Triail i bhfad ó bhaile

Triail i bhfad ó bhaile

Triail i bhfad ó bhaile

Peadar Bairéad

Más fada a lá….

Nuair a pósadh Michaela McAreavey in Eaglais Mhaoilsheachlainn, i mBaile Mhic Ghiolla Ri, i dtús na bliana 2011, bhí na sluaite sa timpeall uirthi ag ceiliúradh an phósta sin le John McAlreavey. Bhí Michaela fhéin agus a hathair i mbéal an phobail le tamall de bhlianta roimhe sin, nó bhí a hathair, Mickey Hart, ar cheann de na Bainisteoirí Peile ba cháiliúla, agus sa tír seo, ag an am, agus bhíodh a iníon Michaela ina chuideachta go rialta ar a thurasanna eagsúla. B aithne mhaith ar a fear céile, John, chomh maith. Cé a cheapfadh, ar lá neamhaí úd a pósta, go mbeadh slua ollmhór eile ag iarraidh fáil isteach chuig triail a dúnmharfóirí, chomh fada sin ó bhaile, taobh istigh de dhá bhliain. Ar an “Legends Hotel”, ar Oileán Mhauritias a thug siad aghaidh lena Mí na Meala a chaitheamh. Tharla, ar mhaidin chinniunach a marfa, gur thug Michaela aghaidh ar a seomra le cupla briosca seacláide a fháil mar shólaist a ghabhfadh go deas le cupan tae amuigh cois linne. Ach, níor tughadh an deis di na brioscaí céanna sin a thabhairt amach chuig a céile fir, nó nuair a chuaigh sí isteach ina seomra, tháinig si ar ghiolla seomra ag goid. bhuail faitíos an fear céanna sin nó tuigeadh dó go ndéanfaí scéala air agus go gcaillfeadh sé a phost. Shocraigh sé mar sin ar í a mharú ar an toirt. Ach anois, tarraingt ar dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhí na céadta bailithe ansin le bheith i láthair ag an dtriail cháiliúil seo.

……………..Tuilleadh le teacht………………   

.

.

Triail i bhfad ó bhaile

A Writer by Accident. Gaughan.

Thug mé suntas dó, I noticed it; i bhfastó, entangled; go smior na gcnámh, totally involved (to the marrow of the bones); bainteach le, involved in; screamh na macántachta, a crust of honesty; cuirfidh me cnaipe leat, I’ll bet you a button.

.

I mBéal an Phobail

Recollections of a Writer by Accident

by………………… J. Anthony Gaughan

.

By Accident

Thíos i Leabharlann an Locha Bhuí a bhí mé an lá cheana, agus mé ag iarraidh teacht ar leabhar eicínt, le seal léitheoireachta a bhaint as, nuair a tháinig mé ar Recollections of a Writer by Accident. Don chlúdach a thug mé suntas i dtosach, nó ar an gclúdach céanna sin bhí grianghraf de roinnt áirithe d’ár scríbhneoirí cáiliúla, daoine ar nós, John B. Keane, Brendan Keneally, Frank O’Connor, Séamus Heaney, Bryan McMahon, agus tuilleadh. Caithfidh mé a admháil freisin, gur chuir mé suim in ainm an údair fhéin, nó ní dhéarfainn go raibh an oiread sin aithne curtha agam ar a shaothar thar na blianta, bíodh go raibh sé ag scríobh leis go rábach, os íseal, thar na blianta fada. Tuigeadh dom, i dtosach, go mba dhuine ón Iarthar a bhí agam ann, nó is líonmhar an cine iad na Gáchanaigh thiar againne in Iorras. Bhí breall orm sa mhéid sin áfach, nó ba ghearr go bhfuair mé amach, go mba Chiarraíoch go smior na gcnámh é an scríbhneoir céanna seo, J. Anthony Gaughan.

Cen cineal leabhair ata idir chamain againn anseo, an ea?

