Ceiliúradh Thiar 1

Peadar Bairéad

(This week I write about a recent trip west)

.

Is dá mbeinnse i mo sheasamh

I gceartlár mo dhaoine,

D’imeodh an aois díom

is bheinn arís óg.”

Ócaidí le ceiliúradh

.

Tharla, ar na mallaibh, go raibh roinnt áirithe ócáidí le ceiliúradh ag an gclann s’againne, agus in ionadh iad a cheiliúradh anseo, ag baile, i gCill Chainnigh, shocraíomar ar ghbh a thabhairt siar go Connachta agus an ceiliúradh a dhéanamh ansin.

Céard a bhí le ceiliúradh againn, an ea?

Bhuel! Bhí breithlá suntasach le ceiliúradh agam fhéin, agus chomh maith le sin, bhí iúbhailí tábhachtacha a bpósta le comóradh ag baill áirithe eile den treabh freisin, agus ni rud beag nó suarach é, sa lá atá inniu ann, bheith ag ceiliúradh triocha, agus trí scór bliain faoi chuing an phósta, agus nuair a chuireamar chuile shórt san áireamh, is é a bheartaíomar a dhéanamh nó an bóthar siar a thabhairt orainn fhéin, thart ar dheireadh Mhí Iúil, agus b’in é díreach a rinneamar. Agus le tús a chur leis an turas siar, shocraíomar ar theacht le chéile i dtosach i mbaile mór Mhá Nuat, agus ar an Luain, an fichiú la d’Iúil, thógamar ár seolta agus siar linn, le cóir, in ár mionbhus deas, compórdach, scioptha, scuabtha. Seisear dinn a bhí ag dul ar an turas sin siar, mo bhean agus mé fhéin, mo mhac, Micheál, agus a bhean siúd, m’iníon, Carol Ann, agus ár ngarmhac, Oisín. D’fhágamar Má Nuat na nGearaltach thart ar mheánlae agus bíodh nach raibh an aimsir thar mholadh beirte, ag an am ach, faoi mar a dhruideamar isteach i gcríocha na gclaíocha cloch, thosaigh na scamaill agus na ciothanna ag glanadh leo, agus ba ghearr go raibh radharc le fáil againn ar rí na spéire fhéin agus é spalpadh anuas orainn as gorm glan glé na spéire. Thart ar an Muileann Cearr, dúirt duine eicínt go raibh sé in am againn bheith ag smaoineamh ar bhlas bia a chaitheamh. Níor chuir éinne i gcoinne an smaoinimh chéanna. Ba ghearr an mhoill orainn óstán oiriúnach a aimsiú, agus tar éis dúinn an mionbhus a pháirceáil, thugamar aghaidh ar an óstán céanna sin. Roinneadh go fial, flaithiúil orainn san óstán sin, agus ba ghearr go raibh cúl curtha againn ar an ocras, agus tar éis dúinn ár gcomhrá a dhéanamh ar ár sáimhín só, bhíomar réidh chun bóthair arís. Ní call dom a rá, go raibh súil an tseabhaic a choinneáil againn uilig ar an dtír trínar ghabhamar, agus ní call dom a rá, gur chuir taitneamh na gréine go mór le háilleacht na dúiche trína raibh muid ag gluaiseacht, tailte méithe, barraí aibí, beithigh breátha ramhraithe, foirgnimh dea-thógtha, deadheartha, agus bailte seascaire, gona sráideanna breátha, leathana, glana. Cuir le sin, an comhrá suimiúil a bhí idirt chamáin againn, agus tuigfidh tú nár mhothaíomar an t-am, nó an t-achar, ag sleamhnú tharainn, agus ba ghearr gur thugamar faoi deara go raibh muid gafa thar theorainn Mhaigh Eo isteach, agus muid ag déanamh ar lom ar ndíchill ar cheann ar gcúrsa, ar Bhéal an Átha ar bhruacha na Muaidhe. Bhí áit curtha in áirithe dúinn sa Ballina Manor Hotel, i Sráid an Bhairéadaigh, sa bhaile céanna sin.

Ar ais i mBéal an Átha

.

Níorbh aon strainséir sa bhaile sin mé fhéin, nó chaith mé seacht mbliana taitneamhacha, im mhúinteoir le Gaeilge, i gColáiste Mhuireadhaigh, sa bhaile sin. Thóg sé tamall orainn áit oiriúnach pháirceála a aimsiú don mhionbhus, ach ar deireadh thiar, d’éirigh linn sin a dhéanamh, agus nuair a bhí chuile shocrú déanta againn, bhuaileamar isteach sa Ballina Mhanor Hotel, agus ghlacamar seilbh ar ár seomraí ansin, agus tar éis dúinn bail eicínt a chur orainn fhéin, bhíomar réidh le turas a thabhairt ar an seomra bia, le dinnéar a chaitheamh ansin ar ár sócúlacht. Fuaireamar bord, don seisear againn, díreach os cionn an Ridge Pool, an t-ionad iascaireachta bradán is cáiliúla sa tír, agus bíodh gur roinneadh togha gach bia, agus rogha gach dí orainn, go fial, flaithiúil, ag an am gcéanna, choinnigh muid súil ghéar freisin ar na hiascairí díograiseacha, foighdeacha, a bhí ag siúl síos suas fan bhruach na habhann, agus iad ag caitheamh doruithe go cliste, ealaíonta, ach má dhein fhéin, ba bheag toradh a bhí ar a n-iarrachtaí an trathnóna sin. Chríochnaíomar ár mbéile agus ar ball, thugamar an leaba orainn fhéin agus ní haithristear ár n-imeachtaí goirí lae gona lánsoilse arna mhárach.

Ar leanúint, an tseachtain seo chugainn…..

en_USEnglish