Coimhlint na dTeangacha

(This week we consider the importance of Language in our lives)

Gaeilge nó Béarla ?

Minic a smaoiním ar áit teanga i saol an duine daonna. Istigh san Ollmhargadh dhuit, agus na sluaite thart ort, ag siopadoireacht ar a míle dhícheall, cloiseann tú daoine ag caint is ag comhrá, ag labhairt ar an bhfóinín póca, nó ag cur smachta ar a bpáistí, ach is é an rud is mó a chuireann ionadh ort, nó go bhfuil lear mór teangacha á n-úsáid, leis na graithí sin a dhéanamh. Fágtar tusa dall, amach is amuigh, ar a bhfuil á rá ag bunús na ndaoine sin, agus nach minic a smaoiníonn tú, nach bhfuil ina gcuid cainte ar fad ach fuaimeanna béil! Bheadh breall ort sa mhéid sin, nó tá smaoine agus tuairimí á láimhseáil go haiclí, cliste, acu trí na fuaimeanna céanna sin. Agus nuair a smaoiníonn tú air, nach bhfuil sé deacair a dhéanamh amach, cé acu an duine daonna, nó an teanga, atá sa diallait, ar ócáid dá leithéid. Gan dabht ar domhan, tá an duine ag láimhseáil na teanga, á lúbadh, is á casadh, á sníomh, is á cniotáil, agus á dhealbhú ar bhealach a shásóidh an teanga, agus ag an am gcéanna, ar bhealach a chuirfidh a thuairimí agus a smaointe i dtuiscint dá lucht éisteachta. Cheapfá sa chás sin, gurb é an duine daonna atá sa diallait, agus é ag seoladh na teanga le cumas a chéille ar a rogha bhealach, ach, má bhreathnaíonn tú isteach tríd an gceann eile den teileascóp, nach gceapfá gurb í an teanga fhéin atá sa diallait, agus an duine daonna ag lúbadh is ag casadh, ag cumadh is ag tionscnamh, ar a mhíle dhícheall, ag iarraidh toil na teanga a dhéanamh, agus smacht na teanga a shásamh. Más uainn an scéal seo a thuiscint, mar ba chóir, nach féidir linn breathnú go háirithe ar fhilí is ar údair. Uaireannta taobhaíonn an scríbhneoir sin le teanga a mhuintire, nó lena theanga dhúchais, mar a thugtar uirthi de ghnáth, agus uaireannta eile, roghnaíonn sé teanga eile ar fad, lena shaothar a chur i láthair an phobail tríthi. Nach bhfuil údair a tógadh le Béarla ag scríobh leo go rábach i nGaeilge? Sea, agus nach bhfuil údair eile, a tógadh le Gaeilge, agus a shaothraíonn a saothar trí Bhéarla?

Nár chóir dúinn an cheist a chur, mar sin, cé roghnaigh cé hé? Arbh é an t-údar a roghnaigh an teanga, nó arbh í an teanga a roghnaigh an t-údar.

Chonaic muid tarlúint an-chosúil le sin i gcás imreoirí Sacair, agus Gailf, freisin, nuair a bhíonn ar dhuine acu rogha a dhéanamh ar imirt do thír amháin, nó do thír eile. Tá aithne againn uilig ar imreoirí a bhí gafa tamall sa ghaiste sin, agus nach bhféadfá an cheist chéanna a chur, i gcás dá leithéid? Arbh é an duine daonna, nó an cluiche, a bhí sa diallait, agus an rogha sin á dhéanamh? Sea, agus fiú nach n-éiríonn an cineál céanna ceiste i gcás duine ag roghnú cluiche amháin thar chluche eile, lena dhúthracht a chaitheamh leis, á fhorbairt agus á chleachtadh, go dtí go mbainfidh sé barrchéim an chluiche sin amach.

Scríobh mé dán beag, in Eanair na bliana 1991, agus an cheist chéanna sin ag dó na geirbe agam, ag an am. ‘Dhá Mharcach’ a bhaist mé ar an ndán sin, agus ba é a bhí i gceist agam nó cé acu Gaeilge nó Béarla a bhí dom seoladh-sa agus ábhar dáin ag fás agus ag fabhrú sa chroí istigh ionam. Ach b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é cupla véarsa as an dán sin a athlua anseo…..

Dhá Mharcach

Dhá mharcach sa diallait dom’ spreagadh,

Dom’ ghríosadh, dom’ cheansú, dom’ chrá,

An Béarla ‘s an Ghaeilge dom thiomáint

Le fuip, is le spoir, is le sá.

.

Bí ag scríobh leat le díograis, a dhuine,

I nGaeilge bhinn bhlasta, lán brí,

Is mise do mharcach ‘s do mháistir,

Mar sin, maistrigh i dteanga ghil Bhriain.

.

Labhair Béarla binn snasta na Ríthe,

Is scríobh-se do phobal thar toinn,

Léigh seo, déan staidéar is taighde,

Is liomsa ‘nois t’anam gan roinn.

.

Ní féidir an t-aighneas a réiteach,

Ní cheiliúrfar an tsíochain lem’ linn,

Ach tiúrfaidh mé seal agus seal dóibh,

I dTeampaill mo theanga is mo phinn.

.

.

en_USEnglish