by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
O i s t e a n s ó i r .
.
Tráth glacaimse Comaoineach Naofa,
Is nuair a shuím sa teampall, liom fhéin,
Ní ghnáthdhuine mise a thuilleadh,
Ach oisteansóir soilseach faoi réim.
.
Nuair a luchtaítear m’oisteansoir liosta
Leis an Ahlainn ghlan, ríoga, bhán,
Sea déantar ór buí dem’ luaidhe,
Is scalann go drilseach, gan cháim.
.
Is umhlaíonn aingil go béasach,
Is canann cór foirfe na Naomh,
Nuair a thagann mo Dhia ar chuairt chugam,
Suíonn an Chúirt Diaga i m’ chroí.
.
Ní mhaireann an mhíoruilt i bhfad, ámh,
Nó tá fairsinge m’anama ró-chung
Le Cúirt Dé, na Naomh, is na n-Aingeal,
A choinneáil faoim’ dhíonsa go buan.
.
Ach fillfidh Sé arís chugam amárach,
Is blaisfeadsa bia na Naomh,
Nuair a thiocfaidh mo Dhia ar chuairt chugam,
Beathófar m’anamsa go fial.
.
Is fanfaidh liom cuimhne na cuairte,
Is mé sna greama le stró is le buairt,
Is cuimhneod ar Sholas na Soilse,
Nuair a thiocfaidh mo Thiarna ar chuairt.
.
*************************
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Seo thíos píosa a scríobh mé, blianta fada ó shoin, faoi chuimhní na Cásca, agus cheap mé, ó tharla an tráth seo bliana linn arís, nárbh olc an smaoineamh é, na Cuimhní céanna seo a leagan os bhur gcomhair arís, inniu. Mar sin, seo chugaibh iad………….
.
RINCE NA GRÉINE .
.
Sa chaibidil seo, ligfidh mé srian le capall na gcuimhní siar isteach i ngort na Cásca, faoi mar a cheiliúirtí í agus mise ag fás aníos, in Iorras na nIontas, breis mhaith is trí scór bliain ó shoin. Is iad na chéad chuimhní a thagann aniar chugam anois ó na seanlaethe úd, nó nathanna cainte a bhíodh coitianta ar bhéala daoine, an t-am sin, nathanna ar nós….
Níorbh iontaí liom an Cháisc ar an Aoine,
nó a leithéid a fheiceáil le mo shúile cinn.
Nó arís….
Domhnach Cásca gan uibheacha,
Oíche Nollag Mhór gan im,
Oíche Inide gan feoil,
Nach é sin an bothán lom.
.
Ní gá a rá gur mór idir inné agus inniu, nó ní hionann in aon chor, an cineál saoil a bhí ann an t-am sin, agus an saol atá ann faoi láthair. Ní gá a rá, ach oiread, nach mbíodh Deasghnátha na Cásca á gceiliúradh i ngach séipéal ar fud na deoise, an tráth úd, faoi mar a tharlaíonn sa lá atá inniu ann. Dheintí na Deasghnátha sin a cheiliúradh ins na Mainistreacha, sna Clochair, agus sna hArdeaglaisí, agus mar is eol duit, ní bhaintí úsáid as cloig, sna séipéil, ó Chéadaoin an Luaithrigh go Satharn na Seachtaine Móire, ach amuigh faoin tuath, ní call dom a rá, nach ndéantaí a leithéid toisc nach mbíodh dóthain sagart, nó cór acu, le Cothrom na Féinne a thabhairt do na Deasghnátha casta, fada, a bhí leagtha amach do na leathe beannaithe sin . Ní bhíodh aon aird ró-mhór ag an bpobal, mar sin, ar thús na Seachtaine Móire, cé go mbíodh troscadh agus tréanas á ndéanamh acu ar na laethe sin, mar ullmhúchán don Cháisc.
Lá mór ar fad acu ba ea Aoine an Chéasta.
Bí ag caint ar throscadh is tréanas!
Ba bheag rud i bhfoirm bia a chaithidís an lá beannaithe sin, taobh amuigh den arán tur, agus braoinín tae, gan bhainne, gan siúicre!
