by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Cnuasach Gearrscéalta
.
Íbíotsa……………le……………Labhrás Ó Finneadha
Céadfhoilsthe………………2015…….………..€10.00
.
Scéilíní fánacha
I nóta poiblíochta ar chlúdach cúil an leabhair seo, – an chéad leabhar ficsin le Labhrás Ó Finneadha – , deirtear linn, gurb é atá ar fáil againn sa chnuasach seo nó, “scéilíní fánacha a léiríonn eachtraí beaga an tsaoil i sochaí cheilte an oileáin.” Ach le filleadh ar an leabhar fhéin… D’fhéadfá a rá, go bhfuil éagsúlacht taitneamhach le fáil in ábhar na scéalta. Breathnaigh nóiméad ar an gcéad scéal sa leabhar, ‘Dlúthpháirtíocht na mBan’ a bhaist an t-údar ar an scéal taitneamhach seo. Triúr cailín a théann ar saoire chuig Íbíotsa, le deireadh na hArdteistiméireachta a ceiliúradh. Eilís a bhí ar an gcailín ba chúthaile, agus rinne a máthair chuile iarracht ar chiall a mhúineadh di, sa chaoi go dtógfadh sí saoire anseo in Éirinn b’fhéidir, ach cinnte, gur chóir di an t-ionadh mí-oiriúnach, frithchríostaí sin a sheachaint. Ba bheag aird a thug Eilís ar a comhairle, agus in am tráth, shroich sí fhéin agus a beirt compánach an t-oileán grianmhar, Meánmhuirí sin. Níor chuir an tsaoire sin aon stró ar a compánaigh, ar Mhonice, nó ar Bhláthnaid, agus i ndeireadh na dála, bhí an triúr acu ag baint taitnimh an tsaoil as a saoire in Íbíotsa. Laethe fada cois trá, seal ag snámh agus seal á ngrianadh fhéin, agus seal eile fós ag breathnú ar fhir agus ar ógánaigh! Níor staon siad ó chupla deoch nó dioscó san oíche, ach choinnigh siad súil seabhaic ar a chéile, agus sa tslí sin, níor bhaol dóibh. Ní dhearna siad tada as an mbealach, luath nó mall.
Iall tosaigh briste
Ansin, lá amháin, agus Eilís ag snámh di fhéin, tháinig sí ar ais chucu agus í an-trína-chéile. Mhínigh sí dóibh go raibh iall tosaigh a bicíní briste. Moladh an leigheas seo agus moladh di an leigheas siúd, ach i ndeireadh na dalá, bhain si an gléas sin di, agus shiúl lei i dtreo a n-árasán, agus í cíochnocht, bródúil, banúil, gan chíochbheart ar bith, agus ba ansin a rinne an bheirt eile an beart céanna. Bláthnaid ba thúisce a thuig tábhacht na hócáide. ‘Dlúthpháirtíocht na mBan’ a bhí ann, dár lei. Sea, casadh an dá chultúr ar a chéile, agus chonaic na cailíní nár thug na daoine thart orthu aon aird faoi leith ar a ndánacht, agus bhíodar sásta go mbeadh cuimhne acu fhéin ar saoire sin a bhfuascailte in Íbíotsa lá is fuide anonn. Sea, d’imigh siad leo agus cíochbheart thar a gualainn ag chuile dhuine acu, agus iad lán de chuimhní na hócáide, cuimhní a chuirfidís i dtaisce i gcuisneoir na cuimhne, cuimhní a thógfadh a gcroí le linn geimhrí préachta a laethe, amach anseo.
“Díomá a bhí uirthi, áfach, nuair a thug sí faoi deara, nach raibh aon duine ag breathnú anois orthu, nó ag cur blas suntais san ala suaithinseach seo.”
Sea, rinne an t-údar an-obair anseo, sa chaoi ina gcuireann sé an scéal seo le chéile, agus mar ar éirigh leis stíl dheas, éasca, seolta, a úsáid, leis an scéal a chur inár láthair.
Scéal eile
Tá scéal suimiúil le fáil againn freisin faoin teideal, ‘An Mhaidhm’. Séimí ina shuí ar a bhalcóin, ‘Cafe con leche’ ordaithe aige, bosca toitín leagtha ar bhord, taobh leis, feaig ina láimh chlé, agus é ag breathnú amach ar an bhfarraige. Tugann sé chuile cheo faoi deara. “Tá rud éigin amuigh ansin nach
deachomhartha ó Dhia é, agus más i dtír a thiocfaidh, tagadh!
Thug Séimí na comharthaí uilig faoi deara, de réir a chéile, ach thuig sé an scéal go seoigh, tsúnamí, gan dabht, ach níor chorraigh Séimí na leisce, ach d’fhan mar a raibh aige, agus é faoi dhraíocht ag an maidhm mhór mhara, agus féach mar a chríochnaíonn an scéal agus an mhaidhm ag múchadh toitín Shéimí dó, agus ag an bpointe sin críochnaíonn an scéal. Cuirtín anuas, mar adéarfá.
An-scéal, an-insint, an-chur-chuige. sea, draíocht amach is amuigh.
Sea, agus d’fhéadfainn chuile scéal den naoi scéal sa leabhar seo a mholadh go hard, as a stíl, as a leagan amach, agus as an ruainne sin den draíocht a fhíonn an t-údar isteach trí abhras chuile scéal acu.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
(This week ‘I mBéal an Phobail’ wishes all our readers a very happy Christmas)
.
Cuimhní na Nollag
Cuimhní na Nollag ’na rás chugainn,
Is coinneall mhór dhearg ina chaor,
Gaineamh geal leata ar urláir
In onóir do Mhac Dé an Naí.
