by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
.
(Ag breathnú siar ar alt faoin gcogaíocht san Iaráic, alt a scríobh mé, ag an am)
.
Cár Imigh an Sioc?
“Nár scanrúil, buartha, cráite, an tseachtain í?”
arsa mo sheanchara, Séimí an Droichid, liom, nuair a casadh ar a chéile sinn, agus muid beirt suite ar ár sáimhín só, istigh i bhfaiche an Chaisleáin, an lá cheana.
“D’fhéadfá é a rá, a mhac! ach nach dtarlaíonn seachtain dá leithéid orainn, anois is arís?” arsa mé fhéin á fhreagairt, gan a fhios agam fós, cá léimfeadh cat a chomhrá, ach mé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, mar adéarfá.
“Níl le déanamh agat ach breathnú ar chogadh na Murascaille, atá ag gleáradh leis ina loscadh sléibhe, tríd an Iaráic, i láthair na huaire seo.”
“Ach, a Shéimí, nach bhfuil fhios ag fia is ag fiolair, go mbeidh an cogadh céanna sin thart, taobh istigh d’achar an-ghearr anois, nó níl cumhacht ar domhan a d’fhéadfadh cur i gcoinne oll-chumhacht na Stát Aontaithe, i láthair na huaire seo.” arsa mé fhéin.
Arm sciliúil !
“Óra fuist! Go bhféacha Mac Mhuire anuas ar do chiall, agus nach breá bog a fhásann an clúmh ortsa, bheith ag ceapadh nach mbeadh na hIaráicigh in ann seasamh i gcoinne chumhacht Mheiriceá. Caithfidh tú a thuiscint, go bhfuil arm mór, sciliúil, traenáilte, ag an tír sin, agus ní hé sin amháin é, ach tá cleachtadh faighte ag na saighdiúirí céanna sin, ar chogaíocht a dhéanamh sa timpeallacht sin, i dtimpeallacht na gainimhe.”
“D’fhéadfadh an ceart a bheith agat sa mhéid sin, ach nach raibh sé le léamh ar chuile nuachtán, geall leis, agus le clos ar, idir raidió agus theilifís, le sé mhí roimhe sin, nach mbeadh seans dá laghad ag na hIaráicigh, i gcogadh dá leithéid.”
Cosa nite!
“Bí cinnte de, go bhfuil an ceart agam, ach tagaim leat sa mhéid go raibh sé ina scéal i mbéal gach éinne, le roinnt míonna roimh thús an chogaidh, nach mbeadh ann ach an t-aon bhuille amháin, agus go mbuailfeadh an Chomhghuallaíocht an buille sin, agus taobh istigh de sheachtain, bheadh an rud ar fad thart. Bheadh an bua ag an gComhghuallaíocht, bheadh cosa Saddam Hussein nite, agus bhunófaí daonlathas san Iaráic, agus bheadh chuile dhuine buíoch den gComhghuallaíocht chéanna sin! Sea, mh’anam, b’in an scéal a bhí i mbéal gach éinne, gan aon agó. Is soiléir anois, gur leath na Meáin an finscéal sin imeasc an phobail, nó nárbh é an Nollaig i lár an tSamhraidh acusan é, scéal dá leithéid a leathadh, agus ag an am gcéanna, d’fhéadfaidís cur síos a dhéanamh ar na hairm dhraíochta a bhí forbartha ag na Meiriceánaigh, airm a bhí chomh cliste sin, go bhféadfaidís dhul isteach i seomra, agus fear a thógáil, agus fear eile a fhágáil! Conas a d’fhéadfadh slua Arabach seasamh i gcoinne fórsa dá leithéid?”
Arm nua-aoiseach
“Ach nach raibh an ceart ag na meáin chéanna sin, nuair a chuir siad síos ar arm agus ar airm Mheiriceá, ach go háirithe, agus chomh nua-aoiseach is atá siad, agus gan ag na hIaráicigh ach airm athláimhe, d’fhéadfá a rá, airm nach seasfadh i bhfad i gcoinne na bPuncán.”
“Is dócha go raibh cuidín eicínt den cheart acu, sa mhéid go bhfuil airm dá leithéid ag an gComhghuallaíocht, ach tá dearmad beag amháin á dhéanamh anseo, ag lucht na meán, ach go háirithe. Sé sin, nach bhfuil na hairm smeartáilte sin uilig in-úsáidthe i gcónaí, i ngráscar lámh, ar shráideanna na gcathracha móra.”
