Cár imigh an Sioc?

Peadar Bairéad

.

(This week we consider life, as it is lived, in our Republic)

.

Sea! agus cá bhfuil an sneachta a bhí ann anuraidh? nó cár imigh an sioc? Sin iad na ceisteanna a chuireadh an tseandream orthu fhéin fadó, nuair a thugaidís faoi deara, go raibh an saol athraithe ó bhonn, agus nuair a thuigfidís gur tháinig an t-athrú sin aniar aduaidh orthu. Ar bhealach, nach é an dála céanna againne é? Bhain an tír s’againne a saoirse amach i dtús fhichidí na haoise seo caite, agus ansin, tar éis blianta fada a chaitheamh ag iarraidh ár mbealach fhéin a dhéanamh i dtreo phoblacht ár bhfíse, tháinig muid chuig ionad, ina raibh saol an mhadaidh bháin ag bunús ár ndaonra, agus muid ag druidim i dtreo ré órga ina mbeadh ganntan agus anro, bochtaineacht agus gorta, díbeartha go deo as Oileán seo na Naomh is na nOllamh. Ní gá dhom a rá, nach mar sin a tharla, nó faoi mar a dhúiseodh duine as támhnéal codlata, chonacthas dúinn nach raibh faoi dhúshraith ár bhfíse ach gaineamh séidte, agus go mba chosúil le tigh cartaí an teach seo a thóg Seáinín. Dhúisíomar maidin, agus chonacamar go raibh deireadh leis an mustar go léir, agus go raibh leá chúr na habhann tagtha ar an saibhreas a bhí in ainm a bheith carntha againn. Arbh aon ionadh gur chuireamar an cheist sin orainn fhéin?…Cár imigh an sioc? Cár imigh an saibhreas uilig a bhí carntha suas againn ar pháipéar? Sea, chuaigh leá chúr na habhann air, gan aon agó.

Neamhbhuaine an tsaoil

Bhail, thóg mé eagrán den nuachtán cáiliúil sin, an Kilkenny People, chugam, ar an Aoine, an 28ú Bealtaine, na bliana 2010, féachaint ar chabhair ar bith dom i bhfuascailt na faidhbe sin é, spléachadh a fháil ar chinnlínte chéad leathanaigh an eagráin sin. Ní call dom a insint duit, gur chuir ar léigh mé ansin ionadh agus alltacht orm, nó ba ghearr gur cuireadh ar mo shúile dhom é, go raibh sneachta na bliana anuraidh imithe gan filleadh. In alt le Mary Cody agus le Laura Keys, tugadh le fios dúinn, gur thug deichniúr faoi lámh a chur ina mbás fhéin, an deireadh seachtaine roimhe sin, agus ba dhrugaí a liostáileadh mar phríomhchúis dá ngníomh i mbunús na gcás sin. Ba é tuairim na saineolaithe freisin, go raibh baint ag na staitisticí sin uilig leis an gcúlú eacnamaíochta, agus moladh do na hÚdaráis Sláinte aird faoi leith a dhíriú ar na tarlúintí sin.

Sceanadh

Ar an gcéad leathanach sin den eagrán céanna, bhí scéal le Seán Keane, le léamh, faoi bheirt a thuirling de charr i lár Chathair Chill Chainnigh, agus a thug fogha faoi fhear óg, a sháigh é, agus a d’fhág ansin i mbéala báis é. Tuigtear go raibh drugaí taobh thiar den scliúchas sin freisin. Thugadar beirt an carr orthu fhéin ansin, agus as go brách leo, ach, is cosúil áfach, gur tharla easaontas éigin eatarthu, ar ball, agus gur éirigh siad chun a chéile, rud a d’fhág gur gabhadh iad, agus gur cuireadh comhad fúthu ar aghaidh chun an DPP.

Scéal eile le Seán Keane ar an gcéad leathanach sin freisin, faoi throideanna báis nó beatha, idir ainmhithe fiáine agus madraí. Eagraítear na troidenna céanna sin, anseo i gContae Chill Chainnigh, agus tagann slua daoine chun an láthair, le spórt a bhaint as an ndrochíde seo a thugtar ar na créatúir fhiáine sin. Sea, agus seans go mbíonn corr-gheall á chur freisin ar thoradh na dtroideanna sin. Deirtear go bhfuil sé deacair go maith, deireadh a chur leis an mí-iompar seo, bíodh go bhfuil dlithe reachtaithe ina choinne.

A Methadone Clinic

Tá scéal amháin eile ar chéad leathanach an eagráin sin, den People, agus is dócha gur deascéal é seo, murab ionann is na scéalta eile. Píosa le Laura Keys atá i gceist anseo, agus scéal faoi bhunú “Methadone Clinic” atá idir chamáin ag Laura.

Bhuel, sin agat pictiúr den saol a léirítear dúinn, ar chéad leathanach an Kilkenny People, dár dáta, an 28ú Bealtaine, 2010.

Cár imigh an Fhís ?

An bhfuil cúrsaí imithe ó smacht orainn? An bhfuil sé ró-dhéanach leis an dtaoide seo a chur ó dhoras? Nó, an féidir linn dul i mbun oibre anois, le dul ar thóir na físe úd, a spreag lucht an Éirí Amach, tarraingt ar chéad bliain ó shoin? Fúibhse atá sé, agus níor chaill fear an mhisnigh riamh é!

en_USEnglish