.
Cácaí na Nollag á mbácáil
Is a mboladh mar thúis gan locht.
Gé ramhar pioctha ’gus bearrtha,
Feistithe don oigheann ina nocht.
.
Páistí ar rotha le gliondar
is a súile ag drithliú mar réalt’
Ag smaoineamh ar “Santy” is Rudolf
Chucu thar Bhealach na Néal.
.
Tá ár gcistin ghlan maisithe go glégeal,
Eidhean is cuileann go fras,
Is croíthe ‘na lasair mar choinnle
Ag fáiltiú roimh Íosa is a Mham.
.
Maidin amárach, más beo sinn,
Éireoimid le solas na ré,
Is raghaimid go hAifreann na Gine
Ag comóradh bhreithlá Mhac Dé.
.
Nollaig Shona dhaoibh uilig
Tá an tráth sin bliana tagtha arís, an tráth sin a thugann deis dúinn beannachtaí na Féile a ghuí ar ár gcairde uilig, idir Ghael agus Ghall; idir óg agus shean; idir shaibhir agus daibhir. Seo an t-am a chuireann siar ar bhóithrín na smaointe, sinne a bhfuil measarthacht blianta carnaithe ar an gclog againn, ar thóir na gcuimhní úd atá curtha i dtaisce againn, i gcomhad na cuimhne, le haghaidh ócáidí dá leithéid seo. Smaoiníonn muid ar laethe órga na hoige, nuair ba neamh ar thalamh dúinn fiú smaoineamh fhéin ar Fhéile na Nollag. Don chuid is mó againn, chuile sheans go dtagann smaointe ar Sheanfhear na Féasóige Léithe fhéin chugainn isteach ar thonn na cuimhne, sea, agus cuimhní freisin ar na cairde móra a bhí againn le linn na tréimhse céanna sin. Cuimhní ar throscán na Féile, dóibh siúd a mhair ar an dtaobh cheart den bhóthar iarainn! crann mór na Nollag, gona shoilse, agus na féiríní cuachta ag a bhun, le croíthe na n-óg, ach go háirithe, a thógáil Maidin Lae Nollag.
Mo chuidse de áfach, mar dhuine a mhair ar an dtaobh contráilte den bhóthar iarainn, tagann taoide cuimhní ar ais chugam faoi’n saol a bhí againne, thiar in Iorras na nIontas, an tráth seo bliana. Chuile urlár scuabtha, sciúrtha. Gaineamh geal leata go fairsing ar urlár chuile chistine. Maisiúcháin pháipéir ildaite, ceannaithe ón lucht taistil, agus craobha síorghlasa, crochta thart ar na fallaí, coinneal mhór daite na Nollag feistithe sa bhfuinneog, agus an teach fhéin aoldaite, istigh, agus amuigh. Ullmhúcháin ar dóigh ar siúl ag Mamanna na dúiche. Cácaí Nollag á bhfuineadh agus á mbácáil, gé mhór reamhar na Nollag á phiocadh, agus á bhearradh, do dhinnéar mór na Nollag. Páistí na tíre ar chipiní ag fanacht ar chuairt Dhaidí na Nollag fhéin.
Na Lampaí Pairifín
Maidin Lae Nollag fhéin bhíoidh an líon tí uilig ina suí le glaoch an choilig, agus iad á ngléasadh fhéin d’Aifreann luath na maidine sin. Siúl chun an tséipéil, roimh éirí gréine. Soilse lasta i ngach teach fan an bhóthair go dtí séipéal an Gheata Mhóir. Comharsanna ag beannú dá chéile. “Nollaig faoi shéan is faoi mhaise dhuit.” Agus “An bhail chéanna ort fhein is ar do chúram” mar fhreagra ar an mbeannacht sin. An Séipéal go breá geal ag solas geal-bhuí na lampaí pairifín. Beannachtaí na Nollag a ghuí ar Phobal Dé ag an Sagart Paráiste.
I ndiaidh an Aifrinn, theimis-ne gasúir amach ar fud na bhfud ar thóir an dreoilín, nó dúinne, bhí tábhacht leis an searmanas céanna sin, nó bheifí ag súil go mbeadh dreoilín linn agus muid ag dul amach ar fud na mbailte an lá dár gcionn, Lá an Dreoilín, agus muid ag dul ó theach go teach ag lorg pingneacha leis an dreoilín a adhlacadh!
Up with the Kettle!
Suas leis an gciteal, agus síos leis an “Pan”,
Is tabhair dúinn do dheirc, i gcuimhne an “Wran”.
Cuairt á thabhairt ar thithe na gcomharsan. Amhráin á gcanadh. Dánta scoile á n-aithris, agus steipeanna rince á gcaitheamh ar urláir chré. Ó! a chara na gcarad, nárbh ’in iad na laethe? Nárbh aoibhinn bheith beo, agus óg, na laethe úd? Geallaimse dhuit é, nach raibh aon trácht na laethe úd ar “chúlú eacnamaíochta” nó ar thada dá shórt. Bhíomar uilig bocht, agus muid uilig sa mbád ceanna. Ach, nach raibh ár muintir fhéin linn, agus nach raibh pobal carthannach, cineálta, cairdiúil, thart orainn, agus nár leor sin dúinne gasúir an tráth úd.
Le críoch a chur le píosa seo Sheachtain na Nollag, ba mhaith liom “Nollaig faoi shéan is faoi mhaise a ghuí oraibh uilig, agus go mbeirimid beo ar an am seo arís. Sea, agus gura seacht fearr a bheas chuile mhac a’ pheata dinn faoin am sin……………..