.
Ní mar a shíltear a bhítear!
B’in mar a chuaigh an comhrá idir mé fhéin is mo Shéimí breá, ag an am áirithe sin, sárar thosaigh an pleancadh, agus an buaileadh, ar thalamh beannaihe na tíre sin, ach, ag breathnú siar anois, go fuarchúiseach, i ndiaidh an ghráscair uilig, feictear dúinn cár luigh an fhírinne, agus cá raibh an fhinscéalaíocht. Níl dabht ar domhan, ach gur éirigh leis an gComhghuallaíocht bua a fháil ar arm na hIaráice, ach ar fáiltiodh rompu, i ndeireadh na feide? Nó ar éirigh leo síocháin agus daonlathas a leathadh i measc mhuintir na tíre sin? Gan dabht ar domhan, d’éirigh leo cos i bpoll a chur le Saddam agus a réimeas, ach ní fhéadfadh duine ar bith a mhaoímh, go bhfuil smacht éifeachtach acu ar phobail na tíre sin. Céard tá i ndán dArm na Comhghuallaíochta san Iaráic, ma sea? Dá luaithe a éiríonn leo sleamhnú, i ngan fhios, amach thar chríocha na tíre sin, is ea is fearr don Chomhghuallaíocht chéanna sin, agus don Iaráic fhéin freisin, is dócha.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
….‘The Guts’…. by Roddy Doyle
Peadar Bairéad
(This week we take a look at Roddy Doyle’s latest novel…The Guts…)
Úrscéal Úr
Ní hé seo an chéad úrscéal a shil chugainn ó pheann líofa an údair iltréitheach, Áthcliathach, seo, nó ba liosta le háireamh é iad uilig a lua anseo, ach tá mé cinnte, gur cuimhin linn uilig teidil cosúil le ‘The Commitments’, ‘The Snapper’, ‘The Van’, ‘Oh, Play That Thing’, gan ach cupla ceann acu a lua. Sea, agus b’fhéidir freisin, gur léigh sibh cuntas eicínt fúthu sa cholún seo, siar thar na blianta. Ní call dom a rá, go bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an údar seo, cheana féin, agus sa leabhar seo téann sé siar ar na seanlaethe, faoi mar a léiritear iad sna Commitments, ach go háirithe, agus déanann sé iarracht ar charactair ó na laethe sin a aistriú ó na seanlaethe úd len iad a chur isteach i ‘milieu’ an lae inniu. Ar éirigh leis sin a dhéanamh? Caithfidh an léitheoir a bhreith fhéin a thabhairt ar an gceist sin. Mo chuidse de, déarfainn gur éirigh go seoigh leis sa mhéid sin.
The Commitments
Is dócha gurb é Jimmy Rabitte an príomhcharachtar sa scéal seo, agus cuirtear Jimmy, bunaitheoir na Commitments, in aithne don léitheoir go breá luath sa scéal agus é anois seacht mbliana is dhá scór d’aois, bean aige, agus ceathrar clainne mar chúram orthu, agus lena chois sin, tá sé tar éis a fháil amach go bhfuil ailse inne tolgtha aige. Tá air anois an scéal sin a roinnt lena mhuintir is lena chairde, agus é ag iarraidh, ag an am gcéanna, dul siar bóithrín na smaointe agus buaileadh arís leis na daoine a raibh aithne aige orthu an tráth úd fadó. Ach anois, agus méar ag an mbás ar a ghualainn, tuigtear dó, nach bhfuil am gan teorainn fágtha aige, agus dá bharr sin, cuireann sé tuairisc ar chairde a bhí aige, an t-am sin. Éiríonn sé mór arís le Imelda Quirke, stuaire a raibh aithne aige uirthi laethe na Commitments. Sea, agus cuireann sé tuairisc a dhearthár ‘Les’, fear nach raibh teangmháil aige leis, le breis is scór bliain. Éiríonn leis freisin, scéal na hailse a insint dá chlann is dá athair, agus bíodh nach léiríonn a fhoclóir doimhneas a mhothúcháin sa chuid seo den scéal, toisc go bhfuil an doimhneas sin ceilte faoi ghairbhe a gcomhrá, mar úsáideann sé an ghairbhe chéanna sin mar bhréagriocht, le géire agus doimhneas na mothúchán sin a cheilt.
