoine a chuireann lámh ina mbás fhéin ag dul i méad, go suntasach, le blianta beaga anuas.

A Personal Journey .

Sa leabhar seo, téann an t-údar siar ar chúrsaí a shaoil fhéin, agus déanann iarracht ar phictiúr a thabhairt dúinn, ar chruatan, agus ar anró saoil, an té a bhfaigheann an galra seo greim air. Déanann sé cur síos ar a óige, ar a scolaíocht, agus ar an smacht a cuireadh i bhfeidhm sna ranganna, le cabhair on tslat, nó ón leathar, ag braith ar an scoil ar ar dhein tú freastal. Níor tuigeadh don údar seo, go raibh an léasadh a tugadh do dhaltaí, tuillte, nó oiriúnach. Ach, níos déanaí, agus é thart ar aon bhliain déag d’aois, tugadh mí-úsáid ghnéis dó, mí-úsáid a lean ar feadh bliana, geall leis. Is dócha go raibh baint ag na cúrsaí sin uilig leis an ngalra dubhach a theacht air, ar ball. Anuas go dtí an pointe sin dá shaol, bhí lán-mhuinín (confidence) aige as an Eaglais Chaitliceach, agus as na sagairt freisin, ach chuir ar tharla dó, i rith na bliana sin, críoch leis an gcreideamh daingean sin a bhí aige. Féach mar a chuireann sé fhéin é..

“Yet behind this imposing facade lay something rotten, which would eventually destroy the Church as we knwo it; sexual abuse against young boys and girls.”

Mhill na tarlúintí sin uilig a chreideamh, a dhóchas, agus a mhuinín in údarás daonna. Is dócha gur fhás a ghalra as ar tharla dó, agus as a bhfaca sé ag tarlú do dhaoine eile, le linn a óige. Tuigeadh dó scaití, go raibh sé ag dul le buile. Bhí an t-ádh air go raibh spéis mhillteanach aige sa cheol, agus is dócha gurbh ‘in a tháinig i gcabhair air, in am an ghátair. Uaidh sin, d’éirigh leis dul le craoltóireacht, agus sa tslí sin, bhí ancaire diongmháilte ansin aige, a choinníodh slán é, ar longbhriseadh, is ar bhás, é.

Ach, anois ní scéal gan dóchas é seo, in aon chor, a mhalairt ar fad atá fíor, nó is é fáth ar chuir an t-údar dua na scríbhneoireahta air fhéin, sa chás seo, nó le dóchas a chur ar fáil dóibh siúd, a bhfuil an galra uafásach seo gafa go smior na gcnámh iontu.

A Life-belt .

D’éirigh leis-sean an galra seo a chloí, agus síneann sé crios tarrthála (life-belt) chuig éinne atá ag fulaingt faoi bhráca an ghalra seo, Sin an fáth ar chuir mé fhéin romham an leabhar seo a léamh, a chéaduair, agus ansin, píosa a scríobh anseo, i mBéal an Phobail, faoin leabhar seo, ag súil go mb’fhéidir go mbainfeadh duine eicínt, a bhfuil an galra seo ag cur as dó, ag súil go mbainfeadh sé leas as an leabhar seo, lena sheoladh ar ais arís ar bhealach a leasa is a shláinte.

One of the strange ironic truths about depression is that the healing takes place when we concentrate on the present and future, not on the past…..

Nowadays I revel in the idea of the future and all its possibilities. When I look to the future today I think to myself; You have the power to do anything you want.

Gan dabht ar domhan, d’éirigh le Gareth an galra dubhach a chloí, agus a fhágáil taobh thiar de, agus aghaidh a thabhairt ar bhóthar mealltach an dóchais, a shíneann idir é agus léas. Gurab é an dála céanna é, ag éinne a bhfuil an glara dubhach seo ag teacht idir é, agus síocháin agus suaimhneas anama agus coirp.

*****************************************

Nathanna cainte………….

Coiscéim coiligh……….A cock’s step….a short step……the length that comes in the day from Christmas onwards.

Súil Uí Dhubhda le hArd na Rí. O Dowd’s hope of getting back Ardnaree…..a hope that will not be fulfilled.

Galra = galar, galra is quite a common form of the word, as used in the west of Ireland.