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Cloch ar a Charn
.
Laoch eile ar lár
.
Trom anocht croí éigeas Osraí,
Millteach mór a chaill,
Fear dána eile sínte, caillte,
Fleasc a cheirde sciobtha ar fán.
.
Tobar eolais, Foinse eagna,
Crann taca Gael go hiomlán
Laoch sa bhearna in am an ghátair,
Ár gcosaint tréan ar scrios is ár.
.
Cé sheasfaidh feasta sa bhearna bhaoil dúinn,
Nuair a thiocfaidh géar ar chine Gael?
Cé dhéanfaidh taighde, lenar gcás a scaoileadh,
Nuair a dhéanfar ionsaí ar ár n-aos léinn.
.
Mothóidh muid uainn thú, a Dhaithi oilte
Ag léiriú is ag cíoradh dúinn ciste an Léinn,
Nó ghlac tú chugat saorántacht ár Ríochta
Mar dhúthaigh ársa do chine ghil fhéin.
Solas na Soilse ag soilsiú na slí dhuit,
Is leaba gan chnaipe id chomhairse gach tráth,
Scoláireacht is taighde dod mhealladh le héifeacht,
Anois agus choíche, go bruinne an bhrátha.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
Na Cait, go deo!
I Magh Nuad a bhí mé fhéin Lá na Craoibhe. Chaith mé scathamh ag ullmhú chuile shórt, sa chaoi go mbeadh suíochan deas compórdach in áirithe dhom, os comhair an telefiseáin, nuair a thosódh an pleancadh. Ba bheag rud i bhfoirm amhrais a bhí neadaithe i gcistin m’aigne, an mhaidin cheannann chéanna sin. Cinnte, bhainfeadh na Cait an cúigiú Craobh as a chéile agus scríobhfadh siad a n-ainmneacha i rolla glórmhar na staire, an lá cinniúnach sin! Tuige nach mbainfeadh? Nár dhein siad an beart bliain ó shoin? Agus má dhein, nár luigh sé le réasún go bhféadfadh siad an cleas céanna a imirt arís i mbliana?
Bhí mé socraithe i mo shuíochán tofa, go breá luath. Mé ag éisteacht leis na saineolaithe ag cabaireacht leo agus iad ag dearbhú os comhair an tsaoil, gur chreid siadsan freisin, go mbeadh an lá ag an Cait s’againne. Ba mhil bheach dom chluasa na briathra céanna sin an lá meala úd.
Na Deasghnátha gnácha
Ba ghearr ansin gur cuireadh tús leis na deasghnátha réamhchluiche. An tUachtarán ar an bhfód, an Banna Ceoil, Amhrán na bhFiann, agus máirseáil na bhFóirne os comhair an bhreis is ceithre scór míle duine, a bhí bailithe ar an bhfód, leis an gCluiche Craoibhe sin san Iomáint a fheiceáil. Ansin na himreoirí ag dul chun a n-áiteacha tofa agus iad ag fáil réidh don chluiche. Corr-bhéic gaisce agus misnithe ón slua. An sliotar á chaitheamh isteach ag an réiteoir, agus bhí Craobhchluiche 2010 faoi lán tseoil.
Bhí mé ag ceapadh fós go mbeadh an bua ag na Cait. Nach raibh na hiománaithe a ceapadh a bheith gortaithe, nach raibh siadsan ar an bhfód, leis an mbua sin a chur in áirithe dóibh? Ba ghearr áfach go raibh gaisce á dhéanamh ag na Tiobraidigh ar an bhfaiche imeartha. Bhí an dabht beag sin ag dul i méad i gcistin m’aigne, ach nach raibh neart ama fágtha fós ag na Cait, le cor in aghaidh an caim a thabhairt dá gcéilí imeartha? Sea, agus faoi leath-am, ní raibh ach poc báire idir an dá fhoireann. Bhí mé ag ceapadh fós go mbainfeadh na Cainnigh an cluiche cinniúnach sin.
Deoch shearbh na Díomua
Anois, níl fúmsa cuntas iomlán, buille ar bhuille, ar ar tharla le linn an chluiche cheanna sin, a thabhairt daoibh anseo, ach is féidir liom a rá, go mba ghearr go ndeachaigh sé i bhfeidhm ormsa, go raibh seans ann anois, nach mar a shíl mé, a bheadh, an babhta seo. Chuaigh na Tiobraidigh ó neart go neart, agus charnaigh siad na scóranna freisin, agus ba é deireadh an scéil é nó gur éirigh leo curaidh na bliana seo caite a chloí.
Bhuel, bhí sé éasca go maith dul chun cainte liomsa ar feadh tamaill ina dhiaidh sin, ach ansin, rinne mé athsmaoineamh ar an scéal, agus ba ghearr gur cuireadh ar mo shúile dom, go raibh ardmholadh tuillte ag na Tiobraidigh, agus i ndáiríre, go raibh éacht, agus gaisce nár bheag, déanta acu ar Phairc na hImeartha. Go maire siad a mbua, agus fad saoil ag chuile dhuine de na himreoirí a thóg ár gcroí, lena ngaisce, agus lena scileanna, amuigh ansin ar Pháirc an Bháire. Sea, agus sílim, gur mar sin a bhreathnaigh bunús na gCainneach ar bhua Thiobraid Árann i gCraobhchluiche na bliana seo 2010.