Ag an Rock Festival
Ba é an chuid den scéal ba mhó a chuaigh i gcionn orm fhéin nó an cur síos sin ar roinnt den tseandream i láthair ag Rock Festival nua-aimseartha, agus iad ag baint súlach, toit, agus taitneamh as an ócáid sin, agus mac le Jimmy Rabbitte agus a Bhanna fhéin aige, ‘Moanin’ at Midnight’ agus iad ag ligint orthu go mba Bhanna ón mBulgáir iad, agus ‘I’m going to Hell’, amhrán nuachumtha, á chanadh acu, faoi mar ba amhrán é a chéadchanadh sa bhliain 1932!
Ach, le taitneamh ceart a bhaint as an scéal seo, caithfidh tú é a léamh duit fhéin, agus bíodh gur bhain mé fhéin taitneamh as an leabhar seo, agus bíodh gur thaitin cur chuige agus stíl an údair, agus an chaoi ar bhain sé úsáid nádúrtha as comhrá tíriúil na gcarachtar, ag an am gcéanna, b’fhearr liom fhéin go mór fada dá bhféadfaí srian níos rite a choinneáil ar fhoclóir an chomhrá chéanna sin. Ag an am gceanna, tá mé cinnte, go bhfuil daoine ann adéarfadh, gur maise mór ar an leabhar a leithéid de chomhrá tíriúil, nádúrtha, a bheith ann. Fágfaidh mé breith an dá rogha ag an léitheoir.
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Bóithrín na Smaointe
Peadar Bairéad
.
Mar is eol do chuile dhuine dem’ léitheoirí, is duine mé a chaitheann roinnt áirithe ama, go rialta, ag rannsú, ag cuardach, agus ag scrúdú taisí an tsaoil úd a bhí sa treis, sa tseanam. Nach minic a bhíonn toradh an chéapair sin le léamh agaibh san Iris léannta seo. Caithfidh mé a admháil, go mbainim taitneamh agus sásamh as cuardach dá leithéid. Tuigfidh sibh, mar sin, an t-áthas a bhí orm nuair a chuala mé, ar na mallaibh, go rabhthas chun chuile fhaisnéis a bailíodh i nDaonáireamh 1901, a chur ar fáil ar an idirlíon, ar an 3ú lá de Mheitheamh na bliana seo, 2010.
Daonáireamh 1901
Ar deireadh thiar, tháinig an lá cinniunach sin, agus bí cinnte, nár ró-mhór an mhoill, go raibh mé fhéin ar mo mhíle dhícheall, ag cuardach, is ag ransú, trína raibh curtha ar fáil faoi Dhaonáireamh 1901.
I ndáiríre, bhí sé thar a bheith éasca teacht ar an eolas céanna sin, agus ba ghearr go raibh mé ar mo dhícheall, ag cuardach i ngort mo ghaolta, siar go dtí an dáta sin. Nach fada siar an t-achar anois é, breis agus céad agus naoi mbliana ó shoin, siar go dtí an Domhnach, an t-aonú lá triochad de Mhí na Márta, i mbliain úd ár dTiarna, 1901. Tar éis tamall a chaitheamh ag útamáil timpeall, tháinig mé ar chóip den bhfoirm a líon mo sheanathair, lena láimh fhéin, ar an ndáta thuasluaite. Agus sa chóip sin, léigh mé, i scríobhnóireacht soiléir néata mo sheanathar, fear nár leag mé fhéin súil riamh air, nó bhí sé básaithe sular tháinig mise ar an saol, léigh mé ansin, go raibh naonúr clainne air fhéin is ar a bhean, Julia Ni Ghamhnáin, ceathrar mac, agus cúigear iníon. Leathchéad bliain d’aois a bhí sé fhéin ag an am, agus bhí cúig bliana is dhá scór slánaithe ag a bhean.
Saol gortach, cruógach
Caithfidh go raibh a ndóthain anró agus sclábhaíocht curtha díobh acu beirt, ag an am, nó ní bheadh sé éasca greim bia a chur ar fáil do chlann chomh mór sin, ag an am, agus gan acu ach feirm réasúnta beag. Cúig bliana is fiche a bhí an mac ba shine, agus ní raibh ach naoi mbliana slánaithe ag an té ab óige den ál. Dá chomhartha sin, níor cuireadh scolaíocht ar bith ar an mbeirt ba shine den ál sin, ach, uaidh sin amach, tá le feiceáil, go raibh léamh agus scríobh ag chuile dhuine eile den chlann. Ach i gcás an té ab óige, tá le léamh ansin go raibh léamh aice, mar caithfidh nach raibh scil na scríobhnóireachta foghlamtha aice fós. Caitlicigh Rómhánacha ab ea chuile dhuine den líon-tí sin, agus bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla ag chuile mhac agus iníon acu.
