Athbhliain faoi mhaise dhaoibh

Peadar Bairéad

Nollaig eile imithe uainn isteach trí shúil dhroichead an ama. Agus bíodh gur tráth ceiliúrtha agus spraoi é, tá súil agam, ag an am gcéanna, gur chaith sibh súil uaibh siar thar na blianta atá caite againn, go nuige seo, ag taisteal linn ar oilithreacht mhór achrannach na beatha. Is tráth freisin é le cuimhneamh ar na cairde a cailleadh, fan na slí. Ach, ní chuige sin amháin atá mé, an babhta seo, ach mo shúil romham agam ar an mbliain atá ag síneadh romhainn amach anois, agus í ag fanacht ar thairseach an tí, réidh le bualadh isteach chugainn, agus guím an tseanghuí arís oraibh, uair amháin eile. “Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dhaoibh uilig, agus gura seacht fearr a bheas chuile dhuine againn, bliain ó inniu.” Anois, agus muid ag seasamh ar bhruach na hathbhliana, nár chóir dúinn, i dtosach báire, slán a fhágáil leis an tseanbhliain agus í anois ag saothrú an bháis, lei fhéin, agus í ag snámhaíl lei, ar a ceithre bhonn, isteach i leabhair na staire. Céard is féidir linn a rá fúithi, sul a n-imí sí uainn? Ní féidir linn dul thar fóir á moladh, ach bíodh nárbh í an bhliain ab fhearr a casadh inár líon, ag an am gcéanna, níorbh í ba mheasa! Is fíor nach raibh cúrsaí eacnamaíochta anseeo thar mholadh beirte le linn saolré na bliana atá ar leaba a báis anois, ach ag an am gcéanna nár chóir dúinn a bheith buíoch, beannachach, go bhfuil muid beo fós, agus muid ag treabhadh linn go rábach i ngort guaireach na beatha.

New Year's Resolutions

Bhíodh sé de nós agamsa, thar na blianta atá caite, rúin athbhliana a dhéanamh, thart ar an am seo, chuile bhliain, agus mé ag ligint orm, go raibh m bheith im naomh ar thalamh san athbhliain! Ar éirigh liom beart de réir mo bhriathair a dhéanamh? Ag rámhaillí atá tú! Níor éirigh muis! nó bhíodh na rúin chéanna briste basctha agam gan mórán achair. Nílim ag moladh anois go gcuirfí deireadh le déanamh na rún céanna sin, nó is maith ann iad, do dhaoine áirithe, sé sin, do dhaoine a dteastaíonn uathu siúl feasta i dtreo eile ar fad, agus sa chás sin, go hiondúil, éiríonn le fear déanta na rún sin a leas a dhéanamh. Agus arís, nílimse ag maíomh nach bhfuil fúm fhéin cúrsaí ar bith a athrú, teacht na hathbhliana seo. Níl, muis! Mar, déanta na fírinne, tá socraithe agam in intinn leanúint liom ag scríobh na bpíosaí seo, don Kilkenny People, chomh fada is atá Eagarthóir oilte an tsárnuachtáin seo sta spás a chur ar fáil dom, agus cuir le sin, go bhfuil mé meáite anois ar labhairt amach níos dána agus níos fórsúla ná mar a dhein mé, go nuige seo. socraithe agam freisin, súil ghéar a choinneáil ar chúrsaí na teanga, agus ar chúrsaí polaitíochta, frí chéile, sa bhliain atá romhainn amach.

Wandering Memories

I needn’t say that my memories go wandering back through the years that have elapsed through the eye of the bridge of time, at this time of year, back also to the customs we used to have while I was growing up in Iorras na n'Iontas, yes and I also have memories of the people I knew who have passed on. May they all have a bed among the Saints. And since my Dad and his companions spent a period of time slaving away in Scotland, they brought home to Ireland Scottish customs such as the "First Footers", as the first person to come over your threshold on New Year’s Day was called. Yes, and the "Haggis" stories too. I often walked with them, in their stories, through the streets of the "Gorabals" as they called that city district in the city of Glasgow. But that's enough for this trip. All I have to do now is to wish you all a happy and prosperous New Year, and may we be alive at this time next year.

.

.

en_USEnglish