Recollections

Bhuel, d’fhéadfá cuimhní cinn, nó dírbheathaisnéis, a thabhairt air, ach chomh fada is a bhaineann sé liomsa, is cuimhní cinn atá i gceist anseo, ina leagann an t-údar, os ár gcomhair amach, na tarlúintí, agus na scríbhneoirí, a chuaigh i gcionn air mar dhuine a ndeachaigh frídíní na scríbhneoireachta i bhfastó i smior na gcnámh ann, le linn dó bheith ag treabhadh iomaire eile ar fad i bhfíonghort an Tiarna. Sea, mh’anam, agus níor bheag é a shaothar scríbhneoireachta, fiú dá mba dhuine é a raghadh i gcionn na ceirde sin go lánaimseartha. Agus tar éis dom an leabhar céanna sin a léamh, geallaimse dhuit é, nárbh é mo thuairim fhéin, gur de thaisme a thug sé faoin gceird sin, nó is scríbhneoir sciliúil, ildánach, nádúrtha é, a bhfuil bua scríbhneoireacht gafa go smior na gcnámh ann.

Style and Sincerity

Caithfidh mé a admháil, go ndeachaigh idir stíl agus phearsantacht an údair i gcionn go mór orm, le linn dom an leabhar seo a léamh. Tá de bhua ag an nGáchanach gur féidir leis an léitheoir a chur faoi gheasa, lena dháiríreacht, lena scil, agus lena thaighde. Ní bréag a rá go bhfuil blas na scoláireachta, agus boladh na taighde agus na daonnachta, le fáil ar a shaothar. Féach mar a chuireann sé tús leis an leabhar seo:-

“I was born in Listowel in 1932. Like most of my fellow-townspeople mine was only a second-generation Listowel family. My grandfather, John Broderick (known as John Broder/Bruadair before moving into the town) was born in 1863 into a large family on a small farm in Gortdromagowna in the parish of Moyvane/Knockanure.”

Rud a fhágann go bhfuil sé ag tarraingt ar thrí bliana déag is trí scór faoin am seo, aois an-oiriúnach le bheith ag dul siar bóithrín na smaointe, agus ag bailiú na gcuimhní cinn chomh tiubh géar agus is féidir le duine a dhéanamh. Bhí cuid den cheart agam, i dtosach báire, nó níor Lios Tuathailigh ó dhúchas iad na Gáchanaigh, nó labhrann an t-údar faoi Catherine Broderick, daughter of John Broderick, a rugadh sa bhliain 1894, agus faoi mar adeir sé fhéin:-

“She married Anthony Gaughan in 1930. He was one of the large family of Sergeant Anthony Gaughan who retired from the Royal Irish Constabulary in April 1916. After leaving Summerhill College, Sligo, Anthony Gaughan was a clerk in the Great Northern Railway in Portadown, and later in Drogheda. On its establishment he joined the Irish Free State army as a lieutenant and until he left the service was stationed in the Curragh Camp. Subsequently he was in charge of the Labour Exchange in Passage West County Cork.”

Caithfidh go mba Iartharach é an Anthony Gaughan céanna sin, a fuair a chuid scolaíocht i gColáiste Summerhill, i Sligeach.

Born in 1932

Saolaíodh an t-údar fhéin sa bhliain 1932, bliain na Comhdhála Eochairistí, agus bhí a mhuintir seisean ar thaobh an tSaorstáit i mblianta bunaithe an Stáit s’againne. Fuair sé a chuid bunscolaíochta i gContaethe éagsúla i ngeall ar fhadhbanna clainne, ach i ndeireadh na dála, d’éirigh leis an chloch phréacháin a chur ar a chuid oideachais trí Théis a scríobh dá MA, ar “The Metaphysical Value and Importance of the Concept of Being.” Níor bheag nó suarach é mar ábhar do Théis, geallaimse dhuit é.

