Ceiliuradh Thiar 2

Peadar Bairéad

(This week, we continue our account of our pilgrimmage west)

.

Codladh an Traona!

.

Chríochnaigh mé an píosa deiridh agus muid uilig sínte inár dtoirchim suain sa Manor Hotel’, agus muid ag teacht chugainn fhéin ó thuirsethair an lae roimhe sin, agus ní call dom a rá, gur chodlaíomar uilig go sámh go maidin. Tar éis dúinn bheith i dteangmháil fóin lena chéile, shocraíomar ar dhul síos go dtí an Seomra Bia ag a leath i ndiaidh a naoi. Sea, agus bí ag caint ar bhricfeasta! Ní call dom a rá, gur sásaíodh chuile mhian beadaí a dúisíodh ionainn, agus cuireadh cúl obann ar aon ocras a bhí orainn, agus fágadh sinn réidh, ullamh, don chéad chéim eile sa cheiliúradh a bhí le comóradh againn, an lá sin.

Turas go hIorras

.

Faoina haondhéag ar maidin, bhíomar seisear suite go compórdach sa mhionbhus, agus muid réidh chun bóthair. Siar a chuamar, siar trí thír spéisiúil, shuimiúil, leithleach. Thaistil muid i dtosach trí thailte méithe, a raibh boladh an airgid agus na maitheasa le fáil uathu, agus ar ball, chuamar trí thír sceirdiúil, scoite, phortaigh Iarthuaisceart Mhaigh Eo. Ach bíodh go raibh sé sceirdúil, agus scoite, ag an am gcéanna, thug mé fhéin faoi deara, go mba mhór an t-athrú a bhí tagtha ar an taobh sin tíre ó thaistil mé fhéin tríd, a chéaduair, i ndeireadh thriochaidí na haoise seo caite. Trí Bhéal Átha Comhraic linn ar luas, gan stopadh fiú, le ceol a bhaint as Droichead an Cheoil, faoi mar a dheinimis chuile bhabhta, fadó. agus ba ghearr an mhoill a bhí orainn ansin Béal an Mhuirthead a bhaint amach. Ní call dom a rá, gur dúisíodh brionglóidí m’óige sa chroí istigh ionnam fhéin, nó bhí mé tagtha ar ais arís go dúiche mo mhuintire, ach chuir mé na cuimhní sin i dtaisce i gcóifrín na gcuimhní, atá folaithe go doimhin, thíos i loch leathan na gcuimhní, agus é beartaithe agam, iad a scrúdú, am eicínt, amach anseo.

Thar Dhroichead isteach linn

.

Thrasnaigh muid an droichead thar ‘Shaen’s Cut’, agus chun tosaigh linn ar an mbóthar mór ó Bhéal an Mhuirthead go dtí an Fód Dubh.

Tháinig cioth cuimhní isteach sa mhullach orm, agus muid ag tiomáint linn thar Bhun Dúile. Sciob na cuimhní siar mé go dtí daichaidí na haoise seo caite, agus le súile na cuimhne céanna sin, chonaic mé, mé fhéin agus mo dheartháir Seán ag rothaíocht linn isteach go Béal an Mhuirthead, agus mise ar mo bhealach go Coláiste an Chroí Ró-Naofa i mBéal an Átha Fhada, tar éis Saoire na Nollag a chaitheamh thiar, málaí taistil á n-iompar againn ar lámha ár rothar, agus tonnta móra, troma, millteacha, ag briseadh i gcoinne an bhalla agus ag stealladh anuas de thuairt sa mhullach orainn. Ba bheag dá chuma sin a bhí ar an bhfarraige sin anois, agus muid ag tiomáint linn go sásta taobh lei. Ach nach bhfuil a fhios ag chuile dhuine, nach bhfuil an fharraige chéanna sin le trust? Chun tosaigh linn, agus ionadh an domhain orm fhéin, faoi na hathruithe uilig a bhí tagtha ar an dtírdhreach sin, ó bhí mise i mo stócach. Thar theach an Mháistir linn, mar a gcónaíodh ar Máistir Scoile, Seán Ó Cróinín, fadó. Ba ghearr ansin go raibh muid ag gabháil thar an áit a mbíodh teach an tsagairt, fadó, ach ba bheag dá rian a bhí le feiceáil againne agus an mionbhus ag rás leis suas an cnoc, faoi mar ba bhóthar réidh, leibhéalta, a bhí os a chomhair amach.

Tomás Mór sa Diallait !

.

Stad muid tamall, le cuairt a thabhairt ar theach mo dheirféar, Siubhán, – nach maireann, mar a mbíodh Oifig an Phoist fadó, nó bhí mac lei ina chónaí sa teach sin fós. Is chuimhin liom an teideal a bhíodh scríofa ar chlár os cionn fhuinneog an tí sin – Oifig an Phoist, Sáilín – Tharraing an chuimhne sin cuimhne eile aníos as loch na gcuimhní agus b’in go bhfaca mé Tomás Mór Ó hÁinle, sna triochaidí, agus é reidh le dul ar thuras an Phoist, éide speisialta air, hata spíce, agus é suite sa diallait ar a chapall breá donn, mála na litreach thart ar a ghuaillí agus é réidh le bóthar a bhualadh, le litreacha a sheachadadh, ó theach go teach, sa limistéar fairsing a bhí faoina chúram.

Ach b’fhéidir gur chóir dom sos a ghlacadh ag an bpointe seo, agus an chuid eile den turas a fhágáil go dtí an chéad bhabhta eile.

Ar leanúint, an tseachtain seo chugainn.

   

en_USEnglish