Blood Brothers…Ar mhaithe leis fhéin

Blood Brothers…Ar mhaithe leis fhéin

Ar mhaithe leis fhéin!

Blood Brothers…….céadchló……….2010

By

Josephine Cox………………………….€17.50

.

Peadar Bairéad

De thimpiste a tháinig mé ar an leabhar seo, ar na mallaibh. Caithfidh mé a admháil nár léigh mé tada leis an údar seo, cheana, ach dúradh liom, go mba scróbhneoir ar dóigh í, agus rinne mé rud ar an té a thug an chomhairle sin dom, agus chuir mé romham tabhairt faoin leabhar mór toirtiúil seo a léamh, nó tá breis is ceithre chéad leathanach ann, agus seacht gcaibidil déag, ó chlúdach go clúdach.

I mBlackburn Shasana a rugadh agus a tógadh an banúdar cáiliúil seo, agus dár lena lán, go bhfuil a cuid scéalta bunaithe agus léirithe aice, ar mhuabhrat ildathach na beatha. Féach mar adeir an t-údar fhéin faoin chaoi a bhfuil sí faoi gheaa ag ceird seo na scríbhneoireachta:-

“I could never imagine a single day without writing. It’s been that way since as far back as I can remember”

Bhail! Tá a chuma sin uirthi, nó níl dabht ar bith ann ach go bhfuil cumas scéalaíochta neadaithe go smior na gcnámh inti.

Cnámha an scéil

Ach, céard faoin scéal fhéin?

B’fheirmeoirí iad Tom agus Nancy Arnold, beirt a d’oibrigh go crua dícheallach chuile lá dá saoil. Thóg siad beirt mhac, beirt, ar bheag an chosúlacht a bhí acu lena chéile, nó ba dhuine cam, leithleach, brúidiúil, é Frank, agus ba dhuine deas, séimh, comharnúil é Joe. Sa chomharsanacht chéanna mhair clann eile, muintir Jacobs, dream a bhí i bhfad níos deisiúla na muintir Arnold, ach dá ainneoin sin, ba le Frank Arnold a thit iníon mhuintir Jacobs, Alice, i ngrá. Bhí Frank lán tsásta lena mhargadh, nó tuigeadh dó, go mbeadh airgead mhuintir Jacobs taobh thiar de, agus go gcuirfeadh sin ar a chumas feirm ar dóigh a cheannacht, ar ball. Ba thomhas é sin ar mhéid a ghrá do Alice Jacobs! Ar deireadh, tháinig an lá a raibh lámh agus focal eatorthu, agus ar an ócáid sin, thit Joe, an mac eile, i ngrá le Alice, ach ó thuig seisean cúrsaí, shocraigh sé glanadh leis amach as an áit, le deis a thabhairt dá dheartháir Frank, a aire iomlán a dhíriú ar Alice.

Cuireadh ainm ar an lá

Ar ball, cuireadh ainm ar an lá, agus tugadh cuireadh do Joe filleadh abhaile, le go seasfadh sé lena dheartháir ar ócáid a phósta. Bhí go maith. Deineadh sin agus bhí chuile shocrú déanta, agus chuile shórt reidh acu, ach, ar an oíche roimh an pósadh, tharla go raibh Joe ag tabhairt aire do cholúr gortaithe, amuigh sa scioból, agus cé thiocfadh isteach sa scioból ag an tráth cinniúnach sin ach Alice. Bhuel! Ba ghearr gur tuigeadh don bheirt acu conas mar a bhí cúrsaí eatarthu. Tuigeadh do Alice go raibh botún ollmhór á dhéanamh aici, agus go raibh sí leis an bhfear contráilte a phósadh, agus tuigeadh do Joe, go gcaillfeadh seisean grá a chroí. Bhail! An gá dhom pictiúr a tharraingt daoibh? Tharla ar tharla! Ach ag an am gcéanna, tuigeadh don bheirt acu, nach raibh an dara rogha acu, ach Plean A a chur i gcrích. Ach, bíodh gur cheap mo bheirt nach bhfaca éinne iad, “in flagrante”, mar adéarfá, ach bhí breall orthu, agus níos measa fós, tugadh leide do Frank faoi mhí-dhílseacht na beirte.

