by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
An Garraí dearmadta
Peadar Bairéad
The Lost Garden……………………Céadchló…………..2014
by
Kate Kerrigan……………………………………………..€16.99
– “Can love bloom twice in one lifetime?” –
.
(This week we take a look at Kate Kerrigan’s latest book)
Ardmholadh
Féach mar a scríobh Marian Keyes faoin leabhar seo…
“I devoured this book in one sitting – I LOVED IT!”
Ní beag nó suarach an moladh sin ó dhuine dár n-údair cháiliúla. Ach i dtaobh an scéil, is dócha go bhféadfá a rá gur ghlac an t-údar le dóiteán tubaisteach Kirkintilloch mar chúlra, agus mar spreagadh, don úrscéal corraitheach, beoga, inchreidthe, seo. Tharla an tubaiste uafásach sin ar oíche an chúigiú lá déag de Mheán Fómhair na bliana 1937, nuair a tharla go raibh “Tattie Hokers” ó Acaill ag obair sa dúiche sin, ag piocadh prátaí d’fheirmeoirí Albanacha. Chodlaídís i ‘mBothy’ san oíche. Cineál stábla a bhí sa ‘mBothy’ céanna sin, a raibh doras mór air, doras a dhéantaí a bholtáil ón dtaobh amuigh. Thosaigh an tine sa ‘mBothy’ i rith na hoíche, agus ní rabhthas in ann an doras mór a oscailt ón dtaobh istigh, agus cailleadh deichniúr sa dóiteán sin. Bhí an dochar déanta nuair a tugadh an tine faoi deara. Saol eile ar fad a bhí sa treis an tráth úd, agus smaoinigh go dtéadh thart ar 4,000 duine ó Chontae Mhaigh Eo ag “Tattie hokáil” nó ag piocadh prátaí, d’fheirmeoirí thall, chuile bhliain.
Ag brath ar an Imirce
Ach le filleadh ar an úrscéal corraitheach seo…
Suíonn an t-údar a scéal ar “Illaunmore”, áit a gcónaíonn muintir Uí Dhochartaigh, an t-athair, Paddy, ar gheafar ar an ‘squad’ é, agus a bhean, Anne, agus a gcúram, Paddy junior, Martin, agus Aileen. Ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag an gclann seo, agus thagaidís i dtír trí thréimhse, chuile bhliain, a chaitheamh mar ‘Tattie Hokers’ i ngoirt phrátaí in Albain. An bhliain áirithe seo, shocraigh an t-athair ar Aileen a thabhairt leo go hAlbain, le deis a thabhairet di bheith ina ‘Tattie Hoker’ in éineacht lena deartháireacha agus lena hathair. Bhí go maith. Ba ghearr gur casadh gasúr óg, as Aghabeg, Jimmy Walsh, uirthi, agus ní call dom a rá gur thit an péire i ngrá, go dtí na cluasa, lena chéile agus chaithidís bunús a gcuid saor–ama i bhfochair a chéile. D’éirigh go hiontach maith le h–Aileen thall, agus ba ghearr go raibh sí ag cabbhrú leis an ‘Fore Graipe’, Biddy, a bhí i gceannas lucht cócaireachta agus a leithéid.
Bothy trí thine
Lean cúrsaí mar sin go ceann tamaill, ach ansin, nuair a bhí chuile shórt ag gluaiseacht ar aghaidh go hálainn do Jimmy agus d’Aileen. Faoi mar a bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile, thit an tóin as na brionglóidí áille, draíochta, a bhí á gcumadh agus á maisiú ag an mbeirt ghasúr sin, nó chuaigh an ‘Bothy’ ina raibh na fir ina gcodhladh trí thine, agus ba é deireadh an scéil sin é nó gur cailleadh deichniúr de na ‘Tattie Hokers’ sin. Rinne Jimmy iarracht dul isteach sa ‘Bhothy’ lena chairde a shábháil, ach bhí sé ró-dhéanach, nó bhi an deichniúr sin caillte cheana féin, ach, ar an ndrochuair, gortaíodh Jimmy go dona agus ba bheag nár cailleadh é.