*************

Peadar Bairéad.

*************

  .

I  mBéal  an  Phobail.rtfStep on a Crack

Leabhar mór-ráchairte eile.

L e a b h a r m ó r – r á c h a i r t e e i l e .

***********************

.

The Last Juror …………………..céadchló……………….. 2004 .

le………………………………………………………………………………….

John Grisham ……………………………………………………€22.99.

.

*************************

.

Níl sé chomh fada sin ó shoin ó bhí píosa le léamh anseo agaibh faoi “Bleachers”, leis an údar chéanna sin, agus níl dabht ar domhan, ach go bhfuil ag éirí leis an údar ildánach seo leabhair den chéad-scoth a chur ar fáil dúinn, go rialta, nó seo an seachtú úrscéal déag curtha ar fáil aige, ó thosaigh air ag scríobh dúinn, tamall gearr de bhlianta ó shoin anois. Ba le dlí a chuaigh Grisham i dtosach, ach tar éis dó tamall a chaitheamh i mbun na ceirde sin, agus tar éis dó leabhar mór-ráchairte a chur ar an margadh, fuair sé amach, go mbeadh ar a chumas teacht i dtír go rábach ar cheird na scríbhneoireachta. Ní call dom a rá, go raibh an ceart aige sa chinneadh céanna sin. Ní call a rá, ach oiread, go raibh ar a chumas, a chuid eolais ar chúrsaí dlí a úsáid ina cheird nua, agus dá chomhartha sin, bhunaigh sé bunús a chuid scéalta ar an ndlí, ach corr-uair, éalaíonn sé ó ghort casta sin na dlí, agus tugann faoi scéal a bhunú ar ábhair eile. D’éirigh leis sin a dhéanamh sna leabhair sin, A Painted House, Skipping Christmas, agus Bleachers, ach má sea, tá sé tar éis filleadh arís, sa leabhar seo is déanaí uaidh, ar chúrsaí dlí, le scéal corraitheach, suimiúil, lán-teannais, a fháisceadh as an ábhar sin, a bhfuil an oiread sin eolais aige faoi, bíodh go bhfuil a lán téamaí eile fite fuaite trí shnáitheanna na dlí aige, sa leabhar seo, The last Juror.

Is é Willie Traynor, iriseoir, an príomhcharachtar sa scéal seo, agus is trína shúile siúd a fheiceann muid gníomhartha agus forbairt an scéil seo. Suítear an scéal seo i Ford County, Mississippi, i seachtóidí na haoise seo caite. Nuair nár éirigh leis go ró-mhaith i mbun Céime san Iriseoireacht, in Ollscoil Syracuse, chinn a sheanmháthair, BeeBee, gan é a mhaoiniú a thuilleadh, sa bhfeachtas sin, agus mhol sí dó post oibre a fháil dó fhéin. D’éirigh leis post a fháil i Clanton, Mississippi.

After five years at Syracuse my grades were irreparable, and the well ran dry. I returned to Memphis, visited BeeBee, thanked her for her efforts, and told her I loved her. She told me to find a job.

Sea, bean chiallmhar ba ea BeeBee, de réir dealraimh. Fuair sé post mar iriseoir ar fhoireann an Ford County Times, páipéar a raibh a phort beagnach seinte, ag an am sin. Ba é Wilson Caudle, eagarthóir an pháipéir sin, agus ba í a mháthair siúd úinéir agus foilsitheoir an nuachtáin sin. Bhí Wilson ina sheachtóidí, agus bhí an mháthair trí bliana déag is ceithre scór, ag an am sin. Briseadh a ngnó, sa bhliain 1970, agus fágadh an fhoireann ar an mblár folamh. Fuair Willie Traynor amach, go mbeadh sé éasca go maith an páipéar sin a cheannacht, agus tar éis dó cuairt a thabhairt ar BheeBee, d’éirigh leis dóthain airgid a mhealladh óna sheanmháthair leis an ngnó a cheannacht dó fhéin, nó tuigeadh dó, go bhféadfaí carn airgid a dhéanamh as gnó dá leithéid.