Chuathas ar aghaidh leis an bpósadh áfach, agus oiche sin na bainise, agus an lánúin nuaphósta ag caitheamh na hoíche sin i dteach scoite, in áit iargúlta, bhain Frank a dhíoltas amach, agus é ag iarraidh ar Alice bhocht ainm an fhir a insint dó. Ba bheag nár mharaigh sé í, mar nuair a bhí Frank críochnaithe lei, ní raibh inti ach an dé, ach bhí a raibh uaidh, faighte amach ag Frank. Go gairid ina dhiaidh sin, d’ionsaigh an Frank céanna Joe agus a athair freisin, agus ba bhocht an bhail a bhí orthusan nuair a bhí sé críochnaithe leo.

Cábla ildualach

Ag an bpointe sin, chuaigh Frank ar a choimeád, agus chuaigh an triúr eile chun an ospidéil. Scathamh ina dhiaidh sin, fuair Alice amach go raibh sí ag iompar cúpla. Cérbh é an t-athair? Frank nó Joe? Agus céard a tharla ina dhiaidh sin?

Bhuel, níl fúm an chuid eile den scéal corraitheach seo a insint dhuit anseo, ach tá mé ag ceapadh, go bhfuil seans maith ann, go mbainfeá fhéin taitneamh, agus toit, as an scéal corraitheach seo a léamh dhuit fhéin, ó thús deireadh, féachaint cén chaoi ar éirigh leis an údar snáitheanna uilig an phlota a fhí ina chéile le cábla taitneamhach mealltach, ildualach a shníomh astu.

Súil agam go mbainfidh tú taitneamh as.

Blood Brothers…Ar mhaithe leis fhéin

Caoga bliain i gCill Chainnigh.

…Na Blianta Deifreacha…

(This week I look back over fifty years spent in ‘Faire Kilkenny’)

Peadar Bairéad

Caoga bliain i gCill Chainnigh!

Thosaigh ag cleachtadh cheird na múinteoireachta i gColáiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, i gContae Mhaigh Eo, i Meán Fómhair na bliana, 1951, agus tar éis dom seacht mbliana a chaitheamh i mbun oibre ansin, is dócha gur bhuail tochas sheacht mbliana mé, agus chun bóthair liom go dtí an Ardchathair, le go bhfeicfinn cén chaoi ar mhair an leath eile! Ach, faoi mar is gnách, fuair mé amach, nár chathair mar a tuairisc í, an Ardchathair chéanna sin, agus tar éis dom seacht mbliana eile a chaitheamh ag múineadh ansin, i gColáiste Mhuire Cois Abhann, Droichead na Dothra, is dócha gur fhill an sean-tochas céanna sin arís orm, agus níor stad mé den iarraidh sin go dtí gur ‘landáil’ mé post i gColáiste cáiliúil Chiaráin, anseo i gcathair ársa Chill Chainnigh, agus bíodh gur thosaigh mé fhéin ag obair sa Choiste sin in eireaball na bliana 1966, níor aistrigh muid, mar chlann, ón Ardchathair, go dtí tús na blianar gcionn, i 1967, sin caoga bliain díreach ó shoin, rud a fhágann go bhfuil muid inár gcónaí anseo le caoga bliain anois.

Ní gá dhom a rá, go mba áit eile ar fad í an Chill Chainnigh a bhí i dtreis nuair a tháinig muidinne, mar dheoraithe isteach anseo, i dtús na bliana sin 1967, agus bíodh go raibh cuid mhaith den tír seo, Thuaidh agus Theas, feicthe agamsa faoin am sin, ag an am gcéanna, ní raibh aon chur amach ró-mhór agam ar an taobh tíre seo, faoin am sin. Ní gá a rá, gur thaitin an tírdhreach go mór linn, agus gur sciob an Coláiste fhéin mo chroí ar an gcéad amharc, agus gur tuigeadh dúinn ar an gcéad radharc sin, go mbeadh sé deacair áit chomh hálainn, tarraingteach, leis an gcathair seo, gona sráideanna, gona sráidíní, gona bhfoirgnimh ealaíonta, ársa, gona caisleán, gona heaglaisí spreagúla, gona habhainn iascach, uisciúil, álainn, a fháil áit ar bith faoi luí na gréine.  Agus a bhuí le Dia, níor athraigh an dearcadh sin puinn san idirlinn.

