Grisham chugainn arís

.

Calico Joe…………céadchló..……….2012

By

John Grisham.……..………………..€20.40

.

Cúis Ríméid

Ní raibh mé ag súil le leabhar eile ón údar ildánach seo chomh luath sin, agus mar sin, nach orm a bhí an ríméad nuair a chonaic mé an leabhar nua seo, Calico Joe, ar sheilp an tsiopa leabhar, an lá cheana, agus bíodh go raibh mo dhóthain d’ábhar léitheoireachta i mo leabhragán agam, cheana féin, ag an am gcéanna, ní fhéadfainn dul thar an leabhar seo gan é a cheannacht, sa chaoi go mbeadh lón léitheoireachta agam do lá na coise tinne. Ba é cúis a bhí le sin nó gur tharla go bhfuil chuile leabhar leis an nGrishamach léite agam, go nuige seo, agus toisc nach maith liom nós a dhéanamh, nó nós a bhriseadh, agus freisin, ó tharla go raibh lacáiste de bhreis is ceithre Euro le fáil sa tsiopa áirithe sin, cheannnaigh mé ar an toirt é. Chuir mé an leabhar, a bhí idir chamáin agam ag an am, ar leataobh, agus dhírigh mé ar ‘Chalico Joe’, láithreach bonn.

Cúrsaí Dlí agus Cúirteanna

Anois, mar is eol daoibh uilig, bunaíonn Grisham a leabhair uilig, geall leis, ar chúrsaí dlí agus cúirteanna, agus ní théann sé thar na teorainneacha sin amach, ach go fíorannamh. Rinne sé sin i gcás cupla leabhar, leabhair ar nós A Painted House, Playing for Pizza agus Skipping Christmas freisin, is dócha. Seo ceann eile de na heisceachtaí suimiúla sin, nó cúrsaí Baseball atá ag dó na geirbe aige san úrscéal taitneamhach, inchreidte, seo. Cuireann an t-údar tús lena leabhar le ceacht a thabhairt dá léitheoirí uilig ar dlíthe agus ar nósanna an chluiche chéanna sin. Féach mar a chuireann an t-údar fhéin é ina réamhrá mínithe….

“Over a long publishing lunch in London, I realised that my British friends, while enjoying the story of Calico Joe and grasping most of it, did not understand the game of baseball and were baffled by its terminology.”

Leis an scéal sin a leigheas, scríobh an t-údar aiste de 5,000 focal, ag iarraidh an bhearna sin a líonadh dúinn agus tar éis dúinn an aiste sin a léamh, ba chóir go dtuigfimis téarmaí ar nós, home plate, pitcher’s mound, a bunt, home run, bean ball’, agus tuilleadh mór eile lena gcois sin.

Calico Joe

Cuireann an t-údar a phríomhcharachtar, Joe Castle, laoch na coitiantachta, i mBaseball, sa bhliain 1973, in aithne dúinn. Bí ag caint ar imreoir den scoth, b’fhearr go mór fada ná sin é, Joe Castle, nó Calico Joe, faoi mar a thugtaí air, ag an am, toisc gurbh as Calico Rock dó, baile beag gleoite in Arkansas . Ba bheag imreoir baseball riamh a d’fhéadfá a chur i gcomórtas le Joe s’againne, de réir an scéil seo.

Trí Phaul Tracy a chuirtear bunús an scéil in ár láthair, agus ba é, mac Warren Tracy an Paul sin. Imreoir aitheanta eile baseball ba ea an Warren sin, ag an am. An bhliain sin bhí Calico Joe ag buachan thall agus abhus, roimhe agus ina dhiaidh, agus bhí cosúlacht ar an scéal go mbuafadh a fhoireann, na ‘Cubs’ chraobh na bliana sin. Imreoir órga ag foireann na ‘Cubs’ ba ea Joe. Anois, tharla an bhliain chéanna sin, go raibh athair Phaul, sé sin Warren Tracy ag imirt, mar theilgeoir, nó ‘Pitcher’, leis na New York ‘Mets’, agus faoi mar a tharlaíonn in úrscéalta, tharla i ndeireadh na dála, go raibh an bheirt chéanna seo ag imirt i gcoinne a chéile, nuair a bhí Joe ina shlacaí agus Warren ina theilgeoir. Ag pointe áirithe, tuigeadh do Warren go raibh sé in am aige ceacht a mhúineadh don ngasúr óg, leithleach, seo, a raibh a ainm inairde i measc lucht leanúna Baseball, ar fud na tire, agus nuair a fuair sé an deis chuige, chaith sé an ‘Bean Ball’. Anois, séard tá sa Bean Ball’ nó liathróid Baseball a chaithtear, agus luas lasrach faoi, d’aon ghnó, leis an slacaí a bhuaileadh san aghaidh, lena chur ó rath, sa chluiche sin. Caitheadh an Bean Ball’ agus leis an liathróid sin, cuireadh críoch obann le réim ghlórmhar Chalico Joe mar imreoir, agus chomh maith le sin, cuireadh críoch obann freisin, le cáil Warren Tracy, mar teilgeoir Baseball leis na Mets.

Tar éis triocha bliain…..

Anois, triocha bliain níos déanaí, tá Warren i mbéala báis, ailse air, agus ó tharla nár labhair sé fhéin agus Calico Joe focal lena chéile i rith an achair fhada sin, déantar iarracht ar an mbeirt sin a thabhairt le chéile, le críoch a chur leis an bhfaltanas a tharla eatarthu i Séasúr glórmhar Baseball úd na bliana 1973. Anois, níl fúm dul níos fuide leis mar scéal, agus má theastaíonn uaitse a fháil amach céard a tharla ina dhiaidh sin, caithfidh tú an leabhar spéisiúil seo a fháil, is a léamh, féachaint ar tháinig an bheirt úd le chéile, i ndeireadh na dála, agus cén chaoi ar éirigh leo críoch inchreidte a chur lena scéal céasta, brónach, daonna. Tá mé cinnte, go mbainfidh tú taitneamh agus pléisiúr as an scéal corraitheach, dosháraithe seo.   

Sárscéal eile ó chleite ildánach an mháistir………………..          

.

                

en_USEnglish