Leabhar le léamh
Tógadh na coirp abhaile, lena gcur in Éirinn, ach scaradh Jimmy agus Aileen óna chéile. D’fhan Jimmy thall, agus d’fhill Aileen ar Illaunmore, ach má d’fhill, bhí a croí agus a spiorad millte, briste, ag an dtubaiste úd sa mBothy thall. D’fhan sí lei fhéin feasta, agus thosaigh sí ar gharraí dearmadta an tí mhóir a dheisiú. Má theastaíonn uait a fháil amach ar tháinig na leannáin sin le chéile arís? Ar tháinig Jimmy chuige fhéin? nó ar éirigh le h-Aileen an fear maith a fháil ar a buairt agus ar a briseadh croí? Bhuel, má theastaíonn uait freagraí na gceisteanna sin a fháil, níl le déanamh agat ach an leabhar corraitheach, spéisiúil seo a fháil agus a léamh. Ní bheidh a chathú ort, nó is breá go deo an léamh é, agus níl fúmsa é a mhilleadh ort, trí rúin an leabhair bhreá seo a scaoileadh anseo! Sea, is leabhar le léamh é…..
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Uisce Coiscricthe
Peadar Bairéad
Cuimhní Cinn
Bí ag caint ar dhul siar ar Bhóithrín na Smaointe! Ach nach bféadfá a rá, gur rud nádúrtha go leor é, – don té atá imithe anonn sna blianta, – seal a chaitheamh ag dul siar thar chuimhní na mblianta, le cibé feoil atá fanta orthu a chreimeadh ar a shástacht. Ach, cibé faoi sin, chaith mé fhéin seal, ar na mallaibh, ag dul siar ar chúrsaí aimsire, faoi mar a bhíodh blianta ó shoin, ach gan dabht ar domhan, ba iad na stoirmeacha a chuir ag tochtrais ar an gceirtlín sin mé.
Ba iad na cuimhní a rith liom i dtosach nó cuimhní na Samhraí sámha, samhrúla, a bhíodh againn le linn m’óigese. Is cuimhin liom go maith go dtéimís ag snámh chuile mhaidin, d’fhéadfá a rá, agus muid ar ár mbealach chun na scoile, agus arís, thugadh an Máistir síos chun na farraige sinn, am lóin. Sea, agus céard déarfá fúinn agus muid sáite go dtí na cluasa sa bhfarraige arís, ar ár mbealach abhaile ón scoil, tráthnóna! Ach nach mbíodh sé éasca go maith sinn a ‘stripeáil’ na laethe sin, nó ní bhíodh á gcaitheamh againn ach léine agus bríste giortach, nó ní call dom a rá go mbíodh ár mbunús cosnochtaithe, ag an am! Sea, mh’anam! laethe fada, geala, grianmhara, a mhair ó mhaidin go hoíche, sin mar is cuimhin liomsa iad anois, ar aon chuma. Caithfidh nach mbíodh chuile Shamhradh chomh breá, buacach sin, ach mura mbíodh, bí cinnte go bhfuil dearmad glan déanta agamsa de na Samhraí céanna sin!
.
Geimhrí gáifeacha
Cuimhne eile a ritheann go glé, glinn, glan, chugam anois isea cuimhne na nGeimhrí fuara, feannaideacha, reoiteacha, a thagadh aniar aduaidh orainn, anois is arís. Chuirimisne, páistí, seanbhróga le daoine fásta orainn, agus amach linn ar fud na bhfud, ag sleamhnú is ag cleasaíocht ar loch is ar linn, go dtí go mbímis préachta le fuacht is le hoighreach. Anois, caithfear a rá, nach mbíodh na Geimhrí feanntacha úd chomh flúirseach leis na Samhraí róstacha, a luaigh mé thuas.
Cuimhne amháin eile, agus sin cuimhne na stoirmeacha scanrúla úd, le toirneach agus tinntreach, a thagadh orainn cupla uair sa bhliain, agus bí ag caint ar stoirmeacha! leagfadh an ghaoth sin tarbh bliana, gan trácht ar dhuine daonna in aon chor. Ní raibh ach leigheas amháin le muintir an tí a chosaint ar an toirneach bhodhrúil, chluasphléascach, chéanna sin, agus b’in steall d’uisce coisricthe a chraitheadh thart ar cheithre choirnéal an tí. Ba ansin a thagadh mo Mham isteach sa phictiúr, nó b’ise a chraitheadh an t-uisce coisricthe ar cheithre choirnéal an tí dúinn, agus i gcuimhne na laethe sin, chuir mé cupla véarsa i dtoll a chéile i gcuimhne na ndaoine a bhí thart orm an tráth úd. Solas na soilse dóibh uilig, agus ionad saor ó stoirmeacha agus ó drochshíon go raibh acu anois agus i dtólamh.