Ach ag breathnú siar ar Chill Chainnigh sin na ndachaidí, bheadh ar dhuine a admháil go raibh bóthar fada anacair le taisteal aice, le teacht chuig an áit ina bhfuil sí lonnaithe faoi láthair. An tráth sin, ní raibh tithe ósta, proinntithe, nó fiú tithe cónaithe fhéin, éasca le fáil sa chathair seo. Bhí an t-uafás oibre le déanamhs leis an gcathair seo a mhealladh isteach sa bhfichiú haois, ach, fair play’ dhóibh, chuireadar chun oibre le fonn, agus thógadar tithe, dheisíodar, agus thógadar, sráideannna,ithre agus droichid. Tinig feabhas ar eacnamaíocht na dúiche, agus le freastal ar na hathruithe sin uilig, tógadh Tithe Ósta, tithe, agus Proinntithe de chuile chineál, go dtí an lá atá inniu ann, agus anois, tá an chathair seo ‘gainne, chomh suas chun dáta, le haon chathair, nó baile mór, sa tír seo, agus tarraingt na mílte is na mílte turasóir uirthi, bliain i ndiaidh bliana.

D’imigh na blianta ó lár na seascaidí sna cosa in airde, agus tar éis dom breis agus scór bliain a chaitheamh i mbun oibre i gColáiste Chiaráin thainig an t-am le dul ar scor agus ceist mhor eile le scaoileadh againn, an bhfanfadh muid i gCill Chainnigh nó an raghadh muid ar scor áit eint eile abhus nó i gcéin? Níor cheist do-scaoilte dúinne í sin, nó bheartaíomar fanacht mar a rabhamar, mar faoin am sin, ní hé amháin go raibh aithne curtha againn ar an dúiche, ach chomh maith le sin, bhí aithne curtha againn anois ar mhuintir na dúiche freisin, agus arís, bheadh sé deacair a gcomh-mhaith de phobal a fháil áit ar bith, agus dá bharr sin, d’fhanamar mar a rabhamar, agus muid breá sásta leis an rogha a dheineamar in eireaball na n-ochtóidí.

Bhuel, sin agaibh anois cuid dem’ scéal fhéin agus mé anois im chathróir, sa chathair álainn seo, cathair a bhfuil mo mholadh tuillte, agus tuillte go maith aice, thar na blianta deifreacha a chaith mé im shaoránach anseo in bhur measc.    Cuirfidh mé críoch leis an bpíosa seo le trí véarsa, as dánta éagsúla a chum faoi’n áit seo, a leagan os bhur chomhair.

.

Anseo cois Feoire na flúirse

Mar ar thóg Cainneach naofa a dhún,

Le pobal geal Osraí a cheapadh

I mórlíonta Dhia na nDúl.

.

Fáiltíonn cloch agus cré romhaibh

Go críocha seo Chainneach na scéal,

Fáiltíonn sráid agus sruth romhaibh.

Go cathair seo Chainnigh na Naomh.

.

A shráidíní cúnga an cheana,

Snasta ag bróga na gCainneach,

Chugaibh, trí cheo bog na mblianta,

Filleann gan seachrán mo bheannacht.”

Blood Brothers…Ar mhaithe leis fhéin

Cill Chaoin Chainnigh

Cill Chaoin Chainnigh .

Anseo cois Feoire na flúirse,

Mar ar thóg Cainneach naofa a dhún,

Le pobal Osraí a bhailiú

I mórlíonta Dhia na nDúl.

.

D’fhás agus d’fhorbair an teaghlach

A chruinnigh sé thart ar a chill,

Is d’fhanadar dílis dá theagasc,

Trí shoineann is trí dhoineann an fhill.

.

Níorbh éasca a dturas cois Feoire,

Ar a n-oilithreacht go Pálás an Rí,

Nó d’fhulaing siad pian agus céasadh,

As a ndílseacht is as buaine a mbrí.

.

Ach anois is na stoirmeacha glanta,

Is deireadh le céasadh is crá,

Ardóimis meirge úd Chainnigh

Is mairimís faoi shíochain go brách.

