“ B h u r g C é a d F á i l t e I s t e a c h ” ?

.

*****************************

.

(Tharla gur scríobh mé an léirmheas seo, tamall ó shoin, agus bhí sé coinnithe ar leataobh agam do lá na coise tinne, mar adéarfá, ach ansin, chualamar uilig an scéal faoi na teifigh ón Aifric a bádh, ar mbealach dóibh ó chósta na hAifrice, go dtí an Iodáil, agus tuigeadh dom ansin, go raibh an t-am tagtha, leis an bpíosa seo a chur i mBéal an Phobail, toisc gur bhain se go díreach leis an ábhar sin. Mar sin, seo chugaibh é…………………..)

.

******************************

.

W e l c o m e t o P a r a d i s e …………………(Aistrithe go Béarla)……………2003.

le

M a h i B i n e b i n e ………………………………………………………………………….€12.99.

.

******************************

.

Rugadh an t-údar, Mahi Binebine, i Marakesh sa bhliain 1959, agus tar éis dó seal a chaitheamh ag staidéar i bPáras na Fraince, chuaigh sé le múinteoireacht. Bhain sé cáil amach dó fhéin, mar phéintéir, agus ansin mar úrscéalaí, agus ba ansin a thréig sé an mhúinteoireacht, agus chuaigh go lánaimseartha leis an scríbhneoireacht. Chaith seal i Nua Eabhrac, idir 1994 agus 1998. Faoi láthair, tá cónaí air i Marakesh, mar ar rugadh é, ceithre bliana is dhá scór ó shoin.

Ba í, Lulu Norman, a rinne an leabhar a aistriú go Béarla, bean a bhfuil cáil bainte amach aice mar aistritheoir ón Spáinnis agus ón bhFraincis freisin.

Don té a chuireann spéis i ndream atá go mór i mbéal an phobail, na laethe seo, idir dhídeanaithe agus inimircigh, a thagann thar teorainn isteach chugainn, ar ais, nó ar eigean, ar thóir Thír na n-Óg, anseo in ár meascna, ba mhaith ab fhiú dó an leabhar seo a léamh, nó sin é díreach an t-ábhar ar a ndíríonn an t-údar seo tóirse a scile mar úrscéalaí, san úrscéal corraitheach, croíbhristeach, seo.

Is é Aziz, Maracach, an scéalaí, agus is trína shúile-sean a fheiceann muid gníomhaíocht agus eachtraí an scéil seo, sea, agus is trína a shúile-sean freisin, a fheiceann muid na carachtair eile, a ghlacann páirt sa scéal. In éineacht leis an scéalaí tá a chol ceathrar, Reda, Maracach eile, agus níl ón mbeirt Mharacach sin ach fáil isteach i bparrthas na hEorpa, nó cé nach bhfuil sé éasca, ar aon tsaghas cuma, fáil isteach sa limistéar sin, tuigtear dóibh, ag an am gcéanna, gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid, dá mbeadh sé d’ádh orthu fáil isteach inti.

Tá carachtair eile sa scéal freisin aige, carachtair ar nós Kacem Judi, a tháinig trí chogadh na hAilgéire, Nuara, agus a naíonán nuabheirthe, atá ag iarraidh teacht suas lena céile fir, ar éirigh leis fáil isteach sa bhFrainc, míonna roimhe sin, ach nár scríobh chuici, nó tada dá leithéid. Tá freisin, Paladnam agus Varcé, ar éirigh leo beirt, an turas contúirteach ó Mhali a dhéanamh.

Tá na carachtair seo uilig, bailithe le chéile ar chósta Mharacó agus iad ag feitheamh go foidhneach le deis a fháil dul trasna na Meánmhara, go cósta na Spáinne, ar a mbealach isteach i ndúnárus na hEorpa, áit a gcuirfí saol an mhada bháin ar fáil dóibh, dár leo.

Conas a tharla go bhfuilid uilig tagtha ar aon fhód anseo, an ea?