Doiciméad draíochta
Ait, amach is amuigh, suí síos agus doiciméad dá leithéid os do chomhair amach. Cosúil, ar bhealach, é, le bheith ag breathnú ar ghrianghraf a tógadh oíche an Daonáirimh úd, sa bhliain sin, 1901. Déanaim chuile iarracht ar bhreathnú isteach trí fhuinneoigín an tí sin a bhí acu i mbaile na Druime, in Iorras Domhnann, i bParáiste na Cille Móire in Iorras, an oíche sin. Solas bog, buí, á scaipeadh go sprionlaithe ar fud an tí, ag an lampa pairifín, a bhí crochta ar na mballa, os cionn an bhoird. Mo sheanathair suite ansin ag an mbord, spéaclaí anuas ar a shrón aige, peann ina láimh aige, agus é ag scríobh leis, agus a bhean Julia suite taobh leis, ag cabhrú leis, le sonraí áirithe a dhearbhú. Páistí óga i mbun na leabhar, agus na daoine fásta imithe amach ar fud na bhfud, i mbun spóirt is caitheamh aimsire.
Sin sin !
Ar deireadh thiar, tá an gnó déanta, síníonn sé a ainm thíos ag bun na foirme. Breathnaíonn siar ar an iomlán. Fágann uaidh a pheann is a spéaclaí, agus cuireann tuairisc chupán tae. Sin sin, agus ní bheidh an gnó sin le déanamh againn arís go dtí an bhliain 1911, más beo sinn ag an am sin!
Bhuel, sin cuid de na cuimhní a líon isteach chugam agus an píosa seo á chur i dtoll a chéile agam. Uaigneas, cumha, trua, agus bród, ag baint na sál dá chéile isteach i gcistin na gcuimhní. Uaigneas agus cumha i ndiaidh na seanlaethe, trua agam dóibh siúd, a mhair i ré gruama, cruógach, úd ár dtíre, agus gan a fhios acu fós céard a bhí rompu amach idir sin agus deireadh a ré, agus ag an am gcéanna, bhí bród ag glacadh seilbh ar mo chroí freisin, toisc go raibh sé d’ádh orm, a bheith síolraithe ón dream úd, a raibh a n-ainmneacha scríofa go soiléir ar fhoirm Dhaonáirimh sin na bliana 1901.
B’fhéidir gur mhaith leatsa anois dul ar thóir do mhuintir fhéin i nDaonáireamh úd 1901?
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Cár imigh an Sioc?
Peadar Bairéad
Sea! agus cá bhfuil an sneachta a bhí ann anuraidh? Sin iad na ceisteanna a chuireadh an tseandream orthu fhéin fadó, nuair a thugaidís faoi deara, go raibh an saol athraithe ó bhonn, agus nuair a thuigfidís gur tháinig an t-athrú sin aniar aduaidh orthu. Ar bhealach, nach é an dála céanna againne é? Bhain an tír s’againne a saoirse amach i dtús fhichidí na haoise seo caite, agus ansin, tar éis blianta fada a chaitheamh ag iarraidh ár mbealach fhéin a dhéanamh i dtreo phoblacht ár bhfíse, tháinig muid chuig ionad, ina raibh saol an mhadaidh bháin ag bunús ár ndaonra, agus muid ag druidim i dtreo ré órga ina mbeadh ganntan agus anro, bochtaineacht agus gorta, díbeartha go deo as Oileán seo na Naomh is na nOllamh. Ní gá dhom a rá, nach mar sin a tharla, nó faoi mar a dhúiseodh duine as támhnéal codlata, chonacthas dúinn nach raibh faoi dhúshraith ár bhfíse ach gaineamh séidte, agus go mba chosúil le tigh cartaí an teach a thóg Seáinín. Dhúisíomar maidin, agus chonacamar go raibh deireadh leis an mustar go léir, agus go raibh leá chúr na habhann tagtha ar an saibhreas a bhí in ainm a bheith carntha againn. Arbh aon ionadh gur chuireamar an cheist sin orainn fhéin?…Cár imigh an sioc? Cár imigh an saibhreas uilig a bhí carntha suas againn ar pháipéar? Sea, chuaigh leá chúr na habhann air, gan aon agó.