Ní raibh sé i bhfad i mbun oibre mar eagarthóir agus úinéir ar an Ford County Times, nuair a tharla éigniú agus dúnmharú uafásach cruálach ar an mbaile sin, Clanton. Ba í Rhoda Cassellaw, an bhean a bhí thíos leis, agus leis an scéal a dhéanamh níos measa fós, maraíodh í os comhair a beirt pháistí. D’éirigh le Willie freastal ar an dtrá sin, agus sa tslí sin, d’éirigh leis díol an pháipéir sin a mhéadú as cuimse, ionas go raibh a theacht isteach ón ngnó sin ag dul i méad, ó sheachtain go seachtain, agus ó mhí go mí. Caitheann an t-údar roinnt mhaith spáis ag cur síos ar an ndúnmharú céanna sin, agus ar an ndúnmharfóir, Danny Padgitt, duine de threibh a mhair in áit iargúlta, do-ionsaithe, agus treibh nach raibh meas mhadaidh fhéin acu ar dhlí nó ar reacht.

Thart ar an am sin, chuir an t-eagarthóir nua aithne ar bhean ghorm, Calia H. Ruffin, bean a raibh seachtar clainne uirthi, agus chuile dhuine acu sin, ach an t-aon duine amháin, agus a chéim dochtúireachta bainte amach aige i mbrainse eicínt léinn. Bhuel, bhí deacrachtaí iomadúla ag baint le roghnú an ghiúiré, agus do bharúil, nárbh í an gormach mná sin, an giúróir deiridh a roghnaíodh don chúis áirithe do-scaoilte sin i gcoinne Danny Padgitt, agus is dócha, gurbh é sin ba chúis le “The Last Juror” a bhaisteadh ar an leabhar seo.

Four hours later, Calia H. Ruffin became the last juror chosen – the first black to serve on a trial jury in Ford County. The drunks up in the Bar Room had been right. The defense wanted her because she was black. The State wanted her because they knew her so well.

Ní haon ionadh go raibh sár-aithne ag daoine uirthi, nó nach raibh sraith aistí scríofa fúithi fhéin, is faoina clann, ag Willie, agus gan dabht ar domhan, bhí an-mheas ag Willie ar Callie H Ruffin, nó ba chócaire thar na bearta í, agus ba dhuine é, a bhí thar a bheith beadaí, an Willie céanna sin, agus nach mbíodh sé ar chuireadh tigh Calia, chuile Dhéardaoin, le bia beadaí a bhlaiseach, ag bord na mná uaisle, neamhghnáthaí chéanna sin.

Bhíothas ag súil go ndaorfaí Danny chun bháis, ach má bhí fhéin, bhagair Danny ar na Giúróirí go maródh sé chuile dhuine acu, dá bhfaighidís ciontach é.

As he was about to step out of the witness box and return to the defense table, he suddenly turned to the jury and said something that stunned the courtroom. His face wrinkled into pure hatred and he jabbed his right index finger into the air. “You convict me.” He said, ”and I’ll get every damned one of you.”

Sea, mh’anam, níorbh aon doithín é, an Danny céanna sin, geallaimse dhuit é.

I ndeireadh na dála, daoradh Danny, agus uaidh sin, éiríonn leis an údar dul i gcionn go hiomlán ar an léitheoir, sa chaoi go gcuirtear faoi gheasa é, ag scil draíochta an údair ildánaigh seo, agus é ag sníomh na bhfocal, agus na smaointe, ina ngréas greanta, greamaitheach. Ach, níl fúmsa an scéal iontach seo a mhilleadh ortsa, agus fágfaidh mé fút fhéin é, taitneamh agus pléisiúr iomlán a fháisceadh as an scéal seo, as do stuaim fhéin.

Is é mo thuairim fhéin, gurb é an scéal seo, an ceann is fearr fós, ó pheann an údair ildánaigh, corraithigh, seo.

An-scéal, agus é inste le scil, le draíocht, agus le teannas a thhógfadh an ghruaig ar bhaic do mhuiníl. Más duine thú, ar mór aige John Grisham mar úrscáalaí, tapaigh do dheis, agus faigh greim ar an leabhar draíochta seo, ar an dá luathas, nó beidh a chathú ort, amach anseo.

.

**************

Peadar Bairéad.

**************

en_USEnglish