Doirse De  Caibidil  5

Doirse De Caibidil 5

Caibidil 5

An Dream ar díobh mé

.

Feirmeoirí ba ea mo mhuintirse leis na glúnta, ach tar éis roinnt na bhfeirmeacha agus chuile shórt eile, ní raibh ag m’athairse ach feirm bheag, thart ar scór acra de thalamh cuir, maraon le píosa portaigh, agus ceaarta cladaigh. Nach beag duine a d’fhéadfadh clann a thógáil ar fheirm dá leithéid, sa lá atá inniu ann, ach saol eile ar fad a bhí ann, an tráth úd, agus déanta na fírinne, is dóigh go raibh dóthain duine sa mhéid sin talaimh, nuair a chuireann tú san áireamh, nach mbíodh gléasanna nua-aimseartha feirmeoireachta acu an t-am sin. Ach b’fhéidir gur chóir dom tuairisc eicínt a thabhairt daoibh ar an gcineál oibre a bhíodh le déanamh ar fheirm bheag, an tráth úd. Ní bhíodh mórán oibre le déanamh ag mo Dhaid i rith an Gheimhridh, taobh amuigh d’aire a thabhairt do na beithigh, díogacha a ghlanadh, agus a sciúraadh, agus claíocha a dheisiú, áit ar bith a raibh siad bearnaithe ag na bradaigh, a bhí flúirseach go leor ar na feirmeacha beaga, an tráth sin. Ach le teacht an Earraigh, chuirtí críoch le séasúr na gcártaí, agus dheinidís na spáda a ghlanadh, a sciúradh, agus a ullmhú, don obair a bhí le déanamh acu, nó le fírinne, ba í an spáid a dhéanadh an rómhar uilig, an tráth úd, ar na feirmeacha beaga, ach go háirithe. Ba chrua an obair í, lá i ndiaidh lae a chaitheamh amuigh ansin sa ghort, ag cur fataí in iomairí, iad ag baslú leo ó mhaidin go hoíche, chuile lá, ó Luan go Satharn. Thart ar thrí sheachtain a thógadh sé díol bliana d’fhataí a chur, sa tslí sin. Bhíodh ar Dhaid na hiomairí a shioscadh i dtosach, dhéantaí aoileach a scaipeadh orthu ansin, agus leagtaí na scoilteáin ar an aoileach sin. Ina dhiaidh sin, dhéanadh sé na hiomairí a bhaslú, le cré a chur mar chlúdach ar na scoileteáin. Nuair a bhíodh an obair sin críochnaithe, geallaimse dhuit é, go mbíodh bród an domhain ar an seanlead, as a shaothar deas néata, agus bhíodh chuile dhuine á mholadh as an saothar a bhí déanta chomh críochnúil, bláfar, pointeáilte si,n aige. Ní i ngan fhios dó fhéin, nó dá chnámha tinne a dhéanadh an fear bocht an saothar céanna sin, nó ba mhinic a chonaic mé é tugtha, sáraithe, strumptha, ag obair spáide an Earraigh. Ba ghearr ina dhiaidh sin, go mbíodh air an talamh a rómhar don arbhar. B’é a dhéanadh sé nó an áit a raibh fataí curtha aige, an bhliain roimhe sin, a rómhar leis an spáid, ansin dhéanadh sé an coirce a chraitheadh, lena láimh, sa ghort sin, agus ansin, thagadh comharsa chuige leis an ngort a fhuirseadh le cliath. Cé go mbíodh capall againn nuair a bhí mise an-og, cailleadh an fear bocht agus b’in deireadh leis an mustar, chomh fada is a bhain sé linne, nó feasta, ní raibh ag Bairéadhaigh na Druime ach bheith i muinín an asail!

Chomh luat is a bhíodh sin déanta, bheadh sé in am aige an mhóin a bhaint le sleán, agus geallaimse dhuidt é, nárbh obair do ghiolla na leisce é an sleánadóireacht chéanna sin. Bheadh sin ceart go leor, mura mbeadh ann ach an méid sin, ach ní bheadh sa mhéid sin ach an tús, nó bhíodh air ansin , le beagáinín cabhrach uainne, an mhóin a iompó, a ghróigeadh, agus a athghróigeadh, sára mbeadh sí tirim. Nuair a bhíodh an mhóin breá tirim, ansin bhíodh air an mhóin sin a chur amach ar thaoh an bhóthair le hasail, obair chrua mhaslaitheach. Ní bhíodh le déanamh ansin ach an mhóin a tharlú abhaile le capaill agus cairteacha, agus an chruach mhóna a thógáil i ndeas don teach, le freastal ar thine an Gheimhridh.

Ansin, bhí an t-ádh linne, nó bhí roinnt áirithe móna le fáil ar an bhfeirm, i ndeas don bhaile, agus sa tslí sin, bhíodh ar chumas mo Dhaid dóthain móna don bhliain a bhaint sa bportach sin, go háirithe nuair a bhí muidinne ró-óg le haon tsaghas cabhrach a thabhairt dó i bhfad ó bhaile.

Bhí gnó eile a bhí crua go maith ar an ndroim freisin, agus b’in an gortghlanadh a bhíodh le déanamh ar na fataí, ach go háirithe. Chomh luath is a thosaíodh na fataí céanna sin ag fás leo go rábach, thosaíodh na fiailí ag fás leo níos rábaí fós, agus ó tharla go raibh leasú á ngríosadh, ba ghearr go mbíodh siad ag plúchadh na ngas, geall leis, agus bhíodh gá ansin le gortghlanadh, le deireadh a chur lena rás. Ní raibh aon ineall acu, an tráth úd, leis an ngnó sin a dhéanamh, ní raibh mh’anam! ní raibh ann ach na méireanna, agus geallaimse dhuit é, go mbeadh droim tinn ort, ach lá iomlán a chaitheamh cromtha os cionn na n-iomairí, ag baint na bhfiailí diabhalta céanna sin. Droch rath orthu! Ar ball, bhíodh gá leis na gais chéanna a chosaint ón ndubh, trí spraeáil a dhéanamh orthu. Leis an obair sin a dhéanamh, ní bhíodh aon rogha acu, i dtosach báire, ach é a dhéanamh le scuab fraoigh, nó ar ball, dhéantaí an gnó le spréire droma, gnó a bhí maslaitheach go maith freisin. Bhí meaisín spraeála, i gcomhar, ag m’athair agus ag uncail liom, agus dhéanaidís an spraeáil, ar a seal, leis an meaisín sin.