Neamhbhuaine an tsaoil
Ba ghearr gur thosaigh muid ag breathnú thart orainn, féachaint an raibh buaine ag baint le gné ar bith den saol a bhí thart orainn. Chomh fada is a bhain sé liomsa, ar aon nós, tuigeadh dom, nach raibh tír faoi luí na gréine, sna seanlaethe, a bhí chomh sibhialta leis an dtírín s’againne. D’fhéadfadh saoránach, nó strainséar, a bhealach a dhéanamh ó cheann ceann na tíre seo gan baol ar bith go ndéanfaí dochar nó bárthainn dó, agus dár ndóigh, nach mar sin ba chóir do chúrsaí a bheith? Nach é sin cruthú bunúsach na sibhialtachta?. Ach ar mhiste a fhiafraí, an mar sin atá anois?
Níor mhiste, mh’anam! Bhail, thóg mé eagrán den nuachtán cáiliúil sin, an Kilkenny People, chugam, ar an Aoine, an 28ú Bealtaine, na bliana seo 2010, féachaint ar chabhair ar bith dom i bhfuascailt na faidhbe sin é, spléachadh a fháil ar chinnlínte chéad leathanaigh an eagráin sin. Ní call dom a insint duit, gur chuir ar léigh mé ansin ionadh agus alltacht orm, nó ba ghearr gur cuireadh ar mo shúile dhom é, go raibh sneachta na bliana anuraidh imithe gan filleadh. In alt le Mary Cody agus le Laura Keys, tugadh le fios dúinn, gur thug deichniúr faoi lámh a chur ina mbás fhéin, an deireadh seachtaine roimhe sin, agus ba dhrugaí a liostáileadh mar phríomhchúis dá ngníomh i mbunús na gcás sin. Ba é tuairim na saineolaithe freisin, go raibh baint ag na staitisticí sin uilig leis an gcúlú eacnamaíochta, agus moladh do na hÚdaráis Sláinte, aird faoi leith a dhíriú ar na tarlúintí sin.
Sceanadh
Ar an gcéad leathanach sin den eagrán céanna, bhí scéal le Seán Keane, le léamh, faoi bheirt a thuirling de charr i lár Chathair Chill Chainnigh, agus a thug fogha faoi fhear óg, a sháigh é, agus a d’fhág ansin i mbéala báis é. Tuigtear go raibh drugaí taobh thiar den scliúchas sin freisin. Thugadar beirt an carr orthu fhéin ansin, agus as go brách leo, ach, is cosúil áfach, gur tharla easaontas éigin eatarthu, ar ball, agus gur éirigh siad chun a chéile, rud a d’fhág gur gabhadh iad, agus gur cuireadh comhad fúthu ar aghaidh chun an DPP.
Scéal eile le Seán Keane ar an gcéad leathanach sin freisin, faoi throideanna báis nó beatha, idir ainmhithe fiáine agus madraí. Eagraítear na troidenna céanna sin, anseo i gContae Chill Chainnigh, agus tagann slua daoine chun an láthair, le spórt a bhaint as an ndrochíde seo a thugtar ar na créatúir fhiáine sin. Sea, agus seans go mbíonn corr-gheall á chur freisin ar thoradh na dtroideanna sin. Deirtear go bhfuil sé deacair go maith, deireadh a chur leis an mí-iompar seo, bíodh go bhfuil dlithe reachtaithe ina choinne.
A Methadone Clinic
Tá scéal amháin eile ar chéad leathanach an eagráin sin, den People, agus is dócha gur deascéal é seo, murab ionann is na scéalta eile. Píosa le Laura Keys atá i gceist agam anseo, agus scéal faoi bhunú “Methadone Clinic” atá idir chamáin ag Laura. Clinic le freastal ar andúilig hearóin na dúiche seo, atá i gceist, agus dá luaithe a bhunaítear an Clinic sin abhus, isea is fearr, dár leis an Dochtúir Bill Cuddihy, nó dár leis, tá fadhb na hearóine ag bagairt go géar orainn anseo, agus tá na Clinicí Methadone, sa timeall, ag cur thar maoil, cheana féin, agus ó tharla go bhfuil an fhadhb sin imithe ó smacht beagnach, abhus, tuigtear go bhfuil géarghá leis an gClinic sin, nó níl am ar bith le spáráil againn.