Bhí de nós acu, thiar in Iorras, dul chun na trá an lá sin, le cnuasach trá a bhailiú dá ndinnéar, agus cé go raibh sin dian go leor orthu, deireadh na seandaoine linn, nár thada é i gcomparáid leis na troscadh a dhéanadh an ghlún a tháinig rompusan. Is féidir a rá, mar sin, nach mbíodh tóir ró-mhór ag éinne ar bhia, nó ar bheadaíocht, an lá sin, agus don té a mbíodh fonn bia air, nach raibh an seanfhocal ansin lena chur ar bhealach a leasa!
Má ólann tú bainne Aoine an Chéasta,
Déanfaidh do chorp cnumha is péistí.
.
Chomh fada is a théann mo chuimhne anois, lá an-chiúin a bhíodh ann, nó ní chloisfeá duine ag rá amhráin, nó ag déanamh ceoil, nó fiú, ní dhéantaí an oiread sin comhrá, ach oiread, an lá sin. Is dócha go mbíodh na seandaoine, ach go háirithe, ag déanamh a n-anamacha, agus iad ag ullmhú don bhFéile Mhór. Thart ar a trí a chlog, san iarnóin ansin, théadh an chuid ba mho de na daoine fásta, na mná, ach go háirithe, chun an tséipéil, le Turas na gCros a dhéanamh. Théinn fhéin ann corruair, lem’ Mham, agus is beag nach gcuireadh loime an tséipéil scanradh orm. Bhíodh daoine istigh ansin, agus an áit ar fad á glanadh agus a sciúradh acu. Ní bhíodh éadach, nó clúdach ar bith ar an altóir, nó ar Ráille na Comaoineach, ach oiread. Ach, ba é an rud ba mhó a chuireadh ionadh agus alltacht ormsa, nó go mbíodh an Taibearnacal follamh, oscailte, agus an Tiarna fhéin ar iarraidh. Ní bhíodh fhios agam fhéin cá raibh sé, nó cár tógadh é, ach d’airigh mé i gcónaí, go mbíodh an séipeeal fuar, folamh, ar na hócáidí céanna sin, sea! agus gúna corcra sin ar chuile dhealbh sa tséipéal, agus an chros chéasta folaithe faoi chaille chorcra freisin!
Ní gá a rá go mbíodh an chuid ba mhó de na fir ag obair leo amuigh sna goirt, an lá sin, nó cheaptaí i gcónaí, go mba shona an lá é le tosú ar shíolchur, go háirithe, i gcás na bhfataí, agus mura mbeidís réidh le lá iomlán a chaitheamh i mbun na hoibre sin, ba mhinic a dhéanaidís cupla scoilteán a chur, sa chaoi go mbeadh rath ar fhataí na bliana sin! Minic freisin, a bhíodh daoine ag freastal ar an rabharta, le feamainn an Earraigh a bhaint agus a chur ar bruach, nó go mbídís ag an gcladach, le cnuasach trá a bhailiú, ach ba chuma cén obair a bhíodh idir lámha acu, d’aireodh duine, faoi mar a bheadh scamall an Chéasta mar ualach anuas air. Ní gá a rá nach mbíodh ceol, amhránaíocht, nó rince, ar siúl ag daoine, an lá sin.
Mór idir inné agus inniu!
Ar an Satharn ansin, ní bhíodh an oiread sin ar siúl, an t-am sin, ach bhíodh an-tóir ag daoine ar uisce coisricthe úr na Cásca, agus ar aibhleog dhóite as tine na Cásca a lastaí taobh amuigh den séipéal, an mhaidin sin, nó cheaptaí go mbíodh neart agus cosaint faoi leith sna hearraí céanna sin.
Ba gheall le Nollaig dúinne an Cháisc, agus ní call a rá, go mbíodh muid in ár suí le giolc an ghealbhain, nó roimhe fiú amháin, mar bhíodh an t-aos óg ar a gcois roimh bhreacadh an lae, agus iad ag súil go bhfeicfeadh siad an ghrain ag rince, le háthas, Maidin bheannaithe sin na hAiséirí.
Chomh siúráilte is atá an Cháisc ar an Domhnach,
Rincfidh an ghrian ar Dhomhnach na Cásca…
B’in mar a chreid an t-aos óg, an tráth úd, agus rinneadar beart dá réir. Bhídís ag fanacht go foighdeach le breacadh an lae, le bánu an lae, agus ansin, le héirí na gréine gile fhéin. Caithfidh mé a rá anois, gur mhinic a rinne mé fhéin an cleas céanna sin.