Seo chugat na véarsaí úd anois……..
.
Uisce Coisricthe
.
Scaoileann na tonnta sleamhna a moing le gaoth,
Is pléascann go toirniúil, ar fhaill, ar chloch, ar chreag,
Cáitheadh farraige is cúr ag léim go barr an aeir.
.
Sáile goirt go searbh ar bheola bealaithe.
Gaineamh biorach go sceanach, ag dealgadh,
Trí chraiceann is trí chnámh.
.
Sianaíl thaibhsiúil ag éaló
Go piachánach bodhar
Ó scornach gortach
Na bhfarraigí ionracha.
.
.
Marcaíonn faoileán amscaí
Go gioblach, scanraithe,
Ar mhuin gháifeach
Na stoirme géire crua.
.
Rásann scamaill ghiobacha
Thar spéartha treafa, liatha.
Srónann bó a slí trí ghort guaireach géar
An ghála réabadh-reilgigh.
.
Ach le huisce coisricthe
Smachtaíonn Mam an ghaoth,
Is siúlann líon tí go costirim, slán,
Thar uiscí corraithe Loch na Gailíle.
.
*****************************
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
ina loscadh sléibhe, like wildfire; a mhóradh, to extol; cuimhneamh céad, centenary; díogha, the worst; a chéaduair, for the first time; teangmháil, contact; cosnochta, barefooted; fuath, hate; binb, venom; in easnamh, missing; sciomartha, scoured.
I mBéal an Phobail
.
Áilleacht an tSaoil seo 2
Peadar Bairéad
Troubled Times
Nuair a chuir mé romham, caint a thabhairt faoin bPiarsach agus a shaothar, ag seisiún
de Dhaonscoil Osraí, in Óstán an Newpark, i gCill Chainnigh, i nDeireah Fómhair na bhliain úd, 1979, bhí na trioblóidí ag réabadh leo, ina loscadh sléibhe, i dTuaisceart Éireann fós, agus dá bharr sin, bhí cineál eagla orm, ag an am, an Piarsach a mholadh, nó a mhóradh, ar eagla, faoi mar adúirt an Yeatsach fadó, ar eagla go seolfadh mo chuid cainte-se ógánach eicínt chun gleo, i gcoinne Gall. Ach tar éis chuile shórt a chur san áireamh, tuigeadh dom, gur chóir dom tabhairt faoin ngnó sin, ó tharla cuimhne céad an Phiarsaigh a bheith á chomóradh, sa bhliain sin, ’79. Bhí roinnt oibre déanta agam, roimhe sin, ar an ábhar céanna sin, nó bhí sraith altanna uaim foilsithe sa nuachtán Gaeilge úd “Inniu”, faoin teideal, “A Man Called Pearse”. Mar sin, bhí fonn orm cur leis an méid a bhí déanta agam cheana, agus thosaigh orm ag ullmhú don ócáid.
The wise men have not spoken
Nuair a thosaigh mé ag iarraidh teacht ar bhealach oiriúnach le léacht dá leithéid a thosú, smaoinigh mé, i dtosach, ar fhocail an Phiarsaigh fhéin, nuair a scríobh sé….
“Since the wise men have not spoken
I speak who am only a fool…..”
Níor den díogha é, ach oiread, mar thús, dár liomsa.
Ach ansin, céard faoi chuntas gearr a thabhairt ar an chaoi ar chuala mé fhéin faoin bPiarsach, a chéaduair, agus tar éis dom mo mharana a dhéanamh, shocraigh mé ar ghlacadh leis an dara bealach sin mar rogha. Chun oibre, má sea.
A Mediaeval Society
Rugadh agus tógadh mise i bpobal saor, in Iorras ársa, thiar, mar a dtéann an ghrian i bhfarraige, ag deireadh gach lae. Ba phobal é a bhí eagraithe, agus tógtha, díreach mar a bhí, sna meánaoiseanna, agus díreach cosúil leis an bpobal ar dhein an Piarsach teangmháil leis, i dtús an chéid, thiar i gConamara. B’in an tIorras ar thit J.M. Synge i ngrá leis, agus ar úsáid sé mar shuíomh dá dhráma cáiliúil “The Playboy of the Western World”. Ba dhuine mé, de na gasúir shona sin, a rith cosnochta trí óige shásta, ar thránna geala an Iarthair.