Chomh luath is a bhíodh an gnó sin críochnaithe, bheadh se in am aige smaoineamh ar an bhféar a bhaint. Ní bhíodh aon ineall bainte aige, geeallaimse dhuit é! ní bhíodh aige ach an speal, cé gur cheap m’athair go mba iontach an gléas bainte é an speal, ó ba chuimhin lies-sean bheith ag baint le corrán, sna seanlaethe. ‘Faobhar a bhaineann’, adeireadh sé linne, nó ba dhiabhalta go deo an faobhar a chuireadh sé fhéin ar lann na speile. Agus arís, ní raibh sa mhéid sin uilig ach an tús, nó bhíodh orainn uilig ansin dul amach ag sábháilt an fhéir, agus ba chrua an obair í sin, go háirithe, nuair nach mbíodh an aimsir go maith, nó mar is eol do chách, soineann a shábháileann an féar! Nuair a bhíodh an féar uilig sábháilte agus cocáilte amuigh sna móinéir, ansin bhíodh súil in airde ag Daid le lá breá, leis an bhféar a tharlú abhaile, le cruach a dhéanamh de san iothlainn. Bhíodh muid ag brath arís ar dhuine de na comharsanna leis an ngnó sin a dhéanamh dúinn, ach ní raibh sa mhéid sin ach cuid de shean-nós na meithle, a bhíodh á chleachtadh i measc na gcomharsan, an tráth úd. Seachtain, nó mar sin, i ndiaidh lá na cruaiche, bhíodh gnó tuirsiúil eile le déanamh, nó bhí orhtu díon tuí a chur ar an gcruach, len í a choinneáil tirim le linn doineann an Gheimhridh.

Agus ó tharla ag caint ar spealadóireacht mé, tá sé chomh maith dom tagaiart a dhéanamh anseo do bhaint an arbhair. Arís, ba é Daid s’againne a dhéanadh an spealadóireacht é fhéin, agus arís, ba throm tuirsiúil an obair í, an spealadóireacht chéanna sin. Bhíodh muidinne ag teacht taobh thiar de, agus muid ag déanamh na bpunann agus á gceangal. Thagadh Daid sa tráthnóna agus dhéanadh sé stúcaí as na punanna sin. Ar ball, thógtaí an t-arbhar sin isteach san iothlainn, áit a ndéantaí é a thógáil ina stácaí. An t-asal a dhéanadh obair an asail, sa chás sin! Dhéantaí na punanna a cheangal i mbromóga, agus chrochtaí na bromóga sin ar dhá scoróg na srathrach, agus ansin, dhéantaí carn punann a líonadh idir an dá bhromóg sin. Nuair a bhíodh a dhóthain d’ualach ar an asal, cheanglaítí rópa trasna ó bhromóg go bromóg, leis an ualach a choinneáil socair, agus ansin, ar aghaidh leis isteach chun na hiothlainne leis an ualach sin, agus mar sin dó, go dtí go mbíodh an gnó críochnaithe. D’fhágtaí ansin ina stácaí san iothlainn é, go dtí go mbíodh sé breá tirim, agus ansin, dhéanadh Daid é a bhualadh ar chloch mhór, ar láthair ghlan, leis an ngrán a bhaint as. Sa tráthnóna, dhéantaí an grán sin a cháitheadh, leis an gcáith a bhaint as, agus ansin, chuirtí an grán i málaí, lena dhíol, nó lena choimead mar bhia do chearca, nó lena mheilt ina mhin-choirce, nó fiú, lena choinneáil mar shíol don chéad bhliain eile.

Faoin am sin, bhíodh na fataí aibí agus réidh chun a mbainte, gnó a thógadh thart ar thrí sheachtain arís. Nuair a bhíodh na fataí bainte, agus curtha i bpoill, amuigh sa ghort, ansin bhíodh an Geimhreadh buailte leo, agus é in am acu séasúr na gcártaí a oscailt arís. Níl sa mheid sin ach blas beag den obair mhaslaitheach a bhíodh le déanamh ag an bhfeirmeoir beag, an tráth úd. Níorbh é sin cás an fheirmeora mhóir, nó bhíodh inneallra aigesean, leis an anró a bhaint as an obair. Amach anseo, beidh tuilleadh le rá agam faoin saol a bhí suas agus mise ag fás aníos in Iorras na nIontas, breis mhaith is trí scór bliain ó shoin anois.

Doirse De  Caibidil  5

Eachtraigh 17.

E A C H T R A I G H D Ú I N N . 1 7 .

.

************************************

.

An tríú lá sa Choláiste dúinn, fuaireamar amach gan aon ró-mhoill, go raibh deireadh leis an tsaoire feasta, agus go raibh an t-am tagtha le luí isteach ar an obair, i ndáiríre. Mar a dúirt mé cheana, buaileadh an clog dúinn ag a sé ar maidin! B’fhéidir gur fhreagraíomar an “Benidicamus Domino” lenar “Deo Gratias” slóchtach, codlatach, leisciúil, ach ní ón gcroí a tháinig an “Deo Gratias” céanna sin, geallaimse dhuit é. De réir mar a chuaigh caitheamh sna laethe, áfach, tháinig muid isteach ar nós an mhochóirí, ach bíodh sin mar atá, ní dóigh liom gur thaitin an mochóirí céanna sin liom fhéin riamh, ach tuige nach dtabharfadh duine buíochas do Dhia, chuile mhaidin, as sinn a choinneail slán i rith na hoíche a bhí thart? Bhí sé greannmhar, ar bhealach, breathnú thart ort, ar uair antráthach sin na maidine, le súil a chaitheamh ar na gasúir óga eile thart ort id’ shuanlios. Dheineadh cuid acu chuile iarracht fad a bhaint as a sheal sa leaba, trí chupla noiméad eile a chaitheamh faoin bpluid, ach bhí fear amháin, ach go háirithe, fear a bhí sa leaba taobh liom fhéin, agus chuirfeadh seisean na cait ag gáire leis na cluichí aite a d’imríodh seisean, chuile mhaidin, le fad a chur lena thréimhse faoin bpluid. Thógadh sé a spléacaí i dtosach, agus dheineadh iad a ghlanadh agus a shnasadh, ansin, thógadh sé chuile bhall éadaigh leis, agus dhéanadh sé iad a scuabadh lena scuab éadaigh, agus ar deireadh thiar, nuair a bhíodh sin uilig críochnaithe aige, thógadh sé a stocaí, agus dhéanadh an cleas céanna leosan freisin. Ar deireadh thiar áfach, ní bhíodh an dara rogha aige ach éirí, agus dheineadh sé sin chomh mall, gearánach, cneadach, agus a d’fhéadfadh sé.

Tháinig mé fhéin isteach ar chleachtas an Choláiste tapaidh go leor, nó i ndáiríre, ní raibh le déanamh ag duine ach léimt as a leaba amach, chomh luath is a chuala sé an clog, agus ansin, d’fhéadfadh sé an chuid eile de ghraithí beaga na maidine a dhéanamh, gan aon ró-stró. Agus bíodh nach raibh aon uisce reatha, nó leictreachas, acu sa Choláiste, nárbh é an scéal céanna againn fhéin é sa bhaile, in Iorras, ag an am sin, freisin.

