B l i a i n e i l e c h u g a i n n .

.

Mothaímse anocht

Luaidhe na mblian,

Mar ualach dian dom choscairt,

Ar alt, ar chnámh,

Ar chos, ar lámh,

Mar chosc, mar bhac, ar ghluaiseacht.

.

Moilltear luas,

Cosctar lúth,

In úll, in alt, is i bhféith,

Sníomhtar pian,

Sáitear scian,

I gcroílár úll is géag.

.

Lagtar misneach,

Báitear dóchas,

Ullmhaítear corp is anam,

Don síob faoim’ choinne,

Ar ais abhaile

Go síocháin séimh na broinne.

.

**************************

en_USEnglish