A Eagarthóir, a chara,

Mar dhuine de lucht leanta Mhaigh Eo, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an bhfoireann, leis an mbainisteoir, agus lena lucht tacaíochta, as ar chuir siad ar fáil dúinn de spórt, agus de chaitheamh ainsire, le cupla ráithe anuas. Shroich siad buaic a bhféidireachtaí sa spás sin ama, agus gura seacht fearr a bheas siad bliain ó anocht! Ná ceaptar anois, gur ag cruinniú na leithscéal atá mé, nuair adeirim, gur bheag de Chothrom na Féinne, nó den chuirtéis fhéin, a fuair siad ó shaineolaithe áirithe imeasc iriseoirí agus tráchtairí, a rinne chuile iarracht a bheag a dhéanamh díobh, le roinnt míosa anuas.

An i ndáiríre atá mé, an ea? Lom dáiríre, mh’anam. Nach cuimhin le madraí an bhaile fiú, an spraoi a bhí ag saintráchtairí “eolgaiseacha” faoi imreoirí áirithe ar fhoireann Mhaigh Eo, a raibh bail, agus dath faoi leith, curtha acu ar a gcuid gruaige, don ócáid mhór? Dá ndéanfaí a leithéid de mhagadh faoi imreoirí Camógaíochta, n’fheadar an nglacfaí leis mar mhagadh, nó mar spraoi?

Agus le linn Chraobh na hÉireann fhéin, táid ann adéarfadh, go mba thráchtaireacht leataobhach go maith a deineadh ar an gcluiche sin. An bhféadfá Micheál Ó hÉithir a shamhlú ag rá ag leatham, go raibh foireann Mhaigh Eo criogtha, agus nach raibh seans dá laghad acu, bua a fháil sa chluche sin, mura raghadh na Ciarraígh isteach sa seomra feistis ar fead chúig nóiméad den dara leath? Ní le seirbhe, le cancar, nó le fonn fiú, a deirim a leithéid, mar chomh fada is a bhaineann sé liomsa, sciob na Ciarraígh an chraobh leo, go “féaráilte”, ar an lá, agus tréaslaim a mbua leo, ach ba chóir do thráchtairí agus d’iriseoirí cuimhneamh, go bhfuil dhá thaobh ar an scéal, agus go bhfuil lucht leanta an dá thaobh ag éisteacht lena dtuairimí. Leor sin do thuras na huaire seo.

(Peadar Bairéad.)

.

en_USEnglish