Cuimhní
Mar shaithe saighdte beach,
Iar bhaint an fhéir os a gcionn,
Éiríonn cuimhní aníos
As ithir mhéith na rún
.
Baineann na sál dá chéile,
Ar thóir airde agus aire,
Is léimeann ‘na gceann is na gceann
Ar mo scáileán glé gan mhairg.
.
S’iad na cinn is sine is láidre,
Aniar as críoch na hóige,
Trína fheicim gasúr gan chúram,
Ag aisteoireacht leis go beoga.
.
De réir mar imíonn na blianta,
Éiríonn an scannán doiléir,
Is éalaíonn bearnaí buartha
Isteach tríd an spól soiléir.
.
Ar ball éalaíonn na beacha
Tar éis mhearú cupla meandair,
Mar a ruaigfeadh toit an tsaithe,
Is iad ag fágáil mil gan gharda.
Ansin is gach rud socair,
Is féidir liom gan bhárathainn,
Rogha na gcuimhní a thiomsú
Lem mhisneach lag a ardú.
.
*************************
.
.
.