.

.

.

*************************

.

Blood Brothers…Ar mhaithe leis fhéin

Cosaint na Cáinaisnéise

Cosaint na Cáinaisnéise!

(This week Séimí and Friend discuss the Budget)

Peadar Bairéad

Iomarbhá

Thíos sa Smugairle Róin sea bhíomar bailithe, an oíche cheana, agus go breá luath thuig mé fhéin go raibh faobhar argóna ar mo sheanchairde, Séimí a’ Droichid agus Mártan Shéamais. Sea, agus geallaimse dhuit é, nach raibh sé deacair caint a bhaint as an mbeirt chéanna, an oíche úd. I ndáiríre, ní raibh ach focal amhain ráite agamsa, nuair ba léir fonn cainte ar mo bheirt.

Cáinaisnéis. B’in an focal adúirt mé, agus é beartaithe agam tuairimí na beirte eile a mhealladh uathu, ar ais nó ar éigean.

Bhuel! Geallaimse dhuit é, nach raibh sé deacair in aon chor caint a bhaint astu an oíche sin, ach ba é Séimí a bhain an bhearna dínn, nó ba é ba thúisce a chuir tús leis an iomarbhá.

Cáinaisnéis, an ea?

“Deirimse cáinaisnéis leat!! ar seisean, agus straois gháire siar go dtí na cluasa air. Cáinaisnéis, an ea? Ní cáinaisnéis ach robáil chaoch i lár an lae ghil a thabharfainn fhéin air. Féach an chaoi ar dheighleáil siad le pinsinéirí.”

“Ach,” adúirt mé fhéin ag cur isteach air, “cheap mé fhéin gur chaith siad go fial leis na saoránaigh chéanna sin, nó níor ardaigh siad an cháin ioncaim orthu, nó níor ísligh siad a bpinsean, ach oiread.”

“Furasta a fheiceáil cén taobh den teach a bhfuil tusa ag taobhú leis, nó an dall atá tú? Nár thug tú faoi deara gur bhain siad na cártaí leighis ó phinsinéirí áirithe, trí leibhéal a dteacht isteach incháilithe a ísliú? Go dtí seo, tugadh cárta don lánúin nach raibh a dteacht isteach níos airde ná míle dhá chéad Euro sa tseachtain, nó sé chéad Euro don duine singil, ach ísliodh tairseach an fhiosrú maoine go dtí naoi gcéad Euro don lánúin feasta, agus go sé chéad don duine singil, rud a fhágfaidh go gcaillfidh roinnt mhaith dem chairde a gcárta leighis feasta, agus dár ndóigh, níl ansin ach comhartha in aird na gaoithe”.

Ach, a Sheimí” arsa mé fhéin, “b’fhéidir nach raibh an dara rogha ag an Aire ach dul síos an bóithrín sin, an turas seo, agus b’fhéidir go ndéanfadh sé an t-ísliú sin a chealú arís sa chéad cháinaisnéis eile?”

Muca ag eitilt!

“Sea,” arsa Mártan Shéamais, “agus b’fhéidir go n-eitleodh muca, amach anseo. Nó nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fhéin gurb é a mhalairt ar fad a tharlóidh, agus sin an faitíos atá ar sheanóirí an Stáit seo, faoi láthair.”

“Fíor dhuit a Mhártain,” arsa Séimí s’againne, “agus cuir leis an masla sin, go mbeidh ar an mbuíon chéanna sin a bhfuil Cárta Leighis, nó Cárta Dochtúra, acu, dhá Euro caoga Cent a íoc feasta ar chuile airteagal ar oideas a ndochtúra, agus nach gcaillfidh siad a liúntas telefóin freisin, gan trácht in aon chor ar ísliú an liúntais connaidh.”

“Ach, a fheara” arsa mé fhéin arís, “Caithfear a chur san áireamh, nach bhfuil sparán teann ag ár Rialtas, agus go gcaithfear gearradh siar, agus gearradh siar arís, le cuntais an Stáit a chothromú, agus ní hiad na seanóirí amháin a bheidh thíos le socruithe na Cáinaisnéise deiridh sin”.

