John Victor faoi’n bhfód

Peadar Bairéad

Cuimhní Aniar

.

De thimpiste a tharla gur léigh mé an colún úd, sa pháipéar áirithe sin, an lá cheana. Sílim gurbh é an Irish Daily Mail a bhí idir lámha agam ar an ócáid, agus ba é an colún a bhí i gceist nó Colún na Marbh. ba ar éigean a chreid mé mo shúile nuair a chonaic mé ansin, i gcló glan, soiléir, go raibh John Victor McAndrew imithe uainn ar Shlí na Fírinne, nó bhásaigh sé ar an 3ú Eanair, 2013, agus faoi mar adeireadh an tseandream fadó, d’imigh sé uainn ar Chuireadh na Nollag. Solas na soilse agus leaba i measc na Naomh dó anois agus i dtólamh.

Cérbh é John Victor McAndrew? adeir tusa.

Bhail! de réir an nuachtáin, a bhí á léamh agamsa, ar an ócáid sin, ba dhuine é a raibh bunús a shaoil caite aige ag dochtúireacht thall i Sasana, áit a bhfuair sé bás, agus ar adhlacadh é, ar na mallaibh. Níor Shasanach é áfach, nó rugadh agus tógadh é, mo dhála fhéin, in Iorras na nIontas, i gContae Mhaigh Eo. Níor chuir mé fhéin aithne air go dtí thart ar lár dhachaidí na haoise seo caite, agus ansin, chaithemnar roinnt blianta ag saighdiúireacht le chéile, i gColáistí an SMA, agus muid beirt ar ár ndícheall ag traenáil le bheith inár sagairt mhiseanacha, agus é fúinn ár laethe a chaitheamh ag freastal ar phobail na Nigéire, ach go hairithe, ag múineadh agus ag iarraidh an Deascéal a leathadh i measc na ‘Leanaí Gorma’ úd, a raibh aird chomh mór sin ag Caitlicigh na tíre seo orthu, an tráth sin. Ba bhreá agus ba chairdiúil an compánach é John Victor, é ard, scafánta, aiclí. Rugadh agus tógadh Seán i bparáiste Chill tSéadhna, gar do Bheannchorr Iorrais, in iarthar Mhaigh Eo. I Mí Iúil na bliana 1927 a saolaíodh é, rud a d’fhág go raibh bunaois mhaith aige tráth cailleadh é.

Peileadóir den scoth

Ba pheileadóir den chéad scoth é freisin, a chomhartha sin gur bhain sé clú agus cáil amach dó fhéin ag imirt ar fhoireann Mhaigh Eo, tráth a raibh ar a chumas dhá Chraobh na hÉireann, as a chéile, a ghnóthachtáil, i dtús chaogaidí na haoise seo caite, agus bhí sé d’onóir agam fhéin bheith i láthair i bPáirc an Chrócaigh, ar ócáid díobh sin, nuair a bhuaigh siad ar Chontae na Mí sa Chluiche Ceannais le 2 – 8 in aghaidh 0 – 9. B’in mo chéad turas ar Pháirc an Chrócaigh, agus d’fhéadfá a rá, gurbh é mo thuras deiridh é freisin, nó níor fhreastal mé ar chluiche san ionad sin ach uair amháin eile, agus mé ag breathnú ar bhuachaillí Choláiste Chiaráin agus iad ag iomáint go seoigh in aghaidh bhuachaillí ó Choláiste eicínt eile. Ach le filleadh ar an scéal, agus ar John Victor. Ar ball, thug Seán Victor an Bhreatain air fhéin, i dtús na seascaidí, agus tar éis dó daichead bliain a chaitheamh ag cleachtadh a cheirde sa ‘Black Country’, cailleadh thall i mBirmingham é. Is mór an chaill é dá bhean, Bríd, agus dá mhac, Seán, agus dá chairde agus dá ghaolta uilig. Is dócha gur chóir dom a lua anseo go raibh a dheartháir Pádraig, Big Pat McAndrew’, faoi mar a thugadh Micheál Ó hEithir air, tráth a mbíodh sé ag tráchtaireacht ar chluichí móra na linne sin, – Bhíodh Pádraig ag saighdiúireacht in éineacht linn i Nóibhíseacht an SMA, cóngaracht do Chill Cholgáin, i gContae na Gaillimhe. idir 1965 agus 1967. Bheadh sé deacair beirt pheileadóir inchurtha leo a fháil ó cheann ceann na tíre ag an am. Chuaigh an péire acu le dochtúireacht, tráth d’fhág siad an Nóibhíseacht, agus chaill an tír seo an bheirt acu ina dhiaidh sin. Chuaigh fear acu chuig na Stáit agus an fear eile chun na Breataine. B’in iad cuid de na smaointe a tháinig ar ais chugam ina dtréada, nuair a léigh mé go raibh John Victor imithe uainn ar shlí na Fírinne.

Cloch ar a Charn

Crann eile inár gcoill anois sínte,

Crann taca ár muintir’ ar lár,

Crann díreach gan chaimne ‘na bhrúscar,

Cé seasann na camchrainn faoi bhláth.   

.

Gura sómhar do chúinne sna Flaithis,

Gan chrá ar bith feasta, go deo,

Ach suaimhneas gan chríoch do do chúmhdach,

I nDún Dé faoi shíocháin is só.

.

******************************************

en_USEnglish