.

Ní gá dhom a rá, go raibh dath dubh ar ár gcuid éadaigh uilig, taobh amuigh de na léinte. Nárbh ábhar sagairt a bhí i ngach aon duine riamh againn, bíodh nach raibh ionainn ach gasúir. Ach b’in nós na haimsire sin. Sea, mh’anam, cultacha dubha, léinte bána, agus carabhait dubha, ar chuile dhuine riamh againn, agus dá bhfeicfeá muid amuigh ag siúlóid, chuile Dhomhnach, agus muid gléasta inár gcultacha Domhnaigh, agus ceann de na caipíní áiféiseacha, pice, sin, a chaití ag an am sin i gColáistí ardnósacha, buailte anuas ar cheann chuile dhuine againn, cheapfá nach bhféadfadh gasúir dá leithéid, smaoineamh fiú, ar dhiabhlaíocht dhe shaghas ar bith, gan trácht ar í a dhéanamh. Ach mh’anam, go mbeadh breall ort, geallaimse dhuit é!

.

Ach, fillimis ar chleachtas na maidine. Chomh luath is bheadh duine nite, pioctha, cíortha, agus gléasta, thabharfadh sé an tAireagal air fhéin, nó bhí orainn teacht le chéile ansin, ag a leath uair tar éis a sé, ar maidin. Líonadh idir ghasúir agus shagairt, nó ba shagairt iad na múinteoirí uilig, geall leis, líonaidís isteach ina suíocháin, agus arís, bhíodh a ionad fhéin, ina shuíochán fhein, ag chuile dhuine againn. Chuirfeadh sagart ceann ar na paidreacha, agus nuair a bhíodh paidreacha na maidine ráite, bhíodh thart ar leathuair a chloig le caitheamh againn, ag machtnamh, nó ag “meditate-áil”, dúinn fhéin. Ó, a Thiarna, nár dheacair fanacht i do dhúiseacht le linn an mhachtnaimh fhada, chéanna sin. Ach, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, dhéanadh muid an cleachtas sin, agus ansin, ag a seacht a chlog, bhíodh an tAifreann againn, ní gá a rá go mbíodh an tAifreann á léamh sa Laidin, ag an am sin, agus ba ghearr go raibh ar ár gcumas chuile phaidir, agus léamh, acu sin, a léamh agus a rá sa teanga ársa sin. I ndiaidh an Aifrinn, bhíodh tamall gearr againn, le cupla paidir buíochais a rá dúinn fhéin, agus ansin, ag a leath i ndiaidh a seacht, d’fhágadh muid an tAireagal, agus ag an bpointe sin, bhíodh obair tí le déanamh againn, a ghnó fhéin ag chuile dhuine againn. Fear ag scuabadh, agus fear ag snasú, fear ag ní agus fear ag glanadh, fear eile fós ag sciúradh, agus mar sin dúinn, go dtí a hocht, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh tuirse ár ndóthain orainn ag deireadh an ama sin, sea, agus muid stiúctha leis an ocras freisin. Leite, arán agus im, maraon le cupán tae a bhíodh againn don bhricfeasta, chuile mhaidin. Leamh go maith! déarfa, ach geallaimse dhuit é, nach bhfuair muidinne aon blas den bhia céanna sin tur, agus gur chaitheamar chuile ghreim de go buíoch, beannachtach, nó is maith an t-anlann an t-ocras.

.

I ndiaidh an bhricfeasta, bhíodh seal leathuaire againn, le bheith ag spraoi nó ag súgradh. Ba thráth é do chaitheamh aimsire, agus chaitheadh an chuid ba mhó de na gasúir an t-am sin ag siúlóid timpeall, ag caint, is ag comhrá. Ag a naoi, thosaíodh an obair scoile. Mhaireadh na ranganna thart ar chúig nóimead is daichead, agus bhíodh na gnáth ábhair scoile againn. Gaeilge, Béarla, Mata, Stair, Tíreolaíocht, Teagasc Críostaí, Laidin, Fraincis, agus Eolaíocht. Ní raibh rogha ar bith againn, nó bhí ar chuile dhalta na hábhair sin uilig a dhéanamh. B’in an gnáth chlár oibre a bhí leagtha amach dúinn, agus arís, caithfidh mé a rá, gur tháinig mé fhéin isteach ar an obair chéanna sin, tapaidh go leor, agus ba ghearr go raibh mé ag baint taitnimh as chuile rang acu, agus bíodh go dtugtaí an-chuid obair thinteáin dúinn, nó ní raibh ach dhá bhliain againn le cúrsa na Meanteistiméireachta a chríochnú, níor chuir an taobh sin den obair isteach ormsa, a bheag nó a mhór. Agus nach orm a bhí an t-ionadh, agus an mórtas, ag deireadh an chéad téarma sin, nuair a tháinig mé fhéin sa chéad áit, i scrúduithe na Nollag. Uaidh sin amach, bhíos im scolaire cruthanta, agus im mhac díograiseach léinn, chuile bhabhta.

.

Thart ar leath i ndiaidh a dódheag, bhíodh ar lón againn, ní lón a bhí ann, i ndáiríre, ach dinnéar! Bhíodh anraith againn i dtosach, anraith agus arán, agus bhaineadh sin an faobhar dár ngoile! Ansin bhíodh an príomhchúrsa againn.

Céard a hhíodh againn don phríomhchúrsa, an ea?

Bhuel, bhraitheadh sé ar céard a bhí flúirseach acu sa chistin ag an am, ach de ghnáth, gheobhaimis fataí bruite, giota feola, agus ní gá a rá, nár den scoth í an fheoil chéanna sin, agus nár chuala si trácht riamh ar “cordon bleu”, ach oiread, ach b’fhearr ann nó as di, agus chomh fada is a bhain sé linne, ba é a locht a laghad, go minic. Chomh maith le sin, bheadh glasraí de chineál éigin againn, turnapa, gabáiste, biatas dearg, cainneann, nó a leithéid, agus arís, ba mhaith an t-anlann an t-ocras, agus ba bheag den ghlasra sin a bheadh fágtha ar mo phlátasa, ach go háirithe. Dá mbeadh an t-ádh orainn, bheadh anlann eicínt ar an bpláta freisin. Beirt de na mic léinn a dhéanadh an freastal orainn. Ó! sea, agus bhíodh gloine uisce le dul leis an ndinnéar sin, ag chuile dhuine againn. Dár ndóigh, nuair a bhíodh ceann de na Féilte móra á cheiliúradh againn, bhuel, ansin bhíodh buidéal de shú líomóide fágtha ar an mbord do chuile mhac a’ pheata againn! Ní gá dhom a rá, go mbíodh fáilte agus fiche againn roimh shólaistí dá leithéid. Ansin, bhíodh milseog de chineál eicínt againn, le críoch a chur leis an mbéile. Lá amháin bheadh úlla bruite againn, lá eile, glóthach agus custard, ach thar aon rud eile, ba é ba mhinicí mar mhilseog againn nó maróg ríse. Anois bhí cuid de na gasúir thart orm, ag an mbord, roinnt beadaí, agus cleachtadh acu ar chuile shórt beadaíochta sa mbaile, b’fhéidir, agus dá bharr sin, ní leagaidís smut ar na gnáthmhilseoga sin. Anois, níor dhuine beadaí mé fhéin, ag an am, agus bhíodh an oiread milseog le fáil agamsa is a theastíodh uaim, nó shíneadh na buachaillí beadaí sin a milseoga chugamsa. I ndiaidh an dinnéir, théadh muid ar chuairt chuig an Aireagal, agus an salm, De Profundis, á rá againn, fan an bhealaigh. Ar ball, tar éis scathaimh eile ag spraoi dúinn fhéin, thosaíodh na ranganna arís, agus leanaidís go dtí a trí, nó mar sin.