Sa leabhar atá idir chamáin againn anseo, leagann sé os ár gcomhair amach, ábhair in ar chuir sé fhéin spéis, go minic toisc go raibh siad bainteach lena dhúiche fhéin. Cuirim i gcás, scéal faoi “Stampaé Shanahan”, agus faoin chaoi ar bhain Paul Singer úsáid as ainm Shanahan le screamh na macántachta a chur ar a ghnó seisean i ndomhan casta na Stampaí. Chuir sé spéis freisin, i scéal Alfred O’Rahilly, Uachtarán Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, fear a raibh breac aithne agam fhéin air, tráth raibh mé ag freastal ar an gColáiste Ollscoile céanna sin, tarraingt ar lár dhaichidí na haoise seo caite, agus ní call dom a rá, go mbaininn an-taitneamh as a léacht bhliantúil ar Chéasadh Chríost ar an gCrois. Caitliceach den scoth ab ea Alfred O’Rahilly

Chaith an Gáchanach a dhúthracht freisin, mar bhall den Listowel Writers Week. Níor dhein sé dhá leath dá dhícheall agus é i mbun na hoibre céanna sin, nó is duine é, de réir dealraimh, a bhfuil an-chumas ann, i mbun gnó dá leithéid.

“I met Seamus Wilmot early in 1971. He told me that he had read Doneraile and was glad I was interested in local history. However, he said: ‘Fr.Tony, you should focus your attention on your own area. There are very few places in the country as fascinationg as North Kerry’. Then he told me about the Writers’ Week to be held that summer and that the organising committee were planning to provide some lectures on the area’s history and culture. He invited me to provide a talk and I replied that I would be delighted to do so.”

Work with Writers Week and with PEN

Ní raibh sa mhéid sin ach tús tuile, nó uaidh sin amach, ba dhuine de thacaí tréana an Listowel Writers Week é an tAthair Ó Gáchain, mar léachtaí, agus mar eagraí. Nárbh é an scéal céanna é i gcás a pháirt i PEN, an eagraíocht domhanda úd, a raibh sé bainteach lei freisin.

Tá píosa breá aige freisin, faoin chaoi ar thaitin sé leis, daoine a chur faoi agallamh, agus é ag iarraidh eolas a bhailiú do leabhar, agus ní haon dóichín é i mbun na ceirde céanna sin, nó téann sé i gcionn ar dhaoine, ar bhealach a chuireann ar a chumas daoine a chur ar a sástacht

“One of the great pleasures in preparing a book for publication is the opportunity to seek out and engage interesting and distinguished persons. In this reagard over the years I have interviewed hundreds of persons……”

Labhrann sé faoi phoiblíocht i gCaibidil a Sé, agus tá píosa spéisiúil aige sa chaibidil chéanna sin faoi Beathaisnéis Tom Johnson, comhbhunaitheoir, agus céad Uachtarán Pháirtí an Lucht Oibre. Is spéisiúil an méid a fuair sé amach, trína chuid taighde, faoi James Larkin:-

“Towards the end of the 1913 lock-out and strike, with the Dublin workers and the trade-union movement in disarray, Larkin, despite the objections of colleagues, left for a lecture tour in the US. His proposed visit lasted more than nine years and he missed out on the Easter 1916 Rising and the war of Independence. On his return to Irealand he attempted unsuccessfully to reagain control of the Irish Transport and General Workers Union.”

Agus an méid sin ar aigne aige, ba thaircuisneach mar a chaith sé le Johnson agus le William O’Brien, agus níorbh fhás aon oíche é an naimhdeas céanna sin, nó lean sé ar feadh na mblianta fada, agus dár leis an údar seo, b’easaontas é….

“which for decades thwarted the attempts of the labour movement to be a major influence in Irish politics.”

Over to you !

Ní dhéarfaidh mé a thuilleadh faoi sin, ach fágfaidh mé fút fhéin anois é taitneamh agus tairbhe a bhaint as an sár-leabhar seo, agus cuirfidh mé cnaipe leat go mbeidh mo shúil in airde agamsa feasta le leabhair J. Anthony Gaughan.

An-léamh, an-leabhar, agus an-iarracht ar chúrsaí liteartha a shaoil fhéin, a leagan os ár gcomhair amach, ag duine dár scríbhneoirí spreagúla, corraitheacha, ildánacha.

