by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Críost an Tiarna
.
The Road to Cana……….céadchló……………………2008
.
by
Anne Rice………………………………. Bog………………$7.99
.
Peadar Bairéad
Leabhar ar leith
Leabhar an-neamhghnách atá idir chamáin againn an babhta seo, nó is annamh a thagann duine trasna ar leabhar a dhéanann teideal mar seo a láimhseáil ar bhealach macánta, dáiríreach. Ach éiríonn leis an údar seo, Ann Rice, é sin a dhéanamh go seoigh, agus ag an am gcéanna, éiríonn lei scéal corraitheach a leagan os ár gcomhair. Ach ní hé seo an chéad leabhar corraitheach a chuir sí ar fáil dúinn, nó smaoiníonn duine ar theidil mhór-ráchairte eile a shil óna peann, leabhair cosúil le, Out of Egypt; The Feast of All Saints; Cry to Heaven; agus Called out of Darkness, leabhar a bhfuiltear meáite ar é a chur i gcló i Samhain na bliana seo, 2009. I gCeanada a rugadh í, agus tá cónaí uirthi anois i ríocht úd na gréine, Calafóirnia.
Féach mar a chuireann sí tús lena scéal………..
“Who is Christ the Lord?
Angels sang at his birth. Magi from the East brought gifts: gold, frankincense, and myrrh. …
In the Temple an old man gathered the babe in his arms…….A light for revelation to the Gentiles and glory for your people Israel.”
Mac an tSiúinéara
Arbh fhéidir go mba shiúinéir i Nasair é Críost an Tiarna? Fear a raibh triocha bliain bailithe aige faoin am seo, agus fear a raibh lán an mhála de scéalta ag dul timpeall faoina bhreith, faoi na haoirí, faoi na Ríthe ar chuairt, sea agus céad scéal eile chomh do-chreidte leo sin, ach nach raibh triocha bliain imithe isteach i muileann an ama ó ré na scéalta sin, agus cad a tharla i rith na mblianta sin, le tuar a chur faoin tairngreacht, mar adéarfá?
Faic na ngrásta!
Ach sa scéal seo, tagann Íosa fhéin os ár gcomhair amach, agus déanann seisean a scéal fhéin a chur in ár láthair. Tuigtear dó, gurb é a dhán an dán ar labhair na fáithe faoi, fadó, ach an raibh a fhios sin uilig ag an Íosa seo ‘gainne, an siúinéir ó Nasair? Bhuel! Feach mar a chuir sé fhéin é…
“Yes. I know it’s possible. I am Christ the Lord. I know. What I must know, I know. And what I must learn, I learn.”
B’fhéidir go raibh dearmad déanta ag an gcosmhuintir ar na tarlúintí neamhaí, a thit mar chith glóire aimsir a bhreithe. Ní raibh dearmad ar bith déanta ag Íosa fhéin, nó ag “Yeshua”, faoi mar a thugtar air sa leabhar seo. Nár shiúinéir é cosúil leis na siúinéirí eile a bhí ag obair in éineacht leis? Nár mhair sé in éineacht leo, agus nár ith sé, agus nár ól sé, faoi mar a rinne chuile dhuine thart air? Ach, bhí a fhios ag “Yeshua” fhéin go raibh dán faoi leith i ndán dó.
Tráth Pósta Tagtha!
Ni mar sin a bhí i gcás a dhearthár áfach, nó tuigeadh dá dheartháir Séamas go mba óigfhear, cosúil le haon óigfhear eile é, agus go raibh sé thar am aige corraí amach, faoi mar ba chóir d’fhear dá aois a dhéanamh, ach tuigeadh do “Yeshua” nach raibh a leithéid i ndán dó. Ach, tá chuile chosúlacht ar an scéal, gur thuig na daoine a mhair timpeall air, nár dhuine mar dhaoine eile a bhí ann.
Ach ó tharla gurb é “Yeshua” fhéin atá ag insint a scéil dúinn anseo, déanann an t-údar chuile iarracht ar an gceangal idir a dhaonnacht agus a dhiagacht a thuiscint. Cinnte ba dhuine daonna é, cosúil le chuile dhuine eile de chlann Éabha, ach ag an am gcéanna, ba Dhia é, an dara pearsa den Tríonóid Naofa. Anois, ar tháinig an dá bheith sin salach ar a chéile am ar bith, agus conas a d’éirigh leis an duine daonna saol iomlán daonna a mhaireachtaint, gan cur isteach ar bith, am ar bith, óna dhiagacht. Bhuel, sin an fhadhb, agus déanann an t-údar chuile iarracht ar an bhfadhb sin a scaoileadh dúinn.
Daonnacht agus Diagacht
Anois, níl fúmsa an rún ar fad a scaoileadh dhaoibh anseo, nó, chuige sin, caithfidh sibh fhéin an leabhar a fháil, agus a léamh, ach féach ar an bpíosa seo, agus tabhair faoi deara, mar a léiríonn sé fadhb an údair agus í ag iarraidh breathnú isteach i gcroí an scéil, tar éis do “Yeshua” daichead lá a chaitheamh ar a mharana sa bhfásach…
“I lay in a heap as the sand blew over me. And the voice of the Lord was not in the wind; and it was not in the sand; and it was not in the sun; and it was not in the stars.
It was inside me.
I’d always known who I really was. I was God. And I’d chosen not to know it. Well, now I knew just what it meant to be the man who knew he was God.”
Anois, mar bhuille scoir, ba cheart dom a rá anseo, nach dírbheathaisnéis iomlán “Yeshua” atá idir chamáin ag an údar sa scéal seo. Ní hea in aon chor, nó i ndáiríre, níl i gceist sa leabhar seo ach tréimhse ghearr ina shaol, thart ar a thriochadú bliain, nuair a bhí coire na Tíre Naofa ag fiuchadh go tréan, tráth a raibh na Giúdaigh ag súil le fuascailt ó smacht na Rómhánach.
Bealach na Croise
Ag an nóiméad cinniúnach sin, bhí daoine ann, a raibh súil acu, gurb é an “Yeshua” sin a sheolfadh chun a saoirse iad, thar bhóthar anacair an chlaidhimh, ach níorbh é sin an druma a chuala “Yeshua” cóir, agus tar éis dó dul ar oilithreacht chun na háite a raibh Eoin Baiste i mbun a mhisin fhéin, agus tar éis a bhaiste faoi láimh Eoin, Agus ansin, i ndiaidh dó seal a chaitheamh sa bhfásach ar a mharana, agus cathuithe an diabhail fhéin a chur de, tuigeadh dó go raibh misean Diaga le coimhlíonadh aige ina bhealach fhéin, agus go raibh an t-am tagtha le tabhairt faoin mhisean sin a chur i gcrích. Ach caithfidh tú an leabhar fhéin a léamh le fios fátha gach scéil, agus gach eachtra, fan an bhealaigh sin, a thuiscint.
Leabhar neamhghnách, spreagúil, suimiúil, corraitheach.
Súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
N í B h e i d h a L e i t h é i d í a n n A r í s .
**************************
Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin………………………….An chéad chló…….2000.
Eagarthóir……………………………………………………………….Mairéad Ní Loinsigh.
************************************
Nach gcuirfeadh sé ionadh ar dhuine ar bith, gur eascair an oiread sin litríochta as ithir cinealta, iargúlta, an Bhlascaod Mhóir, taobh istigh d’achar chomh ghearr sin, agus caiscín phobal an oileáin álainn chéanna sin i ndáil do bheith meilte, ag an am.