I ndiaidh na ranganna sin, bhíodh obair de chineál eicínt, nó cluiche, b’fhéidir, leagtha amach dúinn, ar a seal. Lá amháin, bheadh muid ag leagan crainn, agus á ghearradh suas le toireasc beirte, sa chaoi go mbeadh connadh againn do thinte an Choláiste. Lá eile, bheadh muid amuigh ag cur bail’ eicínt ar na bóithríní timpeall na scoile, agus lá eile fós, bheadh muid amuigh ag imirt peile, nó iománaíochta, i bpáirc an bháire. Thugadh an tréimhse sin seans dúinn aclú coirp a fháil, agus chuireadh sé bealach ar fáil dúinn le fáil réidh leis an mbreis teaspaigh a bhí ionainn, ag an aois sin. Ar aon chuma, bhíodh goile againn don tae a thagadh ar ball. Arís, ní bhíodh bianna beadaí le caitheamh againn, don tráth sin, ach bhíodh, b’fhéidir, brúitín, maraon le h-arán, margairín agus braon tae. Dheamhan locht ar bith a bhí le fáil agamsa ar an mbia céanna sin, nó nach raibh cogadh mór ag réabadh leis ar fud na hEorpa, ag an am, agus bhí rudaí ag éirí gann, ó ló go ló.

.

Tamall againn ansin le spraoi a dhéanamh roimh dhul ag staidéar dúinn fhéin. Tháinig muid le chéile sa Halla Staidéir, áit a raibh a bhinse fhéin ag chuile dhuine den trí scór againn. Shuíodh an Cinnire ag cúl an staidéir, agus choinníodh sé súil ar chuile dhuine, nó bhí de dhualgas airsean féachaint chuige nach dtógfadh duine ar bith rí-rá, nó raic, le linn an staidéir, agus dá dtarlódh go dteastódh rud ar bith ó mhac léinn ar bith, théadh sé chuig an Cinnire sin, le cead a fháil uaidhsean. Duine dínn fhéin ba ea an Cinnire, dár ndóigh, a roghnaigh na húdaráis don phost sin, toisc go raibh sé staidéartha, intaofa. Bhíodh a dhóthain le déanamh ag chuile dhuine againn lena choinneáil gnóthach go ham suipéir. Bhíodh an obair thinteáin, maraon le cibé léitheoireacht, nó athscrúdú, a bhí le déanamh againn, le críochnú i rith an ama a bhíodh againn sa Halla Staidéir. Gheofá an corrdhalta ag iarraidh úrscéal, nó scéal lorgaireachta, a léamh, os íseal, le linn an staidéir, ach ní bheadh duine ar bith ag iarraidh nuachtán a léamh, nó ní raibh cead againn nuachtán a cheannacht, nó a léamh, fiú na nuachtáin Chaitliceacha!

.

I ndiaidh an staidéir sin uilig, bhíodh muid tuirseach go maith ag a naoi a chlog, agus bhíodh fáilte againn roimh chupán tae agus canta aráin, agus níos fearr fós, i ndiaidh an tsuipéir sin, bhíodh tamall eile againn amuigh faoin aer, ag siúl, nó ag cleasaíocht. Ag deireadh thiar, thart ar a leath i ndiaidh a naoi, thugaimis an tAireagal orainn fhéin, uair amháin eile, lenár bpaidreacha oíche a rá. Ba í an phaidir a bhíodh againn an tráth sin, nó an Paidrín Páirteach fhéin, agus chomh fada agus is cuimhin liom anois, ba sa Laidin a deirimis é.

.

Ar ais linn i ndiaidh na bpaidreacha sin go dtí an Suanlios, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh ár sáith tuirse orainn, tar éis an lae ghnóthaigh a bhí caite againn óna sé a chlog ar maidin. An searmanas céanna arís. Bhí fiacla le scuabadh agus le glanadh, aghaidh le ní, agus báisín le líonadh le huisce i gcóir na maidine. Ansin, an léine oíche sin arís, agus sin uilig gan focal as duine ar bith againn. Nach raibh a leithéid mínádúrtha go maith do ghasúir thart ar cheithre bliana déag d’aois? Ní bhíodh gá le duine ar bith a insint dúinn go raibh sé in am luí, nó thugadh chuile dhuine againn an sop air fhéin, chomh luath géar is a bhí sé réidh chuige, agus minic go leor bhíodh cuid againn inár gcodlach roimh mhúchadh na soilse ag a deich.

.

Bhuel sin agat clár an ghnáthlae i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, Béal an Átha Fhada, Contae Mhaigh Eo, i Meán Fómhair na bliana sin 1940, breis is trí scór bliain ó shoin anois, agus cé gur leadránach go maith an t-ábhar é, ag an am gcéanna, cheap mé gurbh fhiú mo chuimhní ar an ábhar sin a chur ar phár, nó tá mé cinnte nach mbeidh a leithéid ann arís, nó is mór idir inné agus inniu.

Go dtí an chéad uair eile…

Slán…..

.

********************

Peadar Bairéad.

********************

.

.

.

    .

.

Doirse De  Caibidil  5

Eachtraigh Duinn 28

E a c h t r a i g h D ú i n n

Caibidil 15

.