.

Triail i bhfad ó bhaile

C a t h a i r C h a i n n i g h

C a t h a i r C h a i n n i g h .

.

.

Ársa buan an chathair seo, ar bhruach na Feorach groí,

Suite anseo go sásta ar dhúshraith ghlé na Rí,

Foscadh fial dá muintir, Thar áirsí caol’ na mblian,

A gcaisleán is a séipéil mar dhíon ar olc ‘s ar phian.

.

Nach iomaí duine a d’áitigh na tailte seo, i gcuan

Ár n-abhann iascmhar, álainn, ó laethe Chainnigh anonn?

Nár dhian a throid a dtaoisigh, ar leo an caisleán nocht,

Ar bhruach na Feorach áille, is a chosain é go docht?

.

Sníofa trí scéal na cathrach, tá fuil, is glóir, is crá,

Ó laethe Chainnigh chráifigh, go Cromail duairc an áir.

Inniu, faoi theas na gréine, i Samhradh na ngéabha buí

Codlaíonn sráid is tithe ag smaoineamh ar ghlóir a bhí

.

Nuair ba Phríomhchathair Éireann uile, Ardchathair seo Osraí Tráth shuigh a Dáil go socair i Sráid na Feise thíos

Ach maireann fís an aontís, cois Feorach groí an áigh,

Nuair a cheangail Gaeil is SeanGhaill snaidhm charadais gan cháim.

.

Is tuigtear fós cois Feorach,

Go bhfíorófar anseo a bhfís,

Is go mairfidh feasta faoi shíocháin,

Sliocht a sleachta siúd faoi shíth.

.

*******************************

.

.

.

.

.

.

Triail i bhfad ó bhaile

Eachtraigh 15. (Sent to an tUltach)

.

.

E A C H T R A I G H D Ú I N N

.

(Ábhar Sagairt Bhéal an Átha Fhada sna Daichidí)

.

***************************

.

Thaitin idir scoil agus scolaíocht liom, chuile lá riamh, agus dá chomhartha sin, d’éiríodh liom cibé ceacht nó cleachtadh a thugtaí dom, a dhéanamh gan stró. Am ar bith ar theastaigh teachtaireacht ó dhuine de na múinteoirí, bí cinnte gur ormsa a thitfeadh sé an gnó sin a dhéanamh dó. Thug sin deis domsa tréimhsí a chaitheamh amuigh ar bhóithre Iorrais, ag rothaiocht liom ar mo sháimhín só ar rothar breá rásaíochta an Mháistir. Théinn go dtí Oifig an Phoist, le haghaidh na litreacha, chuile mhaidin, geall leis, agus théinn go dtí an baile mór le teachtaireacht don bPríomhoide, nó bhí a leannán ina cónaí i mBéal an Mhuirthead, agus minic a theastaíodh uaidh scéal eicínt a chur chuici i rith an lae. I gcás dá leithéid, ní riabh le déanamh aige ach glaoch ormsa, agus a rothar rásaíochta a thabhairt dom, agus d’fhéadfadh sé a bheith cinnte ansin go sroichfeadh a theachtaireacht a ceann scríbe, ar an dá luathas. Is cuimhin liom freisin, nuair a thosaigh an Cogadh Mór, sa bhliain 1939, go gchuireadh an tArdmháistir, an tUas. Seán Ó Cróinín, mé fhéin agus Proinsias Mac Eoin, go dtí teach Mhic Eoin ar an nGeata Mór, le héisteacht leis an nuacht ar an Raidió, agus scéala an chogaidh a thabhairt ar ais linn chuige. Anois, cé go mbínn amuigh ar theachtaireachtaí, leath na gcuarta, níor chuir an ealaín chéanna sin isteach ar mo chuid scolaíochta, nó bhí ar mo chumas, cibé a bhíodh á dhéanamh acu agus mise ar fán ón seomra ranga, d’éiríodh liom an méid sin a phiocach suas, gan stró, agus cibé obair bhaile a bhí le déanamh againn, a dhéanamh gan teip, chuile oíche. Ní hé sin amháin é ach d’éiríodh liom corr scilling a shaothrú as mo scileanna léinn, nó thagadh scoláirí áirithe chugam, leis an obair bhaile chéanna sin a dhéanamh dóibh, agus iad breá sásta na pingneacha a bhronnadh ormsa, mar chúiteamh. Minic a d’éirigh liomsa fáil isteach chuig na scannáin tostacha, tríd an gcleas céanna sin.