D’ionsaigh an bheirt mé agus thug íde na muc is na madraí dom as bheith ag iarraidh ionsaí úd an Rialtais ar ár seanóirí a chosaint, agus d’admhaigh siad beirt, go mba mhór an náire domsa, seanóir, a leithéid a dhéanamh. D’fholmhaigh muid ár ngloiní agus thug an bóthar abaile orainn fhéin, nó thuigeamar triúr, gur múchadh an fonn cainte a spreag buiséad na bliana seo chugainn ionainn uilig.

Dár ndóigh, raibh mise ach ag iarraidh fonn argóna a spreagadh im chomrádaithe, agus b’in a bhfuair mé dá bharr!!!

.

Blood Brothers…Ar mhaithe leis fhéin

D u i n e d e n L u c h t S i ú i l

B e a n d e n L u c h t S i ú i l .

*********************

.

……………. N A N ………………..

The Life of an Irish Travelling Woman………………………………….céad chló…1986.

le

Sharon Gmelch…………………………………………………………………………………..£10.95.

.

******************************

.

.

Leabhair mhór-ráchairte is mó a bhíonn idir chamáin agam sa cholún seo, leabhair a bhíonn díreach tar éis teacht ar an margadh, agus leabhair freisin, a gcuirim fhéin suim, agus dhá shuim fiú, iontu. An babhta seo áfach, ní leabhar dá leithéid atá i gceist agam, nó cuireadh cló ar an leabhar seo, a chéaduair, sa bhliain 1986, sé bliana déag ó shoin, anois.

Tuige mar sin, a bhfuil léirmheas á dhéanamh agam ar leabhar chomh haosta sin?

Bhuel, tharla gur tugadh an leabhar sin dom, ar na mallaibh, agus gur léigh mé é, agus geallaimse dhuit é, a chara, gur bhain mé an-taitneamh as. Ar an ábhar sin, tuigeadh dom, gur chóir dom é a lua anseo i mBéal an Phobail, ar eagla nár léigh tú fhéin é, nó is é mo thuairim fhéin, gur leabhar é, a thugann léargus faoi leith dúinn, ar shaol duine den lucht taistil.

Sharon Gmelch a chuir an leabhar i dtoll a chéile. Anois ní ghnáth leabhar beathaisnéise atá againn anseo, nó ba é an chaoi ar chuir Sharon aithne ar Nan a chéaduair, nó mar mhac léinn ag déanamh taighde dá céim san Antraipeolaíocht. Rinne sí an staidéar sin i dtús na seachtóidí, idir 1971 agus 1972, tráth raibh sí ag déanamh taighde ar an lucht taistil.

My initial research with Travellers focussed on this issue, examining the ways in which Traveller culture differs from that of settled Irish and the type of interaction that takes place between members of the two groups. (The Emergence and Persistence of an Ethnic Group: The Irish Travellers, Ph.D. Dissertation, University of California, Santa Barbara, 1974)

Thosaigh sí ar a staidéar, le tréimhse a chaitheamh ag dul ar chuairt chuig campa an lucht taistil, i Holylands chuile lá, ar feadh sé seachtaine, agus ansin, mhol cuid den lucht siúil di, seal a chaitheamh in éintíos leo sa champa, nó bhí airgead á chur amú aice, ar lóistín taobh amuigh, agus ansin ag teacht isteach chucusan, chuile lá. Ghlac Sharon agus a fear céile, George, leis an dtairscint sin le fonn, agus mar sin, le taighde ceart a dhéanamh ar shaol an lucht taistil, shocraigh Sharon agus a fear, George, antraipeolaí aithnidiúil freisin, dul chun cónaithe le comhluadar Nan, sa bhliain 1971, agus i Samhradh na bliana sin, cheannaigh siad vaigín agus láir, agus isteach leo i gcampa an lucht siúil, i Holylands. Chaith siad tarraingt ar bhliain in aon champa leo, agus ba sa tréimhse sin, a chuir Sharon aithne cheart ar Nan agus ar an lucht siúil.