Céard tá i gceist agam, an ea?
Tá seo, gur scríobh údair ón mBlascaod fhéin an oiread sin leabhar, ag cur síos ar a saol fhein, nó ar chúrsaí an oileáin sceirdiúil iargúlta sin, agus gur tharla sin blianta beaga sular tréigeadh an t-oileán mara sin.
Agus cad iad na leabhair atá i gceist agam sa ráiteas sin, an ea? Bhuel, go príomha, is iad na leabhair atá i gceist agam nó,
• Peig, agus Machtnamh Seana Mhná, le Peig Sayers, bíodh nár scríobh Peig fhéin iad, mar is amhlaidh a scríobh a mac Micheál, file, ó dheachtú, di iad, agus chomh maith leo siúd, nár scríobh Kenneth Jackson, Scéalta ón mBlascaod, naoi scéal is triocha, ó dheachtú Pheig freisin. B’fhéidir gur chóir tagairt a dhéanamh anseo freisin, do shaothar Mhichíl, file, mac Pheig Sayers, nó scríobh seisean Is Trua ná Fanann an Óige, agus Beatha Pheig, blianta ina dhiaidh sin, sna blianta, 1953, agus 1970.
• Fiche Bliain ag Fás, le Muiris Ó Súilleabháin.
• An tOileánach, Dinnseanchas na mBlascaodaí, agus Allagar na hInse le Tomás Ó Criomhthain.
Ar na mallaibh, áfach, de thimpiste, tháinig mé ar leabhar suimiúil, spreagúil, eile, a d’eascair as an ithir chéanna sin, as ithir mhéith Cheilteach an Bhlascaod.
Agus cén t’ainm atá ar an leabhar spreagúil seo, an ea?
• Cín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin a baisteadh ar an leabhar seo is déanaí chugainn ó phobal an Bhlascaod.
Ach nach bhfuil fhios ag gach éinne, gur tréigeadh an t-oileán sin, blianta fada ó shoin?
Tréigeadh cinnte, ach scríobhadh an dialann seo triocha bliain sular tréigeadh an t-Oileán, agus i ndáiríre, scríobhadh an dialann seo sular thosaigh scríobhneoirí eile an oileáin fiú ag cleachtadh a gceirde. Le fírinne, bhí an t-údar ag tabhairt an fhéir faoin am ar tréigeadh an t-oileán.
Conas a tharla, mar sin, nár chualamar tada faoin nDialann seo cheana, fad is a bhí na leabhair eile i mbéal an phobial, le blianta fada anuas?
Tharla go raibh an láimhscríbhinn seo i measc pháipéirí Bhriain Uí Cheallaigh, agus ar ball, thug deartháir Bhriain, an Canónach Ó Ceallaigh, an láimhscríbhinn, maraon le páipéirí eile, de chuid Bhriain, don Ollamh Brian Ó Cuív, agus dob é an tOllamh Ó Cuív a thug na páipéií sin don Ollscoil Náisiúnta. Is dócha gur fhan siad ansin, go dtí go ndeachaigh Mairéad Ní Loingsigh i mbun oibre ar an nDialann spéisiúil seo, mar phríomhchuid dá tráchtas M. Phil.
Dhealródh sé gur éirigh le Brian Ó Ceallaigh, údar an Chín Lae a spreagadh, le leathanach a scríobh chuile lá, mar chleachtadh, agus lean sí den saothar sin ó Bhealtaine go Samhain na bliana 1923. Is cuimhin libh, gurbh é mana a bhí ag Amhlaoibh Ó Súilleabháin, Dialannaí Chalainn, nó, ”gach lá líne”. Bhuel, i gcás Eibhlín Ní Shúilleabháin, is dócha gurbh é an mana a bhí aicese nó gach lá leathanach, agus chuaigh sí i mbun oibre ar Lá Bealtaine na bliana 1923, agus choinnigh uirthi ag scríobh, go dtí gur chuir sí críoch leis an bhfiontar, ar an 29 Samhain 1923, agus sin a bhfuil i gCín Lae Eibhlín Ní Shúilleabháin. N’fheadar ar scríobh sí níos mó ná sin, nó nár scríobh, ach, sin a bhfuil i saothar seo Mhairéad Ní Loingsigh. B’fhéidir gur tuigeadh d’Eibhlín agus do Bhrian Ó Ceallaigh, faoin am sin, go raibh a ndóthain déanta acu, fan an chasáin sin, agus go raibh sé chomh maith dóibh éirí as, mar thionscadal, nó b’fhéidir gurbh amhlaidh a tuigeadh d’Eibhlín fhéin nach bhféadfadh sí í fhéin a cheangal faoi cuing na litríochta, agus go raibh cúrsaí eile á mealladh i dtreo eile ar fad. Ach faoi’n am seo, ní féidir a rá, le cinnteacht, cén fáth ar éirigh sí as saothrú an Chín Lae.
Mar adúirt mé thuas, ní raibh duine ar bith de mhórscríbhneoirí an Oileáin i mbun pinn, ag an am. B’fhéidir go mbeadh sé spéisiúil, ag an bpointe seo, breathnú ar roinnt dátaí, leis an saothar seo a shuíomh ina ionad ceart, croineolaíoch féin. Mar is eol do chách, ba iad na scoláirí móra, ón dtaobh amuigh, a las an tine faoi thalann liteartha na mBlascaodach. Thug Carl Marstrander, Ioruach, cuairt chúig mhí ar an mBlascaod, agus é ar bheagán Gaeilge, sa bhliain 1909. Lean Robin Flower, nó Bláithín, mar a thugadh muintir an Oileáin air, lean seisean é, ar chomhairle Mharstrander, an bhliain dár gcionn, i 1910. D’fhill seisean ar an oileán arís, sa bhliain 1911, le mí na meala a chaitheamh ansin, agus chuile bhliain uaidh sin go lá a bháis, sa bhliain 1946, chaitheadh sé tréimhse áirithe ar an Oileán sin. Sa bhliain 1917, thug Brian Ó Ceallaigh cuairt orthu, agus b’eisean a spreag Tomás Ó Criomhthain le dul i mbun pinn. Léigh sé Gorki dó agus Pierre Loti, agus tar éis roinnt a scríobh síos dó, i dtosach, d’fhág sé Tomás ansin, lena iomaire fhéin a bhaslú. Go gairid ina dhiaidh sin, is dócha gur éirigh leis áitiú ar Eibhlín Ní Shúilleabháin tabhairt faoin scríobhnóireacht freisin, agus bíodh nár cuireadh cló ar an saothar sin, faoi mar a tharla i gcás na mórscríbhneoirí, ag an am gcéanna, tá an toradh ansin fós, agus níl dabht ar domhan, ach gur spéisiúil an rud é saothar Eibhlín a chur i gcompaaráid le saothar na n-údar eile.
Cad é a mheall scoláirí móra Ceiltise na hEorpa chun an Bhlascaod, in óige na haoise seo caite, má sea?