Thart ar an am gcéanna sin, agus náisiúin mhóra an domhain ag pleanncadh agus ag leadradh a chéile, agus rudaí á gciondáil anseo i dtír na hÉireann, thosaigh an Máistir Ó Cróinín ag iarraidh treoir ghairme eicínt a chur ormsa. D’iarr sé mé a stiúradh an bealach seo, agus d’iarr sé mé a stiúradh an bealach úd eile, ach i ndeireadh na dála, ba í an tsagartacht a roghnaigh mé. Anois, caithfear a thuiscint, nach raibh puinn gustail ag mo mhuintir, agus dá thairbhe sin, ní bheadh sé indéanta mé a chur go Mánuat, nó chuig ceann ar bith de na Cliarscoileanna ardnósacha, ach, níorbh fhál go haer é! nó bhí “Cumann Misinéirí chun na hAifrice”, nó an SMA, mar a thugtar orthu, breá sásta gasúir de mo leithéidse a ghlacadh isteach ina scoileanna, ar tháille an-íseal, ag súil go leanfadh uimhir áirithe de na daltaí sin leo go ndéanfaí sagairt do na Misin díobh, i ndeireadh na dála. Tuigeadh dóibh, dár ndóigh, go gcaillfeadh siad roinnt mhaith acu, san aon bhliain déag idir tús an chúrsa agus lá an oirnithe. B’fhéidir go dtógfadh siad isteach thart ar chúig dhuine is fiche in aghaidh na bliana, ach chuile sheans nach ndéanfaí ach cúigear, nó seisear, díobh sin a oirniú, ar deireadh thiar. Ach bhí siad lán-tsásta leis na huimhreacha sin, agus bhí siad lán-tsásta freisin, go raibh siad ag leathadh an bhriathair i measc an phobail, ina mbealach fhéin. Ach ba bheag a thuig mise faoi na cúrsaí sin, agus mé fhéin agus an Máistir ag cur cúrsaí creidimh agus sagartachta trí chéile, i Scoil Náisúnta na Cille Móire Iorrais, i ndeireadh triochaidí agus i dtús daichidí na haoise seo caite. Ar aon chuma, bheartaigh mé fhéin dul chun na hAifrice im’ mhisinéir. Bhí grá im chroí agam, an t-am sin, do ghormaigh na hAifrice. Ní ón gcnoc nó ón ngaoth a bhailigh mé fhéin an chráifeacht, nó ba dhuine í mo Mham, a raibh an oiread sin creidimh aici is a chuirfeadh an cnoc thall ar an gcnoc abhus, agus chomh maith le sin, tógadh mé i bpobal ina raibh céad faoin gcéad acu ag cleachtadh a gcreidimh, agus ag glacadh le fíricí na Críostaíochta. Sea, agus “fair play” don Mháistir, bhí seisean sásta an cupla punt a chur sa chiste, a bheadh riachtanach, le gasúr dem leithéidse a chur chun an Choláiste úd i mBéal an Átha Fhada, i ngiorracht roinnt mílte do Bhall Álainn, i gContae Mhaigh Eo.

Ba ghearr go raibh an scéal i mbéal gach éinne.

“Ar chuala tú an nuacht?” adéarfadh duine.

“Cén nuacht atá i gceist agat?”

“Cén nuacht, an ea? Go bhfuil Peadar Mhichael Mhicí ag dul sna sagairt!”