Ar ball, d’fhill sí ar Nan arís is arís, idir na blianta 1976 agus 1981. I rith an ama sin, chaith sí tréimhsí, chuile bliain, i gcomhluadar Nan, le fios fátha gach scéil a fháil on mbean í fhéin, agus rinne sí taifeadadh ar cheithre huaire fichead de chaint agus de chomhrá Nan, agus chomh maith le sin, bhí carn nótaí. a scríobh sí ag an am, aice, le beathaisnéis na mná taistil seo, a chur i dtoll a chéile, agus sa chaoi sin, chuir Sharon leabhar iontach ar fáil dúinn, leabhar inar dhein sí togha na scríbhneoireachta, agus rogha na hantraipeolaíochta, a fhí ina chéile.

Saolaíodh Nan, Lá Samhna, sa bhliana 1919. Lá fuar, fliuch, feannaideach, a bhí ann, agus, faoi mar a chuir sí fhéin é…

She was born “under a bush,” as she described it, on the roadside outside Granard, a small village deep in the Irish Midlands. Nan’s Mother was camped in a tent with the older children and her own mother. Nan’s father was serving in the British Army.

Deir an t-údar linn, go raibh aithne ar an nGranard céanna mar “the back of beyond” agus deir sí freisin, go raibh cáil na sprionlaitheachta ar a muintir. Sarah Power, a bhí ar a máthair, agus bhí cáil na scéalaíochta ar a seanmháthair, Oney Ward. John Donohue, a bhí ar a hathair, glantóir simléar ba ea é, ceird a chleacht a athair roimhe, agus a athair siúd roimhesean freisin, ach cosúil le roinnt mhaith Éireannach eile, liostáil sé in arm Shasana, le linn an chéad chogadh domhanda. Gortaíodh é sa bhFrainc, agus é ina bhall den 47ú Reisimint d’Arm Shasana. Bhí a shliocht air, nó d’fhan a thoradh sin leis an chuid eile dá shaol. Dhealródh sé go raibh teach ag muintir Nan, in Edgeworthstown, tráth raibh sí ag fás suas ina girseach. Ba é an rud ba mhó a thaitníodh leo uilig, teacht na Féile Pádraig, nó ba thuar é sin go raibh sé in am dóibh tabhairt faoi bhóithre na Banban. B’in an saol a thaitin leo.

We used to love for me father to leave the house to travel, Sharon. We never used to go till March – till St. Patrick’s Day. “I wish to God it was the seventeenth of March, Paddy’s Day, when the stones turn in the water,” me father’d say.

Théadh a hathair amach i mbun a cheirde fhéin, ag glanadh simléar, ar fud na dúiche, nó bhí a chustaiméirí fhéin aige, daoine nach ligfeadh duine ar bith eile i ngar dá simléirí, ach John Donohue, nó bhí aithne acu air, agus tuigeadh dóibh, go mba dhuine le trust é.

Asal agus cairt a bhí ag John, lena ghiúrléidí a iompar dó, ó áit go háit, agus ó bhaile go baile, cosúil, ar bhealach, le seanPhádraic Ó Conaire, tráth thug seisean bóithre na Banban air fhéin. Fad is a bheadh athair Nan i mbun a cheirde fhéin, théadh na mná timpeall ó dhoras go doras, ag díol neathanna beaga, as ciseán, le mná na bhfeirmeoirí. Sa tslí sin, bhailíodh siad airgead, nó earraí, ar nós uibheacha, siúicre, tae, bainne, glasraí, nó fataí. D’fhillfeadh siad ar a mbunáit, chuig a gcampa, chuile thráthnóna, le beile na hoíche a ghléasadh, agus le codladh a dhéanamh, ach le giolc an ghealbhain, bhídís réidh le bóthar a bhualadh arís. Nuair a ghiorraíodh na laethe, agus nuair a théadh an aimsir in olcas, ansin d’fhillfeadh muintir Nan ar a dteach in Edgeworthstown, leis an nGeimhreadh géar, gáifeach, a ligint tharstu ansin, faoi dhíon, mar adeiridís. Cé nach raibh ina dteach ach teach an-bheag, ag an am gcéanna, ba leo fhéin é, agus choinníodh sé fuacht agus fearthainn uathu, le linn na drochaimsire.