I Meán Fómhair na bliana 1947, chaith mé deich lá, nó mar sin, i gCathair na Gaillimhe, ag déanamh na Scrúduithe Céime. Bhí an aimsir go hálainn, agus chomh fada agus is cuimhin liom anois, ní raibh aon ró-dheacracht ag baint leis na scrúduithe céanna sin. Bhí an t-ullmhúchán uilig déanta agam i rith an tSamhraidh bhreá, bhrothallaigh sin, thiar in Iorras na nIontas, agus níor bhain aon cheann de na Páipéir Onóracha, sa scrúdú sin, aon stangadh asamsa. Bhí a shliocht orm, nó nuair a tháinig na torthaí chugam ar ball, fuair mé amach, gur éirigh liom go seoigh, sa Scrúdú Céime sin, agus bronnadh an Chéim sin orm, ar ball, an chéad duine de Bhairéadaigh Iorrais a bhain céim amach in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann riamh. Ach, bíodh a fhios agat anois, nár tuigeadh domsa, nó dom mhuintir thiar, go raibh aon éacht speisialta déanta agamsa, nó ní raibh ann i ndáiríre, ach an rud a mbeifeá ag súil leis ó dhuine a chaith a shaol uilig, suas go dtí an pointe sin, d’fhéadfá a rá, ag gabháil do na leabhair. Dá dteipfeadh orm, bhuel, ansin, chuirfí nath ann, gan aon agó.

.

I ndiaidh scrúduithe na Céime a chríochnú, thugamar, mé fhéin agus mo chomhleacaithe, a bhí ag déanamh a Scrúduithe Céime, i nGaillimh, in éineacht liom, thugamar aghaidh ar Dhromantine, an Chliarscoil s’againne, a bhí suite taobh amuigh de bhaile an Iúir, nó bhí na mic léinn eile ónár rangna, nach raibh ag gabháil don Chéim Onórach, bhí siadsan imithe thar nais go dtí Droim an tSín, cheana féin..

.

Bhí an dara cogadh domhanda thart faoin am sin, agus ní raibh cúrsaí taistil chomh holc sin ar fad. Ar an traein is ea chuamar ó Ghaillimh go Baile Átha Cliath, agus bhaineamar sult is taitneamh as an turas sin. Chaitheamar seal maith ag imirt cartaí, b’fhéidir nach é sin an ealaín a mbeifeá ag súil lei ó ábhair shagairt, an t-am sin, ach, ag an am gcéanna, bhaineamarna toit agus spraoi as, agus nár bhreá an t-athrú é, ó bheith ag gabháil don staidéar agus do na scrúduithe. Shroicheamar an Ardchathair, ar deireadh thiar, agus bíodh go raibh bailte móra agus cathracha eile feicthe agam fhéin, roimhe sin, caithfidh mé a admháil gur bhain Áth Cliath radharc na súl díom. Ní raibh tada cosúil le Sráid Uí Chonaill feicthe agamsa riamh roimhe sin. Nár dheacair domsa sráid chomh fada lei, fiú a shamhlú, ach nuair a chuir tú le sin, leitheid na sráide, airde na bhfoirgneamh breá, a bhí suite ar chaon taobh den tsráid chéanna sin, agus furú agus fuirseadh na ndaoine, ní hamháin ar na taobhchasáin ach iad ag rith is ag sodar leo trasna na sráide sin, faoi mar a bheadh Dia á rá leo, agus iad beag beann ar mhéad, nó ar luas, an tráchta, a bhí ag greadadh leis, síos suas na sráide céanna sin, nár leor an radharc céanna sin, le duine mar mise a mhearú scun scan, sea, agus an t-anam a scanrú ann, go ceann roinnt mhaith blianta ina dhiaidh sin freisin. Is féidir liom an radharc sin a fheiceáil trí shúile na cuimhne anois fhéin, agus mé suite ag mo ríomhaire anseo, ag iarraidh athchuairt a thabhairt ar na laethe glórmhara úd.

Bhí an t-ádh orainn, ar bhealach, nó bhí cupla gasúr as an Ardchathair inár measc, agus rinne siadsan a ndícheall bealaí na cathrach a mhúineadh dúinn, ach tá faitíos orm, go raibh sé fánach acu bheith ag iarraidh a leithéid a dhéanamh domsa ach go háirithe, nó bhí bealaí na tuaithe ró-fhréamhaithe sa chroí istigh ionnamsa, faoin am sin. Ach chuamar isteach leo go Caffola’s agus chaitheamar uachtar reoite a raibh ainm glórmhar samhlaíoch air, ainm cosúil le, Knickerbocker Glory, nó rud eicínt dá leithéid, agus blas chomh hálainn, is a bhlais mé riamh, air.

.

Ar deireadh, thugamar uilig aghaidh ar Stáisiún na Traenach ag Sráid Amiens, agus ár málaí taistil á n-iompar againn, agus chuamar ar bord traenach ansin, tar éis dúinn na ticéid chuí a cheannacht. Ar ball, ghluais an traein sin amach as an stáisiún, agus thug a haghaidh ó thuaidh. Bhuel, ar bhealach eicínt nár thuigeas-sa fhéin in aon chor, ba ghearr gur thugas faoi deara, go raibh atmosféar na traenach athraithe, go huile is go hiomlán, agus bíodh go rabhamar fós ag taisteal i dtír na hÉireann, agus sa Stát s’againne, thugamar faoi deara, nach raibh sin le tabhairt faoi deara sa traein sin istigh. Bhí athrú tagtha ar chuile shórt. Ní raibh fonn grinn nó spóirt orainn, a thuilleadh. Níor ardaigh daoine a nguth agus iad i mbun cainte nó comhrá, agus ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, bheadh tuairim ag duine, go mbfhéidir go mba dhú-oráisteach, an fear, nó an bhean, a bhí suite os do chomhair amach ansin. Níor bhain mé fhéin aon toit nó spraoi as an turas sin ó thuaidh. Thugamar suntas don Bhóinn agus muid ar ár mbealach thairsti, agus dhúisigh sí smaointe ionainn, ar chathanna a troideadh, agus a briseadh orainn, siar tríd an stair, rud nár chuir lenár ngiúmar, ar ár mbealach go Droim an tSín.

.

Ag stáisiún an Iúir, thuirlingíomar, agus nach orainn a bhí an t-áthas, go rabhthas romhainn ansin le gluaisteáin, le sinn fhéin agus ár málaí taistil, a tharlú leo abhaile go Cliarscoil Dhroim an tSín.

.