Agus ar rinc an ghrian dhuit? a d’fhiafródh duine díom, b’fhéidir.
Bhuel, níl mé ró-chinnte anois, ach an t-am áirithe sin, agus mé ag snámh liom ar shruth na beatha agus na hóige, thabharfainn mo leabhar breac gur dhein!
Nach orainn a bhíodh an t-áthas, an chuid eile den lá sin, agus muid ag dul timpeall ag insint an dea-scéil do chuile dhuine a chasadh orainn.
Resurexit sicut dixit……
Ní raibh sa mhéid sin ach an tús, nó bhí lá fada romhainn amach, agus an saol ar fad báite i dtuile áthais na Cásca. Nár bhreá an taitneamh a bhaineadh muid as ceiliúradh Aifreann na maidine sin? Ó tharla nach mbíodh an oiread sin de bheadaíocht le fáil againne, thiar in Iorras, an t-am sin, bhaineadh muid taitneamh i gcónaí as na féilte móra, agus as na féastaí móra a ghabhadh cois ar chois leo, agus gan dabht ar domhan, bhíodh flúirse le fáil ag chuile dhuine, um Cháisc, agus chomh maith leis na gnáth bhéilí, bhíodh nós na n-uibheacha Cásaca againnn freisin. Ná ceap anois go mbíodh uibheacha Cásca le fáil againn sna siopaí, an t-am sin, faoi mar atá coitianta sa lá atá inniu ann, ach bhí de nós againn, an oiread uibheacha a thabhairt do chuile dhuine sa teach agus a d’fhéadfadh sé, nó sí, scaoileadh siar. Comhartha féile a bhí sa bheart sin, gan bhréag, nó go hiondúil, bhíodh na huibheacha céanna sin ag teastáil go géar le díol sa siopa, le siúicre, tabac, agus gráinnín tae, a cheanacht.
.
Cheannaíodh daoine éadaí nua um Cháisc freisin, dá mbeadh an gustal acu chuige. Nach raibh sé sa tseanfhocal acu fiú….
Bia agus deoch don Nollaig,
Agus éadaí nua don Cháisc.
An tráthnóna sin, bhíodh sé de nós againne, gasúir, bualadh amach faoin tuath, ag déanamh spraoi dúinn fhéin, muid ag rith, ag léim, ag marcaíocht ar asail, agus ag rás linn trí na dumhcha gainimhe, cois trá. Bheadh sé éasca go maith sinn a chur a chodladh an oíche sin, geallaimse dhuit é!
.
Ní raibh fágtha ansin ach Luan Cásca, agus dár ndóigh, bhí a thábhacht fhéin ag baint leis an lá sin, nó chuireadh sé daoine ag smaoineamh ar an Éirí Amach i mBaile Átha Cliath, ar cuireadh tús leis ar Luan Cásca 1916. Ach sin scéal eile, do lá eicínt eile.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
.
Happy New Year !
“Ring out wild bells to the wild sky,
The flying cloud, the frosty lights;
The year is dying in the night,
Ring out, wild bells, and let him die.”
Sea, clingigí libh a chloga caointe, nó tá an bhliain seo 2007 ar leaba a báis, tá sí ag séathlú i lár na hoíche, clingigí os ard, a chloga, agus ligigí di imeacht. Sea, ligigí di séathlú.
B’fhéidir anois nárbh í an bhliain ba mheasa riamh í, ach ag an am gcéanna, d’fhéadfadh sí a bheith níos fearr, nó tá an bhliain seo ar leaba a báis anois, agus níl biseach i ndán di, mar sin, is féidir linn labhairt amach, gan scáth, gan eagla, agus ná bacadh éinne leis an sean-nath carthannach sin a bhíodh ag na Rómhánaigh fadó….
…De mortuis nil nisi bonum…
Mar ó tharla nach bhfuil an bhliain 2007 imithe ar shlí na fírinne uainn fós, dá bhrí sin, is féidir linn bheith ag sciolladóireacht uirthi fós!
Ach ar dhein sí aon rud as an mbealach, le linn a ré?
“Ring out a slowly dying cause,
And ancient forms of party strife,
Ring in the nobler modes of life,
With sweeter manners, purer laws.”
