Buntaistí agus Míbhuntáistí Rialtas an Mhionlaigh

(Cineál nua Rialtais)

(This week we consider some of the achievements, and problems, of our Present Government.)

Bliain sa Diallait!

Nach fada an bhliain í, ó tugadh cumhacht na Dála don Rialtas s’againne? agus ní bréag ar bith é, a rá, gur chosúla le bliain reo-aoise í.

Tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir.

Chuile thuige! nó ar an gcéad dul síos, breathnaigh ar an méid ama a thóg sé le Rialtas a roghnú! Táid ann adéarfadh, nár chóir a mhilleán sin a leagan ar na Teachtaí Dála fhéin.

Agus cé air ar chóir é a leagan, murab orthusan é, má sea?

Ar na vótóirí, a thabharfadh siad mar fhreagra ar an gceist sin, nó chuireadar an oiread sin dreamanna polaitíochta chun na Dála, nárbh éasca an gnó é rialtas a ghaibhniú as na dreamanna éagsúla sin.

Milleán á leagan

Go réidh anois! Ní hé mo thuairim gur chóir a mhilleán sin a leagan ar na vótóirí, nó chonacthas do mhadraí an bhaile fhéin, go mbeadh sé thar a bheith éasca Rialtas a chur i dtoll a chéile, dá mbeadh na Teachtaí réidh le loighic an toghcháin a chur i gcrích, mar bhí sé thar a bheith éasca móramh na Dála a fháil, dá mbeadh péire de na príomhpháirtithe sásta cur le chéile, ar mhaithe le leas an phobail a dhéanamh, agus toil na vótóirí a chur i gcrích, ach i ndeireadh na dála, d’éirigh leo Rialtas de chineál nua ar fad a chur i dtoll a chéile leis an tír seo a rialú go ceann cupla bliain nó trí. Leis an mbeart sin a chur i gcrích, thoiligh Fianna Fáil tacaíocht a thabhairt don Rialtas FineGaelach, ar chúinsí áirithe, agus thoiligh Fine Gael ansin Rialtas a ghaibhniú, as a mbaill fhéin, agus as baill ó mhionpháirtithe agus ó neamhspleáigh éagsúla eile.

Ciallmhar agus fadcheannach

D’fhéadfadh duine a rá freisin, go mba chiallmhar, agus go mba fhadcheannach, an socrú é sin, i gcás go mbeadh na Teachtaí toilteanach úsáid chiallmhar a bhaint as, ar mhaithe le leas an phobail, nó thabharfadh an leagan amach seo deis don Dáil úsáid a bhaint as scileanna, agus as tuiscint, bhaill iomlán na Dála, in ionad bheith ag brath ar bhaill an aon pháirtí amháin, nó ar bhaill Chomhrialtais. Faoi’n am seo áfach, tá deis againn anois breathnú ar thoradh na trialach seo, ar tugadh deis dó a chumas a léiriú do phobal na tíre seo, nó faoin am seo, tá bliain iomlán caite ag an Rialtas seo sa diallait. Ar éirigh leo leas an phobail a dhéanamh, agus é sin a dhéanamh níos críochnúla ná mar a dhéanfadh Rialtas an mhóraimh, nó Rialtas Aonpháirtí. Táid ann adéarfadh, nár dhein, nó go raibh an iomarca laincisí agus buairíní á gcur orthu. le go bhféadfaidís aon dul chun cinn ar fónamh a dhéanamh, nó dá molfadh an Rialtas a leithéid seo, nó a leithéid siúd a dhéanamh, bheadh daoine ansin len iad a ionsaí ar dheis is ar chlé, agus iad réidh, agus ullamh, vótáil i gcoinne cibé a bhí á moladh, agus sa tslí sin, bhí ar a gcumas fís an Rialtais a lot, is a mhilleadh, agus sa tslí sin freisin, cuireadh dris chasáin roimh an Rialtas, chuile bhabhta, rud a fhágann an Rialtas i mbealach a bhasctha, gan ar a chumas feidhmiú mar ba chóir do Rialtas feidhmiú.

Rialtas ar dóigh

Ar an dtaobh eile den scéal, táid ann a déarfadh, gur Rialtas ar dóigh atá againn faoi láthair, agus cibé tá á moilliú faoi láthair, nach bhfuil ann ach nach bhfuil cleachtadh faighte againn fós ar an gcineál seo Rialtais, agus nuair a thiocfaí isteach ar Rialtas an mhionlaigh, go n-oibreoidh sé go seoigh ar fad, ar fad, nó go mbeidh deis ag chuile dhream agus fiú ag an duine aonair fhéin, a ladar a chur sa scéal, agus sa tslí sin, go mbeadh chuile sheans ann, go dtiocfaí ar leagan amach a shásódh móramh na Dála, agus a bheadh inghlactha ag móramh an phobail freisin. I ndáiríre, dá ndéanfaí iarracht ar an gcineál seo Rialtais a oibriú i gceart, chuile sheans go mbeadh sé i bhfad níos daonlathaí ná an cineal Rialtais a bhíodh againn go nuige seo, nuair nach raibh aon deis ag an bhfreasúra a dtionchar a fhí isteach i muabhrat polaitíochta an Stáit s’againne.

Céard a cheapann tú fhéin faon na socruithe sin?

  

.

.

.

.

.

.

.

en_USEnglish