Níor thóg sé i bhfad orainn, an turas a dhéanamh, ón stáisiún traenach go dtí an Coláiste Sagartachta sin, a bhí suite i lár dhúiche na bhfear buí, faoi mar a tuigeadh dúinne, ach go háirithe. Nuair a shroicheamar an Coláiste, bhí roinnt mhaith dár gcairde ansin, le fáilte a chur romhainn, nó bhí ansin na fir a raibh aithne againn orthu onár mblianta ag staidéar leo, i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, Béal an Átha Fhada, i gColáiste Sheosaimh, Corcaigh, agus i gCloughballymore House, i gContae na Gaillimhe. Bhí sagairt ansin freisin, le chuile eolas a chur ar fáil dúinn, agus lenár gceisteanna a fhreagairt. Níor thóg sé i bhfad orthu uilig ár seomraí a theaspáint dúinn, agus b’in difir mhór idir an Choláiste seo Dhrom an tSín agus na Coláistí ar dhein muid freastal orthu roimhe sin, nó bhí seomra dá chuid fhéin ag chuile dhuine againn anois, agus ba mhór go deo an chéim chun tosaigh é sin ar an gcineál saoil a chaitheamar, mar mhic léinn, go nuige sin. Nuair a bhí na socruithe sin uilig déanta againn, tógadh ar chuairt sinn, thart ar an bhfoirgneamh ar fad. Ní call dom a rá, gur chuireamar spéis faoi leith sa Phroinnteach, nó bheadh tábhacht thar na bearta ag an teach céanna sin, i gcúrsaí ár saoil, chuile lá, uaidh sin amach, ar feadh na gceithre bliana a bhí os ár gcomhair amach, mar mhic léinn Diagachta, i gColáiste Dhrom an tSín, ansin i gContae an Dúin.

Bhí béile breá leagtha amach dúinn ansin sa Phroinnteach céanna sin, agus caithfidh mé a rá leat, gur bhaineamar toit agus cnagarnach as, nó bhíomar stiúctha leis an ocras, faoin am sin. Nuair a bhí an béile sin ite againn, tógadh ar chuairt chun an Aireagail sinn. Ó, a Thiarna, nár mhór idir an Aireagal seo agus na hAireagail a bhí againn sna Coláistí eile. Bhí an tAireagal seo leagtha amach go hálainn, ealaíonta, sciliiúil, agus é maisithe ornáidithe, snasta, ó bhun go barr. B’Aireagal faoi leith é seo, nó b’Aireagal do Chliarscoil Sinsearach é, agus ní hé amháin go raibh Príomhaltóir álainn, snoite, neamhaí ann, ach bhí thart ar scór altóir eile, thart le falla, san Aireagal céanna sin, nó caithfear cuimhneamh, go mbíodh foireann mhór sagart ag cur fúthu ansin, agus go mbíodh nós an Aifrinn aonair faoi lán-tseol, an tam sin, murab ionann is anois, nuair a deintear Aifreann a chomhcheiliúradh, i gcúinsí dá leithéid. Chuaigh an tAireagal céanna sin i bhfeidhm go mór orainn uilig, agus bíodh go bhfuil mám maith blianta imithe isteach i muileann an ama, san idirlinn, tagann cuimhne an Aireagail álainn sin ar ais go seoigh chugam, anois fhéin, agus mé ag iarraidh pictiúr na laethe sin a athdhathú, i ndathanna beoga, bríomhara, glinne, dhachaidí déanacha na haoise seo caite.

Ach b’fhéidir gur chóir dom an chuid eile den ghnó seo a fhágáil don chéad chaibidil eile

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

E a c h t r a i g h D ú i n n 28 A.

.

**********************

.

Ba ghearr gur tháinig muid isteach ar chlár ár laethe sa Choláiste Sagartachta sin, nó i ndáiríre, bhí seanchleachtadh faighte againne, cheana féin, ar an gcineál sin saoil. Ní seomraí ranga a bhí againn anois áfach, ach hallaí léachta, agus in áit ranganna, is amhlaidh a thugtaí léachtaí dúinn. Bhíomar ag staidéar anois ar an tríú leibhéal, cé go raibh céim bainte amach ag ár mbunús, cheana féin, agus diaidh ar ndiaidh thángamar isteach ar bhealaí na hInstitiúide sin. Nuair a bhí chuile rud feicthe, scrúdaithe, againn, bhí sé in am soip, agus tar eis dúinn paidreacha na hoíche a rá, thugamar ár seomraí orainn fhéin. Saol eile ar fad a bhí againn anois, i gcomparáid leis an saol a bhí againn sna Coláistí eile, agus b’iontach go deo an bhuntáiste é, do sheomra fhéin a bheith agat. D’fhéadfá seal a chaitheamh ag léamh, nó ag staidéar, nó ag gabháil do cheird ar bith a bheadh idir lámha agat, ag an am. Chomh fada anois agus is cuimhin liom, ní bhíodh aon chlúdach ar bith ar na hurláir againn, sna seomraí chéad bhliana sin, ach bhí cófra éadaigh, leabhragán, báisín lámh, leaba, agus bord, nó crinlín, le do chuid staidéar a dhéanamh air, agus chomh maith leo sin uilig, bhí scuab urláir agus méisín deannaigh ansin, le leide thabhairt duit, go rabhthas ag súil go gcoinneofá an áit deas, glan, néata. Bhíomarna thuas ag barr an tí, ar an dtríú, nó ar an gceathrú hurlár, sílim anois, ach nár chuma faoi sin, nó thart orainn, bhí na daltaí a rinne a gcuid saighdiúireachta linn, le mám blianta roimhe sin, cuid acu mar chomrádaithe againn, ó laethe Bhéal an Átha Fhada, anuas.

.

Bhí an áit an-mhór go deo, nó cé gur cheannaigh an SMA, Dromantine House, thart ar lár na bhfichidí, níor osclaíodh é mar Choláiste Diagachta an SMA, go dtí an bhliain 1926. Ba é an tAthair Slattery, a bhí taobh thiar den tionscnamh sin uilig. Anois, ba é an scéal a chuala mise nó, gur cuireadh an Teach agus an fheirm mhór a bhí ag gabháil leis, ar an margadh, agus cé gur chuir lucht an SMA suim agus dhá shuim sa sealúchas céanna sin, nó d’oirfeadh siad go seoigh dá riachtanais, agus biodh go raibh an t-airgead acu chuige, ag an am gcéanna, tuigeadh dóibh nach mbeadh seans ar domhan go ndíolfaí d’eagraíocht Chaitliceach, cosúil leis an SMA, iad, agus ba é dhein siad, nó é a cheannacht trí dhlíodóir. Ní raibh na dúchasaigh ró-shásta, nuair a chuala siad faoi na húnéirí nua, agus arís, bhí sé ina scéal scéil inár measc, gur deineadh cupla iarracht nimh a chur ina soláthar uisce, ach, ní raibh aon chruthú riamh againne, gur mar sin a tharla. Faoi mar adúirt mé, ní raibh ann ach, “dúirt bean liom, go ndúirt bean lei, gur chuala sise bean eile á rá”. Nó ar chóir dom an focal, “bean”, a fhágáil ar lár ansin, agus focal ar nós, “duine,” a chur isteach ina áit? Ní dóigh liom go mbeadh an dúchas céanna sa leagan athraithe!! Ag an am gcéanna, níor mhothaigh mé fhéin riamh, go raibh na comharsana, a bhí againn i nDroim an tSín, ró-chairdiúil linn, agus tharlaíodh corr rud, anois is arís, a chuireadh sin ar ár súile dúinn.