Bhuel, sin agat pictiúr den saol a léirítear dúinn, ar chéad leathanach an Kilkenny People, dár dáta, an 28ú Bealtaine, 2010.
Cár imigh an Fhís ?
An bhfuil cúrsaí imithe ó smacht orainn? An bhfuil sé ró-dhéanach leis an dtaoide seo a chur ó dhoras? Nó, an féidir linn dul i mbun oibre anois, le dul ar thóir na físe úd, a spreag lucht an Éirí Amach, tarraingt ar chéad bliain ó shoin? Fúibhse atá sé, agus níor chaill fear an mhisnigh riamh é!
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
Scéal casta
.
Peadar Bairéad
Let the Great World Spin………..ceadchló……….2009
le
Colum McCann…………………………………………€ 16.15
.
Saol an daonnaí i gcathair ollmhór Nua Eabhrac, agus an chaoi a gcastar na daoine ar a chéile i sochaí ilnáisiúnach dá leitheid, agus an chaoi, freisin, a fhítear ollsnáith ildualach as snáitheanna iomadúla daonna shochaí na cathrach céanna sin. Sin an gnó atá idir chamáin ag an údar, san úrscéal draíochta seo. Colum McCann a chuir an scéal i dtoll a chéile dúinn, agus caithfear a admháil, gur mór atá muid uilig faoi chomaoin aige as an leabhar cruthaíoch, spreagúil, lánteannasach, seo, a chumadh dúinn. Ní call dom a mhaíomh, gur Éireannach é Colum, fear a rugadh i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 1965. B’ann a tógadh é freisin, agus chuaigh sé le hiriseoireacht leis an Irish Press, i dtosach báire. Ar ball, áfach, tar éis dó tamall a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, agus tar éis dó seal a chaitheamh ag taisteal, chuaigh sé fhéin is a bhean chun cónaithe i Nua Eabhrac, mar a bhfuil cónaí air faoi láthair. Bhain sé roinnt duaiseanna amach lena chuid scríbhneoireachta, agus tá fáil ar a shaothar i thart ar thriocha teanga.
Téadchleasaí
Ach le filleadh ar “Let the Great World Spin”, caithfear suntas a thabhairt don chaoi a gcuireann sé tús lena scéal, le cur síos ar eachtra Philippe Petit, sa bhliain 1974, nuair a shiúl an téadchleasaí sin trasna, ar théad rite, ó cheann amháin de thúir an “World Trade Centre” go dtí an ceann eile………
“Those who saw him hushed. On Church Street. Liberty. Cortlandt. West Street. Fulton. Vesey. It was a silence that heard itself, awful and beautiful. Some thought at first that it must have been a trick of the light, something to do with the weather, an accident of shadowfall. Others figured it might be the perfect city joke….”
Céard déarfá faoi sin mar stíl?
Ach níorbh aon scéal grinn, nó “city joke,” a bhí i gceist sa tarlúint seo in aon chor, ach bhí duine thuas ansin, 110 stór os cionn leibhéal na sráide, agus é ar a bhealach ó cheann amháin de thúir an “World Trade Centre” go dtí an ceann eile, agus é ag déanamh a shlí trasna ar théad rite. Sea, bhí fear thuas ansin, ar a bhealach trasna, agus é thuas ansin idir an dá shaol.
Baineann an t-údar leas as an tarlúint seo lenár n-aire a dhíriú ar chathair Nua Eabhrac, agus sníonn sé an eachtra chéanna sin isteach is amach tríd an scéal ar fad, le haontas ait a bhronnadh ar scéalta díchosúla charachtair an úrscéil uilíoch seo.
Manach buile!
Téann sé ar aghaidh ansin, le scéalta na gcarachtar éagsúil a ríomh. Tosaíonn sé le le hÉireannach buile, Corrigan, ar chineál manaigh é, manach a bhfuil móideanna crábhaidh glactha aige, sea agus manach a dhéanann beart de réir a bhriathair. I Nua Eabhrac dó, caitheann sé a dhúthracht ag cabhrú le striapacha bochta na cathrach sin.