Bhuel, is dócha gur thaitin a bhfuair siad amach ina gcuid taighde faoi shaol agus faoi theanga na gCeilteach, agus de réir a chéile, cuireadh ar a súile dóibh, go raibh an iarsma deiridh den seansaol Ceilteach úd beo, beathaíoch, agus le fáil fós, faoi choigilt na mblianta, amuigh ar imeall imigéineach na hEorpa, in oileán sceirdiúil mara, i measc phobal an Bhlascaod Mhóir, agus i ndáiríre, ba bheag duine de na scoláirí Ceiltise céanna sin, idir Éireannaigh agus eachtrannaigh, nár thug geábh ar an oileón sceirdiúil mara sin, am eicínt sular tréigeadh é, sa bhliain 1953.
Ach le filleadh ar na dátaí arís…
Níor cuireadh saothar an Criomhthainigh i gcló go dtí an bhliain 1928, cúig bliana i ndiaidh do Eibhlín a Cín Lae a bhreacadh. Cúig bliana i ndiaidh sin arís, cuireadh cló ar Fiche Bliain ag Fás, le Muiris Ó Súilleabháin, deartháir Eibhlín. Ní féidir a shéanadh, go raibh tionchar eicínt ag saothar Eibhlín ar Mhuiris.
Sa bhliain 1936, foilsíodh Peig, leabhar a thug insint sách lom ar shaol na mBlascaodach, agus n’fheadar ar thaitin chuile shórt a bhí le fáil sa leabhar céanna sin leis na hOileánaigh, nó is dócha gur fhéachadar siúd ar Pheig mar dhuine ón dtaobh amuigh, bíodh nach ró-fhada Baile Viocáire, nó Dún Chaoin fhéin, ón mBlascaod céanna, go háirithe le linn soininne. Bhí Peig trí bliana is trí scór, ag an am sin.
Nuair a chuirtear na dátaí sin uilig san áireamh, tuigtear ansin an tábhacht faoi leith a bhaineann leis an saothar seo is déanaí ó phobal an Bhlascaod.
Tuige, an ea?
Bhuel, ar an gcéad dul síos, is spéisiúil gur duine óg a scríobh an Cín Lae seo, nó ní raibh Eibhlín Ní Shúilleabháin ach trí bliana is fiche, ag an am, ó tharla gur rugadh í sa bhliain 1900. Sa tslí sin, faigheann muid léargus eile ar fad ar shaol an oileáin, thar mar atá le fáil againn sna leabhair eile, nó cé gur scríobh Muiris Ó Súilleabháin a leabhar fhéin, Fiche Bliain ag Fás, agus é sách óg, ag an am gcéanna, bhí tionchar an domhain amuigh dulta i gcionn air, ag an am ar dhein sé a shaothar a chur ar phár, agus ní call dom a rá, go raibh Tomás Ó Criomhthain agus Peig Sayers imithe anonn sna blianta, tráth thosaigh siadsan ar a saothar. Don bhean óg seo, d’Eibhlín Ó Súilleabháin áfach, ba í an tOileán a ‘baile’, agus deir sí fhéin linn insa chuntas ná braitheadh sí riamh ar a suaimhneas in aon áit ach age baile, agus ná raibh aon namhaid aice ach an tarna hoíche a thabhairt in aon áit eile, dá mb’é Dún Chaoin féin é, mar go mbíodh sí marbh ag an uaigneas (tógtha as an Réamhrá.}
Nár mhór an trua, mar sin, go raibh ar an mbean óg seo dul ar imirce go Springfield Mass. i ndeireadh na bhfichidí, agus gur cailleadh ansin í sa bhliain 1949. Is dócha gur mhinic a smaointe ar an Oileán sceirdiúil mara sin i gcéin, ba bhaile di, le linn a hóige, agus í ag cur fúithi i gcathair strainséartha Springfield.
Tá rud eile a scarann an saothar seo ó na saothair eile, agus sin gur scríobhadh an Cín Lae seo, ag tráth sula raibh daoine ag smaoineadh nach raibh todhchaí i ndán do phobal an Bhlascaod, agus ar deireadh thiar, go mbeadh orthu an tOileán, ba bhaile dóibh, a thréigint, agus cónaí a dhéanamh feasta ar an dtír mhór. Sa Chín Lae seo, tá cur síos ar rince agus spórt, ar spraoi agus cuileachta, ceol, cleasa agus cúirtéireacht, sea, agus an dúil mhallaithe a bhí ag an óige i misleáin, an tráth úd! Bhí saol dá gcuid fhéin ag an óige, agus dhealródh sé nach gcuireadh na daoine fásta isteach go ró-mhór orthu. Is speisiúil freisin, smaointe na mná óige seo a thabhairt faoi deara, agus iad a chur i gcomparáid, b’fhéidir, le dearcadh lucht a comhaoise sa lá atá inniu ann. Mór idir inné agus inniu, gan aon agó!
Breathnaigh mar a chuireann sí tús lena Cín Lae..
“Bealtaine a 1, 1923.
Céad moladh agus buíochas le Dia tá an chéad lá don samhradh againn inniu agus maidir le spórt, is againn atá sé ó mhaidin. Timpeall lár an lae do chonaic gach duine an naomhóg ag teacht agus struip siúil aici dá dhéanamh, agus triúr fear ag rámhaíocht agus triúr eile díomhaoin. Bhí gach duine dá rá gur póilíní iad ‘bhi ag teacht timpeall gadhar…..”
Bhí go maith. Ar deireadh, chuir na póilíní iad fhein in aithne dóibh, agus chomh luath is a dhein, siúd chun siúil iad, chuile dhuine a raibh gadhar de shaghas ar bith aige, agus ba é deireadh an scéil é gur caitheadh roinnt mhaith de na gadhair chéanna sin le faill, agus tógadh roinnt eile díobh chun an chnoic, ar eagla go dtiocfaí orthu agus madraí gan cheadúnas acu. Bhuel, ba ghearr go bhfuarthas amach, nár shuim leis na póilíní seo na gadhair chéanna sin, toisc go mba lucht an phinsin iad. Nuair a chuala na póilíní an scéal, ba iad a bhí ag steallamhagadh faoi na daoine a theich uathu.
“D’fhanadar ar an gcnoc go dtí dubh agus dall na hoíche agus mara raibh spórt ag an mbaile orthu nuair a ghaibheadar chúinn anuas tráthnóna thiar agus iad fliuch báite, mar dhein sé cith báistí orthu agus gach duine againn dá casadh leo ó shin “tá na póilíní ag teacht”, agus is dóigh liom go mb’fhearr leo go bhfanfaidís age baile. Agus an dream a chaith le haill iad go bhfuil ana-chathú go léir orthu.”
Bhuel, sin an chéad scéal agat anois, agus cuimhnigh freisin, gurbh iad ár bpóilíní fhéin a thug cuairt orthu an Lá Bealtaine úd, sa bhliain sin 1923!
Sea, bhí spórt, magadh agus caitheamh aimsire acu mar phobal, ar an mBlascaod Mor, ag an am sin.
Tógaimis iontráil eile…
Is minic na laethe seo daoine ag cur síos ar an aimsir agus iad ag rá nach cuimhin leo samhradh chomh hainnis ó tháinig ann dóibh. Bhuel, breathnaigh ar an bpíosa seo a scríobh Eibhlín, an tráth seo den bhliain 1923…
“Iúil a 30, 1923.
Níl an lá inniu róchneasta ach oiread, agus ní bheidh. Is dócha nár tháinig a leithéid do shamhradh le cuimhne na ndaoine. Is minic atá sé ráite ages na seandaoine nach cuimhin leo a leithéid d’aimsir a theacht ná go dtiocfadh tamall éigin do breá, ach, dá oilceas a tháinig a thosach, is measa ná san a dheireadh.