Aon duine dhéag a mhair in ál a tuismitheoirí, agus choinníodh iad gnóthach, chuile lá riamh, dár le Nan, bíodh nach raibh sé éasca a leithéid a dhéanamh. Agus tógadh go maith, agus go cúramach, iad. Féach mar a chuirtear sa leabhar é…

My parents were very religious agus hardworking. They didn’t believe in swearing, though they did. And they believed in going to church every Sunday, though they didn’t. But the children had to go. “Out!” We could be dying with flu or anything and still we had to get out.. At night me father would throw himself on his knees at the fire and he’d take the rosary beads and we’d answer him. You’d have to answer him. And they got every one of us to school.

Tugann an méid sin léargus dúinn ar shaol, agus ar chreideamh, an lucht siúil, an tráth úd, i bhfichidí na haoise seo caite. Ní raibh Nan fhéin ró-thugtha don scoil, nó don scolaíocht, ach oiread, cé gur éirigh go maith lei sa Ghaeilge. Féach freisin, an bród a bhí uirthi, nuair a mhol an tEaspag í, Lá an Chomhneartaithe.

Níor mhair óige Nan i bhfad áfach, nó chomh luath is a shroich sí an ceathair déag, ruaig an t-athair as an teach amach í, agus dúirt lei, go raibh sé in am aice, bheith ag déanamh as di fhéin, feasta….

“Just get out,” Nan’s father said one morning. “You’re fourteen, it’s time for you to do for yourself.” And the next thing Nan knew, she was on the train for Dublin…..

Nach gcuirfeadh sin óige Pheig Sayers i gcuimhne do dhuine?

Chaith Nan seal ag obair i nDún Laoghaire, agus ansin, chuaigh sí ar ais chuig cara lei sa Mhuileann Cearr. I gceann scathaimh áfach, fuair a hathair post eile di, mar chailín aimsire do bhean, a raibh cónaí uirthi, taobh amuigh den Mhuileann Cearr, agus i gceann tamaill, chuaigh sí fhéin agus a deartháir, Willie, go Sasana, ag obair do dheirfiúr na mná sin. Thaitin an obair sin lei, agus thaitin na daoine lei. Chaith sí seal maith ansin, thíos seal, agus thuas seal, faoi mar a tharlaíonn do chuile chríostaí, ach ar deireadh, d’fhill sí ar Éirinn arís, nuair a bhí a máthair tinn, breoite, le cabhair a thabhairt dá hathair leis na páistí a thógáil. Bhí Nan scór bliain d’aois, ag an am. Féach mr a chuir sí síos ar an tráth sin dá saol …

“Wasn’t it a big miss I didn’t stay in England, Sharon,” she often said to me when depressed. “ I had me chance that time. I wish to God I never left England” And when her sons and daughters made her angry, Nan would yell, “I may look thick and ignorant now but I worked with first-class people.”

Níor fágadh i bhfad díomhaoin í áfach, nó ba ghearr ina dhiaidh sin, go raibh cleamhnas déanta ag a hathair di, agus pósadh í fhéin agus Jim Browne, bíodh nár thaitin an fear céanna sin riamh lei, olc maith nó dona…

“Browne’s a lovely gentleman” me father said to me one day. “ A fine man. He’s quiet and respectable. You should marry Brown.”

“No! No marriage!” I roared and I run off through the fields.

Pósadh iad áfach, sa Mhuileann Cearr, ar an 21ú Iúil 1939, ach má pósadh fhéin, ba bheag grá a bhí eatarthu riamh, agus ba é deireadh na mbeart é nó gur thréig sí é.

Ar ball, casadh fear eile uirthi. Mick Donohue a bhí air, agus é triocha bliain d’aois. Baintreach fir ba ea é, agus ceathrar mac mar mhuirín air. Thug an bheirt leannán aghaidh ar an Tuaisceart, i bhFómhar na bliana 1943, agus thaitin an taobh tíre sin, agus a muintir, go mór leo, bíodh go raibh siad beo bocht, ag an am, gan champa fiú, le fothain oíche a chur ar fáil dóibh, ach iad ag codhladh amuigh, áit ar bith a mbeadh foscadh le fáil acu. Chuaigh siad ag taisteal ansin, agus uaidh sin amach, chónaigh siad mar lanúin phósta. Fuair siad amach go raibh muintir an Tuaiscirt cairdiúil, carthannach, fial, agus ionraic, sea, agus iad sásta dul trí choiscéim na carthannachta, le teacht i gcabhair ar an strainséar.