Comhbhrón agus Comhghairdeas
Ach, le críoch a chur le píosa na seachtaine seo, ba mhaith liom, i dtosach báire, comhbhrón a dhéanamh le foireann Chill Chainnigh, ar ócáid na díomua seo, ach ag an am gcéanna ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leo, as a scileanna, as a bhfearúlacht, as a misneach, agus as a ngalántacht. Mo chuidse de, thug an fhoireann chéanna seo pléisiúr agus sásamh dom, thar thréimhse fhada. Nár mhinic a thóg siad mo chroí lena ngaisce? Nár mhinic a d’éirigh leo áthas a chur orm, toisc gur shocraigh mé im aigne, blianta fada ó shin, saorántacht Osraí a bhaint amach dom fhéin, agus mo dhánsa a cheangal le dán an phobail ársa, bhródúil seo, agus bíodh go mba fhear peile mé ó dhúchas, ba ghearr an mhoill orm sa dúiche seo, go dtí go raibh mé im’ thacaí díograiseach ag Foireann Iomána Chill Chainnigh. Sea, agus mar dhuine a chuir aithne ar Bhrian Mac Óda, blianta ó shoin, i gColáiste Chiaráin, caithfidh mé a admháil gur chuir mé suim, agus dhá shuim, i ré Bhriain mar Bhainisteoir ar an bhfoireann cháiliúil sin, go nuige seo, ach go háirithe.
Tuilleadh le teacht…..
Ach, nach féidir linn uilig a bheith cinnte go mbeidh tuilleadh le clos againn faoin bhfoireann iontach s’againne, agus faoina mBainisteoir oilte, cáiliúil, sciliúil. Agus tá súil agam go mbeidh deis ag na Cainnigh deoch na bua a ól as Corn Mhic Charthaigh arís, gan aon ró-mhoill.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
.
E a c h t r a i g h D ú i n n 3 0 .B.
.
*****************************
.
Sa ghála deiridh, labhair mé faoin chaoi ar shhocraigh mé éirí as an tsagartacht, agus filleadh arís ar shaol an tuata. Cheapfá nach mbeadh sé ró-dheacair a leithéid a dhéanamh, agus dár ndóigh, ní bheadh mórán deacrachta ag baint le cinneadh dá leithéid, sa lá atá inniu ann, ach saol eile ar fad a bhí i dtreis anseo, sa bhliain 1950. Ag an am sin, bhí gradam faoi leith ag gabháil leis an tsagartacht, agus ní hamháin go dtugtaí urraim agus onóir don duine fhéin, ach bhí an oiread céanna urrama agus onóra ag dul dá mhuintir, agus dá phobal, fiú. Níor dhuine príobháideach a thuilleadh é an t-ábhar sagairt, ba chuid dílis feasta é dá phobal, agus nuair a d’éireodh a leithéid de dhuine as an tsagartacht, chuir sé sin isteach ar an bpobal uilig, gan trácht in aon chor ar a mhuintir, nó ar a ghaolta fhéin. Leor a rá, mar sin, nach raibh sé chomh héasca sin ar fad, an tráth úd, filleadh ar do dhúchas id shagairtín, nó i do shagart millte. Ba chineál masla é, nó chonacthas do dhaoine gur diúltaíodh duit, cuma má shocraigh duine fhéin ar éirí as, dá dheoin fhéin, nárbh é an dá mhar a chéile á? D’fhág sé na sagairt!
.
B’in iad na smaointe a bhí do mo chrá, is do mo chéasach, ar feadh scathaimh mhaith sul ar fhág mé an Chliarscoil, ach ar deireadh, rinne mé suas m’aigne, tar éis dom chuile shórt a chur sa mheá, agus ón bpointe sin amach, níor lig mé do na cúrsaí sin cur isteach go ró-mhór orm. Tuigeadh dom, nach raibh an dara rogha agam, ach éirí as. Nílim á rá anois, go raibh sé éasca, uaidh sin amach, nó ba chuid dem’ shaol é an traenáil sin don tsagartacht, agus caithfidh mé a admháil freisin, gurbh í an traenáil chéanna sin a mhúnlaigh mé, agus a shocraigh prionsabail, agus béasa beatha, sa chroí istigh ionnam.
Ar deireadh thiar, tháinig an lá mór. Bhí mé liom fhéin, i ndeireadh na dála. Ní raibh éinne ansin le teacht i gcabhair orm, leis an ualach buartha sin a roinnt liom. Tógadh i ngluaisteán chun stáisiún na traenach ag Iúr Chinn Trá mé. Fágadh ansin mé. Bhí léim dhroichead na n-alt caite agam. Agus leis an scéal sin a dhéanamh níos measa fós, bhí de nós ag an gComhluadar s’againne, an SMA, ar dhein mé tagairt go minic cheana dó, bhí de nós acusan, droim láimhe a thabhairt leis an té a d’fhágfadh an Comhluadar sin. Moladh dóibh, ina mbunreacht, gan aon bhaint a bheith acu feasta, leis an té a d’imíodh uathu. Moladh dóibh, gan aon pháirt a bheith acu feasta leis an té a bhainfeadh a láimh den chéachta. Caithfidh mé a admháil anois, gur chuir an nós sin isteach go mór orm, agus caithfidh mé a admháil freisin, gur tuigeadh dom, chuile lá riamh, go mba fhrithChríostaí, amach is amuigh, an nós é. Ach b’in an nós, agus geallaimse dhuit é, nár bhris mo chomhleacaithe fhéin an nós céanna sin, ach chomh beag le héinne eile. Sea, mh’anam, agus anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, ní raibh aon teangmháil, gurbh fhiú trácht air, idir mé fhéin agus mo chomhleachaithe, dá bhféadfainn sin a thabhairt orthu, bíodh go raibh tarraingt ar naoi mbliana caite ag cuid againn i bhfochair a chéile, trí shonas, is trí dhonas, trí bhuairt, is trí lúcháir, trí shoineann, is trí dhoineann, ach nach ‘in an saol agat a mhiceo!! I ndáiríre, ní raibh á dhéanamh acu, ach faoi mar adúradh leo, agus nach cuimhin libh scéal an Nóibhísigh a chuir na plandaí bun os cionn! Nach bhfuil do sháith ansin agat!