Ní chuaigh aon naomhóg ar an bhfarraige ó mhaidean le gála, agus ó chianaibh a chonaiceamair an naomhóg ag teacht agus gála gorm gaoithe ann, agus chuir sé iontass ar gach éinne í a bheith ag teacht insa scríb a bhí ann. Do bhí triúr fear ag rámhaíocht agus fear eile díomhaoin suite ar an dtochta inti, agus bhí sé cosúil le sagart mar bhí hata mór ard air, agus chuaigh gach éinne síos roimis ag féachaint cad é an ócáid a bhí orthu. Is amhlaidh a bhí ná coláisteánach óg ab ea é a bhí ag teacht ag foghlaim Gaelainne, agus mise dá rá leat ná cloisfidh aon ní eile anso ach í, ach nílim a rá ná go bhfuil Béarla acu ach, más ea, níor thugadar aon taithí dóibh féin ar a bheith dá labhairt. ‘Sí teanga ár sinsear í agus ní mór dúinn í do choimeád suas an uair ná fuilimid ábalta ar aon ní eile a dhéanamh dár ndúthaigh, ach dá bhféadfaimís do dhéanfaimís, mar níl éinne ná go mbíonn ar a dhícheall ag iarraidh í do chur chun treafa.”
Gan dabht ar domhan b’olc an samhradh a bhí acu, sa bhliain sin, 1923, ach cheana féin, tugaimid faoi deara, go bhfuil daoine ag tarraingt ar an Oileán, ag foghlaim Gaelainne, agus is dócha go bhfuil Eibhlín ag iarraidh a chúis sin a mhíniú di fhéin. Is dócha freisin, go raibh an t-iomaire sin baslaithe go maith ag Brian Ó Ceallaigh, agus ag cuairteoirí eile dá shaghas. Ach cibé faoi sin, níl aon easpa misnigh, faoi thodhchaí na tíre, nó na teanga, le tabhairt faoi deara san iontráil sin.
Tá dhá iontráil spéisiúla le fáil faoi na dátaí, 24 agus 25 Meitheamh 1923. Labhair mé cheana faoi spórt agus rince, bhuel, seo samplaí den rud a bhí i gceist agam…
“Meitheamh a 24, 1923.
Do bhíos féin agus Eibhlís Bheag ar an gcnoc inniu ag válcaeireacht, agus níor bhraitheamar an lá ag imeacht nó go dtí go raibh an tráthnóna thiar ann…..Nuair a thánamair go dtí Ceann Cnoic do bhí beirt bhuachaillí bheaga ’ár gcoinne agus mara raibh siúl chúthu ag dul ag triall ar na ba, agus an chéad rud adúradar linn go raibh an lá caillte againn.
‘A leithéid do Dhomhnach daoine ní tháinig riamh. Tá siad ós gach aon áit fén mbaile agus rinnce acu ar bharra na trá’ arsa iad san…..Ní abhaile a thugamar ár n-aghaidh in aon chor ach gabháil lom díreach an talamh garbh siar agus teacht orthu anuas ón gcnoc….Níor chuaigh a bhfurmhór abhaile in aon chor agus is docha go ndéanfaidh sí ardoíche anocht, le cúnamh Dé.
Bhuel, nach maith í an óige! Níorbh fhearr leo rud ar bith ná seal maith den oíche a chaitheamh ag rince ansin ar bharra na trá. Ach leanann Eibhlín lei in iontráil an lae dár gcionn.
“Meitheamh a 25, 1923.
A leithéid d’oíche – is dócha nár tháinig sí riamh agus ná tiocfaidh go deo arís – is ’ bhí againn aréir. Bhí a rian air; d’fhan an baile ‘na gcodladh inniu nach mór go dtí lár an lae. Tá ag éiriú ar na seandaoine féin agus ar na seanamhná an aimsir seo, agus bhídís sin riamh agus ní mór ná go maróidís tú dá bhfanfá amuigh óna haon dhéag a chlog amach ach, dár ndóigh, bíonn siad féin amuigh anois chomh maith leis na daoine óga. Bhí rince agus ceol agus amhráin ag dul sa spéir, agus ba dhóigh leat ná raibh mairg insa saol orthu agus gan aon chuimhneamh ag éinne ar dhul abhaile agus an oíche dá chaitheamh, ach ba chuma é, ní fhéachadh éinne do.
‘Nach oíche dár saol is ea í?’ a deireadh gach éinne, ‘agus b’fhéidir gur mó duine a bheadh insan uaigh ‘ an dtaca seo arís agus tá sé chomh maith againn bús maith a bhaint as an saol.’ ”
Nach mór idir na píosaí sin, agus a bhfuil le léamh againn sna leahair eile, a d’eascair as ithir an oileáin. Ach nach í seo an óige ag labhairt linn, agus bíodh gur tuigeadh di, ina croí istigh, nach raibh i ndán di féin, ar ball, ach an imirce, ag an am gcéanna, bhí sí sásta toit a bhaint as an saol, díreach mar a bhí sé, an tráth sin.
Ait nach ndéanann sí tagairt ar bith do Pheig Sayers, bíodh go raibh breis is scór bliain caite ag Peig ar an Oileán ag an am a raibh Eibhlín Ní Shúilleabháin i mbun pinn ar a Cín Lae.
Léitheoireacht éigeantach is ea an leabhar seo d’éinne a bhfuil litríocht an Bhlascaod Mhóir léite, tuigthe, measúnaithe, aige, agus gan aon agó, tá muid uilig faoi chomaoin ag Mairéad Ní Loingsigh, as a scoláireadcht agus a taighde i saothrú an Chín Lae seo don saol Gaelach. Sladmhargadh ar £5.00 (€6.35 Euro). Nára fada go gcloisfear uaithi arís.
****************
Peadar Bairéad.
****************
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
D í r b h e a t h a i s n é i s e i l e .
************************
.
The Autobiography…………………………………………………an chéad chló………2002.
le
NIALL QUINN……………………………………………………………………………….€28.99.
.
*********************************
.
Roinnt míonna ó shoin, scríobh mé alt faoi Bheathaisnéis eile, an bheathaisnéis cháiliúil úd faoi Roy Keane, an bheathaisnéis sin, a scríobh Roy fhéin, i gcomhar le hEamon Dunphy. Bhuel, nuair a bhí mé ag cur críche leis an bpíosa sin, rinne mé tagairt do dhírbheathaisnéisí le peileadoirí cáiliúla eile, a bheadh ag teacht ar an margadh, sár i bhfad, agus go raibh seans ann, go scríobhfainnse píosa faoi cheann nó dhó acu, dá bhfaighinn an deis chuige, amach anseo. Bhuel, fuair mé an deis sin, nuair a bhronn duine áirithe cóip den “Autobiography” seo le Niall Quinn, a tháinig ar an margadh, ag deireadh na bliana seo caite, orm. Peileadóir Éireannach eile is ea Niall, a bhfuil clú agus cáil bainte amach aige, ó cheann ceann na cruinne, áit ar bith a imrítear Sacar inti. Nílim ag maíomh anois, go bhfuil sé ar aon leibhéal le Roy, ach, ag an am gcéanna, nílim ag rá nach bhfuil a chlú agus a cháil tuillte, agus tuillte go maith, aige ar fhaichí imeartha ar fud an domhain mhóir, nó shaothraigh sé go dian ar son a thíre ar na faichí céanna sin, am ar bith ar iarradh air an geansaí uaine a chaitheamh. D’imir sé uair is nócha ar son na hÉireann, ón mbliain 1986 i leith, nuair a chéadimir sé dá thír, agus i nDeireadh Fómhair na bliana 2001, ar a thriocha cúigiú breithlá, d’éirigh leis craobh faoi leith a bhaint, nuair a d’éirigh leis níos mó cúla a scóráil ar son a thíre, ná Éireannach ar bith eile, riamh, agus ní beag ná suarach an focal é sin.