The Master had spoken
Bíodh gur mhinic ganntanas earraí saolta ag cur as dúinn, níor chuir ganntanas grá isteach riamh orainn. Níor leag mé fhéin spag taobh istigh de dhoras scoile go raibh mo sheachtú bliain slánaithe agam. Ba sa scoil chéanna sin a chéadchuala mé trácht ar an bPiarsach, ar Mhac Donnchadha, ar an gCléireach, agus ar a gcomhleacaithe uilig, a thug sráideanna naofa Átha Cliath orthu fhéin, um Cháisc 1916, le tabhairt faoi shaoirse na tíre seo a bhaint amach. Las an Máistir solas a nglóire, agus a gcalmacht, sa chroí istigh ionainn an lá sin, ach ansin, nár bheag a thuig muidinne faoi na cúrsaí sin, sinne nár chuala urchar á scaoileadh i bhfeirg riamh, agus bhí ar an máistir a dhícheall a dhéanamh agus é ag iarraidh aithris a dhéanamh dúinn ar na fuaimeanna céanna sin, agus é ag iarraidh an difir a bhí idir shianaíl ghéar na sliogán, fead ghéar agus tuairt, na bpiléar, agus rat-at-at na meaisínghunnaí. Chomh fada is a bhain sé linne, ní raibh iontu sin uilig ach fuaimeanna, fuaimeanna nach ndéanfadh dochar do dhuine ar bith, ach ar ball, rinneamar ceangal eatarthu sin agus bailéid ar nós, “The Bold Fenian Men”, “The Foggy Dew”, “The Three Flowers”, “The Dying Rebel”, agus fiú, “Óró ’sé Do Bheatha Abhaile” an Phiarsaigh fhéin. Agus b’in mar a d’éalaigh an Piarsach isteach i gcroíthe ár n-óige. Sea, agus chuir sé sin an pictiúr de, a bhíodh le fáil go flúirseach sna leabhair scoile, ag an am, pictiúr d’fhear óg, a raibh cuma na soineannantachta, agus na macántachta air, agus tuigfidh tú, mar a chuaigh sé i gcionn orainne gasúir. Chomh fada is a bhain sé linne, ni raibh fuath, binib, nó mailís, ag roinnt leis, agus mhúscail an Máistir s’againne spéis ionain, sa bhfear fhéin agus ina scríbhinní, freisin.
A Different Era
Ní call dom a rá, gur mhór againne an leabhrán sin “Iosagán agus Scéalta eile”, leabhar a bhí lomlán le scéalta agus le hatmosféar an Iarthair.
D’fhéadfá a rá, mar sin, gur tháinig muidinne isteach ag an deireadh, nuair a bhí críoch le heachtraí agus le himeachtaí an Phiarsaigh, ach mar sin fhéin, mhúscail a scéal suim ina shaothar ionamsa, suim a mhair ionam anuas trí chaitheamh na mblianta, go dtí an lá atá inniu fhéin ann. Sea, agus ag caint ar a dhán, bhí earra amháin in easnamh, an t-am sin, nó ní bhfuarthas óráid deiridh an Phiarsaigh, nó a “Speech from the Dock”, mar adéarfá, nó ní raibh fáil air fiú, agus mise ag fás aníos in Iorras na nIontas, i dtriochaidí an ocrais, ach tuigeadh dá lán, go gcaithfeadh a leithéid a bheith ann, nó bhíothas cinnte, go mbeadh óráid ag an bPiarsach don ócáid sin, dá dtabharfaí deis chuige dó, sea, agus bí cinnte freisin, go mbeadh óráid dá leithéid, snasta, sciomartha, snoite, agus é cleachtaithe aige, roimh ré.
Speech from the Dock
Ar deireadh thiar, tar éis dó triocha bliain a chaitheamh ar deoraiocht, ní dócha go
bhféadfadh éinne a rá, go raibh aon rud nua in óráid deiridh úd an Phiarsaigh, nó dhearbhaigh sé arís ann, go sollúnta, gur mhionnaigh sé, in aois a dheich mbliana, go gcaithfeadh sé a shaol ag iarraidh a thír a shaoradh.