Election Year
Ba í bliain an Olltoghcháin í freisin, nuair a thoghamar Dáil nua, agus in áit an tseanRialtais a athrú, faoi mar a theastaigh ó roinnt áirithe daoine, is amhlaidh a cuireadh cuid mhaith den tseanRialtas céanna ar ais i gcumhacht arís, ach níorbh é sin amháin é, ach an babhta seo, d’éirigh leo tuilleadh suíochán a fháil, trí cheangal nua a shnadhmadh leis na Glasaigh agus le dorn Neamhspleáigh, sa chaoi go bhfuil siad níos láidre anois ná mar a bhí siad ó theacht i gcumhacht dóibh, a chéaduair, sa bhliain 1997. Ach nach ‘in í breith an phobail?
Roimh an toghchán, tuigeadh dá lán, go raibh cúrsaí eacnamaíochta mar a d’iarrfadh do bhéal fhéin iad a bheith. Bhí breall orthusan áfach, nó ba ghearr go raibh port eile ar fad á fheadaíl ag Airí. Ní raibh coibhneas ar bith idir a raibh ag teacht isteach chugainn, agus a raibh le chaitheamh againn, le seirbhísí an Rialtais a choinneáil sa tsiúl. Ní raibh ach leigheas amháin ar an scéal sin, agus b’in go raibh de dhualgas ar an Rialtas gearradh siar roinnt ar chuid dá ngeallúintí, Agus is dócha go bhfuair daoine áirithe amach, nach bhfuil breith ar a n-aithrí acu anois, nó ní hé tráth na hola, tráth na haithrí!
“Ring out old shapes of foul disease,
Ring out the narrowing lust of gold,
Ring out the thousand wars of old,
Ring in the thousand years of peace.”
Peace on Earth
Tá faitíos orm, nach bhfuil ré na síochána domhanda sin buailte linn fós, nó tá an cogadh idir Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta agus Meiriceá agus a comhghuallaithe, ag réabadh leis fós ina loscadh sléibhe. agus ní hionann go díreach an cogadh seo agus cogaí a troideadh ó thús an domhain, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, nó tá socruithe ag na Stáit an Sceimhlitheoireacht Idirnáisiúnta a throid, áit ar bith, am ar bith, i dtír ar bith, ina nochtfar í. Is dócha nach raibh an dara rogha acu, nó bhí an sceimhlitheoireacht chéanna á hidirnáisiúniú, agus bhí an lá ag teacht, nuair a bheadh na fórsaí sceimhlitheoireachta chéanna sin níos láidre ná Rialtais an domhain mhóir, agus dá dtiocfadh an lá sin, bheadh an tsibhialtacht, mar a bhfuil aithne againne uirthi, bheadh sí i mbaol a múchta, agus gan dabht ar domhan, dá dtiocfadh an lá sin, sheirgfeadh an córas daonlathach, mar chóras rialaithe i measc na saor, cibé cineál córais a thiocfadh isteach ina áit. Deachtóireacht de chineál eicínt, ní foláir.
Ring out the want, the care, the sin,
The faithless coldness of the times;
Ring out, ring out my mournful rhymes,
But ring the fuller minstrel in.
Sea, i nDomhnach, déanaimis uilig iarracht an ghruaim, an bhuairt, agus seacht gcúramaí an tsléibhe a ruaigeadh as ár saol laethúil, agus ina n-áit, cuirimis romhainn áthas, gliondar, agus lúcháir an tsaoil mhóir seo a cheiliúradh, Domhnach agus Dálach. Tá’s ag an saol, nach bhfuil sé éasca a leithéid a dhéanamh, ach cuirimis romhainn é mar rún athbhliana, agus má éiríonn linn sin a dhéanamh, ansin beidh muid i ndán bheith ag maíomh as ár ngaisce, nuair a thiochfaidh an tráth seo bliana chugainn arís.
Our World
Sea, agus breathnaigh ar an saol thart orainn anseo inár dtír fhéin, anseo i dtír na Naomh is na nOllamh, cá bhfuil an charthannacht, an cúram, agus grá na gcomharsan, le tabhairt faoi deara, tríd is tríd? Céard tá le feiceáil againn ar sráideanna ár mbailte agus ár gcathracha? Grá? carthannacht? agus cúram? Bíodh trí splaideog céille agat! Níl le feiceáil, ar an mórgóir, ach mugáil, sceanadh, robáil, agus marú. Níl mé ag maíomh anois nach bhfuil an grá, an charthannacht, agus an cúram ansin, nó tá’s againn uilig go bhfuil, ach is ar an olc a dhírítear ár n-aire, in áit na maithe. B’fhéidir mar sin, sa bhliain atá romhainn amach, go gcuirfí cosc, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, leis an olc sin uilig a tharlaíonn ar ár sráideanna, agus ní hamháin ar ár sráideanna, ach ar fud ár mbailte tuaite freisin, agus ó cheann ceann ár dtíre.