Bhuel, ó tharla gur daoine iad, nach bhfuil in aon ghar do bheith sásta leis an gcineál saoil atá acu, faoi láthair, agus tar éis dóibh scéalta, agus ráflaí iomadúla a chlos, faoi na bealaí éagsúla atá ann, le fáil isteach san Eoraip, rinneadar a slí, ina nduine is ina nduine, nó ina mbeirteanna, fiú, go dtí sa deireadh thiar, shroich siad Café France, i gcathair Tangier, áit ar bhuail siad le Morad, fear a rinne a bhealach isteach san Eoraip roinnt babhtaí, ach ar cuireadh an ruaig as an Eoraip air, i ndeireadh na dála, agus fear freisin, a thuig anois, nach raibh sé sábháilte dó fhéin tabhairt faoi arís, ach thuig sé, go bhféadfadh sé airgead a dhéanamh, as an méid eolais a bhí bailithe aige, faoi na slite ab fhearr, le teacht aniar aduaidh ar ghardaí cósta, agus ar na hoifigigh eile, a raibh sé de chuspóir acu, stop a chur leis na teifigh seo uilig. Dá thoradh sin, bhí ar a chumas, margadh a dhéanamh le bádóirí, agus le hiascairí, a bheadh sásta dul sa tseans, sa trádáil mhídhleathach seo, agus ag an am gcéanna, ar phraghas áirithe, a chuirfeadh áit ar na báid sin in áirithe, dóibh siúd, a bhí sásta an táille chuí a íoc leis-sean.

Bhuel, bhí an margadh déanta ag Morad le bád áirithe, agus bhí an táille chuí ioctha ag an dream áirithe, a luaigh mé thuas, agus ní raibh le déanamah acu anois, ach fanacht ansin, ar imeall na farraige, ag fanacht ar a bhfaill. Bhí ina measc, gníomhaire, nó trafficker, fear ionaid Mhorad, agus b’eisean a dhéanfadh treoir dóibh, ar an mbealach trasna na Meánmhara.

Bhí an oíche sin fuar. Bhí gaineamh biorach á gcealgadh, agus cáthadh farraige á bhfliuchadh, agus iad cuachta ansin ar imeall na trá, ag fanacht go dtabharfadh an gníomhaire sin an leid dóibh, go raibh sé in am bogadh.

Reda’s teeth set to chattering again. His complexion turned green, making me dread another explosion from the gut area.

The sea spray and the sand kept up their attack, whipping our faces at regular intervals. The rock that sheltered us wasn’t very high; I didn’t see why we couldn’t have picked another one.

San idirlinn, baineann an t-údar úsáid as an am sin, le scéal na dteifeach éagsúla a ríomh dúinn, agus bí cinnte, go bhfuil scéal, agus scéal suimiúil, achrannach, cráite, le ríomh faoi chuile dhuine acu. Ní call dom a rá, go raibh an fear inste scéil, ag iarraidh aire a thabhairt dá chol ceathrar, Reda, nó ní raibh an Reda céanna sin chomh miotalach le hAziz fhéin. Ach bhí siad uilig sa mbád céanna, mar aéarfá, iad ag fanacht ansin, go dtabharfadh an gníomhaire gaoth an fhocail dóibh, go raibh an t-am tagtha, lena seolta a ardú, agus an fharraige a thabhairt orthu fhéin. B’fhada an oíche acu é, agus iad fuar, feannta ocrach..

A salty gust of wind shook us. Reda woke with a start. I put my hand on his head and told him to go back to sleep.

He looked up and said, ‘I’m hurgry.’

‘Me too,’ I replied.

‘I’m cold’

‘Go back to sleep then! It’s the best way to escape.’

Sea, b’fhada leo uilig an oíche chinniúnach sin. Thosaigh an leanbh ag caoineadh go géar, dóite, rud a scanraigh agus a chiap chuile dhuine acu. Ar deireadh, chuireadar an bhean, Nuara agus a leanbh, isteach faoi bhád, a bhí in aice láimhe, agus fuair siad beirt faoiseamh ón nóiméad sin amach, agus ní call a rá, go bhfuair an uile dhuine, den chomhluadar ait sin, faoiseamh freisin.

Le fad a bhfeithimh a cur ar ár súile dúinn, caitheann an t-údar an t-am ag ríom scéil chuile dhuine den ghrúpa ait daonna sin, iad cosúil leis an mbruth-fó-thír fhéin, sa mhéid gur chaith a chinniúint fhéin chuile dhuine acu, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, gur chaith sí ansin iad, ar thrá an anró, ag feitheamh le faoiseamh.