.

Mo chuidse de, tharla am eicínt, le linn mo laethe sa Choláiste Diagachta sin Dhroim an tSín, go raibh orm seal a chaitheamh in Ospidéal an Mhater, i mBéal Feirste. Bhí cupla gearán ag cur as dom, ag an am, agus b’éigean dom seal a chaitheamh istigh. Tráth raibh mé istigh ansin, chuir mé aithne ar roinnt mhaith daoine, agus caithfidh mé a admháil go raibh a mbunús cairdiúil, carthannach, lách, ach ní chuige sin atá mé, ach chuige seo.

Nuair a bhí mo sheal san ospidéal sin caite, bhí orm, mar a d’inis mé dhuit cheana, mo bhealach a dhéanamh ar ais go dtí an Coláiste, ach nuair a thuirling mé den bhus, ag an mbus-stad ba chóngaraí do Dhrom an tSín, bhí rothar fágtha ansin dom, le mo bhealach a dhéanamh abhaile dom fhéin. Bhuel, níor luaithe suite ar mo rothar mé, agus mé ag tosú ar mo thuras abhaile, nó chonaic mé beirt fhear ag léimt ar rothair, taobh thiar díom, agus thuig mé láithreaach, go raibh siad sa tóir orm. Agus bíodh go raibh mé fhéin lagaithe go maith, tar éis mo sheal san ospidéal, ag an am gcéanna, thuig mé go brí an tseanfhocail go rí-maith “nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith”, agus geallaimse dhuit é, go mbeadh sé deaair go maith teacht suas liom, ar an rás sin go dtí geata mór an Choláiste. Ar aon chuma, d’éirigh liom geata an Choláiste a bhaint amach rompu, agus níor lean an bheirt ghaiscíoch isteach thar an ngeata céanna sin mé. Dúradh liom, ar ball, go mba bhaill de na “B Specials” a bhí iontu, agus chuile sheans, dá mbéarfaidís orm, go dtógfaí chun na beairice mé, le mo cheistiú, cibé cén saghas ceisteanna a bheadh i gceist acu? Ar aon nós, tuigeadh domsa, nach gcuirfí aon ró-fháilte romham sa mbeairic chéanna sin, nó tuigeadh dom, nach maith an nós é bheith ag brú ar an ndoicheall, agus bí cinnte dhe, go mothófá an doicheall amh, oscailte, céanna sin, romhat, sa dúiche chéanna sin.

Comhartha eile nach raibh aon ró-fháilte romhainne, sna bailte in aice láimhe linn, nó,

teacht an tSamhraidh, go hiondúil, nuair a thosaíodh na fir bhuí ag cleachtadh drumadóireachta, don “Twalfth”, níor neamhchoitianta in aon chor an rud é, go dtiocfadh díograiseoir oráisteach eicínt suas go geata tosaigh an Choláiste s’againne, agus é ag leadradh a Dhruma Mór, faoi mar a bheadh Dia á rá leis, nó b’fháidir gur ón dtaobh eile a fuair sé a inspreagadh! Chuirfeadh an torann millteanach, cluasphléascach, aduain sin, an croí trasna ionat, nuair a chloisfeá é i lár na hoíche ciúine, agus gan a fhios agat, i ndáiríre, cén fuadar a bhí faoi na fir bhuí a bhí timpeall ort, ag an am. Ar aon nós, thangamar slán ó na hionsaithe sin uilig, ach má tháinig fhéin, fanann cuimhne na n-oícheannta sin, go glas fós i gcroí mo chuimhne, agus fanfaidh go leagfar na hordóga orm, nó tuigeadh domsa, ach go háirithe, gur le drochrún agus le drochchroí, a buaileadh chuile buille dár chualamar uathusan. Bhíodh faitíos orm fhéin i gcónaí, go gcuirfidís an áit trí thine, ach bhíodh an t-ádh orainn go mbíodh an Coláiste dúnta thart faoin “Twalfth”, agus bhínn fhéin ar mo sháimhín só, thiar in Iorras na nIontas, agus gan spéis dá laghad agam sna fir bhuí, nó ina gcuid máirseála. Ach ó tharla gur luaigh mé Dromantine House, sa chomhrá sin, is dócha gur chóir dom a lua, gur thréigh an SMA an t-ionad sin, sa bhliain 1973, nuair a shocraigh siad ar a gcuid staidéar Diagachta a dhéanamh feasta, i Má Nuat.

.

Bheadh sé deacair teach níos áille, níos dea-dheartha, níos dea-thógtha, ná Teach Dhroim an tSín a fháil i do shiúl lae. Is dócha go ndéarfadh duine, go raibh cuma claisiceach air, mar fhoirgneamh, agus é mór, maisiúil, téagartha, agus cuma air, go mba chuid den dúiche timpeall é, ach ní call dom a rá, gur deineadh an t-uafás tógála timpeall ar an dteach bunaidh, ach fiú sa chás sin fhéin, níor chaill an seanteach a dhínit, nó a uaisleacht, nó a shnas, riamh. Ó! sea, agus bí ag caint ar gharraithe! Bhí siad sin ann, nó timpeall an Tí Mhóir ar fad, bhí garraithe de chuile shórt. Bhí toir agus bláthanna den scoth, ina mílte sa timpeall, agus chuile cheann acu níos áille agus níos maisiúla ná an ceann eile. Bhí ansin freisin, crainn ina gcéadta, agus iad ag baint barr áille dá chéile trí éagsúlacht a ndatha, agus a gcuma. Leagadh amach na garraithe, agus cuireadh na crainn, go healaíonta, cliste, sciliúil, sa tslí go dtógfadh siad croí an té a chaithfeadh seal ina measc.

.

Bhí ann freisin, fuaráin, agus linnte uisce thart orthu, agus i gclúideanna cúlráideacha, i measc na gcrann is na dtor, bhí tigíní cluthara agus suíocháin fhoscúla, le deis a thabhairt do dhuine, seal a chaitheamh ar a sháimhín só ansin, agus é i dteangmháil leis an dúlra. Sea, b’álainn an Teach a bhí acu ansin, agus b’álainn na garraithe a bhí timpeall ar an dTeach Mór céanna sin, agus timpeall ar an áitreabh sin ar fad, bhí, dár ndóigh, feirm an-mhór, agus ní athraíonn cúrsaí chomh mór sin riamh, nó tomhas, céard a tharlaíodh nuair a bhíodh cruóg ar lucht na feirme, tráth mbídís ag cur na bhfataí san Earrach, nó á bpiocadh sa bhFómhar, nó ag bualadh an arbhair b’fhéidir? Sea, tá an ceart agat, chuireadh siad fios ar na spailpíní fánacha leis an sclábhaíocht a dhéanamh. Ní gá dhom a rá, go mba fhuath liom fhéin an cineál sin oibre, chuile lá riamh, ach amháin ar ár bhfeirmín fhéin sa bhaile fadó, ach sin scéal eile ar fad. Ba í cúis nár thaitin an cineál sin oibre sin liom, ag an am, nó go mbíodh an t-asma ag cur as dom, i gcúinsí dá leithéid. Ach, b’fhéidir gur chóir dom an scéal a fhágáil mar sin, don bhabhta seo, agus fillfidh mé ar an ábhar sin, sa chéad ghála eile, nuair a bheidh mé ag cur síos ar an gcineál saoil a bhí againn, agus muid ag treabhadh linn trí na Cúrsaí Diagachta agus Fealsúnachta, thuas ansin, i nDroim an tSín, i gContae álainn daingean an Dúin, faoi scáth Shléibhte Mughdhorna.