I mBaile Átha Cliath a rugadh Niall Quinn, sa bhliain 1966 agus ba ann a tógadh é freisin, i gCrumlin, ar imeall na cathrach sin, agus ó tharla go mba as Tiobraid Árann dá athair, chuir sé spéis san iománaíocht ó thús, agus bhí ag éirí go galánta leis sa chluiche sin, ach dár ndóigh, ba dhual athar dó é, nó bhí an t-athair céanna sin ar cheann de na hiománaithe ab fhearr sa Chontae cáiliúil sin, ina lá, agus níl dabht ar domhan ann, ach go mbainfeadh sé cáil agus clú amach dó fhéin, sa chluiche sin, murach go raibh air an bád bán a thabhairt air fhéin, sular shnasaigh sé a scileanna go dtí an leibhéal ab airde.
Ach is faoi Niall fhéin atá muid ag caint, agus sula raibh deis ag an ógánach céanna sin a chumas mar iománaí a chruthú i gceart, fuair sé cuireadh ó Chlub Peile Arsenal, seal a chaitheamh leo thall, féachaint an raibh cumas peile ann, agus dá mbeadh, bhuel, bheadh siad sásta conradh peileadóra a shaighneáil leis, rud a chuirfeadh ar a chumas ansin bheith ina pheileadóir gairmiúil. Ghlach sé leis an gcuireadh, agus chuaigh anonn go Londain, agus de réir a chéile, d’éirigh leis clú agus cáil a bhaint amach dó fhéin mar pheileadóir, thall, agus chomh maith le sin, bhí a ainm inairde mar Pheileadóir idirnáisiúnta, ar Fhoireann na hÉireann. Níor fhan sé le Club Peile Arsenal an t-am uilig sin áfach, nó chaith sé sealanna ag imirt le clubanna eile, le Cathair Mhanchúin, agus le Club Peile Sunderland, freisin.
Tá sé spéisiúil, gur chuir sé suim ar leith i Jack Doyle, agus ba é an chúis a bhí le sin nó, go ndeireadh a athair leis, le linn a óige, gan Jack Doyle a dhéanamh de fhéin, is docha gurbh é ciall a bhí aige le sin nó, gan amadán a dhéanamh de fhéin, mar ba fhear é Jack, a bhain clú domhanda amach dó fhéin mar dhornálaí, agus a rinne carn mór airgid dá bharr, ach chaill sé an t-airgead céanna sin, go fánach uaidh, ar ball, ach, ba chuma leis, nó tuigeadh dó, go bhféadfadh sé a fhortún a dhéanamh arís, dá mba ghá. Féach mar a chuireann an t-údar fhéin é…
‘Dont do a Jack Doyle on it now, will ya,’ he’d say. ‘Dont do a Jack Doyle.’
Ach ba bheag aird a thug Niall óg ar chomhairle úd a athar, nó féach mar a tharla…
“Perversely, of course, Jack Doyle became a hero for me. Something about the way he strolled through life, always sticking to the sunny side of the street. That appealed to me. Jack won a fortune and threw it away again, he believed that a generous man never went to hell, he married the most beautiful woman in the world, and he entered each act of his life with the same bubbling optimism he had when he started out.”
Chuir mé an t-athlua fada sin isteach ansin, nó tar éis dom an leabhar a léamh, tuigtear dom, go ndeachaigh dearcadh Uí Dhúill i gcionn go mór ar an údar, le linn a shaoil fhéin. Cuma céard a tharlódh dó, bheadh sé ar a chosa gan aon ró-mhoill arís, sea agus chuimhnigh Niall freisin, ar na línte úd le Kipling, file a chuaigh i gcionn go mór ar Jack fhéin…
If you can make one heap of all your winnings
And risk it on one turn of pitch-and-toss
And lose, and start again at your beginnings
And never breathe a word about your loss….
Sea, agus bíodh gur fágadh Jack bocht gan sciúrtóg i ndeireadh thiar, níor bhain sin dá bhonna é, ach oiread. Shiúladh sé sráideanna Átha Cliath go spleodrach, agus rós dearg á chaitheamh, mar phabhsae brollaigh aige.
Tabhair faoi deara, mar sin, agus an leabhar seo á léamh agat, go bhfuil cosúlachtaí doshéanta idir Jack agus Niall s’againne.
Taitníonn cur chuige an údair, sa dírbheahaisnéis seo, go mór liom, nó tá an dá thrá á fhreastal aige, tríd an scéal, ó thús deireadh, agus ní hé dála an ghobadáin é, – an t-éan úd ar theip air an dá thrá a fhreastal, – nó éiríonn go seoigh le Niall Quinn sa bhfiontar sin. Ar an gcéad dul síos, tá a scéal fhéin á insint aige, agus anuas ar an scéal sin, agus fite fuaite tríd, tá scéal eile á ríomh aige, agus sin scéal fhoireann na hÉireann i gCorn an Domhain, amuigh ansin sa tSeapáin agus sa Chóiré, sa bhliain úd 2002. I gcás an dara cuid sin dá scéal sin, bhuel, nárbh é sin buaic agus barr a réime fhéin, mar pheileadóir é. Le sin a léiriú dúinn, tosaíonn sé ar a scéal a ríomh, le díriú isteach ar a chluiche deiridh i gCraobh úd an Domhain sa Pheil, agus osclaíonn sé a chroí dúinn uilig ansin. É i mbarr a réime, na sluaite á mhóradh, meas ag a chomhimreoirí air, é ina churadh ag lucht leanta na foirne Éireannaí. Seo an bhuaic atá bainte amach ag an ngasúr óg sin as Crumlin, Átha Cliath. B’fhéidir go bhfuil ceataí sa scéal áfach. B’fhéidir nár éirigh leo an Chraobh a sciobadh leo ar Pháirc Peile úd Suwon na Cóiré Theas, agus b’fhéidir go raibh cuid áirithe dá locht sin ar Niall fhéin, ach, ligimis do Niall, an ghlóir dochuimsithe sin a bhlaiseadh ina iomláine…Eistimis leis….
“Summertime and I’m lingering on a field in the town of Suwon, somewhere in South Korea, gazing up at a cliff of green and white and orange, speckled with faces. Some people are crying, some are laughing; all the faces are red from excitement. I’m lingering because probably I’ll never stand in a place like this again. This is goodbye – a guilty farewell…………I’ve kept mine. It’s my last Irish jersey. Years from now I’ll take it our and these moments will come swimming back; the end of the good times”
Sleamhnaíonn sé siar go héasca ansin go laethe a óige i gCrumlin, agus a smaointe ar Jack Doyle, agus chomh héasca céanna arís, sciúrdann sé chun tosaigh, go laethe glórmhara Chorn an Domhain, agus sin a chur chuige tríd an leabhar uilig, ó thús deireadh.