.
Nár bhrónach, uaigneach, gruama, an turas abhaile dhom é, ó Chliarscoil Dhroim an tSín, go baile na Droime in Iorras? Geallaimse dhuit é, gur chaitheas laethe níos sona, sásta, lúcháirí, ná an lá céanna úd, is mé ag taisteal siar abhaile go hIorras. Conas a d’éireodh liom thiar? An bhfearfaí fáilte romham? Céard faoi na comharsanna? Cad a dhéanfainn in aon chor anois, nó anuas go dtí an pointe sin, ní raibh ach ród amháin romham, dár liomsa, ach anois, bhí an bealach sin crosta ormsa feasta, ach bheadh am agam, ar ball, leis an bhfadhb sin a scaoileadh. Nach rabhas óg, láidir, misniúil, ag an am, agus mé réidh deighleáil le cás ar bith, dá dheacra é.
.
Trí Bhaile Átha Cliath sea chuas, agus caithfidh mé a admháil dhuit anseo, go mbíodh áthas orm, chuile bhabhta, nuair a thuirlingínn de thraein an Tuaiscirt, ag Stáisiún Shráid Amien. Níor thaise don bhabhta sin é. Sea, bhíos ar ais i dtír na muintire, bíodh go raibh píosa le dul agam fós, sára n-aireoinn cré Iorrais faoi mo spága arís. In Earrach na bliana 1950, a tharla na heachtraí sin, ach filleann siad orm anois, chomh glé, glas, glinn, is dá mba inné a tharla siad, a chéaduair!
.
Chaith mé oíche i mBaile Átha Cliath, agus an mhaidin dár gcionn, bhí mé réidh chun bóthair arís le giolc an ghealbhain, agus tar éis lá a chaitheamh ag taisteal, shroich mé Béal an Átha, cois Muaidhe, an oíche sin, agus chuir mé fúm ansin, sa Néifin, an oíche sin, agus an mhaidin dár gcionn, fuair mé síob amach go Béal an Mhuirthead ar veain an Phosta. Ní raibh sé ró-dheacair agam ansin mo bhealach a dhéanamh abhaile ó Bhéal an Mhuirthead, agus gan aon ró-mhoill, bhí mé ar ais sa bhaile, agus murar cuireadh fáilte Uí Cheallaigh romhamsa, an mhaidin sin, bhuel, ní lá fós é! Bhí mo Dhaid is mo Mham ina gcéad cuid thart orm, agus chuile iarracht á dhéanamh acu, a chur ina luí ormsa, go raibh na múrtha fáilte á gcur acu romham abhaile. Chuir an fháilte sin faoi gheasa mé, agus ón nóiméad sin amach, ní raibh amhras orm riamh faoi dháiríreacht na fáilte céanna sin. Nílim ag maíomh anois go raibh sé éasca agamsa, teacht isteach arís ar rithim agus ar cheol an tí s’againne, i mbaile na Droime, nó bhíos ró-fhada ar dheoraiocht, chuige sin. Bhíos ró-fhada scartha óm mhuintir, agus nósanna agus béasa strainséartha pioctha suas agam. Bhí chuile shórt as compás, mar adéarfá. An seomra seo ró-bheag, na fallaí ró-íseal, agus na hurláir ró-gharbh. Bhí mé millte, tríd is tríd, ag an timpeallacht inar chaith mé, tarraingt ar dheich mbliana. Níor tháinig an cineál saoil sin, a chleacht mé i rith na mblianta fada sin, leis an gcineál saoil a bhí á chaitheamh ag mo mhuintir fhéin. Bhí mé im éan cuideáin i measc mo mhuintire fhéin, sea, agus thógfadh sé roinnt mhaith ama leis an scéal sin a chur ina cheart arís, sé sin, dá mbeadh a leithéid indéanta, in aon chor. Bhíos-sa tagtha ar shaol an chomhthionóil, mar adéarfá. Ach, níorbh iad na deacrachtaí sin na clocha ba mhó ar ár bpaidrín, an mhaidin áirithe sin, in Earrach na bliana 1950, i lár na haoise seo caite. Rinneamar ár gcomhrá go béasach, cairdiúil, gramhar, ach má dhein fhéin, bhí fhios againn uilig, go raibh an dochar déanta, agus nach mbeadh cúrsaí riamh go deo arís, faoi mar a bhí, sular fhág mé an baile, le dul sna sagairt, a chéaduair. Bhris an scaradh sin sreang an imleacáin, agus d’fhág an Eaglais lorg a láimhe orm, lorg nach bhféadfaí a chealú, choíche. Thóg sé blianta orm glacadh go huile is go hiomlán le fírinne an ráitis sin, ach, bhain na cúrsaí sin uilig leis an todhchaí, agus ní raibh muid fiú ag smaoineamh ar a leithéid, an tráth sin.
.