“Ag magadh fúm atá tú? mar nach bhfuil níos mó ná a phaidreacha ar a aire ag an bPeadar céanna, bail ó Dhia air!”.

“B’fhéidir go bhfuil, agus b’fhéidir nach bhfuil, ach sin an scéal a chuala mé fhéin, anois díreach, ó Tom an Phosta, agus nach bhfuil an Tom céanna sin an-mhór le Bairéadaigh na Druime?”

“Ó, bhuel! má bhí an scéal ag Tom an Phosta, caithfidh go bhfuil bunús eicínt leis. Bhuel anois! cé chreidfeadh go raghadh an diabhailín céanna sin le sagartacht? “ “Nach ait an mac an saol? agus nach fánach an áit a bhfaighfeá breac?”

B’in mar a bhí i measc na gcomharsan, na laethe úd, i lár na blaina úd 1940, agus mise ag fáil réidh le bealach úr a threabhadh dom fhéin, nó níor ghnáth-rud é, an     t-am sin, buachaill óg dem leithéidse, Cliarscoil a thabhairt air fhéin.

Chuaigh chuile shórt ar aghaidh go seoigh, ar feadh scathaimh. Ach de réir mar a bhí an lá spriocáilte ag druidim linn, bhí ag dul ina luí ormsa, méid na céime a bhí á tógáil agamsa. Ach dá fhaid an lá tagann tráthnóna, agus ba é an dála céanna agamsa é. Ar deireadh thiar thall, tháinig an lá mór. An oíche roimh ré, bhailigh na comharsanna uilig isteach sa teach s’againne, le slán agus beannacht a chur liomsa, nó ba é sin nós an muintire thiar, ag an am sin.

Faoi’n am sin freisin, bhí chuile short, a bheadh ag teastáil uaim sa Choláiste, ceannaithe agus pacáilte, i gcás breá, nua, taistil, domsa. Mo Mham agus mo dheirfiúracha ba mhó a rinne an gnó sin, nó ba bheag scil a bhi agamsa sna cúrsaí céanna sin, ag an am, murab ionann is anois.

Ar maidin, bhuaileamar bóthar. An t-am sin, ní gá a rá, nach raibh carr, nó cairt, le síob a thabhairt dom go Béal an Mhuirthead, mar ní théadh an bus thar an mbaile mór sin siar, ag an am sin. Deiridís go raibh an droichead ró-chúng, ró-lag, nó nó-rudeicínteile, agus sa tslí sin, fágadh muintir na leithinse lena mbealach fhéin a dhéanamh go Béal an Mhuirthead, dá mbuailfeadh an fonn taistil iad. Mar sin, ar rothar is ea chuaigh mé fhéin go Béal an Mhuirthead, an mhaidin spriocáilte sin. Chuaigh mo dheartháir Seán, Grásta ó Dhia air, in éineacht liom, leis an gcás breá, donn, nua sin, a iompar, nó bhí Seán níos sine agus níos foirfe na mé. B’eisean an duine ba shine den ál, agus meas dá réir againne air. Chuir Seán ar an mbus mé, thug mo chás don tiománaí, do “Láchaí Clarke”, agus d’fhág slán liom.