Ar ball, caitheann an t-údar tamall ag cur síos ar bhuíon máitheacha a thagann le chéile in árasán i “Park Avenue”, le seal a chaitheamh ag smaoineamh, agus ag caoineadh a muintir a cailleadh i gcogadh Viet Nam. Ar ball, cuireann an t-údar “Tillie” in aithne dhúinn, agus í ag saothrú a coda le striapachas, agus fiú nach dtógann sí a hiníon óg lei ar an ród céanna sin! Castar breitheamh orainn freisin, an fear a bhfuil air cúis an téadchleasaí a thriáil. Tuigtear dó fhéin go dtugann sé breith a raghadh sé dian ar Solomon fhéin é a shárú, bíodh gur Solomon a bhí ar an mBreitheamh céanna seo freisin! Ní gá a rá, gur bhain an t-údar úsáid as an mBreitheamh Soderberg, le ceangal a shníomh idir charachtair eile sa scéal. Ach, ní chuige sin atá mé, ach chuige seo. Bhí an Breitheamh seo chomh bródúil as a bhreith is a bheadh madra na gcúig gcos as a chos bhreise! Agus cén bhreith a thug an Solamh puncánach seo, an ea?
Pingin an Stór!
Bhuel, ghearr sé pingin an urlár ar ár dtéadchleasaí ildánach, agus ó tharla gur shiúl sé céad agus a deich n-urlár os cionn leibhéal na sráide, ghearr an Breitheamh Soderberg Dolar a deich air, mar fhíneál, agus lena chois sin, chuir sé iachall air seó eile, saor in aisce, a eagrú, sea, bheadh air siúl arís ar théad rite, ach an babhta seo, chaithfeadh sé an tsiúlóid dlite seo a dhéanamh i “Central Park”, le caitheamh aimsire a chur ar fáil don aos óg!
Sea, d’fhéadfá leanúint ar aghaidh ag cur síos ar eachtraí, agus ar charachtair éagsúla, an scéil seo, ach níl slí níos fearr leis an eolas sin uilig a bhailiú chugat fhéin ná an leabhar a fháil, is a léamh, ar do shuaimhneas.
An-leabhar, an-léamh, an-chumadóireacht. Ach, caithfidh mé a rá anois, go ndeachaigh an leabhar seo i gcionn go mór orm fhéin, agus gur bheag nár bhain cuid den scéal sin, deoir asam, nó dár liomsa, tá an scríbhneoireacht seo ag scríobadh beagáinín ró-chóngarach don chnámh, mar ar bhealach eicínt, d’éirigh leis an údar a scéal a shá isteach go smior na gcnámh ionam. Sea, féachann an t-údar seo isteach i gcroí na fírinne, agus na beatha, sa turas seo a thugann sé trí shochaí agus trí shaol anróiteach phobal an Úill Mhóir fhéin
by Peter Barrett | 2017/04/04 | Uncategorized
I mBéal an Phobail
Peadar Bairéad
.
Séimí on the Warpath!!
Leis an bhfírinne a rá, is dócha go ndéanaim mo chion fhéin den chlamhsán sa cholún seo, mar nuair a fheicim, nuair a chloisim, nó nuair a léim, tada ar bith as alt, teastaíonn uaim, láithreach, an scéal sin a chur i mbéal an phobail, mar nach chuige sin a bhaist mé, I mBéal an Phobail, ar an gColún seo, a chéaduair. Bhuel, casadh Séimí a’ Droichid orm, le déanaí, agus tá faitíos orm, go raibh ualach asail de chlamhsáin ag dó na geirbe aigesean, ach is dócha nár chóir dom an t-ualach sin uilig a leagan ar ghuaille mo léitheoirí, d’aon iarracht, ach ag an am gcéanna, tá socraithe agam, roinnt bheag díobh a chur in bhur láthair, an tseachtain seo.
A Worried Man!
“Céard é go díreach a chuir an mhuc sin ar do mhalainn, an mhaidin bhreá seo? a Shéimí”, arsa mé fhéin leis.
“Litir a fuair mé tríd an bpost inniu, a chuir tús leis an bhfonn clamhsáin seo uilig”.
“An é go raibh bille nó droch scéala eicínt sa litir úd a fuair tú, mar sin?”
“Ní raibh, muis! togha deascéil a bhí sa litir chéanna sin.”
“Conas a dhúisigh sé meon clamhsáin ionat, mas ea?”
The Envelope!!
“Clúdach na litreach a d’adhain tine an chlamhsáin ionnam.”
“An clúdach, an ea? Ach ní bhíonn deascéal, nó drochscéal fiú, ar chlúdach litreach. Tuige a’ gcuirfeadh sé fonn clamhsáin ort, mar sin?”