Bhain deacrachtaí lem’ ionad feasta sa chlann, chomh fada is a bhain sé liomsa, ach go háirithe. Tháinig mé abhaile chucu im dhuine uasal, mé gléasta suas im chulaith Domhnaigh, fhad is a bhí chuile dhuine eile sa teach gléasta ina n-éadaí oibre. Ní fhéadfainn fanacht cois tine, an lá ar fad, im shuí ar chathaoir, im dhuine uasailín. Bhí obair le déanamh. Bhí síolta le cur, móin le baint, aoileach le scaradh, agus diaidh ar ndiaidh, rinne mé iarracht teacht isteach ar na graithí céanna sin. Sílim go bhfaca na múinteoirí, i Scoil na Cille Móire Iorrais, an cás ina raibh mé, agus tháinig siadsan i gcabhair orm. Tharla ag an am áirithe sin, go raibh múinteoir sealadach ag teastáil uathu, agus d’iarr siad ormsa an post sin a líonadh, ar feadh scathaimh. Bí cinnte go raibh mé fhéin lán-tsásta tabhairt faoin bhfiontar sin. Bhailigh mé mo chip is mo mheanaithe, agus bhíos ag doras na scoile go breá luath, an mhaidin dár gcionn.
.
B’fhéidir go bhfuil mo sháith ráite agam don tseachtain seo, ach críochnóidh mé an scéal seo, sa chéad ghála eile. Bí liom an tráth sin, nó tá mé cinnte go gcuirfidh tú spéis ann.
.
*************************
Peadar Bairéad.
*************************
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
E A C H T R A I G H D Ú I N N . 1 7 .
.
************************************
.
An tríú lá sa Choláiste dúinn, fuaireamar amach gan aon ró-mhoill, go raibh deireadh leis an tsaoire feasta, agus go raibh an t-am tagtha le luí isteach ar an obair, i ndáiríre. Mar a dúirt mé cheana, buaileadh an clog dúinn ag a sé ar maidin! B’fhéidir gur fhreagraíomar an “Benidicamus Domino” lenar “Deo Gratias” slóchtach, codlatach, leisciúil, ach ní ón gcroí a tháinig an “Deo Gratias” céanna sin, geallaimse dhuit é. De réir mar a chuaigh caitheamh sna laethe, áfach, tháinig muid isteach ar nós an mhochóirí, ach bíodh sin mar atá, ní dóigh liom gur thaitin an mochóirí céanna sin liom fhéin riamh, ach tuige nach dtabharfadh duine buíochas do Dhia, chuile mhaidin, as sinn a choinneail slán i rith na hoíche a bhí thart? Bhí sé greannmhar, ar bhealach, breathnú thart ort, ar uair antráthach sin na maidine, le súil a chaitheamh ar na gasúir óga eile thart ort id’ shuanlios. Dheineadh cuid acu chuile iarracht fad a bhaint as a sheal sa leaba, trí chupla noiméad eile a chaitheamh faoin bpluid, ach bhí fear amháin, ach go háirithe, fear a bhí sa leaba taobh liom fhéin, agus chuirfeadh seisean na cait ag gáire leis na cluichí aite a d’imríodh seisean, chuile mhaidin, le fad a chur lena thréimhse faoin bpluid. Thógadh sé a spléacaí i dtosach, agus dheineadh iad a ghlanadh agus a shnasadh, ansin, thógadh sé chuile bhall éadaigh leis, agus dhéanadh sé iad a scuabadh lena scuab éadaigh, agus ar deireadh thiar, nuair a bhíodh sin uilig críochnaithe aige, thógadh sé a stocaí, agus dhéanadh an cleas céanna leosan freisin. Ar deireadh thiar áfach, ní bhíodh an dara rogha aige ach éirí, agus dheineadh sé sin chomh mall, gearánach, cneadach, agus a d’fhéadfadh sé.
Tháinig mé fhéin isteach ar chleachtas an Choláiste tapaidh go leor, nó i ndáiríre, ní raibh le déanamh ag duine ach léimt as a leaba amach, chomh luath is a chuala sé an clog, agus ansin, d’fhéadfadh sé an chuid eile de ghraithí beaga na maidine a dhéanamh, gan aon ró-stró. Agus bíodh nach raibh aon uisce reatha, nó leictreachas, acu sa Choláiste, nárbh é an scéal céanna againn fhéin é sa bhaile, in Iorras, ag an am sin, freisin.
.
Ní gá dhom a rá, go raibh dath dubh ar ár gcuid éadaigh uilig, taobh amuigh de na léinte. Nárbh ábhar sagairt a bhí i ngach aon duine riamh againn, bíodh nach raibh ionainn ach gasúir. Ach b’in nós na haimsire sin. Sea, mh’anam, cultacha dubha, léinte bána, agus carabhait dubha, ar chuile dhuine riamh againn, agus dá bhfeicfeá muid amuigh ag siúlóid, chuile Dhomhnach, agus muid gléasta inár gcultacha Domhnaigh, agus ceann de na caipíní áiféiseacha, pice, sin, a chaití ag an am sin i gColáistí ardnósacha, buailte anuas ar cheann chuile dhuine againn, cheapfá nach bhféadfadh gasúir dá leithéid, smaoineamh fiú, ar dhiabhlaíocht dhe shaghas ar bith, gan trácht ar í a dhéanamh. Ach mh’anam, go mbeadh breall ort, geallaimse dhuit é!
.