Isaiah’s Vision
B’fhéidir go dtiocfadh ré na síochána chugainn, agus go bhfíorófar tairngreacht Ísáia fáidh, ar deireadh thiar thall. Nó nárbh é an fáidh céanna sin, a chan chomh fileata, faoi laethe úd na síochána. Mhaígh sé go bhfeicfeadh muid ré síochána ag breacadh inár measc. Ní bheadh ar an saol ar fad ansin ach síocháin. Dhéanfaí dearmad ar scileanna na cogaíochta, agus ní dhéanfaí airm troda a dhearadh, nó a dhéanamh, i measc daoine, a thuilleadh.
Agus bualifidh siad a gclaimhte amach ina soic chéachta,
And their spears into billhooks,
Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile a thuilleadh,
Ná ní chleachtóidh siad cogadh níos mó.
Nach álainn an fhís í sin, a scalann anuas chugainn trí dhorchadas oíche na staire daonna. Sin í mian chroí an duine, agus an tráth seo bliana, guímis arís an tseanghuí…
Glóir do Dhia sna hArda, agus ar talamh, síocháin do lucht a pháirte.
Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh uilig, agus gura seacht fearr a bheidh chuile dhuine agaibh, bliain ó inniu..
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Saicéadach agus Luaithreach
Peadar Bairéad
Pionós agus Aithrí
Nach minic a léitear sa tSean Tiomna faoi’n nós a bhí acu sna laethe úd saicéadach agus luaithreach a úsáid mar chomhartha aithrí. Chaithidís saicéadach, agus shuídís i luaithreach, le teaspáint don tsaol mór, go raibh pionós á dhéanamh acu ina bpeacaí. Gan dabht, don té a raibh cleachtadh aige ar éadach breá, bog, uasaicmeach, ba mhór an gaisce spioradálta dósan é, an saicéadach garbh, gránna, míchompórdach, a chaitheamh lena chraiceann, agus nuair a chuireann tú le sin, go gcaithfeadh sé a sheal ina shuí ar luaithreach shalach céasta, cráite, in ionad bheith suite ar a sháimhín só ar tholg bog taitneamhach, faigheann muid léargas eicínt ar an bpionós a bhí á dhéanamh aige, mar chomhartha aithrí ina pheacaí. Nach cuimhin le beagnach chuile dhuine againn léamh faoi ghaisce úd Rí Nineveh, nuair a thug an Fáidh Jonah cuairt ar an gcathair ollmhór ársa sin, agus nuair a thairngir sé go scriosfaí Nineveh i gcionn daichead lá. Thug an Rí cluas dá thairngreacht, agus rinne rud air. Chuir sé uaidh a róbaí ríoga agus shuigh sé síos ar luaithreach, i saicéadach an aithrígh, agus níorbh é sin amháin é, ach chuir sé iachall ar a mhuintir uilig an cleas céanna a dhéanamh, agus d’fhógair troscadh do dhaoine agus do bheithígh, ar mhaithe le fearg Dé a mhaolú. Shásaigh pionós sin an Rí úd Dia, agus níor agair Dia díoltas air fhéin, nó ar a mhuintir. Agus ó tharla ag tochrais ar an gceirtlín seo muid, is dócha gur chóir a lua, nach iad na gnáthdhaoine a dhéanadh an beart seo, de ghnáth, nó nach mbíodh an saol sách-dian orthusan, cheana féin? níorbh iad a chaitheadh an saicéadach, nó a shuíodh ar an gcarn luaithrigh, ach oiread, níorbh iad muis! nó b’iad na ríthe agus na boic mhóra a theaspáinfeadh go raibh aithrí á dhéanamh acu trína comharthaí sin, mar nárbh iad ba mhó a dhéanadh an éagóir, agus an slad, ar bhochtáin agus ar oibrithe, agus b’iad freisin ba mhó a dhéanadh Aitheanta an Tiarna a bhriseadh, agus sa tslí sin, a tharraingíodh fearg an Tiarna anuas ar an bpobal frí chéile.