Bhí mé liom fhéin ar deireadh, agus geallaimse dhuit é, go ndeachaigh an cumha agus an t-uaigneas go smior na gcnámh isteach ionam. D’fhág mé Béal an Mhuirthead faoi ghradam, mé gléasta in éide ábhar sagairt, agus níos mó airgid i mo phóca, ná mar a bhí agam riamh roimhe sin. “Láchaí Clarke” ag tiomáint agus “George Ormsby” ina stiúrthóir againn. Ba nuacht chuile shórt domsa, nó ní raibh mé fhéin níos faide ó bhaile ná Béal an Mhuirthead, riamh roimhe sin. Nach orm a bhí an t-ioinadh, nuair a chonaic mé crainn den chéad uair riamh, ba bheag nár bhain a n-uaisleacht agus a n-airde radharc na súl díom. Ar deireadh thiar, shroicheamar Béal an Átha, ach ní raibh ar mo chumas dul níos fuide, an lá sin, nó ní raibh ach traein amháin ag fágáil Béal an Átha, in aghaidh an lae, an tráth sin, agus d’imíodh sin ar maidin. Éinne ar theastaigh uaidh dul níos faide ná Béal an Átha, bhuel, d’fhéadfah sé fanacht go dtí an lá arna mhárach. Chuir mé fhéin fúm, an oíche sin, in “Óstán an Néfin”, agus bhí mé ar mo chois go breá luath an mhaidin dár gcionn. Ar ball, rinne mé mo shlí go Stáisiún na Treanach. Ó, a Thiarcais! nár mhór idir sin agus tada dá bhfaca mé fhéin riamh roimhe sin! Cheannaigh mé mo thicéad agus isteach liom ar an ardán, le fanacht leis an traein. Ní raibh mé im aonar ansin, ach oiread, nó bhí slua mór daoine bailithe ansin, agus iad ag fanacht ar thraein úd na maidine, nó ní bheadh traein eile ag fágáil an stáisiúin sin go dtí an mhaidin dár gcionn. Ba nuacht chuile shórt domsa, agus mar sin, bhí mé ag siúl liom síos suas ar an ardán, agus mo thicéad greamaithe go teann im ghlaic agam, ach ní i gcónaí a thagann an crúiscín slán abhaile ón tobar, agus ba é an dála céanna agamsa é agus an ticéad draíochta sin, nó cibé útamáil a bhí ar siúl agam, thit an ticéad síos uaim, idir an traein agus an ardán. Ó, a Thiarcais! conas a gheobhainn greim ar mo thicéad draíochta arís, agus mura bhfaighinn greim ar an dticéad céanna sin, is dócha nach ligfí ar bord na traenach chor ar bith mé. Bhuel, ar ámharaí an tsaoil mhóir, bhí fear breá, scafánta, óg, ó Bheannchor Iorrais, duine de mhuintir Uí Mhurchú, ar an bhfód, agus d’fhág seisean a mhála taistil ar leataobh, agus síos leis, idir an traein agus an ardán, agus i bpreab na súl, bhí mo thicéad caillte slán sábháilte ina ghlac aige. Thug sé ar ais dom é. Ghabh mé mo bhuíochas ó chroí leis, agus sa chomhrá a lean an eachtra sin, d’inis sé dom, go mba bhall de Aerfhórsa Shasana é, agus go raibh sé tar éis saoire a chaitheamh sa bhaile, i mBeannchor Iorrais. D’fhiafraigh mé fhéin de, ar ghlac sé aon pháirt fós sa Chogadh Mór. “Abhair é,” ar seisean, “nó is beag lá nach dtéim fhéin, is mo bhuíon trodairí, ar aer-ruathair, thar chríocha na Gearmáine isteach, ag buamáil, ag troid, ag spiaireacht.”

“Agus an bhfuil sé contúirteach bheith i mbun na hoibre sin?” arsa mé fhéin.

“Bhuel,” ar seisean, “is beag lá nach gcailleann muid comrádaí amháin, ar a laghad, agus níl ann ach cluiche gill, mar adéarfá. Bhí an t-ádh i mo chaipínse, go nuige seo, ach go háirithe, agus tá súil le Dia agam, go dtiocfaidh mé slán abhaile ón gcogadh millteach, uafásach, seo.

Bhuel, ag an bpointe sin, chualamar fead caol, ard, cluasphléascach, na traenach, agus í réidh chun bóthair. Chuamar ar bord. D’fhágas fhéin slán le mo chara nua, an fear breá, ard, rua, dathúil sin, ó Bheannchor Iorrais, agus muid ag súil go gcasfaí ar a chéile sinn arís, amach anseo, ach tá faitíos orm, nár chasadh Mac úd Uí Mhurchú arís orm, ó shoin i leith, agus níl fhios agam ó thalamh an domhain, ar tháinig sé slán ón mbearna bhaoil, nó ar cailleadh é ar mhisean, nó ar ruathar eicínt, isteach thar theorainn na Gearmáine isteach. Cibé faoi sin, ba é an Mac Uí Mhurchú úd mo chéad laoch, agus bronnaim anois an curadhmhír air, bíodh sé beo, nó bíodh sé marbh.