Ach, fillimis ar chleachtas na maidine. Chomh luath is bheadh duine nite, pioctha, cíortha, agus gléasta, thabharfadh sé an tAireagal air fhéin, nó bhí orainn teacht le chéile ansin, ag a leath uair tar éis a sé, ar maidin. Líonadh idir ghasúir agus shagairt, nó ba shagairt iad na múinteoirí uilig, geall leis, líonaidís isteach ina suíocháin, agus arís, bhíodh a ionad fhéin, ina shuíochán fhein, ag chuile dhuine againn. Chuirfeadh sagart ceann ar na paidreacha, agus nuair a bhíodh paidreacha na maidine ráite, bhíodh thart ar leathuair a chloig le caitheamh againn, ag machtnamh, nó ag “meditate-áil”, dúinn fhéin. Ó, a Thiarna, nár dheacair fanacht i do dhúiseacht le linn an mhachtnaimh fhada, chéanna sin. Ach, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, dhéanadh muid an cleachtas sin, agus ansin, ag a seacht a chlog, bhíodh an tAifreann againn, ní gá a rá go mbíodh an tAifreann á léamh sa Laidin, ag an am sin, agus ba ghearr go raibh ar ár gcumas chuile phaidir, agus léamh, acu sin, a léamh agus a rá sa teanga ársa sin. I ndiaidh an Aifrinn, bhíodh tamall gearr againn, le cupla paidir buíochais a rá dúinn fhéin, agus ansin, ag a leath i ndiaidh a seacht, d’fhágadh muid an tAireagal, agus ag an bpointe sin, bhíodh obair tí le déanamh againn, a ghnó fhéin ag chuile dhuine againn. Fear ag scuabadh, agus fear ag snasú, fear ag ní agus fear ag glanadh, fear eile fós ag sciúradh, agus mar sin dúinn, go dtí a hocht, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh tuirse ár ndóthain orainn ag deireadh an ama sin, sea, agus muid stiúctha leis an ocras freisin. Leite, arán agus im, maraon le cupán tae a bhíodh againn don bhricfeasta, chuile mhaidin. Leamh go maith! déarfa, ach geallaimse dhuit é, nach bhfuair muidinne aon blas den bhia céanna sin tur, agus gur chaitheamar chuile ghreim de go buíoch, beannachtach, nó is maith an t-anlann an t-ocras.
.
I ndiaidh an bhricfeasta, bhíodh seal leathuaire againn, le bheith ag spraoi nó ag súgradh. Ba thráth é do chaitheamh aimsire, agus chaitheadh an chuid ba mhó de na gasúir an t-am sin ag siúlóid timpeall, ag caint, is ag comhrá. Ag a naoi, thosaíodh an obair scoile. Mhaireadh na ranganna thart ar chúig nóimead is daichead, agus bhíodh na gnáth ábhair scoile againn. Gaeilge, Béarla, Mata, Stair, Tíreolaíocht, Teagasc Críostaí, Laidin, Fraincis, agus Eolaíocht. Ní raibh rogha ar bith againn, nó bhí ar chuile dhalta na hábhair sin uilig a dhéanamh. B’in an gnáth chlár oibre a bhí leagtha amach dúinn, agus arís, caithfidh mé a rá, gur tháinig mé fhéin isteach ar an obair chéanna sin, tapaidh go leor, agus ba ghearr go raibh mé ag baint taitnimh as chuile rang acu, agus bíodh go dtugtaí an-chuid obair thinteáin dúinn, nó ní raibh ach dhá bhliain againn le cúrsa na Meanteistiméireachta a chríochnú, níor chuir an taobh sin den obair isteach ormsa, a bheag nó a mhór. Agus nach orm a bhí an t-ionadh, agus an mórtas, ag deireadh an chéad téarma sin, nuair a tháinig mé fhéin sa chéad áit, i scrúduithe na Nollag. Uaidh sin amach, bhíos im scolaire cruthanta, agus im mhac díograiseach léinn, chuile bhabhta.
.
Thart ar leath i ndiaidh a dódheag, bhíodh ar lón againn, ní lón a bhí ann, i ndáiríre, ach dinnéar! Bhíodh anraith againn i dtosach, anraith agus arán, agus bhaineadh sin an faobhar dár ngoile! Ansin bhíodh an príomhchúrsa againn.
Céard a hhíodh againn don phríomhchúrsa, an ea?
Bhuel, bhraitheadh sé ar céard a bhí flúirseach acu sa chistin ag an am, ach de ghnáth, gheobhaimis fataí bruite, giota feola, agus ní gá a rá, nár den scoth í an fheoil chéanna sin, agus nár chuala si trácht riamh ar “cordon bleu”, ach oiread, ach b’fhearr ann nó as di, agus chomh fada is a bhain sé linne, ba é a locht a laghad, go minic. Chomh maith le sin, bheadh glasraí de chineál éigin againn, turnapa, gabáiste, biatas dearg, cainneann, nó a leithéid, agus arís, ba mhaith an t-anlann an t-ocras, agus ba bheag den ghlasra sin a bheadh fágtha ar mo phlátasa, ach go háirithe. Dá mbeadh an t-ádh orainn, bheadh anlann eicínt ar an bpláta freisin. Beirt de na mic léinn a dhéanadh an freastal orainn. Ó! sea, agus bhíodh gloine uisce le dul leis an ndinnéar sin, ag chuile dhuine againn. Dár ndóigh, nuair a bhíodh ceann de na Féilte móra á cheiliúradh againn, bhuel, ansin bhíodh buidéal de shú líomóide fágtha ar an mbord do chuile mhac a’ pheata againn! Ní gá dhom a rá, go mbíodh fáilte agus fiche againn roimh shólaistí dá leithéid. Ansin, bhíodh milseog de chineál eicínt againn, le críoch a chur leis an mbéile. Lá amháin bheadh úlla bruite againn, lá eile, glóthach agus custard, ach thar aon rud eile, ba é ba mhinicí mar mhilseog againn nó maróg ríse. Anois bhí cuid de na gasúir thart orm, ag an mbord, roinnt beadaí, agus cleachtadh acu ar chuile shórt beadaíochta sa mbaile, b’fhéidir, agus dá bharr sin, ní leagaidís smut ar na gnáthmhilseoga sin. Anois, níor dhuine beadaí mé fhéin, ag an am, agus bhíodh an oiread milseog le fáil agamsa is a theastíodh uaim, nó shíneadh na buachaillí beadaí sin a milseoga chugamsa. I ndiaidh an dinnéir, théadh muid ar chuairt chuig an Aireagal, agus an salm, De Profundis, á rá againn, fan an bhealaigh. Ar ball, tar éis scathaimh eile ag spraoi dúinn fhéin, thosaíodh na ranganna arís, agus leanaidís go dtí a trí, nó mar sin.