Ní call dom a rá, nach bhfuil fúm anseo, cuntas iomlán a thabhairt daoibh, ar imeachtaí an údair, ó thús deireadh an scéil. Fágfaidh mé fúibh fhéin é an t-eolas sin a bhailiú daoibh fhéin, ach ag an am gcéanna, ní fhéadfadh duine gan a thabhairt faoi deara, go dtugann Niall an taobh eile de scéal Roy Keane dúinn, éiríonn leis, a chur ar ár súile dúinn é, nach raibh iomlán an chirt ag Roy, agus éiríonn leis freisin, a chur ina luí ar an léitheoir, go ndeachaigh sé fhéin, agus roinnt imreoirí eile, píosa fada, agus iad ag iarraidh réiteach a dhéanamh idir an dá reithe troda úd, Roy Keane agus Mick McCarthy. Tugtar faoi deara, nach bhfuil aon chloch sa mhainchille aige do Roy, nó dóibh siúd a d’aontaigh leis, san easaontas úd a rinne an donas ar Fhoireann na hÉireann, ina n-iarrachtaí le Craobh an Domhain a sciobadh ó náisiúin eile an domhain mhóir. Mar sin, tá lucht leanta sacair faoi chomaoin ag Niall Quinn, as an taobh eile seo den scéal a leagan os ár gcomhair amach, ionas go bhfuil anois ar ár gcumas, breith chóir a thabhairt, ar ar tharla amuigh ansin ar pháirceanna peile na Seapáine agus na Cóiré.
Tugann an léitheoir faoi deara freisin, nach ndeanann an t-údar seo iarracht ar bith ar mhadraí a chur i bhfuinneoga, nó dallamullóg a chur ar a léitheoirí. Dathaíonn sé an pictiúr díreach mar a fheictear dó fhéin é, sa chaoi, go dtuigtear don léitheoir láithreach, go bhfuil lomchlár na fírinne á insint dó ag an scríbhneoir seo. Níl cur i gcéill ar bith ag baint leis an scéal seo, dathaíonn an t-údar é fhéin, díreaach mar a fheictear dósan é. Ní cheileann sé tada orainn, faigheann muid pictiúr an údair..’warts and all’, mar adúirt an té adúirt.
Nár dhrabhlásach an saol a chaith roinnt mhaith peileadóirí gairmiúla, an tráth úd? Féach ar an méid cearrbhachais a bhí ar siúl ina measc, agus an méid airgid a chaitheadar uathu go fánach, sa tslí sin. Nach bhfuil a chuma ar an scéal, nár aibigh siad, faoi mar a d’aibigh a gcomhaoisigh, a raibh orthu a mbeatha a thuilleadh le hallas a malaí, amuigh sa tsaol mór. Nuair a chuireann tú le sin, an méid ama a chaith roinnt acu ag ól, chuirfeadh sé ionadh ar dhuine, conas a d’éirigh leo peil a imirt go gairmiúil, in aon chor.
Insíonn Niall dúinn freisin, faoin trioblóid uilig a fuair sé óna ghlúna. Ba bheag nár cailleadh dá bharr é. Ach cosúil le Jack Doyle arís, bhí ar a chumas filleadh arís ar a cheird, agus ba iad a bhlianta deireannacha mar pheileadóir gairmiúil na blianta ab fhearr ar fad, agus ba sa tráth sin, a shroich sé buaic a cháile, agus dár ndóigh, níl sé críochnaithe fós leis an bpeil chéanna sin, nó faoi láthair, tá sé bainteach fós le Foireann Sunderland, agus chuile chosúlacht ar an scéal, go n-éireoidh leis cur lena cháil sa tionscadal nua sin freisin.
Rud amháin eile a chuir ionadh mo dhóthain ormsa, ba ea an chaoi ar oibrigh Niall le teacht ar réiteach eicínt le Roy Keane. Bhí sé i dteangmháil leis an dlíodóir úd, ó Cinneide, an fear sin a bhí mar chomhairleoir ag Roy, agus iad ar an míle dhícheall ag iarraidh fadhb Saipan a scaoileadh. Tuigeadh dóibh beirt, uair amháin, go raibh an réiteach déanta acu, ach ansin, thit an tóin as chuile shórt, agus b’éigean dóibh aghaidh a thabhairt ar Chorn an Domhain, gan Roy. Níl dabht ar bith ann, ach go raibh fonn, agus dhá fhonn, ar Niall, an tsíocháin a dhéanamh idir Roy agus Mick McCarthy, ach theip glan air sin a dhéanamh, ach tá dóchas aige fós, go dtiocfaidh an lá, nuair a imreoidh Roy arís sa gheansaí uaine. Féach mar a chuireann sé i ndeireadh an leabhair é ……
Roy is down but not out, facing suspensions from what I think is a vindictive FA. He’ll be back and he’ll be stronger. The terrible isolation of a great player is beginning to come to an end now. I hope. His genius deserves the dignity of respect. I’ll say it once more; I hope someday soon to pay money to see Roy Keane play in an Irish jersey again. I don’t know how that can happen, but it must.
Sea, agus déarfainn gurb é sin mian chroí Roy Keane fhéin freisin, ach ní bheidh sé chomh héasca sin ar fad, sin a thabhairt i gcrích, ach tá súil againn uilig, geall leis, go bhfeicfear an lá sin, sára fada, agus ó tharla go bhfuil bainisteoir nua againn ar Fhoireann na hÉireann anois, b’fhéidir gur fusaide réiteach a dhéanamh, Mick a bheith imithe as an bpost sin. B’fhéidir gurbh olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine eicínt!
.
.
***************
Peadar Bairéad.
***************
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Ar thóir mo mhuintire i nDaonáireamh 1901
(Daonáireamh 1901)
Peadar Bairéad
.
(This week we take a second look at some details from the Census of 1901)
Bóithrín na Smaointe
.
Mar is eol do chuile dhuine dem’ léitheoirí, is duine mé a chaitheann roinnt áirithe ama, ag rannsú, ag cuardach, agus ag scrúdú, taisí an tsaoil úd a bhí sa treis, sa tseanam. Nach minic a bhíonn toradh an chéapair sin le léamh agaibh sa cholún seo! Caithfidh mé a admháil áfach, go mbainim taitneamh agus sásamh as cuardach dá leithéid. Tuigfidh sibh, mar sin, an t-áthas a bhí orm nuair a chuala mé, go rabhthas chun chuile fhaisnéis a bailíodh i nDaonáireamh 1901, a chur ar fáil ar an idirlíon ar an 3ú lá de Mheitheamh na bliana seo, 2010.
Daonáireamh 1901
Ar deireadh thiar, tháinig an lá cinniunach sin, agus bí cinnte, nár ró-mhór an mhoill, go raibh mé fhéin ar mo mhíle dhícheall, ag cuardach, is ag ransú, trína raibh curtha ar fáil sa Daonáireamh úd 1901.