Ar ball, d’ardaigh an traein a seolta, agus as go brách lei, go torannach, ardghlórach, agus mise á sciobadh aici lei, ó dhúthaí mo mhuintire, agus ó nead teolaí na hóige. Nach orm a bhí an t-ionadh, agus an traein sin ag réabadh lei trí ghoirt is trí mhóinéir, trí bhailte is trí choillte, go dtí gur stop si sa deireadh i mBall Álainn, agus nár cuireadh fainic na bhfainic ormsa, tuirlingt ag an stáisiún sin? Bhailigh mé mo chip is mo mheanaithe, agus amach liom de rúid as an traein úd, an chéad traein dár leag mise súil riamh uirthi, agus chomh luath is a bhí mise bailithe liom amach aisti, lig sí fead ghéar, chluasphléascach, mhagúil, aisti, agus as go brách lei arís, go torannach, gaileach, rothach, amach as stáisiún úd Bhall Álainn. Bhreathnaigh mé timpeall orm fhéin, nó dúradh liom go mbeadh duine eicínt ansin romham, le treoir a dhéanamh dom. Tháinig fear bunaosta im threo i leith. “An tusa an Bairéadach?” ar seisean liom. “Is mé,” arsa mé fhéin á fhreagairt. “Tar liomsa, má sea,” ar seisean, “tá cóir iompair anseo amuigh agam, le tú a thabhairt go dtí Coláiste an Chroí RóNaofa, i mBéal an Átha Fhada.”

Lean mé amach as an stáisiún é, agus do bharúil, cén gléas iompair a bhí aige ansin faoi mo chomhair? Céard eile a bheadh aige ann, ach carr cliathánach? Go breá ar fad, arsa mise liom fhéin, beidh “jaunt “ breá agam ón stáisiún traenach seo go dtí an Coláiste.

**********************

.

Triail i bhfad ó bhaile

Máirt na Mire

M Á I R T N A M I R E .

Fanfaidh cuimhne an lae sin

Gearrtha go doimhin dearfa

Ar chlár dúr darach na cuimhne,

Nuair a ligeadh srian le sceimhle

Ar an aonú lá déag, go dearfa,

De Mheán Fómhair úd an bhasctha.

.

Ba lá é lán dóchais is misnigh,

Lá ag tuar na maitheasa,

Gan scamall gur fiú trácht air

Ar spéir gheal, ghlé, na gile,

Ach de phlimp, gan aon choinne,

Dhorchaigh spéir is talamh,

Le fuath is le binib,

Ó bhun go barr na cruinne

.

Ar scáileáin ár dteilifíseán,

Léiríodh dúinn go soiléir,

Cumhacht an oilc is an doichill,

Nuair a leag fir sin na sceana

Trádthúir áille an domhain,

Is chuala an saol an tuairt,

Nuair a thit na foirgnimh arda

Ó spéir anuas ar thalamh.

.

Tá deireadh leis an tseanré,

Nó tuigfidh gach éinne feasta,

Nuair a bearnaíodh ár ndóchas

Nach buan ár ré ar thalamh.

I sléacht úd Mháirt na Mire,

Sheathlaigh soineann ár gcine,

Nó deineadh sléacht gan teorainn

Nuair a leagadh trádthúir na cruinne..

.

Tá deireadh feasta le cinnteacht, is le naofacht ár mbeatha ar thalamh,

Nó bearnaíodh gan stró le sceana, fallaí cosanta na cruinne,

Ach guímis solas na soilse, agus scíth shíoraí na síochána,

Dóibh siúd uilig a cailleadh, in ár dearg Mháirt na Mire.

.

.

********************************************************

en_USEnglish