I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(It is now time to look at the performance of our new Government, so “I mBéal an Phobail” decided to begin the process, this week.)

…Beart de réir a mbriathar…

Is dócha gur cuimhin le roinnt mhaith againn an mana a bhí ag Fianna Éireann fadó mar shlat tomhais dá n-iompar, agus dá ngníomhartha. Trí thréithe a bhí i gceist acu sa chás sin, agus ní gá a rá, gurbh í an tríú ceann an ceann ba thábhachtaí. Seo mar a cuireadh é i ndán Fiannaíochta, nuair a chuir Pádraig ceist ar Chaoilte Mac Rónáin….

Inis dúinn a scéalaí bhinn,

Céard a thug daoibhse an tiarnas,

Nó céard a choinnigh sibh gan mheath

An oiread mhair na Fianna.

.

“Trí tréithe do dhaingnigh sinn,

D’fhreagair Caoilte ciallmhar,

Glaine ar gcroí, ‘gus neart ár ngéag,

Is beart de réir ár mbriathar.

Ní gá a rá gur mór idir inné agus inniu! Go háirithe nuair a scalann muid tóirse ár bhfiosrachta ar chúrsaí polaitíochta, féachaint cé mhéad de na tréithe bunúsacha sin a bheadh le fáil iontu siúd a chuireann rompu leas an phobail a dhéanamh. Ach, nuair a dhírionn muid ár n-aire ar an dtréith is tábhachtaí díoibh uilig, sé sin, beart a dhéanamh de réir a mbriathar. Bhuel, sin ábhar cainte, agus ábhar cáinte, atá go mór i mbéal an phobail, na laethe seo.

Peaca do-mhaite

Anois, is cinnte go maitear a lán don aos polaitíochta, ach tá peaca amháin nach bhfuil an pobal sásta a mhaitheamh dóibh, agus sin geallúintí a bhriseadh, nó nuair nach ndéanann siad beart de réir a mbriathar. Tá an t-ábhar seo tagtha chun tosaigh na laethe seo, go háirithe nuair atá an Rialtas ag iarraidh Buiséad na bliana seo chugainn a dhréachtadh. Anois, cheapfá nach gá na hAindriu Martins go léir seo agus gan idir chamáin acu ach Buiséad a chur i dtoll a chéile, don bhliain seo chugainn. Ach nach minic a chloistear an seanfhocal adeir, nach mar a shíltear a bhítear, go minic, agus nach deacair na seanfhocal céanna sin a shárú, mar bíodh go mbíodh sé éasca go maith Buiséad a chumadh nuair a bhí na múrtha airgid ag líonadh isteach sa Státchiste, lá i ndiaidh lae, ach ní mar sin atá i mblianta seo an ghorta is an ghanntain, nó ní hé amháin nach bhfuil dóthain airgid sa Státchiste le híoc as gnóthaí an Stáit, ach níos measa fós, tá orainn costas rialaithe an Stáit seo a ísliú go mór, agus lab mór airgid a fháil ar iasacht ón ECB agus ón IMF, sa tslí go bhfuil orainn tuilleadh cánacha a bhailiú ón bpobal, agus lena chois sin, tá orainn gearradh siar go mór ar chaitheachas as an Státchiste céanna sin.

Geallúintí le briseadh?

Le freastal ar an dá thrá sin, beidh ar an Rialtas geallúintí a thug, siad le linn a bhfeachtas toghchánaíochta, a bhriseadh, agus peaca marfach na polaitíochta isea an peaca céanna sin, peaca nach maithfear dóibh, agus bí cinnte dhe, go bhfanfaidh vótóirí áirithe lena ndíoltas a bhaint amach orthu sa chéad Olltoghchán eile. Tá geasa ar pholaiteoirí beart a dhéanamh de réir a mbriathar. Nach minic a chloistear, na laethe seo, nach bhfuil an Rialtas reatha ag cur lena ngeallúintí, na geallúintí úd a thug siad agus iad ar thóir vótaí. Gheall cuid acu go gcuirfí deireadh le caimiléireacht de chuile shaghas, agus nach mbronnfaí jabanna ar a gcomrádaithe feasta, bíodh siad oiriúnach don phost, nó ná bíodh. Ach gealladh go gcuirfí postanna ina múrtha ar fáil dóibh siúd a bhí díomhaoin ag an am. Ar tharla a leithéid nuair a sacadh isteach sa diallait iad? Ag magadh atá tú! adeir lucht a gcáinte, mar tá an scéal níos measa anois, adeiridís, ná mar a bhí an tráth sin. Gheall siad freisin go gcuirfí deireadh leis an airgead gan teora a bhí á íoc leis na boic mhóra, agus go gcuirfí srian freisin leis na bónais ollmhóra, agus leis na pinsin arda, a bhí á n-íoc le baill an chiorcail órga.

Cothrom na Féinne

Sea, gealladh go roinnfí go cóir, ceart, cothrom, le chuile shaoránach, agus go dtabharfaí Cothrom na Féinne do chuile dhuine. Ar dheineadar beart de réir a mbriathar? Fágfaidh mé freagra na ceiste sin fútsa, a léitheoir. Tugadh geallúintí eile freisin dúinn, an tráth úd roimh an Olltoghchán. Gealladh dúinn nach n-ísleofaí liúntas ar bith leanaí, agus nach ndéanfaí leatrom ar na boicht, nó orthu siúd a raibh cúnamh an Stáit ag teastáil go géar uathu. Anois caithfidh muid fanacht go dtí lá an Bhuiséid le fáil amach ar coimhlíonadh na geallúintí sin. Ach caithfidh muid a chur san áireamh na ráitis atá á ndéanamh ag lucht an Rialtais, ar na mallaibh, le breith chóir a thabhairt ar a n-iompar, ar a ngníomhartha, agus ar a bpleananna. I ndáiríre, caithfear fanacht go mbéarfar an Buiséad nua sára mbeidh a fhios againn cén cineál beithíoch a bheidh ann.

.

.

en_USEnglish