I ndáiríre, bhí sé thar a bheith éasca teacht ar an eolas céanna sin, agus ba ghearr go raibh mé ar mo dhícheall, ag cuardach i ngort mo ghaolta, siar go dtí an dáta sin. Nach fada siar an t-achar anois é, thart ar chéad agus sé bliana déag ó shoin, siar go dtí an Domhnach, an t-aonú lá triochad de Mhí na Márta, i mbliain úd ár dTiarna, 1901. Tar éis tamall a chaitheamh ag útamáil timpeall, tháinig mé ar chóip den bhfoirm a líon mo sheanathair, lena láimh fhéin, ar an ndáta thuasluaite. Agus sa chóip sin, léigh mé, i scríobhnóireacht soiléir néata mo sheanathar, fear nár leag mé fhéin súil riamh air, nó bhí sé básaithe sular tháinig mise ar an saol, léigh mé ansin, go raibh naonúr clainne air fhéin is ar a bhean, Julia Ni Ghamhnáin, ceathrar mac, agus cúigear iníon. Leathchéad bliain d’aois a bhí sé fhéin ag an am, agus bhí cúig bliana is dhá scór slánaithe ag a bhean.
Saol gortach, cruógach
Caithfidh go raibh a ndóthain anró agus sclábhaíocht curtha díobh acu beirt, ag an am, nó ní bheadh sé éasca greim bia a chur ar fáil do chlann chomh mór sin, ag an am, agus gan acu ach feirm réasúnta beag. Cúig bliana is fiche a bhí an mac ba shine, agus ní raibh ach naoi mbliana slánaithe ag an té ab óige den ál. Dá chomhartha sin, níor cuireadh scolaíocht ar bith ar an mbeirt ba shine den ál sin, ach, uaidh sin amach, tá le feiceáil, go raibh léamh agus scríobh ag chuile dhuine eile den chlann. Ach i gcás an té ab óige, tá le léamh ansin go raibh léamh aice, mar caithfidh nach raibh scil na scríobhnóireachta foghlamtha aice fós. Caitlicigh Rómhánacha ab ea chuile dhuine riamh den líon-tí sin, agus bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla ag chuile mhac agus iníon acu.
Doiciméad draíochta
Ait, amach is amuigh, suí síos agus doiciméad dá leithéid os do chomhair amach. Cosúil, ar bhealach, é, le bheith ag breathnú ar ghrianghraf a tógadh oíche an Daonáirimh úd, sa bhliain sin, 1901. Déanaim chuile iarracht ar bhreathnú isteach trí fhuinneoigín an tí sin a bhí acu i mbaile na Druime, in Iorras Domhnann, i bParáiste na Cille Móire in Iorras, an oíche sin. Solas bog, buí, á scaipeadh go sprionlaithe ar fud an tí, ag an lampa pairifín, a bhí crochta ar na mballa, os cionn an bhoird. Mo sheanathair suite ansin ag an mbord, spéaclaí anuas ar a shrón aige, peann ina láimh aige, agus é ag scríobh leis, agus a bhean Julia suite taobh leis, ag cabhrú leis, le sonraí áirithe a dhearbhú. Páistí óga i mbun na leabhar, agus na daoine fásta imithe amach ar fud na bhfud, i mbun spóirt is caitheamh aimsire.
Sin sin !
Ar deireadh thiar, tá an gnó déanta, síníonn sé a ainm thíos ag bun na foirme. Breathnaíonn siar ar an iomlán. Fágann uaidh a pheann is a spéaclaí, agus cuireann tuairisc ar chupán tae. Sin sin, adeir sé, agus ní bheidh an gnó sin le déanamh againn arís go dtí an bhliain 1911, más beo sinn ag an am sin!
Bhuel, sin cuid de na cuimhní a líon isteach chugam agus an píosa seo á chur i dtoll a chéile agam. Uaigneas, cumha, trua, agus bród, ag baint na sál dá chéile isteach i gcistin na gcuimhní. Uaigneas agus cumha i ndiaidh na seanlaethe, trua agam dóibh siúd, a mhair i ré gruama, cruógach, úd, ár dtíre, agus gan a fhios acu fós céard a bhí rompu amach idir sin agus deireadh a ré, agus ag an am gcéanna, bhí bród ag glacadh seilbh ar mo chroí freisin, toisc go raibh sé d’ádh orm, a bheith síolraithe ón dream úd, a raibh a n-ainmneacha scríofa go soiléir ar fhoirm Dhaonáirimh sin na bliana 1901.
B’fhéidir gur mhaith leatsa anois dul ar thóir do mhuintire fhéin i ngort Dhaonáirimh úd 1901?
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Caibidil 5
An Dream ar díobh mé
.
Feirmeoirí ba ea mo mhuintirse leis na glúnta, ach tar éis roinnt na bhfeirmeacha agus chuile shórt eile, ní raibh ag m’athairse ach feirm bheag, thart ar scór acra de thalamh cuir, maraon le píosa portaigh, agus ceaarta cladaigh. Nach beag duine a d’fhéadfadh clann a thógáil ar fheirm dá leithéid, sa lá atá inniu ann, ach saol eile ar fad a bhí ann, an tráth úd, agus déanta na fírinne, is dóigh go raibh dóthain duine sa mhéid sin talaimh, nuair a chuireann tú san áireamh, nach mbíodh gléasanna nua-aimseartha feirmeoireachta acu an t-am sin. Ach b’fhéidir gur chóir dom tuairisc eicínt a thabhairt daoibh ar an gcineál oibre a bhíodh le déanamh ar fheirm bheag, an tráth úd. Ní bhíodh mórán oibre le déanamh ag mo Dhaid i rith an Gheimhridh, taobh amuigh d’aire a thabhairt do na beithigh, díogacha a ghlanadh, agus a sciúraadh, agus claíocha a dheisiú, áit ar bith a raibh siad bearnaithe ag na bradaigh, a bhí flúirseach go leor ar na feirmeacha beaga, an tráth sin. Ach le teacht an Earraigh, chuirtí críoch le séasúr na gcártaí, agus dheinidís na spáda a ghlanadh, a sciúradh, agus a ullmhú, don obair a bhí le déanamh acu, nó le fírinne, ba í an spáid a dhéanadh an rómhar uilig, an tráth úd, ar na feirmeacha beaga, ach go háirithe. Ba chrua an obair í, lá i ndiaidh lae a chaitheamh amuigh ansin sa ghort, ag cur fataí in iomairí, iad ag baslú leo ó mhaidin go hoíche, chuile lá, ó Luan go Satharn. Thart ar thrí sheachtain a thógadh sé díol bliana d’fhataí a chur, sa tslí sin. Bhíodh ar Dhaid na hiomairí a shioscadh i dtosach, dhéantaí aoileach a scaipeadh orthu ansin, agus leagtaí na scoilteáin ar an aoileach sin. Ina dhiaidh sin, dhéanadh sé na hiomairí a bhaslú, le cré a chur mar chlúdach ar na scoileteáin. Nuair a bhíodh an obair sin críochnaithe, geallaimse dhuit é, go mbíodh bród an domhain ar an seanlead, as a shaothar deas néata, agus bhíodh chuile dhuine á mholadh as an saothar a bhí déanta chomh críochnúil, bláfar, pointeáilte si,n aige. Ní i ngan fhios dó fhéin, nó dá chnámha tinne a dhéanadh an fear bocht an saothar céanna sin, nó ba mhinic a chonaic mé é tugtha, sáraithe, strumptha, ag obair spáide an Earraigh. Ba ghearr ina dhiaidh sin, go mbíodh air an talamh a rómhar don arbhar. B’é a dhéanadh sé nó an áit a raibh fataí curtha aige, an bhliain roimhe sin, a rómhar leis an spáid, ansin dhéanadh sé an coirce a chraitheadh, lena láimh, sa ghort sin, agus ansin, thagadh comharsa chuige leis an ngort a fhuirseadh le cliath. Cé go mbíodh capall againn nuair a bhí mise an-og, cailleadh an fear bocht agus b’in deireadh leis an mustar, chomh fada is a bhain sé linne, nó feasta, ní raibh ag Bairéadhaigh na Druime ach bheith i muinín an asail!
