Ceiliúradh Thiar 3

Peadar Bairéad

Turas in Iorras

D’fhágamar teach Uí Áinle ag ceann an bhaile, agus chun bóthair linn síos tríd an nGheata Mór, agus chun tosaigh linn arís síos, síos, chun na farraige ag Cé an tSáilín. Cé a ndeirtear fúithi, go bhfuil a haghaidh sa treo mícheart aice, sin nó nár tógadh san ionad ceart ó thús í. Deirtear gur tharla tuaiplisí dá leithéid le roinnt mhaith tionscnamh a chuireadh i gcrích fadó, rud a tharla in áiteacha eile nuair a tógadh bóithre a chuaigh leath-bhealaigh suas taobh sléibhe, agus ar fágadh mar sin iad, gan cheann scríbe ar bith acu. Is dócha nár mhaith leo pingneacha a íoc le héinne, an t-am sin, mura mbeadh obair áirithe déanta aige leis an airgead sin a shaothrú.

Tríd an Mhuirthead siar

Siar linn ansin ar bhóthar a thug radharc dúinn ar an nGob Dubh agus ar an Rinn Bhán, radharc a bhíodh le feiceáil againne ar ár mbealach chun na scoile, chuile mhaidin, fadó. Stadamar tamall i mbaile na Droime, mar a mbíodh an teach s’againne, fadó. Chaith mé tamall ag comhrá le Seosamh, mo nia, ach ó tharla go raibh deifir orainne, d’fhágamar slán aige, agus chun tosaigh linn arís. Ó bharr Chnoc na Droime bhí radharc iontach againn ar na hoileáin a luíonn mar bhráisléad thart le cósta an Mhuirthead. Bhí ansin, Inis Gé Theas, Inis Gé Thuaidh, Dufair, Inis gCaorach, agus Inis Gluaire, oileáin, ar chuid de throscán mo chuimhne fhéin iad. Ní call dom a rá, go raibh sár-radharc againn ar Acaill agus a cheann ríoga in airde go bródúil sna scamaill aice. Siar thar na Gaistí linn ar luas, agus thar an mBearaic, baile Riocard Bairéad, file, thar Chuan álainn Oiligh, agus thar an áit a mbíodh Caisleán uaibhreach an Bhiongamaigh, fadó, ach gan a rian fhéin le feiceáil inniu. Thar an mBhaile Nua, mar a mbíodh Caisleán deiridh na mBairéadach, agus gan mórán de fágtha anois, ach oiread, agus níor stopamar den ruaig sin go ndeachaigh muid chomh fada le Teach Solais an Fhóid Duibh. Stopamar scathamh ansin ag tabhairt chuile shórt faoi deara agus ag iarraidh cúl a chur ar an dtuirse bóthair a bhí imithe go smior na gcnámh ionainn, faoin am sin. Ar deireadh thiar, nuair a bhí ár ndóthain den radharcra álainn sin ólta againn, shocraíomar ar an Each Léim a thabhairt orainn fhéin, agus chuireamar cuairt ar Thobar Dheirbhle, agus ar Bhaile na Glaise, ar ath-ló go dtí an bhliain seo chugainn. Thar Tearmann linn, agus ba ghearr an mhoill orainn ansin Ionad Deirbhle, ar an Each Léim, a bhaint amach.

Cuairt ar Ionad Deirbhile

Níorbh aon strainséirí san Ionad céanna sinn, nó ba san áit seo a thug mé Léamh Filíochta, cupla bliain ó shoin. Bhí roinnt mhaith daoine istigh ansin romhainn, nó is breá le turasóirí cuairt a thabhairt ar an Ionad céanna sin, le heolas eicínt a bailiú faoi phobal na dúiche seo, agus faoina a nósanna, a gcultúr, agus a stair. Agus cuir leis na buntáistí sin go léir, nach raibh cupán tae ar fáil do chuile chuairteoir. Bhíomar fhéin ag guairdeall timpeall tamall, agus ar ball, tháinig muid ar chuid de na scéalta a bailíodh sa taobh seo tíre, sna triochaidí déanacha, sé sin, sna blianta 1937-’38, agus de thimpiste, tháinig duine eicínt againn ar chuid de chóipleabhar a cuireadh isteach ó Scoil Náisiúnta Chill Mhór Iorrais, agus do bharúil? nár thángthas ar phiosaí im scribhneoireacht fhéin, píosaí a scríobh mé sa Chóipleabhar sin, breis mhaith is seachtó bliain ó shoin anois. Bhí ansin freisin, cupla leathanach a scríobh mo dheirfiúr, Cáit, an tráth anna sin. Bhuel! nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac, arsa mise liom fhéin. Chaitheamar tamall freisin, ag breathnú ar acraí tí agus talmhaíochta, a bhain le saol daoine, sa limistéar seo, blianta ó shoin.

Ar deireadh thiar, d’fhágamar slán ag Ionad Deirbhile, agus bhuaileamar bóthar arís. Bhí an déanaí ag teacht anuas orainn le luas, agus bhí orainn fós cuairt a thabhairt ar dhá reilg sára bhfágfaimis an Muirthead inár ndiaidh.

Ach sílim gur chóir dom críoch a chur le píosa na seachtaine seo, ach fillfidh mé as, an tseachtain seo chugainn, le ‘Turas in Iorras’ a chríochnú.

.

.

.

.

en_USEnglish