Caithfidh muid a thabhairt faoi deara anseo an difir mhór atá idir dhearcadh na laethe úd, agus dearcadh an lae inniu, ach smaoinigh freisin, go bhfuil beagnach céad blian imithe faoi dhroichead an ama, san idirlinn.
Seo mar a chuir sé fhéin é, i ngearrinsint dá óráid deiridh…
“When I was a child of ten I went down on my bare knees by my bedside one night and promised God that I would devote my life to an effort to free my country. I kept that promise. First among all earthly things, as a boy, and as a man, I have worked for Irish freedom. I have helped to organise, to arm, to train, and to discipline my fellow countryman to the same end, that when the
time came, they might fight for Irish freedom.”
An dara lá de Bhealtaine, 1916, an dáta atá ar an láimhscríbhinn sin.
(to be continued)
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
A n t S l e á N i m h e .
.
*********************************
.
T h e J E S T E R………………………………Foilsithe ………….2003.
l e……………………………………………………………………………………………………………..
James Patterson & Andrew Gross……………………………………………£10.99.
.
**********************************
.
Níl ann ach achar gearr, ó bhí leabhar eile leis an údar James Patterson, idir chamáin agam, sa cholún seo. The ‘Beach House’ atá i gecist agam anseo, ach ba chóir a lua, go raibh údar eile, Peter de Jonge, i gcomhar leis, sa bhfiontar sin. Ní píobaire an aon phoirt é, an James Patterson céanna seo, nó is údar é, a bhfuil brosna leabhar den scoth againn uaidh, cheana fein. B’fhéidir nárbh aon dochar é, cupla ceann acu a lua anseo. Mar is cuimhin libh, scríobh mé píosa faoi roinnt acu, anseo I mBéal an Phobail, cheana. Is dócha gur cuimhin libh píosa a léamh anseo cheana, faoi ‘Pop goes the Weasel,’ ‘Four Blind Mice,’ maraon le ‘The Beach House,’ ach dár ndóigh, scríobh sé roinnt mhaith eile leabhar freisin, leabhair ar nós ‘Along Came a Spider,’ ‘Roses are Red,’ ‘Jack and Jill,’ agus ‘When the Wind Blows,’ leabhar mór-ráchairte chuile cheann riamh acu, nó tá clú agus cáil idirnáisiúnta bainte amach, cheana féin, ag an údar líofa, ildánach, corraitheach, seo. Ach caithfidh mé a rá leat, ag an bpointe seo, gurb é seo an ceann is fearr uaidh, go nuige seo, dár liomsa, nó beireann an t-údar seo greim scóige ort, i dtús an leabhair seo, agus ní scaoileann sé an greim sin, nó go mbíonn an deoir deiridh den scéal neamhghnách seo diúgtha agat. Sea, tá sé thar a bheith deacair an leabhar corraitheach seo a leagan uait, ó thús deireadh, nó gluaiseann an scéal seo ar luas mire, ón gcéad chaibidil go dtí an chaibidil deiridh, agus tabharfaidh tú faoi deara, go bhfuil céad caoga is ceithre chaibidil ar fad, dingthe isteach aige, idir chlúdaigh ildathacha an leabhair seo, agus caithfidh mé a admháil go raibh cineál cumha orm, nuair a bhí an chaibidil deiridh críochnaithe agam. Ach le filleadh ar an scéal fhéin……
Úrscéal stairiúil atá againn anseo, agus é suite thiar in aimsir na gCrosáidí, agus déanann na húdair a ndícheall, blas, boladh, agus atmosféar, na laethe úd fadó, a shníomh isteach sa scéal, ar bhealach nádúrtha, inchreidte, agus chuige sin, ní foláir nó rinne siad a gcuid taighde go mion, doimhin, cúramach. Éiríonn leo, thar barr, atmosféar na haoise sin a chruthú, trí chruálacht na Ridirí, agus trí éadóchas, agus céim síos na ndaor, a leagan os ár gcomhair amach, faoi mar ba shaol é a caitheadh san Eoraip, arú inné, nó an lá roimhe sin, fiú, agus a bhfuil a chuimhne beo fós i measc na cosmhuintire. Féach mar a éiríonn leis na húdair ár spéis sa scéal a mhúscailt, i dtús na chéad chaibidile…..