B’in iad na seanlaethe
Ach b’in iad na seanlaethe, b’in iad na laethe, nuair a chreid daoine, go raibh Dia Mór na Glóire sna Flaithis thuas, a raibh súil ghéar á choinneáil aige ar chúrsaí daonna, agus a d’fhéadfadh díoltas a agairt ar phobal, mura ndéanfaidís siúd a orduithe agus a aitheanta a choimhlíonadh. Nach éasca a shleamhnaíonn Sodom agus Gomorrah chugainn mar shamplaí dá leithéid.
Ach ní chuige sin atá mé an babhta seo, nó ba é a chuir ag tochrais ar an gceirtlín seo mé, nó an chaoi a bhfuiltear ag iarraidh pionós oiriúnach a ghearradh ar an Eaglais Chaitliceach abhus, le scathamh de bhlianta anuas anois, i ngeall ar ar tharla sna Scoileanna Saothair agus sna Scoileanna Ceartúcháin, a raibh siad ina mbun, faoi stiúir an Stáit, blianta ó shoin . Tá daoine ar aon fhocal anois gur chóir oiread áirithe airgead a bhailiú ó na hOird agus ó na Cumainn Chrábhaidh sin, a raibh roinnt dá mbaill ciontach sa mhí-iompar sin uilig, agus a tharraing mí-chlú, agus náire, anuas orthu fhéin, ar a nOird, agus ar an Eaglais frí chéile, agus go ndéanfaí an t-airgead sin a úsáid, le chuile chúnamh a chur ar fáil dóibh siúd, ar deineadh an éagóir sin orthu. Tá daoine eile ann adéarfadh, gur chóir an dlí a chur ar na baill chéanna sin, agus iad a tharraingt tríd na cúirteanna, len iad a ainmniú agus a náiriú. Sea, d’fhéadfá a rá, go bhfuil a shocrú fhéin ag chuile dhuine ar an scéal céanna sin, ach, níl dabht ar domhan ach go gceapann chuile dhuine, geall leis, gur chóir go n-íocfadh na hOird agus na Cumainn sin go daor as mí-iompar roinnt áirithe dá mbaill, agus dá dtarlódh go bhfágfaí gan sciúrtóg fhéin cuid acu, ní dóigh liom, go gcuirfeadh sin as go ró-mhór do roinnt áirithe daoine.
Glanadh an Scláta
Ach, fiú dá ndéanfaí a leithéid, agus níl dabht ann ach gur chóir go ndéanfaí, ní dóigh lena lán, go nglanfadh sin an scláta glan, amach is amuigh. Mar nach cuimhin le chuile dhuine againn go raibh mí-iompar agus mí-úsáid eile i gceist freisin sios tríd na blianta, ag daoine a mbeifeá ag súil le dea-shampla agus ceannaireacht uathu san Eaglais chéanna sin. Bhí mé ag caint, ar na mallaibh, le mo sheanchara, Séimí cóir an Droichid, agus tháinig seisean leis an socrú sin freisin, ach chuaigh sé píosa níos fuide ná sin leis an scéal, nó ba é a dhearcadh siúd nó gur chóir don Eaglais Chaitliceach abhus, an bhliain seo chugainn, bliain ár dTiarna, 2010, a fhógairt mar Bhliain Aithrí, le deimhin a dhéanamh de, nach ndéanfaí dearmad go luath ar ar tharla anseo, i rith thréimhse úd an mhí-iompair agus na mí-úsáide do-thuigthe, do-chosanta sin. B’fhéidir gur leag mo sheanchara Séimí a mhéar ar an gcnaipe ceart an babhta seo.
Céard a cheapanns tú fhéin faoi?
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Saolaíodh Áilleacht Uafar 2
.
(Thoughts of the Rising, and of its leaders, are beginning go come to the fore as we approach the centenary of that Easter Week 1916)
.
Áilleacht an tSaoil seo
.
‘Áilleacht an tsaoil seo’ a bhaist mé ar shraith altanna a scríobh mé, blianta ó shoin anois, agus mé ag smaoineamh ar dhán úd an Phiarsaigh …”The Wayfarer”, faoi Áilleacht an tSaoil seo.