Go dti an chead ghala eile…….Slan……..

.

***************

Peadar Bairéad.

***************

.

Doirse De  Caibidil  5

Fis le Fiorú

Fís le fíorú

Peadar Bairéad

Comóradh an Chéid

Anois, agus muid ag druidim i dtreo Chuimhneamh Céad an Éirí Amach, táthar ag smaoineamh ar bhealaí áirithe leis an mbeart sin a chomóradh mar ba chuí agus mar ba chóir. Deir dream amháin gur chóir seo a dhéanamh, deir dream eile gur chóir siúd a dhéanamh, dár leis an bhfear thall, gurbh fhearr ócáid mhór chomórtha amháin a eagrú a mbeadh cuimhneamh uirthi lá is faide anonn, agus ceapann an fear abhus, gur chóir ócáid cheiliúrtha áitiúil a eagrú i ngach paráiste sa tír. Sea, faoi mar a chuireadh na Rómhánaigh é fadó – quot homines tot sententiae nó faoi mar a chuirtear sa chéad teanga oifigiúil é, -Ní lia duine ná tuairim – Ach nach ndéarfadh an leathshaoi fhéin, gur mar a chéile ab fhearr iad. Ar an gcéad dul síos, tá muid ag iarraidh ár mbród as ár náisiúntacht, agus as iarrachtaí ár ndaoine sin a bhaint amach a cheiliúradh; agus ar an dara dul síos, nach bhfuil ár bpobail fhéin ansin freisin, agus nach é ár ndualgas é an dearcadh céanna sin a chur ar a súile dóibhsean freisin.

Ach céard tá le ceiliúradh againn gur fiú é a chur i mbéal an phobail, um an dtaca seo? Deir daoine áirithe, gur éirigh le lucht an Éirí Amach a bhfís a fhíorú le neart a lámh. Ceart go leor, táid ann adeir, gur éirigh leo saoirse a bhaint amach, ní don tír uilig, ach do sé chontae fichead di, agus faoi mar a bhí cúrsaí ag an am, bheadh sé do-dhéanta, dár leo, an tsaoirse sin a bhronnadh ar Shé Chontae an Tuaiscirt, nó bheadh an pobal ó thuaidh réidh le cur i gcoinne a leithéid de shocrú, mar bhí siadsan meáite ar fanacht sa Ríocht Aontaithe. B’in an chaoi ar fágadh an scéal i ndiaidh na troda go léir, ach nach raibh na clocha corra faighte againn sa Chonradh, ar ghlac an pobal leis, i ndiaidh an iomláin? Fiú má ghlacaimid le fírinne an ráitis sin, chaithfeadh duine a admháil, nach raibh sa mhéid sin ach leath na físe, nó nárbh é a theastaigh uathusan nó Éire Saor Gaelach a bhaint amach. Má ghlactar leis anois go raibh an tSaoirse bainte amach acu, céard faoin gcuid eile den bhfís? Bhuel, caithfimid glacadh leis, nárbh fhéidir an chuid sin den bhfís a bhronnadh ar an náisiún, d’aon iarracht, láithreach bonn, ach bhí an deis acu anois tabhairt faoin chuid sin den bhfís a réaladh le himeacht aimsire.

Iarracht inmholta

Caithfear a admháil gur dhein an Saorstát iarracht inmholta le cuid den bhfís sin a thabhairt i gcrích trí bhéim a leagan ar mhúineadh na teanga sna scoileanna, agus is dóigh gur tuigeadh, ag an am, go leathfadh polasaí oideachais leithéid, go leathfadh sé labhairt na Gaeilge i measc daoine le himeacht aimsire. ach ní dóigh liom gur tuigeadh ag an am chomh deacair is a bhí sé teanga a bhí i mbéal an bháis a athbhunú i bpobal, agus feictear anois freisin, chomh gann is atá samplaí de thír ar bith ag tabhairt go dáiríreah faoin bhfiontar céanna sin, taobh amuigh dIosrael, b’fhéidir . Ní gá a lua anseo, go bhfuil samplaí eile den Ghaelachas beo beathach inár measc go dtí an lá atá inniu ann, mar atá, rinncí, ceol, amhránaíocht ar an sean-nós, cluichí, agus rud ar bith eile, a shil anuas chugainn, mar chuid dár n-oidhreacht. B’in iad na rudaí a bhí i gceist ag laochra na Cásca nuair a léadh Forógra ár bPoblachta ar Shráid Chonaill, sa bhliain 1916, beagnach céad bliain ó shoin anois. Ghlac an pobal lena bhfís, agus dá chomhartha sin, tá an fhís sin beo inár measc go dtí an lá atá inniu ann, ach anois, nach bhfuil sé thar am againn breathnú ar an bhfís chéanna sin arís. An é nach raibh inti i ndáiríre ach leagan gaelach de Útóipe? agus an é atá le déanamh againn anois, mar chine, nó ár leagan fhéin den bhfís chéanna sin a fhógairt don aonú haois fichead? leagan a chuirfeadh san áireamh na hathruithe atá tagtha ar ár bpobal san idirlinn,agus áit sa bhfís sin a chur in áirithe do na mílte agus na mílte “thar toinn do ránaig chugainn, agus áit faoi leith freisin a chur in áirithe dán Lucht Taistil fhéin. Sea, agus caithfimid sainmhíniú a thabhairt ar shaoirse agus ar ghaelachas’ dóibh siúd atá suas anois, sa chaoi go mbeidh fís nua, suas chun dáta, againn, a bheidh mar mhéar an eolais dÉireannaigh na haoise seo, agus iad ar a dturas chuig an Éirinn idéalach sin, atá folaithe i gceartlár chroí na muintire a áitíonn cúig cúigí Éireann, i láthair na huaire seo. Faoi mar adúirt an té adúirt...breathnaigh isteach i do chroí fhéin, más uait spléachadh a fil ar fhís an dara céad.

.

en_USEnglish