Wearing a brown tweed suit, and his customary dark toirtoiseshell sunglasses, Dr Alberto Mazzini pushed through the crowd of loud and agitating reporters blocking the steps of the Musee de l’Histoire in Blois
‘Can you tell us about the artefact? Is it real? Is that why you’re here?’ a woman pressed, shoving a microphone marked CNN in his face. ‘Have tests been performed on the DNA?’
Bhuel, níl dabht ar domhan ach go ndúiseodh an chaint sin fiosracht dhuine ar bith. Ach déarfadh duine b’fhéidir…Ach cheap mé gur faoi aois na gCrosáidí a scríobhadh an scéal seo?
Sea, agus bheadh an ceart ag an nduine céanna sin, ach ba é a tharla nó go bhfuarthas an taise, nó an iarsma seo, i mbaile Blois, sa bhFrainc, nuair a bhíothas ag déanamh tochailte, le hIonad Siopadóireachta a thógail ar láthair áirithe. Dhealródh sé go rabhthas ag tochailt, in áit a raibh daoine curtha san aonú haois déag, agus sa tochailt dóibh, thángthas ar uaigh Dhiúic eicínt, ón ré sin, agus istigh ina sharcófagais siúd, fuarathas iarsma beannaithe ó thús ré na Críostaiochta, i ndáiríre, tuigeadh dóibh siúd a raibh saineolas acu sna cúrsaí sin, tuigeadh dóibh gurbh é a bhí ann nó an tSleá a sháith “Longinus”, nó an Dall fhéin, i gcléibh Chríost, tráthnóna Aoine an Chéasta, fadó. Ach conas a tharla go bhféadfadh taise bheannaithe dá leithéid a bealach a dhéanamh ón dTír Naofa chun na hIodáile, agus níos iontaí fós, isteach i sarcófagas an Diúic ainaithnid úd, ar dáileadh an chré leis, sa bhliain 1099? B’in iad na ceisteanna a chuir na húdair orthu fhéin, agus iad ag dul i gcionn an úrscéil stairiúil seo, agus ní fhéadfadh duine ar bith a shéanamh, gur leag siad toradh a gcuid taighde os ár gcomhair, ar bhealach nádúrtha, corraitheach, inchreidte, sa chaoi gur beag nach gcreidfeadh an léitheoir, gur tharla eachtraí uilig an scéil, díreach mar a leagtar os ár gcomhair amach iad, agus chomh maith le taighde, agus tuiscint, na saineolaithe, bhí freisin, i mbéaloideas na cosmhuintire, an scéal ceannann céanna, go raibh an tSleá Bheannaithe i limistéar Bhlois, um dheireadh an aonú haois déag. Cibé faoi sin, ní raibh sé sa bhéaloideas riamh, go mba leis an Diúc an tSeá fhéin, ba é a bhí sa bhéaloideas céanna sin, nó go mba le fear magaidh, nó le “Jester” é, i ndáiríre. Anois, níl ansin ach cúlra an scéil seo, agus é tugtha dúinn sa Réamhrá, agus ansin, tosaíonn an scéal i ndáiríre, nuair a thosaítear ar scéal, agus ar stair, na Sleá Nimhe sin a chumadh, agus a chruthú, ach ag an am gcéanna, déantar chuile iarracht ar theorainneacha an scéil sin a choinneáil taobh istigh de chlaíocha na staire, agus an bhéaloidis.
Siar isteach i ngort na staire, a dhíríodar a n-aghaidh, i dtosach, le scéal na sleá beannaithe a fhiosrú, a chuartú agus a ríomh, dúinne, léitheoirí. Ré na gCrosáidí a bhí ann, an tráth úd, agus cuireann ár n-údair tús lena scéal, le hatmosféar na gluaiseachta spioradálta úd a chruthú dúinn, agus chuige sin, cuireann siad tús lena scéal, sa bhliain 1096…
Veille du Pere, a village in southern France, 1096.
The church bells were ringing. Loud, quickening peals – echoing through the village in the middle of the day………
What was going on?……….
Then Armaud, who farmed by the river, galloped over the bridge aboard his mule, pointing back towards the road. ‘They’re coming! They’re almost here!’
Cé bhí chucu, an ea?