“The beauty of the world hath made me sad,
This beauty that will pass.
Sometimes my heart hath shaken with great joy
To see a leaping squirrel in a tree,
Or a red lady-bird upon a stalk,
Or little rabbits in a field at evening,
Lit by a slanting sun”
Sea, nár chumasach an file i mbun pinn é? agus nár leochaileach é luí a smaointe ar iontaisí an dúlra? I laethe an Phiarsaigh, bhí an tír seo fós faoi smacht Shasana, agus bíodh go raibh roinnt dár bpobal oilte agus sciliúil i gcúrsaí polaitíochta, agus riaracháin, ag an am gcéanna, ní raibh cleachtadh faighte fós ag éinne acu ar rialú tíre, An tráth sin freisin, ó bhunú eagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge, Cumann Lúthcheas Gael, agus Sinn Féin, lean spiorad an náisiúnachais ag fás is ag forbairt i measc mhuintir na tíre ársa seo, Ní call dom a rá, go raibh an Piarsach fhéin páirteach sna gluaiseachtaí nua sin, tharla go raibh sé bainteach le hiriseoireacht, le múinteoireacht, agus le litríocht, tráth a raibh na fórsaí réabhlóideacha sin ag múnlú, agus ag dul i bhfeidhm, ar phobail na tíre. Breathnaigh ar an tír, faoi mar a bhí, an tráth úd, agus faoi mar atá sí inniu, agus tabharfaidh tú faoi deara, an fás ollmhór a tháinig ar shaol eacnamaíochta, agus ar stíl bheatha na muintire, san idirlinn, agus feicfidh tú freisin, gur tháinig fás as cuimse ar fhís, agus ar aisling, mhuintir na hÉireann, sa tréimhse chéanna sin.
“The Fool” .
Chreid an Piarsach go raibh seans ann, go bhfíorófaí a fhís, agus go dtiocfadh an ‘Éire Gaelach’ úd i réim, ar ball.
“O wise men riddle me this
What if my dream comes true?
What if my dream comes true
And if millions unborn should dwell
In the house I have shaped in my heart
The noble house of my thought.”
Thuig an Piarsach ina chroí istigh, céard a bhí uaidh, agus chuaigh sé i mbun oibre, go luath ina shaol, le sin a chur i gcrích. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge, agus in éineacht le spiorad na teanga sin, shlog sé siar neamhspleáchas fiáin an Ghaeil. Sea, agus d’fhoghlaim sé freisin ceird na saighdiúrachta. Ná ceap anois, go mba ghaeilgeoir buile, amach is amuigh é, nó níorbh ea, nó ba é an chuspóir a chuir sé roimhe sa scoil sin, nó córas dhátheangach a bhunú, sa chaoi go mbeadh idir Ghaeilge agus Bhéarla ag daltaí Scoil Éanna. Ba sa Bheilg a chonaic sé mar a d’oibrigh córas dá leithéid sin go seoigh. B’in an chuspóir a chuir sé roimhe mar oideachasóir i Scoil Éanna. Breathnaigh freisin ar a chuid iriseoireachta, agus ar a chuid scríbhneoireachta. Bhí meas aige ar an dá theanga, agus gan fuath aige do cheachtar acu. Déarfainn go bhfuil sin le feiceáil go soiléir, sna focail seo, óna pheann fhéin….
…”and he who would segregate Irish history, and Irish men, into two sections…..Irish-speaking and English-speaking is not helping towards achieving Ireland a Nation…”
.
Caolaigeantach ?
.
Déarfainn go bhfuil sé soiléir go maith ón méid sin, nach raibh aon chaolaigeantacht ag baint leis an bPiarsach, chomh fada is a bhain sé le cúrsaí teanga. Ach céard faoi’n ráiteas úd….
“Not free merely but Gaelic as well,
Not Gaelic merely but free as well.”
Nach sásódh an dátheangachas forálacha na fise sin? Agus tabhair faoi deara freisin, chomh cóngarach is a thagann an dearcadh sin do fhís Mhic Dhiarmada, ach shásófaí eisean dá mbeadh Gaeltacht agus Galltacht i réim sa tír, rud nárbh ionann is dátheangachas. B’fhearr é fís an Phiarsaigh, agus seans aige teacht i dtír, ar feadh tréimhse, ar aon nós.
.
.
.
.
.
.
.
.