“Míneoidh mé sin duit anois láithreach,” ar seisean, “má thugann tú an deis chuige sin dom. Gaeilge ar fad a bhí sa seoladh, ar chlúdach na litreach sin, agus ní hé anois go bhféadfaí a rá, gurbh é scríobh an phúca a bhí ann, ach oiread, rud a thabharfadh leithscéal do dhuine a rá, nach bhféadfadh éinne a leithéid a léamh ach púca eile. Mar, i ndáiríre, bhí an seoladh clóscríofa go deas, soiléir, néata, sa chaoi go bhféadfad duine ar bith é a léamh, gan stró.”
“Go breá, ach cá bhfuil do chúis ghearáin sa mhéid sin, a Shéimí?”
“Bhí mé breá sásta leis an méid sin, ach ba í mo chúis ghearáin nó ar deineadh ina dhiaidh sin.”
What happened next ?
“Agus céard a deineadh, ina dhiaidh sin, a chuir le báiní mar sin thú?
“Bhuel, bhí “Bóthar Phort Láirge” sa seoladh, agus do bharúil? nár cuireadh an litir go “Port Lách”, den chéad iarracht. Is dócha gur tuigeadh ansin go raibh meancóg déanta ag duine eicínt, agus le bheith sábháilte, is dócha gur léadh an seoladh athuair, agus chonacthas do dhuine eicínt, go raibh “Cill Chainnigh” mar líne deiridh sa seoladh, agus ar eagla na heagla, scríobh an té úd “Kilkenny” ar aghaidh an Chlúdaigh. Anois, caithfidh mé a admháil dhuit, go gcuireann a leithéid buile feirge orm.”
“Ach, tuige a’ gcuirfeadh a leithéid fearg ort?”
It could happen!
“Tá, seo. Go gcuirim ceist orm fhéin an bhféadfadh duine ar bith a bheith sa tír seo, nár thuig go mba ionann Kilkenny agus Cill Chainnigh?”
“Éasca go leor atá sé, mar sin, fearg a chur ort! Níor mhaith liom go raghadh mo bhó isteach id gharraí-sa, a Shéimí.” arsa mé fhéin, go leathmhagúil.”
“Tar éis a bhfuil ráite ansin agat, tá súil agam, go gcoinneoidh tú an bhó chéanna sin ar do thaobh fhéin den chlaí teorann, feasta, nó beidh tú ag fáil litreach ó mo dhlíodóir-sa.”
Another Gripe?
“Agus an bhfuil tada eile ag dó na geirbe agat faoi láthair?”
“Tá dream eile a chuireann isteach go mór orm,” ar seisean, “agus siad sin na daoine a ligeann orthu fhéin, go bhfuil siad cáilithe tuairim mheáite a chaitheamh ar ábhar ar bith faoin spéir, bíodh go dtuigtear do chuile dhuine eile, gur as carn a n-aineolais a labhrann siad ar ábhair áirithe, bunús an ama, agus níos measa ná na daoine céanna sin isea an dream úd, a thugann éisteacht dóibh, in ionad a rá leo dul ag feadaíl, agus aird a thabhairt feasta ar an seanfhocal sin, a mhol don ghréasaí fanacht i mbun a chip. Ach tá faitíos orm, nach mbeidh deis agam, an tseachtain seo, tuilleadh a rá fúthu sin. Ceal ama! a’ dtuigeann tú? Ach is féidir leat a bheith cinnte, go bhfillfidh mé ar an ábhar sin, amach anseo. Go dtí sin, bíodh tusa freisin ag cur na dtuairimí sin trí mhuileann d’aigne. Sea, agus déan iad a mheilt go mion, freisin!!!”
Time to go…
Ag an bpointe sin, thug Séimí an doras amach air fhéin, nó mar adúirt sé, agus é ag dul tharam amach…
“Beidh Naipí s’againne, agus na rudaí beaga, ag feitheamh liom, nó gheall mé dóibh, níos luaithe inniu, go raghaimis chuig na pictúir anocht.”
Chuir mé mo bheannacht abhaile leis, ach tá faitíos orm nár chuala sé mé, nó d’imigh sé uaim le luas lasrach, ach tá mé cinnte go mbeidh tuilleadh le clos agam, amach anseo, faoi na cúiseanna clamhsáin atá ag mo Shéimí breá.
Dála an scéil, chuala me ó dhuine eicínt, ar na mallaibh, gurb iad na meaisíní nua atá á n-úsáid ag lucht an Phosta is cúis le meancóga dá leithéid. Ach, n’fheadar anois mé………..
.