Bhuel, cé eile ach Arm na Croise fhéin. Sea, mh’anam, bhí Arm na Croise ag máirseáil trína mbaile, trí Veille du Pere. Níor ghnátharm a bhí chucu isteach, má sea, níorbh ea muis, ach arm a bhí níos cosúla le graimisc sráide ná le saighdiúirí gairmiúla, faoi mar a bhíodh in airm na ré sin, agus in ionad Ridire, nó Rí, nó Tiarna, de chineál eicínt, bheith i gceannas orthu, ní raibh á stiúradh ach firín beag feosaí, gléasta in éide manaigh, éide déanta as éadach simplí baile. Bhí an manach seo cosnocht, ceann-nocht, agus maol. Ba é Peadar Díthreabhach, a bhí ann, nó Peter the Hermit, faoi mar a thugtaí air sa mBéarla, agus é ag fógairt Crosáide, faoi mar a d’iarr an Pápa Urban air a dhéanamh, le láithreacha beannaithe na Tíre Naofa a shaoradh ó na sluaite ainchreidmheacha. Nuair a thosaigh an manach seo ag caint, ba ghearr gur chuir sé a lucht éisteachta faoi dhraíocht, lena ghuth, agus lena gheallúintí. Féach mr a chuireann na húdair é…..
‘For those who come,’ the monk named Peter went on, ‘for those who put aside their earthly possessions and join our Crusade, His Holiness Urban promises unimaginable rewards: riches, spoils, and honour in battle, his protection for your families who dutifully remain behind, and eternity in Heaven at the feet of Our grateful Lord. And, most of all, freedom. Freedom from all servitude upon your return. Who will come, brave souls?’ The monk reached out his arms.
Ligeadh béiceanna áthais agus molta, agus ag an am gcéanna, bhog roinnt mhaith earcaigh ón slua isteach in Arm na Croise, arm a raibh cros mhór dhearg deartha ar a n-éide thiar, ar chuile dhuine acu.
Bhí príomhcharactar an scéil, Fear an Mhagaidh fhéin, nó Hugh deLuc, ar an bhfód don aitheasc úd, agus bíodh gur chorraigh focail an mhanaigh an croí istigh ann, ag an am gcéanna, bhí a bhean Sophie ansin, taobh leis, agus shocraigh sé ar fanúint mar a raibh sé, go fóill, ar aon nós.
Tamall gearr ina dhiaidh sin, tháinig Ridirí óna dTiarna Feodach, Baldwin Taoiseach Tours, ar chuairt chucu, nó, is dócha gur chuala sé, go raibh cuid dá dhaoir sásta dul le Peadar Díthreabhach, in Arm na Croise, le troid a dhéanamh sa Talamh Naofa, gan a cheadsan, nó tada dá leithéid a fháil, roimh ré. Bhuel, rinne na ridirí céanna sin an diabhal ar an mbaile beag sin, Veille du Pere, agus mhaslaigh, agus chráigh, a mhuintir go neamhthrócaireach. Mharaigh siad gasúirín óg, mac an mhuilleora, trína bhá faoi Roth mór an Mhuilinn, sgus d’éignigh a gcuid saighdiúirí iníon óg an mhuilleora chéanna, ansin i lár an lae ghil. Nuair a bhí a ndóthain dochair déanta acu, agus tar éis dóibh a sagart, agus an Pápa fhéin, a mhaslú go poiblí, d’iompaigh siad ar a sála, agus as go brách leo as an mbaile sin amach. Ba ansin a tuigeadh do Hugh duLuc, den chéad uair, nach raibh cearta, nó tada dá shórt acu, agus nach raibh cosaint ar domhan acu i goinne a dTiarnaí Feodacha. D’athraigh a bhfaca sé, an lá sin, i Veille du Pere a dhearcadh ar an saol seo, go deo ina dhiaidh sin, agus chuir cor nár bheag ina chinniúint, agus i gcinniúint a mhuintire freisin. Go gairid ina dhiaidh sin, tharla gur chuala Hugh go raibh Raymond of Toulouse ag earcú óglaigh le dul chun na Tíre Naofa, mar chrosáidithe, agus shocraigh sé ina aigne dul leis, anois, ní ar mhaithe leis na hIonaid Naofa a shaoradh ó smacht na nIoslamach a liostáil sé in arm na Croise, ach toisc gur gheall Raymond go dtabharfaí a shaoirse do chuile dhuine a raghadh leis, ar an gCrosáid. Féach mar a mhínigh sé an scéal dá bhean, do Sophie……
‘I have to go,’ I said.