Ní raibh locht ar bith le fáil aice ar Mick, i dtosach, ach de réir a chéile, chuaigh a ghrá di i bhfuaire, agus dheineadh sé í a bhatráil, agus a bhuaileadh, ar an chúis ba lú, nó gan chúis ar bith, dá dtogródh sé. Oíche amháin, ar a mbealach abhaile ón mbaile mór, agus Mick maith go leor, nó níos fearr fiú! Thug sé fuithi, á leadradh, agus a ciceáil. Féach ar seo…

Mick started beating me coming along the road, kicking me. There was a dyke at the side of the road, even with the road, and the land was all a swamp – all dirty muck. But anyhow, Mick was beating me and he kicked me right into the muck. Mick seen me go down, but he walked on.

Ba chuma le Mick ann nó as di, ach bhí an t-ádh uirthi go raibh feirmeoir ag gabháil an bhealaigh, ag an am, agus gur éirigh leis í a ardú as an scraith ghlugair amach. Murach sin, bheidh a caiscín meilte. Tharla a leithéid sin ar bhonn rialta, agus uaireanta eile, thréigeadh sé iad, gan chúis gan ábhar, agus bíodh go ndéanadh sé a leithéid, bhíodh Nan réidh, i gcónaí, dul ar ais chuige, dá ndéanfadh sé iarracht ar bith bheith mór lei arís. Tá sin beagnach do-thuigthe domsa ach go háirithe. Féach ar seo arís…

Mick understood well how hard it was, but he’d hammer me just the same when his dinner wouldn’t be ready. I used to be trembling to get Mick’s dinner made.

Is dócha gur ghlac Nan le seo mar chuid den saol, rud a bhí le fulaingt aici, nó bhí a fhios aice, go raibh Mick ag dul thar fóir, go minic…

Mick wasn’t right, Sharon. God forgive me, but he should have been shot. There’s one thing, Sharon, I’ll never tell but after that I took a black disgust to him. He was a very evil man.

Sea, thuig sí gan dabht ar domhan, go raibh an drochbhraon ann, ach ag an am gcéanna, ba é an t-aon leannán, i ndáiríre, a bhí aice riamh, agus b’in sin. Ach níl maith sa seanchas nuair a bhíonn an anachain déanta.

Bhí tréith ait eile ag baint le Nan, agus b’in gur cheap sí nach raibh tada inchurtha le taisteal ar bhóithre na Banban…

When I see a trailer or a wagon or a tent, I think freedom. Freedom and people going up and down saying “Hello,” “How are you?” “Good morning,” “it’s a grand day.” I’d love to get me basket again and go round selling to the doors, just to have a talk with the people and see different things, their gardens, and what they have. And the old Travelling People were the best hearted people, there was kindness and truth in them.

Ach sin uilig ráite aice, chaith sí bunús a saoil ag guí Dé go mbeadh teach dá cuid fhéin aice, agus go mbeadh deis aice na bóithre fada bána a thréigint. Ach nach ‘in an saol agat, a mhiceo!

Rugadh ocht nduine déag clainne di, cuid acu a thóg sí fhéin, agus cuid acu freisin, a thóg an Stát, nó institiúidí an Stáit s’againne di, ach ó thús deireadh, bhí dínit agus dáiríreacht ag baint le Nan, agus bheadh ar dhuine ar bith a admháil, go raibh an dínit chéanna sin tuillte go maith aice, nó ní fhéadfadh duine ar bith a rá, go raibh saol an mhadaidh bháin ag an Nan chéanna sin.

Léamh éigeantach, do dhuine ar bith a dteastaíonn uaidh saol an lucht taistil, in Éirinn na linne seo, a thuiscint, nó bíodh go bhfeiceann muid a gcarbháin, go minic, is annamh a fhaigheann muid aon eolas faoi áitritheoirí na gcarbhán céanna sin.

An-léamh, an-leabhar, agus má thagann tú trasna air, léigh é, nó tá mé cinnte go mbainfidh tú taitneamh as.

.

***************

Peadar Bairéad.

***************

  .

en_USEnglish