I ndiaidh na ranganna sin, bhíodh obair de chineál eicínt, nó cluiche, b’fhéidir, leagtha amach dúinn, ar a seal. Lá amháin, bheadh muid ag leagan crainn, agus á ghearradh suas le toireasc beirte, sa chaoi go mbeadh connadh againn do thinte an Choláiste. Lá eile, bheadh muid amuigh ag cur bail’ eicínt ar na bóithríní timpeall na scoile, agus lá eile fós, bheadh muid amuigh ag imirt peile, nó iománaíochta, i bpáirc an bháire. Thugadh an tréimhse sin seans dúinn aclú coirp a fháil, agus chuireadh sé bealach ar fáil dúinn le fáil réidh leis an mbreis teaspaigh a bhí ionainn, ag an aois sin. Ar aon chuma, bhíodh goile againn don tae a thagadh ar ball. Arís, ní bhíodh bianna beadaí le caitheamh againn, don tráth sin, ach bhíodh, b’fhéidir, brúitín, maraon le h-arán, margairín agus braon tae. Dheamhan locht ar bith a bhí le fáil agamsa ar an mbia céanna sin, nó nach raibh cogadh mór ag réabadh leis ar fud na hEorpa, ag an am, agus bhí rudaí ag éirí gann, ó ló go ló.
.
Tamall againn ansin le spraoi a dhéanamh roimh dhul ag staidéar dúinn fhéin. Tháinig muid le chéile sa Halla Staidéir, áit a raibh a bhinse fhéin ag chuile dhuine den trí scór againn. Shuíodh an Cinnire ag cúl an staidéir, agus choinníodh sé súil ar chuile dhuine, nó bhí de dhualgas airsean féachaint chuige nach dtógfadh duine ar bith rí-rá, nó raic, le linn an staidéir, agus dá dtarlódh go dteastódh rud ar bith ó mhac léinn ar bith, théadh sé chuig an Cinnire sin, le cead a fháil uaidhsean. Duine dínn fhéin ba ea an Cinnire, dár ndóigh, a roghnaigh na húdaráis don phost sin, toisc go raibh sé staidéartha, intaofa. Bhíodh a dhóthain le déanamh ag chuile dhuine againn lena choinneáil gnóthach go ham suipéir. Bhíodh an obair thinteáin, maraon le cibé léitheoireacht, nó athscrúdú, a bhí le déanamh againn, le críochnú i rith an ama a bhíodh againn sa Halla Staidéir. Gheofá an corrdhalta ag iarraidh úrscéal, nó scéal lorgaireachta, a léamh, os íseal, le linn an staidéir, ach ní bheadh duine ar bith ag iarraidh nuachtán a léamh, nó ní raibh cead againn nuachtán a cheannacht, nó a léamh, fiú na nuachtáin Chaitliceacha!
.
I ndiaidh an staidéir sin uilig, bhíodh muid tuirseach go maith ag a naoi a chlog, agus bhíodh fáilte againn roimh chupán tae agus canta aráin, agus níos fearr fós, i ndiaidh an tsuipéir sin, bhíodh tamall eile againn amuigh faoin aer, ag siúl, nó ag cleasaíocht. Ag deireadh thiar, thart ar a leath i ndiaidh a naoi, thugaimis an tAireagal orainn fhéin, uair amháin eile, lenár bpaidreacha oíche a rá. Ba í an phaidir a bhíodh againn an tráth sin, nó an Paidrín Páirteach fhéin, agus chomh fada agus is cuimhin liom anois, ba sa Laidin a deirimis é.
.
Ar ais linn i ndiaidh na bpaidreacha sin go dtí an Suanlios, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh ár sáith tuirse orainn, tar éis an lae ghnóthaigh a bhí caite againn óna sé a chlog ar maidin. An searmanas céanna arís. Bhí fiacla le scuabadh agus le glanadh, aghaidh le ní, agus báisín le líonadh le huisce i gcóir na maidine. Ansin, an léine oíche sin arís, agus sin uilig gan focal as duine ar bith againn. Nach raibh a leithéid mínádúrtha go maith do ghasúir thart ar cheithre bliana déag d’aois? Ní bhíodh gá le duine ar bith a insint dúinn go raibh sé in am luí, nó thugadh chuile dhuine againn an sop air fhéin, chomh luath géar is a bhí sé réidh chuige, agus minic go leor bhíodh cuid againn inár gcodlach roimh mhúchadh na soilse ag a deich.
.
Bhuel sin agat clár an ghnáthlae i gColáiste an Chroí Ró-Naofa, Béal an Átha Fhada, Contae Mhaigh Eo, i Meán Fómhair na bliana sin 1940, breis is trí scór bliain ó shoin anois, agus cé gur leadránach go maith an t-ábhar é, ag an am gcéanna, cheap mé gurbh fhiú mo chuimhní ar an ábhar sin a chur ar phár, nó tá mé cinnte nach mbeidh a leithéid ann arís, nó is mór idir inné agus inniu.
Go dtí an chéad uair eile…
Slán…..
.
********************
Peadar Bairéad.
********************
.
.
.
.
.