Chomh luat is a bhíodh sin déanta, bheadh sé in am aige an mhóin a bhaint le sleán, agus geallaimse dhuidt é, nárbh obair do ghiolla na leisce é an sleánadóireacht chéanna sin. Bheadh sin ceart go leor, mura mbeadh ann ach an méid sin, ach ní bheadh sa mhéid sin ach an tús, nó bhíodh air ansin , le beagáinín cabhrach uainne, an mhóin a iompó, a ghróigeadh, agus a athghróigeadh, sára mbeadh sí tirim. Nuair a bhíodh an mhóin breá tirim, ansin bhíodh air an mhóin sin a chur amach ar thaoh an bhóthair le hasail, obair chrua mhaslaitheach. Ní bhíodh le déanamh ansin ach an mhóin a tharlú abhaile le capaill agus cairteacha, agus an chruach mhóna a thógáil i ndeas don teach, le freastal ar thine an Gheimhridh.
Ansin, bhí an t-ádh linne, nó bhí roinnt áirithe móna le fáil ar an bhfeirm, i ndeas don bhaile, agus sa tslí sin, bhíodh ar chumas mo Dhaid dóthain móna don bhliain a bhaint sa bportach sin, go háirithe nuair a bhí muidinne ró-óg le haon tsaghas cabhrach a thabhairt dó i bhfad ó bhaile.
Bhí gnó eile a bhí crua go maith ar an ndroim freisin, agus b’in an gortghlanadh a bhíodh le déanamh ar na fataí, ach go háirithe. Chomh luath is a thosaíodh na fataí céanna sin ag fás leo go rábach, thosaíodh na fiailí ag fás leo níos rábaí fós, agus ó tharla go raibh leasú á ngríosadh, ba ghearr go mbíodh siad ag plúchadh na ngas, geall leis, agus bhíodh gá ansin le gortghlanadh, le deireadh a chur lena rás. Ní raibh aon ineall acu, an tráth úd, leis an ngnó sin a dhéanamh, ní raibh mh’anam! ní raibh ann ach na méireanna, agus geallaimse dhuit é, go mbeadh droim tinn ort, ach lá iomlán a chaitheamh cromtha os cionn na n-iomairí, ag baint na bhfiailí diabhalta céanna sin. Droch rath orthu! Ar ball, bhíodh gá leis na gais chéanna a chosaint ón ndubh, trí spraeáil a dhéanamh orthu. Leis an obair sin a dhéanamh, ní bhíodh aon rogha acu, i dtosach báire, ach é a dhéanamh le scuab fraoigh, nó ar ball, dhéantaí an gnó le spréire droma, gnó a bhí maslaitheach go maith freisin. Bhí meaisín spraeála, i gcomhar, ag m’athair agus ag uncail liom, agus dhéanaidís an spraeáil, ar a seal, leis an meaisín sin.
Chomh luath is a bhíodh an gnó sin críochnaithe, bheadh se in am aige smaoineamh ar an bhféar a bhaint. Ní bhíodh aon ineall bainte aige, geeallaimse dhuit é! ní bhíodh aige ach an speal, cé gur cheap m’athair go mba iontach an gléas bainte é an speal, ó ba chuimhin lies-sean bheith ag baint le corrán, sna seanlaethe. ‘Faobhar a bhaineann’, adeireadh sé linne, nó ba dhiabhalta go deo an faobhar a chuireadh sé fhéin ar lann na speile. Agus arís, ní raibh sa mhéid sin uilig ach an tús, nó bhíodh orainn uilig ansin dul amach ag sábháilt an fhéir, agus ba chrua an obair í sin, go háirithe, nuair nach mbíodh an aimsir go maith, nó mar is eol do chách, soineann a shábháileann an féar! Nuair a bhíodh an féar uilig sábháilte agus cocáilte amuigh sna móinéir, ansin bhíodh súil in airde ag Daid le lá breá, leis an bhféar a tharlú abhaile, le cruach a dhéanamh de san iothlainn. Bhíodh muid ag brath arís ar dhuine de na comharsanna leis an ngnó sin a dhéanamh dúinn, ach ní raibh sa mhéid sin ach cuid de shean-nós na meithle, a bhíodh á chleachtadh i measc na gcomharsan, an tráth úd. Seachtain, nó mar sin, i ndiaidh lá na cruaiche, bhíodh gnó tuirsiúil eile le déanamh, nó bhí orhtu díon tuí a chur ar an gcruach, len í a choinneáil tirim le linn doineann an Gheimhridh.
Agus ó tharla ag caint ar spealadóireacht mé, tá sé chomh maith dom tagaiart a dhéanamh anseo do bhaint an arbhair. Arís, ba é Daid s’againne a dhéanadh an spealadóireacht é fhéin, agus arís, ba throm tuirsiúil an obair í, an spealadóireacht chéanna sin. Bhíodh muidinne ag teacht taobh thiar de, agus muid ag déanamh na bpunann agus á gceangal. Thagadh Daid sa tráthnóna agus dhéanadh sé stúcaí as na punanna sin. Ar ball, thógtaí an t-arbhar sin isteach san iothlainn, áit a ndéantaí é a thógáil ina stácaí. An t-asal a dhéanadh obair an asail, sa chás sin! Dhéantaí na punanna a cheangal i mbromóga, agus chrochtaí na bromóga sin ar dhá scoróg na srathrach, agus ansin, dhéantaí carn punann a líonadh idir an dá bhromóg sin. Nuair a bhíodh a dhóthain d’ualach ar an asal, cheanglaítí rópa trasna ó bhromóg go bromóg, leis an ualach a choinneáil socair, agus ansin, ar aghaidh leis isteach chun na hiothlainne leis an ualach sin, agus mar sin dó, go dtí go mbíodh an gnó críochnaithe. D’fhágtaí ansin ina stácaí san iothlainn é, go dtí go mbíodh sé breá tirim, agus ansin, dhéanadh Daid é a bhualadh ar chloch mhór, ar láthair ghlan, leis an ngrán a bhaint as. Sa tráthnóna, dhéantaí an grán sin a cháitheadh, leis an gcáith a bhaint as, agus ansin, chuirtí an grán i málaí, lena dhíol, nó lena choimead mar bhia do chearca, nó lena mheilt ina mhin-choirce, nó fiú, lena choinneáil mar shíol don chéad bhliain eile.
Faoin am sin, bhíodh na fataí aibí agus réidh chun a mbainte, gnó a thógadh thart ar thrí sheachtain arís. Nuair a bhíodh na fataí bainte, agus curtha i bpoill, amuigh sa ghort, ansin bhíodh an Geimhreadh buailte leo, agus é in am acu séasúr na gcártaí a oscailt arís. Níl sa mheid sin ach blas beag den obair mhaslaitheach a bhíodh le déanamh ag an bhfeirmeoir beag, an tráth úd. Níorbh é sin cás an fheirmeora mhóir, nó bhíodh inneallra aigesean, leis an anró a bhaint as an obair. Amach anseo, beidh tuilleadh le rá agam faoin saol a bhí suas agus mise ag fás aníos in Iorras na nIontas, breis mhaith is trí scór bliain ó shoin anois.