Níl fúm anseo, dul siar ar na scéalta cráite, a ríomh an scéalaí dúinn, faoi na créatúir céasta sin, ach ar deireadh thiar, tháinig nóiméad na fírinne. Fuair an gníomhaire, nó an trafficker, mar a thugtar ar a leithéid i mBéarla, fuair sé an comhartha réamhshocraithe, á chuir in iúl dó, go raibh an bád ullamh, agus ag feitheamh orthu. Bhailíodar timpeall. Lainseáil siad an bád, a bhí ullamh, agus in aice láimhe acu. Ach ag an nóiméad cinniúnach sin, thréig a neart Reda bocht, agus ní raibh Aziz réidh lena chol ceathrar a fhágáil ansin ina dhiaidh ar an trá, agus shocraigh sé ar a chúnamh a thabhairt dó, in am an ghátair, ach lainseáladh an bád chomh tapaidh sin, gur ghearr go raibh an bheirt Mharacach fágtha leo fhéin, ar an trá fholaimh.

There was nothing I could do; leaving him there amounted to letting him die. No, I just couldn’t help myself. I’d hardly gone back three yards when the roller caught me, lifting me high in the sky, swept up my cousin and flung us both with unbelievable violence towards the shore – that cursed shore that had been ours from birth, to which we were forever condemned.

Bhí siad ró-dhéanach anois, nó bhí an bád ar a slí amach go dtí an bád iascaigh, a thabharfad slán, sábháilte, iad, go cósta beannaithe na Spáinne gile. Ach ní mar a shíltear a bhítear, go minic.

Ar aon chuma, d’éirigh le hAziz agus a chol ceathrar, teacht chucu fhéin, ar ball, agus thógadar a seolta leo ar ais chun na hAfraice. B’fhéidir go mbeadh lá eile ag an bPaorach, nó ag an Maracach fiú! Ach ag an bpointe áirithe sin, ba bheag a bhí idir iad agus an bás.

Ar ball, d’éirigh leo béile a fháil istigh sa mbaile mór, d’óladar tae, agus chaitheadar toitíní. Ba bheag a bhí fanta acu anois, taobh amuigh de na balcaisí a bhí a gcaitheamh acu. Shiúladar síos an tsráid. Stop Reda taobh amuigh de shiopa aibhléise, agus ansin, sa bhfuinneog ollmhór, gheal, bhí uimhir áirithe teilifíseáin, agus pictiúir éagsúla á dteaspáint ar chuile cheann acu. Bhí slua bailithe ansin. Cheap Aziz, i dtosach, gur chluiche peile a bhí á léiriú ar scáileán amháin acu, ach níorbh ea. Ansin, rug Reda ar lámh leis, agus thosaigh á brú. B’ansin a chonaic Aziz fhéin fáth a bhuartha…

My eyes stopped on the TV showing a Spanish programme. Policemen were fishing out bloated bodies. There was a man and child, weirdly tied together with a piece of fabric, two black men, one white man and a wonam with her plaits loose. Thier faces were hard to make out, but the trafficker’s green oilskin floating in the distance, as well as Pafadnam’s size, left no doubt about the victims’ identity.

‘Perhaps it’s not them!’ I said.

Reda didn’t answer.

Sea, ní raibh dabht ar domhan, ach gurbh iad a gcairde ón oíche aréir a bhí iontu, agus is dócha freisin, gur thug siad a mbuíochas dAllah, nó do cibé dia, a dtugadar a ndílseacht dó.

Tar éis do dhuine an leabhar seo a léamh, bheadh sé deacair dó feasta, teifigh a fheiceáil ar shráideanna a bhaile, gan smaoineamh ar ualach na scéalta atá á iompar ag chuile dhuine de na teifigh chéanna sin, scéalta uafáis, scéalta scanraitheacha, scéalta corraitheacha, ach go hiondúil, scéalta a chuirfeadh ar ár súile dúinn, gur chóir fáilte agus fiche a chur rompu, isteach i gcríoch seo Naomh is na nOllamh.

An-leabhar, arbh fhiú do chuile dhuine againn é a léamh, nó b’fhearrde sinn uilig, scéal seo na n-imirceach is na dteifeach a thuiscint.

.

*******************

Peadar Bairéad.

******************

  .

.

.

en_USEnglish