She sat up almost dumbfounded. ‘You want to take the Cross?’
Not the Cross. I wouldn’t for that. But Raymond has promised freedom to anyone who joins. Freedom, Sophie…You saw what happened today.’
She straightened . ‘I did see, Hugh. And I saw that Baldwin will never free you from your pledge. Or any of us.
Níor theastaigh ón bhfear bocht ach saoirse, in aois nach raibh saor ach na hUaisle agus na Ríthe. Ní raibh mórán ag teastáil uaidh! Ach, ba gheallúint í, a bhíothas á tabhairt do na hÓglaigh a bhí sásta troid ar na Crosáidí.
B’in mar a tharla go ndeachaigh Hugh ag troid, ar thaobh na Croise, sa choghadh fíochmhar úd, a bhí á fhearadh ag Críostaithe, i gcoinne na Muslamach, thoir sa Tír Naofa, ag an am.
Ar deireadh thiar, tar éis anró agus cruatan a fhulaingt, shroich siad ceann a scríbe, agus ghlac páirt sa chogaíocht a fearadh i gcoinne chathair Antioch, cathair a bhí ina dún daingean, doghabhála, ag an am. Cuirtear síos dúinn ansin, ar bharbarthacht na troda, ar an dá thaobh, agus i ndeireadh na dála, shocraigh Hugh ina aigne fhéin, nach raghadh sé níos fuide leis, mar chogadh, ach go bhfillfeadh sé abhaile, Cuma faoi rud ar bith feasta, ach a bhaile, a bhean is a chlann. Istigh in eaglais dó, chonaic sé beirt Turcach ag marú sagairt, agus gan de chosaint ag an sagart bocht ach bata. D’ionsaigh Hugh iad, agus ar deireadh chuir an ruaig orthu. Thóg sé bata an tsagairt leis, mar chosaint, agus mar chuimhneachán. I ndáiríre, ba istigh sa mhaide sin a bhí an tSleá Bheannaithe folaithe, agus b’in mar a d’éirigh le Fear an Mhagaidh, an Taise luachmhar, bheannaithe sin, a thabhairt abhaile leis ón Talamh Beannaithe go dtí a bhaile fhéin. Anois, níor mhínigh mé cheana dhuit, go mba fhear grinn, nó fear magaidh é Hugh óna óige, agus b’in an chaoi ar éirigh le Fear Magaidh an taise luachmhar sin a bhreith leis abhaile ón Oirthear.
Ní call dom a rá, nach bhfuil sa mhéid sin, ach tús an scéil, nó is ón bpointe sin a tharlaíonn bunús na n-eachtraí atá le fáil go flúirseach sa scéal seo, faoi mar a bheadh rísíní i gcíste, ach fágfaidh mé fút fhéin é, taitneamh agus toit a bhaint as an chuid eile den scéal corraitheach seo. Scéal i insíonn dúinn faoi mar a d’éirigh leis an bhfear magaidh seo, bua a fháil ar na Tiarnaí Feodacha, a mhair sa chuid sin den bhFrainc, ag an am, agus b’eisean freisin, a chuir an tSleá Bheannaithe i bhfolach i sarcófagas Tiarna Feodach Bhlois. Ach arís, caithfidh tú an leabhar a léamh duit fhéin, le fios fátha gach scéil acu sin a fháil. Ach tá chuile shórt le fáil sa leabhar seo. Tá ann, grá agus fuath, grain agus greann, gol agus gáire. Má thagann tú trasna ar an leabhar seo, tá mé cinnte go mbainfidh tú taitneamh agus toit as.
Seo an leabhar is fearr fós, dár liomsa, ó pheann James Patterson, ach b’fhéidir gur chóir dúinn cuid dá bhuíochas sin a thabhairt dAndrew Gross, an té a rinne comhoibriú le Patterson, i saothrú an úrscéil chorraithigh, spéisiúil, seo. Nára fada uainn an chéad saothar eile ó phinn na beirte ildánacha, cumasacha, cliste, seo.
.
******************
Peadar Bairéad.
******************
.